An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II Méaduithe) Ar Aghaidh (CUID IV Leasuithe Ilghnéitheacha)

4 1989

AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH, 1989

CUID III

Dliteanas an Teaghlach a Chothabháil

Cuid X a chur isteach sa phríomh-Acht (Dliteanas an teaghlach a chothabháil), aisghairm.

12. —(1) Leasaítear leis seo an príomh-Acht tríd an gCuid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Chuid IX:

“CUID X

Dliteanas an Teaghlach a Chothabháil

Léiriú

314.—(1) Sa Chuid seo—

ciallaíonn ‘Acht 1976’ an tAcht um an Dlí Teaghlaigh (Cothabháil Céilí agus Leanaí), 1976 (arna leasú nó arna leathnú le haon achtachán ina dhiaidh sin cibé acu an roimh an Acht seo nó dá éis a ritheadh é);

ciallaíonn ‘liúntas’ liúntas banchéile thréigthe faoi alt 195, liúntas leasa forlíontach faoi alt 200 nó liúntas fearchéile thréigthe faoi alt 198B;

ciallaíonn ‘sochar’ sochar banchéile thréigthe faoi alt 100;

ciallaíonn ‘údarás inniúil’ i ndáil le sochar banchéile thréigthe, liúntas banchéile thréigthe agus liúntas fearchéile thréigthe, an tAire agus i ndáil le liúntas leasa forlíontach ciallaíonn sé an bord sláinte a dheonaigh an liúntas sin d'fhaighteoir;

ciallaíonn ‘ordú ón gCúirt’ ordú cothabhála, ordú cnapshuime, ordú astaithe tuillimh, ordú athrúcháin nó ordú eatramhach, faoi Acht 1976.

(2) Déanfar gach tagairt sa Chuid seo do dhuine atá faoi dhliteanas duine eile a chothabháil, a fhorléiriú mar thagairt a chiallaíonn duine atá faoi dhliteanas an duine eile sin a chothabháil de bhua alt 315.

Dliteanas an teaghlach a chothabháil.

315.—Chun críocha ailt 100, 195, 200 agus 198B agus gan dochar d'aon oibleagáidí a fhorchuirtear le dlí nó ar shlí eile beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas, is é sin le rá—

(a) beidh fear faoi dhliteanas—

(i) a bhanchéile a chothabháil, agus

(ii) aon leanbh dá chuid a chothabháil, ar leanbh é atá faoi bhun 18 mbliana d'aois nó (seachas chun críocha alt 200) atá den aois sin nó os a cionn agus faoi bhun 21 bhliain d'aois agus ag fáil oideachais nó teagaisc lánaimsire de ló in aon ollscoil, coláiste, scoil nó foras oideachais eile, agus

(b) beidh bean faoi dhliteanas—

(i) a fearchéile a chothabháil, agus

(ii) aon leanbh dá cuid a chothabháil, ar leanbh é atá faoi bhun 18 mbliana d'aois nó (seachas chun críocha alt 200) atá den aois sin nó os a cionn agus faoi bhun 21 bhliain d'aois agus ag fáil oideachais nó teagaisc lánaimsire de ló in aon ollscoil, coláiste, scoil nó foras oideachais eile.

Ranníoc i leith sochair nó liúntais

316.—(1) Má íoctar sochar nó liúntas le haon fhaighteoir, beidh gach duine atá faoi dhliteanas an faighteoir sin a chothabháil nó aon leanbh a chothabháil ar deonaíodh méadú ar an sochar nó ar an liúntas sin ina leith, faoi

dhliteanas cibé méid a ranníoc leis an údarás inniúil a chinnfidh an t-údarás sin a bheith iomchuí i leith an tsochair nó an liúntais sin.

(2) Más rud é, maidir le duine atá faoi dhliteanas ranníoc a dhéanamh faoi fho-alt (1), go mainníonn nó go bhfaillíonn sé an ranníoc a dhéanamh, féadfaidh an t-údarás inniúil iarratas a dhéanamh chun na Cúirte Dúiche ar ordú ag ordú don duine atá faoi dhliteanas ranníoc a dhéanamh an ranníoc sin a dhéanamh i leith an tsochair nó an liúntais.

