|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID I Réamhráiteach agus Ginearálta) | Ar Aghaidh (CUID III An tÚdarás Náisiúnta um Shábháilteacht agus Sláinte Ceirde) |
AN tACHT UM SHÁBHÁILTEACHT, SLÁINTE AGUS LEAS AG AN OBAIR, 1989
[EN] | ||
[EN] |
CUID II Dualgais Ghinearálta | |
[EN] |
Dualgais ghinearálta fostóirí i leith a gcuid fostaithe. |
6. —(1) Beidh de dhualgas ar gach fostóir sábháilteacht, sláinte agus leas a chuid fostaithe go léir ag an obair a chinntiú a mhéid is féidir é le réasún. |
[EN] | (2) Gan dochar do ghinearáltacht dualgais fostóra faoi fho-alt (1), áirítear go sonrach sna nithe a sroicheann na dualgais sin chucu: | |
[EN] | (a) maidir le haon áit oibre atá faoi rialú an fhostóra, an áit sin a dhearadh agus a chur ar fáil, agus a chothabháil, i riocht atá, a mhéid is féidir le réasún, slán agus gan phriacal don tsláinte; | |
[EN] | (b) a mhéid is féidir le réasún, maidir le haon áit oibre faoi rialú an fhostóra, bealaí sábháilte isteach san áit oibre sin agus amach as a dhearadh, a chur ar fáil agus a chothabháil; | |
[EN] | (c) gléasra agus innealra a dhearadh, a chur ar fáil agus a chothabháil atá slán agus gan phriacal don tsláinte, a mhéid is féidir le réasún; | |
[EN] | (d) córais oibre a chur ar fáil atá pleanáilte, eagraithe, curtha i gcrích agus cothabháilte ionas go mbeidh siad slán agus gan phriacal don tsláinte, a mhéid is féidir le réasún; | |
[EN] | (e) cibé faisnéis, teagasc, oiliúint agus maoirseacht a chur ar fáil is gá chun sábháilteacht, sláinte agus leas a chuid fostaithe ag an obair a chinntiú, a mhéid is féidir le réasún; | |
[EN] | (f) in imthosca nach féidir le fostóir, le réasún, guaiseanna a rialú ná a dhíothú in áit oibre faoina rialú, nó i cibé imthosca a bheidh forordaithe, cibé éadach nó trealamh cosantach oiriúnach a chur ar fáil agus a chothabháil, de réir mar is iomchuí, is gá chun sábháilteacht agus sláinte a chuid fostaithe ag an obair a chinntiú; | |
[EN] | (g) pleananna leordhóthanacha a chuirtear i bhfeidhm tráthanna éigeandála a ullmhú agus a athmheas mar is gá; | |
[EN] | (h) a chinntiú a mhéid is féidir le réasún go mbeidh daoine sábháilte ag an obair agus nach mbeidh priacal ann don tsláinte ag an obair i dtaca le húsáid aon substainte nó airteagail; | |
[EN] | (i) saoráidí agus comhshocraíochtaí le haghaidh leasa a chuid fostaithe ag an obair a chur ar fáil agus a chothabháil; agus | |
[EN] | (j) seirbhísí duine inniúil a fháil nuair is gá (cibé acu faoi chonradh fostaíochta nó ar shlí eile) chun sábháilteacht agus sláinte a chuid fostaithe ag an obair a chinntiú, a mhéid is féidir le réasún. | |
[EN] | (3) Duine atá á oiliúint le haghaidh fostaíochta nó a bhfuil taithí oibre á fáil aige, seachas duine a ghabhann do chúrsa staidéir in ollscoil, scoil nó coláiste measfar, chun críocha an ailt seo, gur fostaí é de chuid an duine arb é a ghnóthas (bíodh sé á sheoladh aige le haghaidh brabúis nó ná bíodh) a neas-sholáthraíonn oiliúint nó taithí oibre don duine sin, de thuras na huaire, agus forléireofar fostaí, fostóir agus focail agus abairtí gaolmhara dá réir sin. | |
