An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III An tÚdarás Náisiúnta um Shábháilteacht agus Sláinte Ceirde) Ar Aghaidh (CUID V Forfheidhmiú)

7 1989

AN tACHT UM SHÁBHÁILTEACHT, SLÁINTE AGUS LEAS AG AN OBAIR, 1989

CUID IV

Rialacháin agus Cóid Chleachtais

Reachtaíocht a athmheas.

27. —(1) Beidh sé de dhualgas ar an Údarás—

(a) na forálacha reachtúla ábhartha a choinneáil faoi athmheas;

(b) na forálacha reachtúla comhbhainteacha a choinneáil faoi athmheas;

(c) cibé tograí a mheasann an tÚdarás is iomchuí i ndáil leis na forálacha reachtúla ábhartha nó cibé tograí chun aon ionstraimí faoi na forálacha sin a dhéanamh nó a chúlghairm, a chur faoi bhráid an Aire ó am go ham; agus

(d) cibé tograí a chur, ó am go ham, faoi bhráid an Aire ar a bhfuil an fhreagracht maidir le haon fhoráil de na forálacha reachtúla comhbhainteacha ar tograí iad a mheasann an tÚdarás a bheith iomchuí i ndáil leis na forálacha sin nó chun aon ionstraimí faoi na forálacha sin a dhéanamh nó a chúlghairm.

(2) Sula gcuirfidh siad tograí faoi bhráid an Aire de réir fho-alt (1) (c), rachaidh an tÚdarás i gcomhairle le haon Aire den Rialtas nó le haon duine nó comhlacht eile is dóigh leis an Údarás is iomchuí sna himthosca, nó, i gcás go n-ordaíonn an tAire amhlaidh, agus, go sonrach, gan dochar do ghinearáltacht an méid sin roimhe seo, rachaidh an tÚdarás i gcomhairle leis an Aire Comhshaoil i gcás aon tograí i ndáil le rialuithe ar dhearadh nó ar fhoirgníocht foirgneamh.

(3) Breithneoidh an tÚdarás aon tograí chun athrú reachtaíochta a dhéanamh a bhaineann le sábháilteacht nó sláinte ceirde agus le nithe gaolmhara a tharchuirfear chuige ag an Aire nó ag aon Aire eile den Rialtas atá freagrach as aon fhoráil de na forálacha reachtúla ábhartha nó de na forálacha reachtúla comhbhainteacha, de réir mar a bheidh.

Rialacháin.

28. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh le haghaidh aon ní, nó i ndáil le haon ní, de na nithe atá leagtha amach sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo agus le haghaidh aon ní eile nó i ndáil le haon ní eile is gá chun éifeacht a thabhairt don Acht seo.

(2) Féadfaidh rialacháin a dhéanfar faoin Acht seo feidhm a bheith acu maidir le gach gníomhaíocht oibre nó maidir le gníomhaíochtaí oibre sonracha agus féadfaidh siad baint a bheith acu le hoibreán nó le hoibreáin de chineál ceimiceach, fisiceach nó bitheolaíoch.

(3) Rachaidh an tAire i gcomhairle leis an Údarás sula ndéanfaidh sé aon rialacháin i bhfeidhmiú aon chumhachta a thugtar dó leis an Acht seo (seachas de thoradh togra ón Údarás faoi alt 27).

(4) I gcás go mbeartaíonn an tAire rialacháin a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt, fara modhnuithe, d'aon togra a dhéanann an tÚdarás faoi alt 27, rachaidh sé i gcomhairle leis an Údarás sula ndéanfaidh sé na rialacháin.

(5) Gach rialachán a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis é a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

(6) Féadfaidh an tAire, le rialacháin arna ndéanamh faoin alt seo, aon aicme shonraithe gníomhaíochta nó aon aicme shonraithe duine nó áit oibre, a dhíolmhú ó gach foráil nó ó aon fhoráil de na forálacha reachtúla ábhartha ar cibé coinníollacha a bheidh forordaithe, i gcás gur deimhin leis go bhfuil feidhmiú na bhforálacha sin neamhriachtanach nó neamhphraiticiúil.

Oiriúnuithe ilghnéitheacha.

29. —(1) Aon tagairtí don Aire (seachas tagairtí maidir le rialacha, rialacháin, fodhlíthe, orduithe, díolmhuithe nó eisceachtaí a dhéanamh) a bhí in aon achtachán láithreach díreach roimh an lá bunaithe, forléireofar iad, a mhéid a bhaineann siad le feidhmeanna is infheidhmithe ag an Údarás faoin Acht seo, mar thagairtí don Údarás.