(3) Déanfaidh an t-údarás inniúil, sula ndéanfaidh sé iarratas chun na Cúirte Dúiche faoi fho-alt (2), fógra faoin iarratas a sheirbheáil ar an duine atá faoi dhliteanas ranníoc a dhéanamh.

(4) I gcás go mbeidh an Chúirt Dúiche deimhin de, an tráth a éistfidh an t-údarás inniúil iarratas faoi fho-alt (2), gur mhainnigh nó gur fhailligh an duine atá faoi dhliteanas ranníoc a dhéanamh an ranníoc is gá faoi fho-alt (1) a dhéanamh agus go raibh sé in ann ranníoc a dhéanamh i leith an tsochair nó an liúntais a deonaíodh, socróidh an Chúirt Dúiche méid an ranníoca a dhéanfaidh an duine a bheidh faoi dhliteanas amhlaidh agus ordóidh sí an méid sin a íoc leis an údarás inniúil ar mhodh cibé íocaíochtaí is cuí leis an gCúirt.

Íocaíochtaí faoi ordú ón gCúirt chun ranníocaí a fhritháireamh

317.—I gcás go ndeonófar ordú ón gCúirt do dhuine a bhfuil sochar nó liúntas á fháil aige déanfaidh na híocaíochtaí a dhéanfar faoin ordú sin fritháireamh, go hiomlán nó go páirteach, de réir mar a chinnfidh an t-údarás inniúil, ar na ranníocaí a bheidh dlite ón duine atá faoi dhliteanas ranníoc a dhéanamh de bhun alt 316 (1) i leith an tsochair nó an liúntais sin.

Faighteoir an tsochair nó an liúntais d'aistriú íocaíochtaí faoi ordú ón gCúirt chuig údarás inniúil.

318.—(1) Faoi réir fho-alt (2), dlífear ar dhuine atá ag fáil sochair nó liúntais íocaíochtaí a rinneadh leis an duine sin i gcomhlíonadh ordaithe ón gCúirt a aistriú chuig an údarás inniúil.

(2) Ní dhlífear ar dhuine a bhí ag fáil sochair nó liúntais roimh thosach feidhme na Coda seo (nó coda di) aon íocaíochtaí a aistriú a rinneadh leis an duine sin i gcomhlíonadh ordaithe ón gCúirt a rinneadh roimh an tosach feidhme sin ach i gcás go n-athraíonn ordú ón gCúirt, a rinneadh tar éis thosach feidhme na Coda seo (nó coda di), ordú a rinneadh roimh an tosach feidhme sin dlífear ar an duine lena mbaineann, an tsuim, más ann, trínar mó méid an ordaithe a rinneadh tar éis thosach feidhme na Coda seo (nó coda di) ná méid an ordaithe a rinneadh roimh an tosach feidhme sin, a aistriú chuig an údarás inniúil.

(3) I gcás go mainníonn duine atá ag fáil sochair nó liúntais forálacha fho-alt (1) nó (2) a chomhlíonadh laghdófar an sochar nó an liúntas atá á íoc leis an duine sin den mhéid a bhfuil an duine sin faoi dhliteanas é a aistriú chuig an Aire faoi fho-ailt (1) agus (2).

Imscrúduithe ag oifigigh leasa shóisialaigh nó ag boird sláinte.

319.—(1) Déanfaidh oifigeach leasa shóisialaigh a bheidh údaraithe chuige sin ag an Aire imscrúdú ar aon cheist, agus tabharfaidh tuairisc don Aire, ar aon cheist, a thig maidir le, nó i ndáil le, haon sochar nó liúntas a tharchuirfidh an tAire chuige agus féadfaidh sé, chun críche an imscrúdaithe agus na tuairisce sin a cheangal ar dhuine atá faoi dhliteanas ranníoc a dhéanamh faoi alt 316 (1) nó ar aon fhostóir d'aon duine den sórt sin cibé faisnéis den sórt sin a thabhairt dó agus cibé doiciméid a bhaineann leis an duine sin a theastóidh uaidh go réasúnach a thabhairt ar aird dó lena n-iniúchadh.