[EN] |
Dualgais ghinearálta fostóirí agus daoine féinfhostaithe i leith daoine seachas a gcuid fostaithe. |
7. —(1) Beidh sé de dhualgas ar gach fostóir a ghnóthas a sheoladh i slí a chinnteoidh, a mhéid is féidir le réasún, nach ndéanfar daoine nach bhfuil ar fostú aige ach a bhfearfadh an fhostaíocht sin orthu a chur faoi phriacal maidir lena sábháilteacht nó lena sláinte. |
[EN] | (2) Beidh sé de dhualgas ar gach duine féinfhostaithe a ghnóthas a sheoladh i slí a chinnteoidh, a mhéid is féidir le réasún, nach ndéanfar é féin ná daoine eile (nach fostaithe dá chuid) a bhfearfadh an gnóthas sin orthu a chur faoi phriacal maidir lena sábháilteacht nó lena sláinte. | |
[EN] | (3) I cibé cásanna a bheidh forordaithe, beidh sé de dhualgas ar gach fostóir agus ar gach duine féinfhostaithe, sna himthosca forordaithe, agus ar an modh forordaithe, an fhaisnéis fhorordaithe i dtaobh cibé gnéithe den tslí ina seolann sé a ghnóthas a d'fhéadfadh fearadh ar shábháilteacht nó ar shláinte daoine (nach fostaithe dá chuid) a bhféadfadh an tslí ina seolann sé a ghnóthas fearadh orthu, a thabhairt do na daoine sin. | |
[EN] |
Dualgais ghinearálta daoine dár cúram áiteanna oibre i leith daoine seachas a gcuid fostaithe. |
8. —(1) Beidh éifeacht leis an alt seo chun dualgais a fhorchur ar dhaoine i ndáil le daoine nach fostaithe dá gcuid ach ar fostaithe iad de chuid duine eile nó ar daoine iad atá féinfhostaithe agus, d'fhonn a gcuid oibre a dhéanamh, a bhaineann úsáid as áit oibre, ar leith óna láthair oibre baile, a chuirtear ar fáil dóibh nó ina bhféadfaidís, d'fhonn obair a dhéanamh, úsáid a bhaint as aon airteagal nó substaint a chuirtear ar fáil lena úsáid acu ansin, agus beidh feidhm aige maidir le háiteanna oibre a chuirtear ar fáil amhlaidh agus le háiteanna oibre eile, ar leith óna láthair oibre baile, a úsáidtear i ndáil leo. |
[EN] | (2) Gach duine a bhfuil aon áit oibre nó aon chuid d'aon áit oibre lena mbaineann an t-alt seo nó an bealach isteach ann nó amach as, nó aon airteagal nó substaint san áit oibre sin, faoina rialú go feadh méid ar bith, beidh sé de dhualgas air cibé bearta a dhéanamh is réasúnach do dhuine sa phost sin a dhéanamh lena chinntiú, a mhéid is féidir le réasún, maidir leis an áit oibre, agus le gach bealach isteach ann nó amach as atá ar fáil lena úsáid ag daoine a úsáideann an áit oibre, agus maidir le haon airteagal nó substaint san áit oibre, nó, de réir mar a bheidh, a chuirtear ar fáil le húsáid san áit oibre, go mbeidh siad sábháilte agus gan phriacal don tsláinte. | |
[EN] | (3) I gcás oibleagáid díobh seo a bheith ar dhuine go feadh méid ar bith, de bhua aon chonartha nó tionóntachta— | |
[EN] | (a) oibleagáid maidir le haon áit oibre lena mbaineann an t-alt seo, nó maidir le haon bhealach isteach ann nó amach as, a chothabháil nó a dheisiú; nó | |
