1 1989

/images/harp.jpg


Uimhir 1 de 1989


ACHT AN GHARDA SÍOCHÁNA, 1989


RIAR NA nALT

Alt

1.

Minithe.

2.

Díormaí ón nGarda Síochána a chur amach le haghaidh seirbhíse lasmuigh den Stát.

3.

Dliteanas comhaltaí áirithe den Gharda Síochána chun seirbhíse lasmuigh den Stát.

4.

Clárú breitheanna agus básanna áirithe a tharlaíonn lasmuigh den Stát.

5.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.


Na hAchtanna dá dTagraítear

Births and Deaths Registration Act (Ireland), 1880

43 & 44 Vic. c. 13

Na hAchtanna um Chlárú Breitheanna agus Básanna, 1863 go 1987

/images/harp.jpg


Uimhir 1 de 1989


ACHT AN GHARDA SÍOCHÁNA, 1989

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ ACHTANNA AN GHARDA SÍOCHÁNA, 1923 GO 1979. [26 Feabhra, 1989]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “na hAchtanna” Achtanna an Gharda Síochána, 1923 go 1979;

ciallaíonn “Fórsa Idirnáisiúnta ó na Náisiúin Aontaithe” fórsa nó comhlacht idirnáisiúnta arna bhunú ag Comhairle Slándála nó Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe chun dualgais de chineál póilíneachta a chomhlíonadh.

Díormaí ón nGarda Síochána a chur amach le haghaidh seirbhíse lasmuigh den Stát.

2. —(1) D'ainneoin aon ní sna hAchtanna, féadfar, má chinneann an Rialtas amhlaidh, díorma ón nGarda Síochána a chur amach le haghaidh seirbhíse lasmuigh den Stát le Fórsa Idirnáisiúnta ó na Náisiúin Aontaithe.

(2) Beidh i ndíorma dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo cibé líon de chomhaltaí den Gharda Síochána, agus beidh ag na comhaltaí sin cibé céim sa Gharda Síochána, a chinnfidh an Rialtas.

Dliteanas comhaltaí áirithe den Gharda Síochána chun seirbhíse lasmuigh den Stát.

3. —(1) I gcás go mbeidh tairgthe i scríbhinn ag comhalta den Gharda Síochána é féin a chur faoi dhliteanas le haghaidh seirbhíse eachtraí le linn tréimhse sonraithe agus go mbeidh glactha ag an gCoimisinéir leis an tairiscint, beidh feidhm ag an alt seo maidir leis an gcomhalta sin le linn na tréimhse sin.

(2) D'ainneoin aon ní sna hAchtanna beidh comhalta den Gharda Síochána, lena mbaineann an t-alt seo de thuras na huaire, faoi dhliteanas fónamh lasmuigh den Stát le díorma de chuid an Gharda Síochána a chuirfear amach le haghaidh seirbhíse le Fórsa Idirnáisiúnta ó na Náisiúin Aontaithe.

Clárú breitheanna agus básanna áirithe a tharlaíonn lasmuigh den Stát.

4. —(1) Féadfaidh an tAire le rialacháin, arna ndéanamh le toiliú an Aire Sláinte, socrú a dhéanamh go gcoimeádfar taifead—

(a) ar bhás comhalta den Gharda Síochána,

(b) ar bhás céile comhalta den Gharda Síochána nó ar bhás aon duine de cibé baill eile de chlann comhalta den Gharda Síochána a bheidh sonraithe sna rialacháin, agus

(c) ar bhreith linbh do chomhalta den Gharda Síochána,

a tharlaíonn lasmuigh den Stát tráth a bheidh an comhalta den Gharda Síochána ag fónamh lasmuigh den Stát le Fórsa Idirnáisiúnta ó na Náisiúin Aontaithe agus, maidir le bás dá dtagraítear i mír (b) den fho-alt seo nó maidir le breith, a tharlaíonn i cibé imthosca a bheidh sonraithe sna rialacháin.

(2) Déanfar taifid a choimeádfar de bhun rialachán arna ndéanamh faoin alt seo—

(a) a fhíordheimhniú i cibé slí a bheidh sonraithe sna rialacháin ag cibé duine a bheidh sonraithe chun na críche sin sna rialacháin, agus

(b) a sheoladh chuig an Ard-Chláraitheoir i cibé slí a bheidh sonraithe sna rialacháin.

(3) (a) Cothabhálfaidh an tArd-Chláraitheoir clár ar a dtabharfar Clárleabhar Básanna an Gharda Síochána (dá ngairtear an Leabhar Básanna san alt seo) agus cuirfidh sé faoi deara go ndéanfar gach taifead ar bhás a sheolfar chuige faoin alt seo a iontráil sa Leabhar Básanna.

(b) Cothabhálfaidh an tArd-Chláraitheoir clár ar a dtabharfar Clárleabhar Breitheanna an Gharda Síochána (dá ngairtear an Leabhar Breitheanna san alt seo) agus cuirfidh sé faoi deara go ndéanfar gach taifead ar bhreith a sheolfar chuige faoin alt seo a iontráil sa Leabhar Breitheanna.

(c) Déanfar iontráil faoi mhír (a) nó (b) den fho-alt seo i cibé foirm a bheidh sonraithe sna rialacháin faoin alt seo agus beidh cibé sonraí inti a bheidh sonraithe sna rialacháin sin.

(d) Measfar, chun críocha na nAchtanna um Chlárú Breitheanna agus Básanna, 1863 go 1987, gur clárleabhair de réir bhrí na nAchtanna sin an Leabhar Básanna agus an Leabhar Breitheanna, ach beidh éifeacht le mír (3) d'alt 27 den Births and Deaths Registration Act (Ireland), 1880, ina fheidhm maidir leis an Leabhar Básanna agus leis an Leabhar Breitheanna, ionann is—

(i) dá scriosfaí “upon payment of the appointed fee, and” agus

(ii) dá mba thagairt do ráiteas i scríbhinn ó dhuine atá sonraithe faoi mhír (a) d'fho-alt (2) den alt seo an tagairt inti do dhearbhú reachtúil ó dhuine amháin nó níos mó a gceanglaíonn an tAcht sin air nó orthu faisnéis a thabhairt maidir leis an mbreith nó leis an mbás dá dtagraítear sa mhír sin.

(4) Coinneoidh an tArd-Chláraitheoir, ina oifig, innéacs don Leabhar Básanna agus innéacs don Leabhar Breitheanna; agus beidh daoine i dteideal na hinnéacsanna a chuardach agus cóip dheimhnithe a fháil d'iontráil sa Leabhar Básanna nó sa Leabhar Breitheanna, nó d'ítimí a bheidh san iontráil, ar na téarmaí agus na coinníollacha céanna ar gach caoi i dtaobh táillí agus nithe eile is atá infheidhme faoi na hAchtanna um Chlárú Breitheanna agus Básanna, 1863 go 1987, nó faoi aon achtachán eile i ndáil leis na cláir breitheanna agus básanna; agus déanfar na táillí sin a bhailiú agus a dhiúscairt sa chaoi chéanna ina mbailítear agus ina ndiúscraítear táillí is iníoctha faoi na hAchtanna sin a dúradh.

(5) Gach rialachán a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

5. —(1) Féadfar Acht an Gharda Síochána, 1989 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar Achtanna an Gharda Síochána, 1923 go 1989, a ghairm de na hAchtanna agus den Acht seo le chéile.

(3) Forléireofar na hAchtanna agus an tAcht seo le chéile mar aon ní amháin.