(2) Féadfaidh bord sláinte imscrúdú a dhéanamh faoi aon cheist a thig maidir le, nó i ndáil le, liúntas leasa forlíontach a dheonaíonn an bord, agus féadfaidh sé chun críche an imscrúdaithe sin a cheangal ar dhuine atá faoi dhliteanas ranníoc a dhéanamh faoi alt 316 (1) nó ar aon fhostóir d'aon duine den sórt sin cibé faisnéis den sórt sin a thabhairt don bhord sláinte agus

cibé doiciméid a bhaineann leis an duine sin a theastóidh ón mbord sláinte go réasúnach a thabhairt ar aird don bhord sláinte lena n-iniúchadh.

(3) I gcás go mainníonn duine atá faoi dhliteanas ranníoc a dhéanamh faoi alt 316 (1), nó fostóir d'aon duine den sórt sin, forálacha fho-ailt (1) agus (2) a chomhlíonadh, beidh sé ciontach i gcion agus dlífear ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná£1,000 nó, ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná£10,000, a chur air.

Tosach feidhme Chuid X.

320.—Tiocfaidh an Chuid seo i ngníomh cibé lá nó laethana a shocrófar le hordú nó le horduithe ón Aire i gcoitinne nó faoi threoir ailt amháin nó níos mó den Chuid seo agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh le haghaidh gach ailt de na hailt sin nó le haghaidh cuid de gach alt de na hailt sin.”.

(2) Aisghairtear leis seo ailt 214 agus 215 den phríomh-Acht.

(3) Tiocfaidh fo-alt (2) den alt seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.

Leasú ar an Acht um an Dlí Teaghlaigh (Cothabháil Céilí agus Leanaí), 1976 .

13. —(1) Leasaítear leis seo an tAcht um an Dlí Teaghlaigh (Cothabháil Céilí agus Leanaí), 1976

(a) trí na mínithe seo a leanas a chur isteach in alt 3 (1):

“ciallaíonn ‘liúntas’ liúntas banchéile thréigthe faoi alt 195, liúntas leasa forlíontach faoi alt 200 nó liúntas fearchéile thréigthe faoi alt 198B den Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1981 ;

ciallaíonn ‘sochar’ sochar banchéile thréigthe faoi alt 100 den Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1981 ;

tá le ‘údarás inniúil’ an bhrí a shanntar dó le halt 314 den Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1981;”,

(b) trí “cé is moite de shochar nó liúntas nó d'aon mhéadú ar shochar nó liúntas den sórt sin maidir le haon leanaí cleithiúnacha a deonaíodh do cheachtar tuismitheoir de na leanaí sin” a chur isteach i ndiaidh “den sórt sin” in alt 5 (4) (a),

(c) trí “cé is moite de shochar nó liúntas nó d'aon mhéadú ar shochar nó liúntas den sórt sin maidir le haon leanaí cleithiúnacha a deonaíodh do cheachtar tuismitheoir de na leanaí sin” a chur isteach in alt 5A (a cuireadh isteach le halt 18 den Acht um Stádas Leanaí, 1987 ) i ndiaidh “faoi reacht”,

(d) trí “nó, más iomchuí, chuig an údarás inniúil” a chur isteach i ndiaidh “chuig an gcreidiúnaí cothabhála” in alt 9 (4),

(e) trí “nó, más iomchuí, chuig an údarás inniúil” a chur isteach i ndiaidh “faoin réamh-ordú iomchuí a fháil” in alt 10 (2) (a),

(f) trí “nó, más iomchuí, chuig an údarás inniúil” a chur isteach i ndiaidh “lena dtarchur chuig an duine sin” in alt 10 (2) (b), agus

(g) trí “nó, más iomchuí, chuig an údarás inniúil” a chur isteach i ndiaidh “a fháil” in alt 12.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.