[EN] | (b) oibleagáid go mbeidh aon airteagal nó substaint in aon áit oibre den sórt sin sábháilte agus nach mbeidh aon phriacal don tsláinte ann mar gheall orthu; | |
[EN] | déileálfar leis an duine sin, chun críocha fho-alt (2), mar dhuine a bhfuil rialú aige ar na nithe a sroicheann a oibleagáid chucu. | |
[EN] | (4) Aon tagairt san alt seo do dhuine a bhfuil aon áit oibre nó ní faoina rialú is tagairt í do dhuine a bhfuil an áit oibre nó an ní faoina rialú i dtaca le seoladh trádála, gnó, nó gnóthais eile aige (cibé acu le haghaidh brabúis nó eile). | |
[EN] |
Dualgais ghinearálta fostaithe. |
9. —(1) Beidh sé de dhualgas ar gach fostaí agus é ag an obair— |
[EN] | (a) cúram réasúnach a ghlacadh maidir lena shábháilteacht, lena shláinte agus lena leas féin, agus le sábháilteacht, sláinte agus leas aon duine eile ar a bhfearfadh gníomhartha nó neamhghníomhartha an fhostaí agus é ag an obair; | |
[EN] | (b) comhoibriú lena fhostóir agus le haon duine eile oiread is a chumasóidh dá fhostóir nó don duine eile déanamh de réir aon cheann de na forálacha reachtúla ábhartha; | |
[EN] | (c) aon fhearas, éadach cosantach, áis, trealamh nó deiseanna nó ní eile is oiriúnach a chuirtear ar fáil (cibé acu is chun a úsáide aige féin amháin nó chun a úsáide aige féin agus ag daoine eile i gcoitinne) chun a shábháilteacht, a shláinte nó a leas a áirithiú agus é ag an obair, a úsáid ar cibé modh a chuirfidh ar fáil an chosaint atá beartaithe; agus | |
[EN] | (d) tuairisc a thabhairt dá fhostóir nó dá neas-mhaoirseoir, gan mhoill mhíréasúnach, i dtaobh aon fhabhtanna ar ghléasra, trealamh, áit oibre nó córas oibre a thiocfaidh ar a iúl a d'fhéadfadh sábháilteacht, sláinte nó leas a chur i mbaol. | |
[EN] | (2) Ní dhéanfaidh aon duine go toiliúil ná go meargánta cur isteach ar, ná mí-úsáid a bhaint as, aon fhearas, éadach cosantach, áis, trealamh nó deis nó ní eile a chuirtear ar fáil de bhun aon cheann de na forálacha reachtúla ábhartha, nó ar shlí eile, chun sábháilteacht, sláinte agus leas daoine, a thig ó ghníomhaíochtaí oibre, a áirithiú. | |
[EN] |
Dualgais ghinearálta dearthóirí, monaróirí, etc. i leith airteagal agus substaintí atá le húsáid ag an obair. |
10. —(1) Beidh sé de dhualgas ar aon duine a dhearann, a mhonaraíonn, a allmhairíonn nó a sholáthraíonn aon airteagal atá le húsáid ag an obair— |
[EN] | (a) a chinntiú, a mhéid is féidir le réasún, go ndeartar, go ndéantar, go dtástáiltear agus go scrúdaítear an t-airteagal le go mbeidh sé sábháilte agus gan phriacal don tsláinte nuair a úsáideann duine é ag áit oibre; | |
[EN] | (b) cibé bearta a dhéanamh is gá lena áirithiú go ndéanfar, i gcás daoine dá soláthraíonn an duine sin an t-airteagal, faisnéis leordhóthanach a chur ar fáil dóibh faoin úsáid dár dearadh nó dár tástáladh an t-airteagal sin, agus faoi aon choinníollacha a bhaineann leis an airteagal chun a chinntiú go mbeidh sé, agus é á úsáid, i bhfoirm díchóimeáilte nó diúscartha, sábháilte agus gan phriacal don tsláinte; agus | |
