An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III Árachóirí d'Íoc Coimisiún) Ar Aghaidh (CUID V Ilghnéitheach)

3 1989

AN tACHT ÁRACHAIS, 1989

CUID IV

IdirghabhÁlaithe Árachais a RialÁil

Cáilíochtaí bróicéirí.

44. —(1) Ní ghníomhóidh duine mar bhróicéir árachais, ná ní thabharfaidh sé le tuiscint gur bróicéir árachais é, mura rud é—

(a) gur ball é de chomhlacht ionadach bróicéirí árachais a cheanglaíonn, mar choinníoll le haghaidh ballraíochta, go gcomhlíonfar forálacha an Achta seo, agus go dtugann an tAire aitheantas don chomhlacht mar chomhlacht den sórt sin, agus go gcomhlíonfaidh sé thairis sin forálacha an Achta seo, nó, mura ball de chomhlacht ionadach aitheanta é, go gcomhlíonfaidh sé forálacha an Achta seo, agus

(b) go bhfuil ar a chumas—

(i) i gcás árachais neamh-shaoil, conarthaí árachais a shocrú thar ceann a chliant le cúig ghnóthas ar a laghad, nó

(ii) i gcás árachais saoil, conarthaí árachais a shocrú thar ceann a chliant le cúig ghnóthas ar a laghad.

(2) Ní ghníomhóidh duine mar bhróicéir árachais, ná ní thabharfaidh sé le tuiscint gur bróicéir árachais é, mura mbeidh ceapachán aige i scríbhinn ó gach gnóthas ar idirghabhálaí dó é.

Árachas slánaíochta idirghabhálaithe.

45. —Féadfaidh an tAire a fhoráil, le rialacháin, nach ngníomhóidh duine mar bhróicéir árachais nó mar ghníomhaire árachais, ná nach dtabharfaidh sé le tuiscint gur bróicéir nó gníomhaire den sórt sin é, mura mbainfidh sé amach polasaí árachais slánaíochta gairmiúil i bhfoirm shonraithe a shlánaíonn é i leith cibé suim, i cibé modh, maidir le cibé nithe agus a bheidh bailí go ceann cibé tréimhse íosta a fhorordóidh an tAire, ó am go ham, faoin alt seo.

Idirghabhálaithe árachais a cheapadh agus coimisiún a íoc leo.

46. —(1) Ní cheapfaidh gnóthas duine mar idirghabhálaí árachais mura rud é, de réir mar is fearr is eol don ghnóthas agus mar a chreideann sé, tar éis dó fiosrú réasúnach a chur á dhéanamh—

(a) gur ball é de chomhlacht ionadach bróicéirí árachais a bheidh aitheanta ag an Aire chun críocha alt 44 (1) (a), nó

(b) gur duine é a chomhlíonann ceanglais an Achta seo ach nach bhfuil ina bhall de chomhlacht ionadach aitheanta.

(2) Ní íocfaidh gnóthas aon íocaíocht choimisiúin seachas le hidirghabhálaí árachais atá, de réir mar is fearr is eol don ghnóthas agus mar a chreideann sé, tar éis dó fiosrú réasúnach a chur á dhéanamh—

(a) ina bhall de chomhlacht ionadach bróicéirí árachais a bheidh aitheanta ag an Aire chun críocha alt 44 (1) (a), nó

(b) ina dhuine a chomhlíonann forálacha an Achta seo ach nach bhfuil ina bhall de chomhlacht ionadach aitheanta.

(3) Ní dhéanfaidh aon idirghabhálaí árachais ná fostaí de chuid gnóthais aon íocaíocht choimisiúin a íoc seachas le hidirghabhálaí árachais a chomhlíonann an tAcht seo, ach amháin i gcás íocaíocht choimisiúin a íocfaidh idirghabhálaí árachais le duine i ndáil le polasaí árachais a chuir an t-idirghabhálaí sin le gnóthas.

(4) Tá le “íocaíocht choimisiúin”, i bhfo-alt (3), an bhrí a thugtar dó in alt 2 (3) ionann is dá mba thagairt d'idirghabhálaí árachais na focail “sealbhóir ar údarú” sa mhíniú sin.