(2) I gcás go mbeidh, díreach roimh an lá bunaithe, aon imeachtaí dlí ar feitheamh ar páirtí iontu an tAire agus go dtagraíonn na himeachtaí d'fheidhm is infheidhmithe ag an Údarás, cuirfear ainm an Údaráis in ionad ainm an Aire sna himeachtaí agus ní thitfidh na himeachtaí ar lár mar gheall ar an ionadú sin.

(3) Aon ní a bheidh tosaithe roimh an lá bunaithe ag an Aire, nó faoi údarás an Aire, féadfaidh an tÚdarás, a mhéid a bhaineann sé le feidhmeanna is infheidhmithe ag an Údarás, é a sheoladh agus a chríochnú ar an lá bunaithe sin nó dá éis.

(4) Gach ionstraim a rinneadh nó a eisíodh faoi achtachán láithreach a bhí i bhfeidhm díreach roimh aisghairm an achtacháin sin le halt 4, leanfaidh sí i bhfeidhm amhail is dá mba faoin Acht seo a dhéanfaí nó a eiseofaí í.

Cóid chleachtais.

30. —(1) Féadfaidh an tÚdarás cóid chleachtais a dhréachtú agus a eisiúint.

(2) Féadfaidh an tÚdarás, de réir mar is cuí leo, aon chód cleachtais nó aon chuid d'aon chód cleachtais a dhréachtaigh aon chomhlacht eile a cheadú.

(3) Na cóid chleachtais a eiseofar nó a cheadófar faoin alt seo is le haghaidh treoir phraiticiúil a chur ar fáil iad maidir leis na ceanglais nó leis na toirmisc atá in aon fhoráil de na forálacha reachtúla ábhartha.

(4) Gheobhaidh an tÚdarás toiliú an Aire sula n-eiseoidh nó sula gceadóidh siad cód cleachtais.

(5) Sula lorgóidh an tÚdarás toiliú an Aire chun cód cleachtais a eisiúint nó a cheadú, rachaidh siad i gcomhairle le haon Aire den Rialtas nó le haon duine nó comhlacht eile a dhealraíonn don Údarás a bheith iomchuí nó má ordaíonn an tAire amhlaidh.

(6) I gcás go n-eisíonn nó go gceadaíonn an tÚdarás cód cleachtais foilseoidh siad ráiteas san Iris Oifigiúil á rá gur eisigh nó gur cheadaigh siad an cód sin, agus aithneofar ann an cód atá i gceist, agus sonrófar ann cé na forálacha de na forálacha reachtúla ábhartha a n-eisítear nó a gceadaítear an cód dóibh agus an dáta óna mbeidh éifeacht leis an gcód sin.

(7) Féadfaidh an tÚdarás le toiliú an Aire agus tar éis dóibh dul i gcomhairle le haon Aire eile den Rialtas nó le haon duine nó le haon chomhlacht eile a dhealraíonn don Údarás a bheith iomchuí—

(a) athbhreithniú a dhéanamh ar iomlán aon chóid chleachtais a d'ullmhaigh siad, nó ar chuid den chód sin,

(b) a gceadú a tharraingt siar d'aon chód cleachtais nó d'aon chuid de chód cleachtais.

(8) I gcás go n-athbhreithníonn an tÚdarás cód cleachtais nó go dtarraingíonn siad siar é nó go scoireann siad dá cheadú, foilseoidh siad fógra á rá sin san Iris Oifigiúil.

Cóid chleachtais a úsáid in imeachtaí coiriúla.

31. —(1) I gcás go mainníonn duine ar bith aon fhoráil de chód cleachtais a urramú ní dhlífear, mar gheall air sin amháin, aon imeachtaí sibhialta nó coiriúla a thionscnamh ina aghaidh; ach i gcás go líomhnaítear in aon imeachtaí coiriúla go ndearna páirtí cion de bhíthin aon cheanglas nó toirmeasc a shárú a fhorchuirtear le haon fhoráil nó faoi aon fhoráil de na forálacha reachtúla ábhartha is foráil a raibh cód cleachtais ann ina leith tráth an tsáraithe líomhnaithe, beidh éifeacht le fo-alt (2) maidir leis an gcód sin i ndáil leis na himeachtaí sin.

(2) Aon fhoráil den chód cleachtais a ndealraíonn sé don Chúirt go dtugann sí treoir phraiticiúil i dtaobh urramú an cheanglais nó an toirmisc a líomhnaítear a bheith sáraithe, beidh sí inghlactha mar fhianaise; agus má chruthaítear gur mainneachtain an fhoráil sin den chód a urramú aon ghníomh nó neamhghníomh de chuid an chosantóra a líomhnaítear gurb é an sárú é, nó má chruthaítear gur comhlíonadh forála den sórt sin den chód aon ghníomh nó neamhghníomh de chuid an chosantóra, ansin beidh an mhainneachtain nó an comhlíonadh sin inghlactha mar fhianaise.