[EN] | (c) cibé bearta a dhéanamh is gá lena áirithiú, a mhéid is féidir le réasún, go gcuirfear ar fáil do dhaoine dár soláthraíodh airteagal amhlaidh na hathbhreithnithe sin go léir ar an bhfaisnéis a tugadh dóibh de bhua mhír (b) agus atá riachtanach de bhíthin eolas a theacht chun cinn priacal tromaí don tsábháilteacht nó don tsláinte a bheith ann mar gheall ar ní ar bith a bhaineann leis an airteagal. | |
[EN] | (2) Aon duine a ghabhann de láimh dearadh nó monarú aon airteagail atá le húsáid ag an obair beidh sé de dhualgas air taighde riachtanach a dhéanamh nó a shocrú go ndéanfar an taighde sin d'fhonn aon phriacail don tsábháilteacht nó don tsláinte a aimsiú a d'fhéadfadh a bheith ann mar gheall ar an dearadh nó mar gheall ar an airteagal, agus, a mhéid is féidir le réasún, na priacail sin a dhíothú nó a íoslaghdú. | |
[EN] | (3) Aon duine a thógfaidh nó a shuiteálfaidh aon airteagal a bheidh le húsáid in áit oibre, beidh sé de dhualgas air, i gcás go mbeidh an t-airteagal le húsáid ag daoine ag an obair, a chinntiú, a mhéid is féidir le réasún, nach mbeidh an t-airteagal, nuair a bheidh sé á úsáid in áit oibre, contúirteach ná ina phriacal don tsláinte de dheasca aon ní a bhaineann leis an modh tógtha nó suiteála. | |
[EN] | (4) Beidh sé de dhualgas ar aon duine a mhonaraíonn, a allmhairíonn nó a sholáthraíonn aon substaint— | |
[EN] | (a) a chinntiú, a mhéid is féidir le réasún, go mbeidh an tsubstaint sábháilte agus gan phriacal don tsláinte nuair a bheidh sí á húsáid ag duine in áit oibre; | |
[EN] | (b) cibé tástáil agus scrúdú a dhéanamh, nó a shocrú iad a dhéanamh, is gá chun an dualgas a fhorchuirtear air le mír (a) a chomhlíonadh agus aon uair a iarrfaidh cigire air é, fianaise, lena n-áirítear fianaise dhoiciméadach, ar an tástáil nó ar an scrúdú sin a chur ar fáil, nó a chur faoi deara a chur ar fáil, don chigire; | |
[EN] | (c) cibé bearta a dhéanamh is gá lena chinntiú go gcuirfear ar fáil do dhaoine dá soláthraíonn an duine sin an tsubstaint faisnéis leordhóthanach ar aon phriacal do shábháilteacht nó do shláinte a d'fhéadfadh a bheith ann mar gheall ar airíonna nádúrtha na substainte, ar thorthaí aon tástálacha ábhartha a bheidh déanta ar an tsubstaint nó i dtaca léi agus ar aon choinníollacha is gá lena chinntiú go mbeidh an tsubstaint sábháilte agus gan phriacal don tsláinte nuair a bheidh sí á húsáid nó á diúscairt. | |
[EN] | (5) Beidh sé de dhualgas ar aon duine a ghabhann de láimh monarú aon substainte, nó, i gcás gur lasmuigh den Stát a gabhadh de láimh an monarú, beidh sé de dhualgas ar an allmhaireoir, aon taighde riachtanach a dhéanamh nó a shocrú í a dhéanamh, chun go n-aimseofar, agus a mhéid is féidir le réasún, go ndíothófar nó go n-íoslaghdófar, aon phriacail don tsábháilteacht nó don tsláinte a d'fhéadfadh a bheith ann de dhroim na substainte agus í á húsáid. | |