Ní mór banna árachais a bheith ag idirghabhálaí.

47. —(1) Más rud é, tráth ar bith sa chéad bhliain chuntasaíochta, gur mó ná £25,000 comhiomlán an airgid a thaiscfidh idirghabhálaí árachais sna cuntais bhainc ar leithligh a cheanglaítear a bheith aige faoi alt 48, bainfidh an t-idirghabhálaí banna amach i bhfoirm shonraithe, maidir lena ghnó árachais, go feadh luach £25,000 i leith na coda eile den chéad bhliain chuntasaíochta.

(2) Faoi réir fho-alt (4), sealbhóidh idirghabhálaí árachais banna i bhfoirm shonraithe—

(a) maidir lena ghnó árachais neamh-shaoil, go feadh luach £25,000, agus

(b) maidir lena ghnó árachais saoil, go feadh luach £25,000 nó 25 faoin gcéad dá láimhdeachas árachais saoil, cibé acu is mó, faoi threoir na bliana cuntasaíochta roimhe sin.

(3) An ceanglas i bhfo-alt (2) go gcaithfidh idirghabhálaí árachais banna a shealbhú measfar é a bheith comhlíonta má shealbhaíonn an t-idirghabhálaí árachais banna go feadh luach £25,000 nó 25 faoin gcéad dá láimhdeachas árachais saoil, cibé acu is mó, faoi threoir na bliana cuntasaíochta roimhe sin.

(4) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) maidir le hidirghabhálaí árachais mura mó a láimhdeachas ná £25,000 faoi threoir na bliana cuntasaíochta roimhe sin agus mura mó ná £25,000 é in aon bhliain chuntasaíochta dá éis sin.

(5) Forálfar sa bhanna dá dtagraítear san alt seo go ndéanfar, má tharlaíonn nach mbeidh ar chumas an idirghabhálaí árachais, nó go gclisfidh air, freastal dá oibleagáidí airgeadais i ndáil le haon suimeanna airgid a bheidh faighte aige óna chliaint nó thar a gceann, suim airgid a chur ar fáil do dhuine a bheidh ainmnithe nó ceadaithe ag an Aire lena cur chun feidhme chun sochair d'aon chliant de chuid an idirghabhálaí a thabhaigh caillteanas nó dliteanas mar gheall ar éagumas nó cliseadh an idirghabhálaí árachais freastal ar na hoibleagáidí airgeadais sin.

(6) Déanfar, le toiliú an Aire agus go feadh cibé suim a shonróidh an tAire, an duine a bheidh ainmnithe nó ceadaithe ag an Aire a shlánú as fáltais an bhanna i leith cibé caiteachas réasúnach a bheidh tabhaithe ag comhlíonadh na bhfeidhmeanna dá bhforáiltear i bhfo-alt (5).

(7) Coinneoidh an duine a bheidh ainmnithe nó ceadaithe ag an Aire na cuntais go léir is cuí agus is gnách, lena n-áirítear cuntas ioncaim agus caiteachais agus clár comhardaithe, ar an airgead go léir a fuair sé ar scór banna agus ar na heisíocaíochtaí go léir a rinne sé as aon airgead den sórt sin agus ar aon mhéideanna i leith na gcaiteachas dá dtagraítear i bhfo-alt (6).

(8) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, a fhoráil—

(a) nach ndéanfar comhshocruithe i ndáil leis an mbanna ach amháin le daoine d'aicme nó d'aicmí a bheidh sonraithe sna rialacháin,

(b) go mbeidh an banna i cibé foirm, agus go mbeidh sé bailí go ceann cibé tréimhse íosta, a bheidh sonraithe sna rialacháin,

(c) go gcuirfear cóip den bhanna ar taispeáint, mar eolas don phobal, in áit shuntasach i ngach áitreabh a bheidh á áitiú ag idirghabhálaí árachais agus ina seolann sé gnó mar idirghabhálaí árachais, agus go luafar an banna ina litríocht díolacháin agus ar a pháipéar gnó.

