An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT UM IDIRSCARADH BREITHIÚNACH AGUS ATHCHÓIRIÚ AN DLÍ TEAGHLAIGH, 1989) Ar Aghaidh (CUID II Orduithe Coimhdeacha Airgeadais, Maoine, Coimeádta agus Orduithe Eile)

6 1989

AN tACHT UM IDIRSCARADH BREITHIÚNACH AGUS ATHCHÓIRIÚ AN DLÍ TEAGHLAIGH, 1989

CUID I

Foraithne Idirscartha a Fháil

Léiriú.

1. —San Acht seo, mura n-éilítear a mhalairt sa chomhthéacs—

ciallaíonn “an chúirt” an chúirt ag a bhfuil dlínse faoi Chuid III den Acht seo.

Iarratas ar fhoraithne idirscartha bhreithiúnaigh.

2. —(1) Féadfar iarratas ó chéile ar fhoraithne idirscartha bhreithiúnaigh ón gcéile eile a dhéanamh chun na cúirte a bhfuil dlínse aici imeachtaí faoi Chuid III den Acht seo a éisteacht agus a chinneadh ar fhoras amháin nó níos mó ná foras amháin díobh seo a leanas:

(a) go ndearna an freagróir adhaltranas;

(b) gur iompair an freagróir é féin ar shlí nach féidir le réasún a bheith ag súil go gcónódh an t-iarratasóir leis an bhfreagróir;

(c) faoi réir fho-alt (2) den alt seo, gur thréig an freagróir an t-iarratasóir ar feadh tréimhse leanúnaí bliana ar a laghad díreach roimh dháta an iarratais;

(d) faoi réir fho-alt (2) den alt seo, gur chónaigh na céilí ar leithligh óna chéile ar feadh tréimhse leanúnaí bliana ar a laghad díreach roimh dháta an iarratais agus go dtoileoidh an freagróir le foraithne a dheonú;

(e) faoi réir fho-alt (2) den alt seo, gur chónaigh na céilí ar leithligh óna chéile ar feadh tréimhse leanúnaí trí bliana ar a laghad díreach roimh dháta an iarratais;

(f) go bhfuil cliste ar an bpósadh sa mhéid gur deimhin leis an gCúirt sna himthosca go léir nach raibh gnáthchaidreamh pósta idir na céilí ar feadh tréimhse bliana ar a laghad díreach roimh dháta an iarratais.

(2) Le linn breithniú a dhéanamh chun críocha fho-alt (1) den alt seo, cé acu an tréimhse leanúnach nó nach ea ceachtar den dá thréimhse seo a leanas—

(a) i gcás mhír (c) den fho-alt sin, an tréimhse ar ar a feadh a bhí an t-iarratasóir tréigthe ag an bhfreagróir, nó

(b) i gcás mhír (d) nó (e) den fho-alt sin, an tréimhse ar lena linn a chónaigh na céilí ar leithligh,

ní thabharfar aon aird ar aon tréimhse amháin (nach faide ná 6 mhí) ná ar aon dá thréimhse nó níos mó (nach faide ná 6 mhí san iomlán) ar thosaigh na céilí ar chónaí lena chéile lena linn, ach ní dhéanfar aon tréimhse nó tréimhsí den sórt sin a raibh na céilí ina gcónaí lena chéile lena linn a áireamh mar chuid den tréimhse tréigin ná den tréimhse ar chónaigh na céilí ar leithligh, de réir mar a bheidh:

Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo ach amháin sa chás nach mbeidh na céilí ina gcónaí lena chéile an tráth a ndéanfar an t-iarratas.

(3) (a) San alt seo measfar céilí a bheith ina gcónaí ar leithligh óna chéile mura bhfuil siad ina gcónaí lena chéile sa teaghlach céanna, agus déanfar tagairtí do chéilí a bheith ina gcónaí lena chéile a fhorléiriú mar thagairtí do bheith ina gcónaí lena chéile sa teaghlach céanna.

(b) San alt seo folaíonn “tréigean” iompar ag céile amháin a dtarlaíonn dá thoradh go ndéanann an céile eile, le cúis chóir, an céile sin a fhágáil agus cónaí ar leithligh ón gcéile sin.

Foraithne idirscartha bhreithiúnaigh a dheonú, agus coimeád etc. leanaí.