[EN] | (6) Ní fhorléireofar aon ní sna forálacha sin roimhe seo den alt seo mar ní a cheanglaíonn ar dhuine aon tástáil, scrúdú nó taighde nach mbeidh déanta aige féin, nó déanta faoina thionscnamh, a athdhéanamh a fhad a fhéadfaidh sé le réasún muinín a chur i dtorthaí na tástála, an scrúdaithe nó na taighde sin, chun críocha na bhforálacha sin. | |
[EN] | (7) Aon dualgas a fhorchuirtear ar dhuine le haon fhoráil de na forálacha roimhe seo den alt seo, ní shroichfidh sé ach amháin chuig nithe a dhéanfar i gcúrsa trádála, gnó nó gnóthais eile a sheolann sé (cibé acu le haghaidh brabúis nó nach ea) agus chuig nithe atá faoina rialú. | |
[EN] | (8) I gcás go ndearann, go monaraíonn, go n-allmhairíonn nó go soláthraíonn duine airteagal atá le húsáid ag an obair, le haghaidh duine eile nó do dhuine eile ar bhonn gealltanais i scríbhinn ón duine eile sin bearta sonraithe a dhéanamh is leordhóthanach lena chinntiú, a mhéid is féidir le réasún, go mbeidh an t-airteagal sábháilte agus gan phriacal don tsláinte nuair a bheidh sé á úsáid in áit oibre, beidh d'éifeacht leis an ngealltanas sin a dúradh go saorfar an duine céadluaite ón dualgas a fhorchuirtear air de bhua mhír (a) d'fho-alt (1) a mhéid a bheidh réasúnach ag féachaint do théarmaí an ghealltanais sin. | |
[EN] | (9) Ní dhéanfaidh aon ní i bhfo-ailt (7) nó (8) aon duine a allmhairíonn aon airteagal nó substaint a shaoradh ó aon dualgas maidir leo seo— | |
[EN] | (a) i gcás airteagail a dearadh lasmuigh den Stát, aon ní a rinne an duine a dhear an t-airteagal agus a rinneadh i gcúrsa aon trádála, gairme nó aon ghnóthais eile a sheolann an duine sin, nó aon ní a bhí faoina rialú; nó | |
[EN] | (b) i gcás airteagail nó substainte a monaraíodh lasmuigh den Stát, aon ní a rinne an duine a mhonaraigh an t-airteagal nó an tsubstaint agus a rinneadh i gcúrsa aon trádála, gairme, nó gnóthais eile a sheolann an duine sin, nó aon ní a bhí faoina rialú. | |
[EN] | (10) I gcás go ndéanann duine (dá ngairtear “an soláthróir” anseo ina dhiaidh seo san fho-alt seo) aon airteagal nó substaint atá le húsáid ag an obair, a sholáthar do dhuine eile (dá ngairtear “an custaiméir” anseo ina dhiaidh seo san fho-alt seo), lena n-áirítear fruiliú nó léasú an airteagail nó na substainte sin chuig an duine sin, agus sin faoi chomhaontú fruilcheannaigh, comhaontú léasaithe nó comhaontú díola creidmheasa, agus— | |
[EN] | (a) gur sheol an soláthróir gnó ag cur airgid ar fáil chun go bhféadfadh daoine eile earraí a fháil trí bhíthin na gcomhaontuithe sin, agus | |
[EN] | (b) go bhfuair an soláthróir i gcúrsa an ghnó sin a leas san airteagal nó sa tsubstaint a soláthraíodh don chustaiméir mar bhealach chun airgead a chur ar fáil chun go bhféadfadh an custaiméir an t-airteagal a fháil ó thríú páirtí (dá ngairtear “an déileálaí” san fho-alt seo), | |
[EN] | measfar, chun críocha an ailt seo, gurb é an déileálaí agus nach é an soláthróir a sholáthair an t-airteagal nó an tsubstaint don chustaiméir, agus aon dualgas a fhorchuirtear leis an alt seo ar sholáthróirí is ar an déileálaí dá réir sin agus ní ar an soláthróir a thitfidh sé. | |