(9) Féadfar aon mhéid nó ráta céatadáin i bhfo-ailt (2), (3) agus (4) a athrú de réir mar a fhorordóidh an tAire ó am go ham agus féadfar méideanna agus céatadáin éagsúla a fhorordú maidir le haicmí éagsúla idirghabhálaithe faoi threoir láimhdeachais nó cibé nithe eile is dóigh leis an Aire is cuí.

(10) Chun críocha an ailt seo—

ciallaíonn “bliain chuntasaíochta” an bhliain dar tosach an dáta a dtiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i bhfeidhm agus blianta cuntasaíochta cothrom bliana dá éis sin;

ciallaíonn “láimhdeachas” comhiomlán an airgid go léir a cheanglaítear ar idirghabhálaí a íoc isteach sna cuntais bhainc ar leithligh a cheanglaítear a bheith aige faoi alt 48 (1) (a) agus 48 (1) (b);

ciallaíonn “láimhdeachas árachais saoil” comhiomlán an airgid go léir a cheanglaítear ar idirghabhálaí a íoc isteach sa chuntas bainc ar leithligh a cheanglaítear a bheith aige faoi alt 48 (1) (b).

Cuntais bhainc ar leithligh a choimeád.

48. —(1) Coimeádfaidh idirghabhálaí árachais cuntas bainc ar leithligh le haghaidh gach aicme de na haicmí gnó seo a leanas—

(a) cuntas i ndáil le préimheanna is iníoctha le hárachóirí faoi chonarthaí árachais neamh-shaoil, nó airgead a bheidh íoctha nó is iníoctha le sealbhóirí polasaí ag gnóthais a bheidh údaraithe faoi Rialacháin 1976;

(b) cuntas i ndáil le préimheanna is iníoctha le hárachóirí faoi chonarthaí árachais saoil, nó airgead a bheidh íoctha nó is iníoctha le sealbhóirí polasaí ag gnóthais a bheidh údaraithe faoi Rialacháin 1984, agus

(i) déanfar an t-airgead go léir, cé is moite d'íocaíochtaí coimisiúin agus muirir seirbhíse, a fuair sé i ndáil le ceachtar de na haicmí gnó sin a íoc isteach sa chuntas iomchuí, agus

(ii) ní bheidh ag an Stát ná ag aon duine, ná ní bhfaighidh sé, aon fháil ar airgead, ná aon cheart chun airgid, a bheidh chun creidmheasa an chuntais nó na gcuntas sin maidir le héileamh nó ceart i gcoinne idirghabhálaí árachais go dtí go mbeidh na héilimh uile is cuí i gcoinne an airgid sin íoctha.

(2) Maidir leis an gcuntas a choimeádfar—

(a) faoi fho-alt (1) (a), tabharfar “alt 48 — Cuntas árachais neamh-shaoil” mar ainm air sna taifid airgeadais go léir a chothabhálann an t-idirghabhálaí,

(b) faoi fho-alt (1) (b), tabharfar “alt 48 — Cuntas árachais saoil” mar ainm air sna taifid airgeadais go léir a chothabhálann an t-idirghabhálaí.

(3) Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le gníomhaire árachais faoi cheangal sa mhéid gur airgead i ndáil le comhaontú nó comhshocrú gníomhaireachta faoi cheangal a rinne an gníomhaire árachais faoi cheangal, aon airgead a gheobhaidh sé i ndáil le préimheanna is iníoctha le gnóthais faoi chonarthaí árachais nó aon airgead is iníoctha ag gnóthais le sealbhóirí polasaí.

(4) Chun críocha an ailt seo—

ciallaíonn “muirear seirbhíse” méid is iníoctha, nó is iníoctha in imthosca áirithe, ag cliant le hidirghabhálaí i leith seirbhísí an idirghabhálaí i ndáil le conarthaí árachais ach ní fholaíonn sé aon phréimh, nó aon chuid de phréimh, is iníoctha le gnóthas;

tá le “comhaontú nó comhshocrú gníomhaireachta faoi cheangal” an bhrí a shanntar dó in alt 51;

tá le “gníomhaire árachais faoi cheangal” an bhrí a shanntar dó in alt 51.

Cáilíochtaí gníomhairí árachais.