3. —(1) Más rud é, ar iarratas a bheith déanta faoi alt 2 den Acht seo, gur deimhin leis an gcúirt, maidir le haon fhoras de na forais dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt sin ar a raibh an t-iarratasóir ag brath, gur dóichí an foras sin a bheith cruthaithe, deonóidh an chúirt, faoi réir fho-alt (2) den alt seo agus ailt 5 agus 6 den Acht seo, foraithne idirscartha bhreithiúnaigh i leith na gcéilí lena mbaineann.

(2) (a) Más rud é, i gcás na gcéilí lena mbaineann, go mbeidh aon leanaí cleithiúnacha de chuid an teaghlaigh ann, ní dheonóidh an chúirt foraithne idirscartha bhreithiúnaigh—

(i) mura deimhin léi go bhfuil cibé socrú is cuí sna himthosca déanta, nó

(ii) mura bhfuil sé beartaithe aici le hordú, ar dheonú na foraithne, cibé socrú a dhéanamh is cuí sna himthosca,

chun leas na leanaí sin.

(b) San fho-alt seo—

tá le “leanaí cleithiúnacha de chuid an teaghlaigh” an bhrí chéanna atá leis chun críocha Chuid II den Acht seo;

folaíonn “leas” leas creidimh agus morálta na leanaí lena mbaineann, mar aon lena leas intleachta, lena leas coirp agus lena leas sóisialta.

(3) Ar fhoraithne idirscartha bhreithiúnaigh a dheonú ag an gcúirt, féadfaidh an chúirt le hordú, más iomchuí é, cibé orduithe a thabhairt faoi alt 11 den Acht um Chaomhnóireacht Naíon, 1964 , a mheasfaidh sí is cóir maidir le leas nó coimeád naín, nó le ceart rochtana chuig naíon (is naíon de réir bhrí an Achta sin), ionann is dá mba faoin alt sin a rinneadh an t-iarratas.

Forálacha forlíontacha maidir le hadhaltranas agus iompar míréasúnach a chruthú.

4. —(1) I gcás na céilí a bheith ina gcónaí lena chéile ar feadh breis is 1 bhliain tar éis don iarratasóir teacht ar an eolas go raibh adhaltranas déanta ag an bhfreagróir, ní bheidh an t-iarratasóir i dteideal brath ar an adhaltranas sin chun críocha alt 2 (1) (a) d'ainneoin go bhféadfadh an t-adhaltranas sin a bheith ar cheann de na fachtóirí ar a bhféadfadh an t-iarratasóir brath chun críocha alt 2 (1) (b) i dteannta nithe eile.

(2) I gcás go líomhnóidh an t-iarratasóir gur iompair an freagróir é féin ar shlí nach féidir, le réasún, a bheith ag súil leis go gcomhchónódh an t-iarratasóir leis ach gur chomhchónaigh na céilí lena chéile ar feadh tréimhse nó tréimhsí tar éis an dáta ar tharla an t-eachtra is déanaí ar a mbeidh an t-iarratasóir ag brath agus lena nglacfaidh an chúirt mar thaca lena líomhain, tabharfar neamhaird ar an gcomhchónaí sin agus cinneadh á dhéanamh chun críche alt 2 (1) (b) den Acht seo cibé acu an féidir nó nach féidir le réasún a bheith ag súil leis go gcónódh an t-iarratasóir leis an bhfreagróir más 6 mhí nó níos 1ú fad na tréimhse nó na dtréimhsí sin ina rabhthas ag comhchónaí lena chéile.

Cosaintí chun a áirithiú go bhfuil iarratasóir eolach ar roghanna seachas imeachtaí idirscartha agus chun cuidiú le hiarrachtaí le haghaidh comhréitigh.