[EN] | (11) Chun críocha an ailt seo, tabharfar neamhaird ar neamhshábháilteacht nó ar phriacal don tsláinte a mhéid a shuitear gur cás nárbh fhéidir le réasún a réamhthuaradh go dtarlódh sé an cás, nó an cás a n-eascródh an neamhshábháilteacht nó an priacal i ndáil leis; agus an tráth a bheidh cinneadh á dhéanamh cibé acu ar comhlíonadh aon dualgas a fhorchuirtear de bhua mhír (a) d'fho-ailt (1) nó (4) nó nár comhlíonadh, tabharfar aird ar aon fhaisnéis nó comhairle ábhartha a chuir an duine a dhear, a mhonaraigh, a d'allmhairigh nó a sholáthair an t-airteagal nó, de réir mar a bheidh, an duine a mhonaraigh, a d'allmhairigh nó a sholáthair an tsubstaint, ar fáil do dhuine ar bith. | |
[EN] | (12) Gan dochar do ghinearáltacht an ailt seo, féadfaidh an tAire sonraíochtaí nó ceanglais eile a fhorordú nach foláir a chomhlíonadh i gcás dearadh, monarú agus déanamh an airteagail, ar d'aicme nó de thuairisc forordaithe é. | |
[EN] | (13) I gcás go n-úsáidtear airteagal nó substaint ag an obair, agus go ndéanann cigire iarraidh chuige sin, tabharfaidh an fostóir don chigire ainm agus seoladh an duine ónar ceannaíodh an t-airteagal nó an tsubstaint nó óna bhfuarthas iad i slí eile. | |
[EN] |
Dualgais ghinearálta daoine a dhearann nó a fhoirgníonn áiteanna oibre. |
11. —(1) Beidh sé de dhualgas ar aon duine a dhearann áiteanna oibre iad a dhearadh sa chaoi go mbeidh siad, a mhéid is féidir le réasún, sábháilte agus gan phriacal don tsláinte. |
[EN] | (2) Beidh sé de dhualgas ar aon duine a fhoirgníonn áiteanna oibre iad a fhoirgniú sa chaoi go mbeidh siad, a mhéid is féidir le réasún, sábháilte agus gan phriacal don tsláinte. | |
[EN] |
Ráiteas sábháilteachta. |
12. —(1) Déanfaidh gach fostóir, a luaithe is féidir, tar éis teacht i ngníomh don alt seo, ráiteas i scríbhinn ar a dtabharfar agus dá ngairfear anseo ina dhiaidh seo “ráiteas sábháilteachta” a ullmhú, nó a chur faoi deara é a ullmhú. |
[EN] | (2) Sonrófar sa ráiteas sábháilteachta an modh a ndéanfar sábháilteacht, sláinte agus leas daoine a bheidh ar fostú ag an bhfostóir a áirithiú ag an obair. | |
[EN] | (3) Beidh an ráiteas sábháilteachta bunaithe ar aithint na nguaiseanna agus ar mheasúnacht na bpriacal don tsábháilteacht agus don tsláinte ag an áit oibre lena mbaineann an ráiteas sábháilteachta. | |
[EN] | (4) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (2), sonrófar sa ráiteas sábháilteachta— | |
[EN] | (a) na comhshocraíochtaí a bheidh déanta agus na hacmhainní a bheidh curtha ar fáil faoi chomhair shlánchoimeád a dhéanamh ar shábháilteacht, ar shláinte agus ar leas daoine a fhostaítear in áit oibre lena mbaineann an ráiteas sábháilteachta; | |
[EN] | (b) an comhoibriú is gá ó fhostaithe maidir le sábháilteacht, sláinte agus leas; agus | |
[EN] | (c) ainmneacha, lena n-áirítear ainmneacha toscairí údaraithe agus post-teidil más infheidhme, na ndaoine a bheidh freagrach as comhlíonadh tascanna a bheidh sannta dóibh leis an ráiteas sin. | |