49. —(1) Ní ghníomhóidh aon duine mar ghníomhaire árachais, ná ní thabharfaidh sé le tuiscint gur gníomhaire árachais é, mura rud é—

(a) go mbeidh ceapachán aige i scríbhinn ó gach gnóthas ar gníomhaire dó é,

(b) go ndearbhóidh sé ar a chinn litreach agus ar a fhoirmeacha gnó gur gníomhaire árachais é agus go dtabharfaidh sé iontu ainm nó ainmneacha na ngnóthas go léir ar gníomhaire dó nó dóibh é, agus

(c) go gcuirfidh sé in iúl d'aon togróir conartha árachais gur gníomhaire árachais é agus go dtabharfaidh sé dó ainm nó ainmneacha na ngnóthas ar gníomhaire dó nó dóibh é.

(2) Faoi réir fho-alt (3), sealbhóidh gníomhaire árachais—

(a) i gcás árachais neamh-shaoil, ceapachán i scríbhinn ó cheithre ghnóthas, ar a mhéid, a bheidh údaraithe faoi Rialacháin 1976,

(b) i gcás árachais saoil, ceapachán i scríbhinn ó cheithre ghnóthas, ar a mhéid, a bheidh údaraithe faoi Rialacháin 1984.

(3) Tiocfaidh forálacha fho-alt (2) i bhfeidhm ar cibé dáta a fhoror dóidh an tAire is dáta nach túisce ná dhá bhliain tar éis thosach feidhme an ailt seo.

(4) Ní mór do ghníomhaire árachais faoi cheangal:

(a) a dhearbhú ar a chinn litreach agus ar a fhoirmeacha gnó gur gníomhaire árachais faoi cheangal é agus ainm nó ainmneacha gach gnóthais ar gníomhaire árachais faoi cheangal dó é a thabhairt,

(b) a chur in iúl d'aon togróir conartha árachais gur gníomhaire árachais faoi cheangal é agus ainm nó ainmneacha na ngnóthas go léir ar gníomhaire árachais faoi cheangal dó nó dóibh é a thabhairt dó, ar choinníoll i gcónaí, maidir leis an gconradh árachais atá i gceist, gur de chineál é a thagann faoi réir comhaontaithe nó comhshocraithe gníomhaireachta faoi cheangal a bheidh déanta ag an ngníomhaire árachais faoi cheangal sin.

(5) Ní ghníomhóidh gníomhaire árachais faoi cheangal i ndáil le conarthaí árachais arna dtairiscint nó arna n-eisiúint ag aon ghnóthas eile a bheidh údaraithe faoi na Rialacháin chéanna is atá an gnóthas lena bhfuil comhaontú nó comhshocrú gníomhaireachta faoi cheangal déanta ag an ngníomhaire árachais faoi cheangal.

(6) Chun críocha an ailt seo—

ciallaíonn “Rialacháin” Rialacháin 1976 nó Rialacháin 1984, de réir mar a bheidh;

tá le “gníomhaire árachais faoi cheangal” agus le “comhaontú nó comhshocrú árachais faoi cheangal” na bríonna a shanntar dóibh, faoi seach, in alt 51.

Clár d'idirghabhálaithe árachais.

50. —Déanfaidh gach gnóthas clár dá idirghabhálaithe árachais ceaptha go léir a choinneáil ag a phríomh-oifig sa Stát. Beidh an clár sin d'idirghabhálaithe árachais ceaptha ar oscailt lena iniúchadh ag an bpobal gach uile thráth réasúnach le linn gnáthuaire oibre.

Forálacha maidir le raon feidhme gníomhaireachta.

51. —(1) Measfar gníomhaire árachais a bheith ag gníomhú mar ghníomhaire don ghnóthas a mbeidh togra le haghaidh árachais á dhéanamh chuige má dhéanann an gníomhaire, d'fhonn an conradh árachais a fhoirmiú, togra le haghaidh árachais a chomhlánú ina scríbhneoireacht féin nó cabhrú le togróir conartha árachais é a chomhlánú. Sna himthosca sin amháin, beidh an t-árachóir freagrach as aon earráidí nó easnaimh sa togra comhlánaithe.