5. —(1) Aon aturnae, más ann, a bheidh ag gníomhú thar ceann iarratasóra ar fhoraithne idirscartha bhreithiúnaigh déanfaidh sé an méid seo a leanas, sula ndéanfar iarratas ar fhoraithne idirscartha bhreithiúnaigh—

(a) pléifidh sé leis an iarratasóir cibé acu an féidir teacht ar chomhréiteach agus tabharfaidh sé dó ainmneacha agus seoltaí daoine atá cáilithe chun cuidiú le comhréiteach a chur i gcrích idir céilí atá i riocht coimhthithe, agus

(b) pléifidh sé leis an iarratasóir cibé acu an féidir dul i mbun idirghabhála chun cuidiú le hidirscaradh a chur i gcrích ar bhonn comhaontaithe le céile coimhthithe agus tabharfaidh sé dó ainmneacha agus seoltaí daoine agus eagras atá cailithe chun seirbhís idirghabhála a chur ar fáil, agus

(c) pléifidh sé leis an iarratasóir cibé acu an féidir idirscaradh a chur i gcrích trí ghníomhas idirscartha, nó trí chomhaontú idirscartha i scríbhinn, a chaibidlí agus a thabhairt chun críche.

(2) I dteannta iarratais ar idirscaradh breithiúnach beidh deimhniú ón aturnae, más ann, a bheidh ag gníomhú thar ceann an iarratasóra á rá go bhfuil forálacha fho-alt (1) den alt seo comhlíonta aige agus, i gcás nach ndeimhneoidh aturnae amhlaidh, féadfaidh an chúirt na himeachtaí a chur ar ar atráth go ceann cibé tréimhse is réasúnach léi chun go bpléifidh aturnae an iarratasóra na nithe dá dtagraítear san fho-alt sin leis an iarratasóir.

(3) Déanfar socrú le rialacha cúirte faoi chomhair an deimhniúcháin a éilítear chun críocha fho-alt (2) den alt seo.

Cosaintí chun a áirithiú go bhfuil freagróir eolach ar roghanna seachas imeachtaí idirscartha agus chun cuidiú le hiarrachtaí le haghaidh comhréitigh.

6. —(1) Aon aturnae, más ann, a bheidh ag gníomhú thar ceann freagróra in iarratas ar fhoraithne idirscartha bhreithiúnaigh déanfaidh sé an méid seo a leanas a luaithe is féidir tar éis dó treoracha a fháil ón bhfreagróir—

(a) pléifidh sé leis an bhfreagróir cibé acu an féidir teacht ar chomhréiteach agus tabharfaidh sé dó ainmneacha agus seoltaí daoine atá cáilithe chun cuidiú le comhréiteach a chur i gcrích idir páirtithe i bpósadh atá i riocht coimhthithe, agus

(b) pléifidh sé leis an bhfreagróir cibé acu an féidir dul i mbun idirghabhála chun cuidiú le hidirscaradh a chur i gcrích ar bhonn comhaontaithe le céile coimhthithe agus tabharfaidh sé dó ainmneacha agus seoltaí daoine agus eagras atá cáilithe chun seirbhís idirghabhála a chur ar fáil, agus

(c) pléifidh sé leis an bhfreagróir cibé acu an féidir idirscaradh a chur i gcrích trí ghníomhas idirscartha, nó trí chomhaontú idirscartha i scríbhinn, a chaibidlí agus a thabhairt chun críche.

(2) I dteannta Taifeadta Láithris nó Fógra go bhfuiltear chun Cosaint a Dhéanamh ar iarratas ar idirscaradh breithiúnach, beidh deimhniú ón aturnae, más ann, a bheidh ag gníomhú thar ceann an fhreagróra á rá go bhfuil forálacha fho-alt (1) den alt seo comhlíonta aige agus, i gcás nach ndeimhneoidh aturnae amhlaidh, féadfaidh an chúirt na himeachtaí a chur ar atráth go ceann cibé tréimhse is réasúnach léi chun go bpléifidh aturnae an fhreagróra na nithe dá dtagraítear san fho-alt sin leis an bhfreagróir.

(3) Déanfar socrú le rialacha cúirte faoi chomhair an deimhniúcháin a éilítear chun críocha fho-alt (2) den alt seo.

Imeachtaí a chur ar atráth chun cuidiú le teacht ar chomhréiteach nó ar chomhaontuithe i dtaobh idirscartha.

7. —(1) I gcás go ndéanfar iarratas chun na cúirte faoin Acht seo ar fhoraithne idirscartha bhreithiúnaigh, breithneoidh an chúirt cibé acu an féidir go dtiocfadh na céilí lena mbaineann ar chomhréiteach agus, dá réir sin, féadfaidh sí uair ar bith na himeachtaí a chur ar atráth chun deis a thabhairt do na céilí, más mian leo beirt é, breithniú a dhéanamh ar chomhréiteach eatarthu féin, le cuidiú nó d'éagmais cuidiú ó thríú páirtí.