[EN] | (5) I gcás go n-ullmhaítear nó go n-athmheastar ráiteas sábháilteachta de bhun an ailt seo agus gur deimhin le cigire nach bhfuil an ráiteas leordhóthanach i bponc ábhartha, féadfaidh sé ordú a thabhairt athmheas a dhéanamh ar an ráiteas agus déanfaidh an fostóir de réir an ordaithe laistigh de thríocha lá ón lá a thugann an cigire an t-ordú. | |
[EN] | (6) Beidh i dtuarascáil stiúrthóirí cuideachta faoi alt 158 d'Acht na gCuideachtaí, 1963 , i dteannta na faisnéise a shonraítear san alt sin, meastóireacht ar a mhéid a rinneadh an beartas a bhí leagtha amach i ráiteas sábháilteachta, a chomhlíonadh le linn na tréimhse ama lena mbaineann an tuarascáil sin. | |
[EN] | (7) Beidh sé de dhualgas ar dhuine féinfhostaithe ráiteas sábháilteachta a ullmhú, a mhéid is féidir é de réir an ailt seo, lena shábháilteacht, a shláinte agus a leas féin ag an obair, agus sábháilteacht, sláinte agus leas daoine eile san áit oibre, a chinntiú. | |
[EN] | (8) Beidh sé de dhualgas ar fhostóir nó ar dhuine féinfhostaithe téarmaí ráitis sábháilteachta a thabhairt ar aire do dhaoine a bheidh fostaithe aige agus do dhaoine eile ag an áit oibre a bhfearfadh an ráiteas sábháilteachta orthu. | |
[EN] |
Comhchomhairliúchán in áit oibre agus ionadaithe sábháilteachta. |
13. —(1) Beidh sé de dhualgas ar gach fostóir— |
[EN] | (a) dul i gcomhairle lena chuid fostaithe d'fhonn comhshocraíochtaí a dhéanamh agus a choimeád i bhfeidhm a chuirfidh ar a chumas agus ar chumas a chuid fostaithe, comhoibriú go héifeachtúil chun bearta a chur chun cinn agus a fhorbairt lena sábháilteacht, lena sláinte agus lena leas ag an obair a chinntiú agus chun éifeachtúlacht na mbeart sin a fhionnadh; | |
[EN] | (b) a mhéid is féidir le réasún, aird a thabhairt ar aon uiríll a dhéanfaidh a chuid fostaithe. | |
[EN] | (2) Beidh sé de cheart ag fostaithe uiríll a dhéanamh chun a bhfostóra agus dul i gcomhairle leis faoi nithe a bhaineann le sábháilteacht, sláinte agus leas ag a n-áit oibre. | |
[EN] | (3) Gan dochar do ghinearáltacht fho-ailt (1) agus (2), féadfaidh fostaithe, ó am go ham, ionadaí (dá ngairtear “an t-ionadaí sábháilteachta” san Acht seo) a roghnú agus a cheapadh as measc a lín ina n-áit oibre chun ionadaíocht a dhéanamh dóibh i gcomhchomhairliúcháin de bhun an ailt seo lena bhfostóir. | |
[EN] | (4) Beidh ceart ag ionadaí sábháilteachta cibé faisnéis a fháil óna fhostóir is gá le sábháilteacht agus sláinte fostaithe san áit oibre a chinntiú, a mhéid is féidir le réasún. | |
[EN] | (5) Beidh sé de dhualgas ar gach fostóir cibé bearta a dhéanamh is féidir lena chur in iúl d'ionadaí sábháilteachta go bhfuil cigire ag teacht isteach in áit oibre d'fhonn turas iniúchta a dhéanamh. | |
[EN] | (6) Féadfaidh ionadaí sábháilteachta— | |
[EN] | (a) uiríll a dhéanamh chuig fostóir i dtaobh aon ghnéithe de shábháilteacht, de shláinte agus de leas ag an áit oibre; | |