(2) Beidh an gnóthas freagrach as aon ghníomh nó neamhghníomh de chuid a ghníomhaire árachais faoi cheangal maidir le haon ní a bhaineann le conradh árachais arna thairiscint nó arna eisiúint ag an ngnóthas sin, ionann is dá mba fhostaí de chuid an ghnóthais sin an gníomhaire árachais faoi cheangal.

(3) San alt seo—

ciallaíonn “gníomhaire árachais faoi cheangal” aon duine a dhéanann comhaontú nó comhshocrú le gnóthas trína ngabhann an duine sin air féin gach togra árachais a chur faoi bhráid an ghnóthais lena ndearna sé an comhaontú nó an comhshocrú, nó aon duine a dhéanann comhaontú nó comhshocrú le gnóthas a shrianann ar chaoi ar bith saoirse an duine sin chun tograí árachais a chur faoi bhráid aon ghnóthais seachas an gnóthas lena ndearnadh an comhaontú nó an comhshocrú;

ciallaíonn “comhaontú nó comhshocrú gníomhaireachta faoi cheangal” comhaontú nó comhshocrú den chineál a thuairiscítear san alt seo.

(4) Ní fhágfaidh aon ní san alt seo go mbeidh gníomhaire árachais nó gníomhaire árachais faoi cheangal freagrach as aon ráitis bhréagacha a thug togróir polasaí árachais dó nó as aon fhaisnéis a cheil an togróir ar an ngníomhaire sin.

Idirghabhálaí do ghlacadh le tograí árachais.

52. —(1) Ní ghlacfaidh idirghabhálaí árachais le hairgead ó chliant—

(a) maidir le togra, mura mbeidh an togra comhlánaithe ag gabháil leis nó mura mbeidh glactha ag an ngnóthas leis an togra, nó

(b) maidir le polasaí árachais a athnuachan, mura mbeidh tairiscint chuige sin déanta ag an ngnóthas.

(2) Féadfaidh an tAire aon athruithe nó breisithe a fhorordú maidir leis na himthosca inar féidir le hidirghabhálaí glacadh le hairgead ó chliant faoi fho-alt (1).

(3) (a) I gcás ina nglacfaidh idirghabhálaí árachais le togra árachais comhlánaithe ó chliant, bíodh nó ná bíodh suim airgid ag gabháil leis, d'fhonn polasaí árachais a chur i gcrích le gnóthas, nó

(b) i gcás ina nglacfaidh idirghabhálaí árachais le hairgead ó chliant maidir le polasaí árachais a athnuachan, is athnuachan a thairg an t-árachóir, nó maidir le togra lenar ghlac gnóthas,

seirbheálfaidh sé doiciméad ar an gcliant á rá go bhfuil sé á eisiúint de bhun an ailt seo agus ina sonrófar—

(i) ainm agus seoladh an chliaint;

(ii) méid na suime sin, más ann, agus an dáta a bhfuair an t-idirghabhálaí í;

(iii) an togra, an athnuachan, nó an togra lenar ghlac gnóthas, ar ina leith a íocadh an tsuim sin;

(iv) an gnóthas lena mbainfear amach an polasaí nó lena n-athnuafar é, nó a ghlac leis an togra.

(4) Sa doiciméad a eiseoidh idirghabhálaithe i gcás lena mbaineann fo-alt (3) (a) sonrófar freisin nach ionann ann féin an glacadh sin ag an idirghabhálaí agus polasaí árachais a bhaint amach.

(5) Ní bheidh feidhm ag fo-ailt (3) agus (4) i gcás ina ndéanfaidh an t-idirghabhálaí, agus údarás aige sin a dhéanamh, polasaí árachais leis an ngnóthas a eisiúint chuig an gcliant.

(6) Féadfaidh an tAire aon athruithe nó breisithe a fhorordú maidir leis na nithe a bheidh le sonrú i ndoiciméid a cheanglaítear ar idirghabhálaithe a eisiúint faoi fho-ailt (3) agus (4).

(7) Aon doiciméad a airbheartóidh gur doiciméad é lena mbaineann fo-alt (3) nó fo-alt (4) is fianaise a bheidh ann, gan a thuilleadh cruthúnais, ar na nithe a bheidh sonraithe ann mura gcruthófar a mhalairt.