(2) Más rud é le linn aon atráthú ar imeachtaí lena mbaineann fo-alt (1) den alt seo go n-atosóidh na céilí ar chónaí lena chéile arís, ní thabharfar aon aird ar an méid sin chun críocha na n-imeachtaí sin.

(3) Más rud é, ar iarratas a bheith déanta faoin Acht seo ar fhoraithne idirscartha bhreithiúnaigh, go bhfeicfear don chúirt nach féidir leis na céilí lena mbaineann teacht ar aon chomhréiteach, féadfaidh sí na himeachtaí a chur ar atráth nó a chur ar atráth arís chun deis a thabhairt do na céilí, más mian leo beirt é, teacht ar chomhaontú (le cuidiú nó d'éagmais cuidiú ó thríú páirtí) faoi théarmaí an idirscartha, a mhéid is féidir é.

(4) Má tharla atráthú de bhua fho-alt (1) nó (3) den alt seo, féadfaidh ceachtar céile nó iad beirt a iarraidh go rachfar ar aghaidh le héisteacht an iarratais agus, gan dochar d'fho-alt (5) den alt seo, atosóidh an chúirt ar an iarratas a éisteacht, a luaithe is indéanta é.

(5) An chumhacht atrátha is infheidhmithe faoi fho-ailt (1) agus (3) den alt seo is cumhacht í de bhreis ar aon chumhacht atrátha eile is infheidhmithe ag an gcúirt, agus ní cumhacht í in ionad na cumhachta sin.

(6) I gcás go gcuirfidh an chúirt imeachtaí faoi fho-alt (1) nó (3) den alt seo ar atráth, féadfaidh sí dá rogha féin comhairle a chur ar na céilí lena mbaineann cuidiú ó thríú páirtí a lorg chun na críche atá leagtha amach san fho-alt iomchuí.

(7) Aon teagmháil ó bhéal nó i scríbhinn idir ceachtar céile agus aon tríú páirtí lena mbaineann fo-alt (1), (3) nó (6) den alt seo (cibé acu an i láthair an chéile eile a dhéanfar é nó nach ea) agus aon taifead i dtaobh teagmhála den sórt sin a chuirfidh an tríú páirtí sin faoi deara a dhéanamh, ní bheidh siad inghlactha mar fhianaise in aon chúirt.

Éifeacht idirscartha bhreithiúnaigh agus cealú foraithne idirscartha agus orduithe coimhdeacha tráth comhréitigh.

8. —(1) I gcás go ndeonóidh an chúirt foraithne idirscartha bhreith iúnaigh ní bheidh sé d'oibleagáid ar na céilí arbh iad na páirtithe iad sna himeachtaí sin comhchónaí níos mó.

(2) Tar éis foraithne idirscartha bhreithiúnaigh a dheonú féadfaidh an t-iarratasóir agus an freagróir sna himeachtaí idirscartha aon uair ina dhiaidh sin iarratas a dhéanamh trí chomhthoiliú, chun na cúirte, ar chealú a dhéanamh ar an bhforaithne idirscartha a deonaíodh agus déanfaidh an chúirt an t-ordú cealaithe sin ar í a bheith deimhin de go bhfuil an t-iarratasóir agus an freagróir tar éis teacht ar chomhréiteach agus go bhfuil siad cheana féin atosaithe, nó gur mian leo atosú arís, ar chomhchónaí mar fhearchéile agus banchéile.

(3) Ar ordú cealaithe a dhéanamh faoi fho-alt (2) den alt seo féadfaidh an chúirt freisin cibé ordú nó orduithe atá riachtanach agus coimhdeach a dhéanamh is dóigh léi is cuí sna himthosca ag féachaint d'aon orduithe a rinneadh roimhe sin faoi Chuid II den Acht seo.

Deireadh a chur le foraithne colscartha a mensa et thoro, etc.

9. —(1) Tar éis thosach feidhme an Achta seo, ní bheidh aon ábhar caingne ann i ndáil le colscaradh a mensa et thoro.

(2) Ní bheidh éifeacht le fo-alt (1) den alt seo i ndáil le haon chaingean a tionscnaíodh roimh thosach feidhme an Achta seo.