[EN] | (b) tionóiscí agus teagmhaisí contúirteacha a imscrúdú ar choinníoll nach gcuirfidh sé isteach, nó nach gcuirfidh sé bac, ar chomhlíonadh aon oibleagáide reachtúla a cheanglaítear ar aon duine a chomhlíonadh faoi aon fhoráil de na forálacha reachtúla ábhartha; | |
[EN] | (c) uiríll a dhéanamh ó bhéal nó i scríbhinn chun cigirí i leith nithe a bhaineann le sábháilteacht, sláinte agus leas ag an obair; | |
[EN] | (d) comhairle agus faisnéis a fháil ó chigirí ar nithe a bhaineann le sábháilteacht, sláinte agus leas ag an obair; | |
[EN] | (e) faoi réir fógra a thabhairt roimh ré don fhostóir agus faoi réir comhaontú idir an t-ionadaí sábháilteachta agus an fostóir i dtaobh minicíochta, cigireacht a dhéanamh agus le linn dóibh an comhaontú sin a bhaint amach, nach comhaontú a choimeádfaidh an fostóir siar go míréasúnach, breithneoidh na páirtithe cineál agus méid na nguaiseanna san áit oibre agus iad á chinneadh cé chomh minic a dhéanfaidh an t-ionadaí sábháilteachta cigireacht san áit oibre lena mbaineann; | |
[EN] | (f) faoi réir fógra roimh ré a thabhairt don fhostóir in imthosca ina bhfuil sé réasúnach a thoimhdiú go bhfuil priacal díobhála pearsanta ann, imscrúdú a dhéanamh ar ghuaiseanna ionchasacha agus ar ghearáin a dhéanfaidh aon fhostaí dá bhfuil sé ionadach i ndáil le sábháilteacht, sláinte agus leas an fhostaí sin san áit oibre; agus | |
[EN] | (g) ar é do dhéanamh iarrata chuige sin, cigire a thionlacan ar aon turas iniúchta seachas turas iniúchta a dhéanann an cigire chun tionóisc a imscrúdú. | |
[EN] | (7) Aon uiríll a dhéanfaidh ionadaí sábháilteachta chuig fostóir i dtaobh aon ní a fhearann ar shábháilteacht, sláinte agus leas aon fhostaí ag an obair, is fostaí dá bhfuil an t-ionadaí ionadach, breithneoidh an fostóir iad agus gníomhóidh sé orthu, más gá é. | |
[EN] | (8) (a) D'fhonn an t-eolas a fháil is gá chun a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh faoi fho-alt (1) (a) den alt seo agus chun a chumasú dóibh na feidhmeanna sin a chomhlíonadh, tabharfaidh fostóir d'fhostaithe a bheidh páirteach i gcomhshocraíochtaí faoi fho-alt (1) (a) nó fo-alt (2) cibé am saor óna ndualgais a bheidh réasúnta ag féachaint do na himthosca uile, gan luach saothair a chailleadh; | |
[EN] | (b) tabharfaidh fostóir d'ionadaí sábháilteachta cibé am saor óna dhualgais a bheidh réasúnta ag féachaint do na himthosca uile, gan luach saothair a chailleadh, chun a chumasú dó— | |
[EN] | (i) an t-eolas a fháil is gá chun a fheidhmeanna a urscaoileadh mar ionadaí sábháilteachta, agus | |
[EN] | (ii) a fheidhmeanna a urscaoileadh mar ionadaí sábháilteachta. | |
[EN] | (9) De chionn é d'urscaoileadh a fheidhmeanna faoin alt seo ní chuirfear ionadaí sábháilteachta faoi aon mhíbhuntáiste i ndáil lena chuid fostaíochta. | |
[EN] | (10) D'ainneoin ghinearáltacht fho-ailt (1) go (9), féadfaidh an tAire cibé ceanglais, comhshocraíochtaí, modhnuithe nó diolúintí breise a cheapann sé is gá, a fhorordú ó am go ham, i ndáil le hoibriú an ailt seo. |