Mar a dhéileálfar le préimheanna a íoctar le hidirghabhálaithe.

53. —(1) I gcás ina n-íocfar préimh le hidirghabhálaí árachais i leith athnuachan polasaí atá tairgthe ag gnóthas, nó i leith togra lenar ghlac gnóthas, measfar an phréimh a bheith íoctha leis an ngnóthas an tráth a n-íocfar leis an idirghabhálaí árachais í.

(2) Ní fhágfaidh aon ní san alt seo go mbeidh gnóthas faoi dhliteanas maidir le préimh a íocadh le hidirghabhálaí i leith togra lenar ghlac gnóthas nó i leith athnuachana polasaí a thairg an gnóthas, i gcás fógra réasúnach i scríbhinn a bheith tugtha ag an ngnóthas don duine ar glacadh lena thogra nó arb é a pholasaí atá á athnuachan á rá nach bhfuil aon údarás ag an idirghabhálaí sin préimheanna den sórt sin a bhailiú thar ceann an ghnóthais.

Srian le hidirghabhálaithe a chiontófar i gcion.

54. —Aon idirghabhálaí árachais a chiontófar i gcion ag éirí as, nó i ndáil le, comhlíonadh a fheidhmeanna mar idirghabhálaí árachais, ní dhéanfaidh sé, gan cead ón gCúirt, gnó idirghabhálaí árachais a sheoladh sa Stát ná idirghabhálaí árachais eile a fhostú ná a údarú chun gníomhú sa cháil sin thar a cheann.

Daoine áirithe a bheith dícháilithe chun gníomhú mar idirghabhálaithe.

55. —Ní ghníomhóidh aon duine mar idirghabhálaí árachais ná ní thabharfaidh sé le tuiscint gur idirghabhálaí árachais é, gan cead ón gCúirt, más rud é—

(a) go mbreithneofar ina fhéimheach é, nó

(b) go ndéanfaidh sé imshocrú nó comhshocrú lena chreidiúnaithe, nó

(c) go gclisfidh air, ina cháil mar idirghabhálaí árachais, freastal dá oibleagáidí airgeadais nó dlíthiúla i ndáil le haon suim airgid a bheidh faighte aige ó chliant nó thar ceann cliaint, nó

(d) go gciontófar é i gcion lena ngabhann calaois nó mímhacántacht, cibé acu i ndáil le hárachas nó nach ea, nó

(e) go bhfuil sé nó go raibh sé ina stiúrthóir ar aon chuideachta a bhí ag plé le hárachas agus atá foirceanta ag an gCúirt nó trí fhoirceannadh toilteanach creidiúnaithe, nó

(f) gur ábhar é d'ordú faoi alt 184 d'Acht na gCuideachtaí, 1963 .

Cóid chleachtais.

56. —Féadfaidh an tAire, le hordú, cóid chleachtais a fhorordú a bheidh le comhall ag bróicéirí árachais nó ag gníomhairí árachais sa Stát. Féadfar go háirithe, in aon ordú den sórt sin, na cleachtais a shonrú a bheidh le leanúint ag bróicéirí nó gníomhairí agus iad ag déileáil lena gcliaint nó le gnóthais nó le daoine eile.

Raon Chuid IV.

57. —(1) Ní bheidh feidhm ag an gCuid seo—

(a) maidir le conarthaí athárachais nó le hidirghabhálaithe árach ais nach mbíonn ag gabháil d'aon ghnó eile ach amháin conarthaí athárachais a bhaint amach;

(b) maidir le gníomhairí taistil agus tionscnóirí turas a bheidh ceadúnaithe faoin Acht Iompair (Tionscnóirí Turas agus Gníomhairí Taistil), 1982 , sa mhéid go mbíonn siad ag gabháil d'árachas taistil nó do chonarthaí cúnaimh turasóireachta a dhéanamh mar chuid de chonradh taistil thar lear nó i dteannta conartha den sórt sin.

(2) San alt seo tá le “gníomhaire taistil”, “tionscnóir turas” agus “conradh taistil thar lear” na bríonna a shanntar dóibh faoi seach faoi alt 2 (1) den Acht Iompair (Tionscnóirí Turas agus Gníomhairí Taistil), 1982 .