Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL Talamh a Fháil go hÉigeantach)

11 1989

/images/harp.jpg


Uimhir 11 de 1989


AN tACHT UM PÁIRC NÁISIÚNTA STAIRIÚIL AN BHLASCAOID MHÓIR, 1989


RIAR NA nALT

Alt

1.

Léiriú.

2.

Páirc Náisiúnta Stairiúil an Bhlascaoid Mhóir.

3.

Fodhlíthe.

4.

Na Coimisinéirí d'fháil talún ar an Oileán.

5.

Feidhmeanna na gCoimisinéirí a fheidhmiú agus a tharmligean.

6.

Feidhm an Achta Maoine Stáit, 1954.

7.

Cumhacht bronntanais a ghlacadh.

8.

Cumhachtaí an Gharda Síochána agus daoine údaraithe.

9.

Caiteachais an Aire agus na gCoimisinéirí.

10.

Gearrtheideal.

AN SCEIDEAL

Talamh a Fháil go hÉigeantach


Na hAchtanna dá dTagraítear

Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919

1919, c. 57

Lands Clauses Consolidation Act, 1845

1845, c. 18

An tAcht um Chlárú Teidil, 1964

1964, Uimh. 16

An tAcht Maoine Stáit, 1954

1954, Uimh. 25

/images/harp.jpg


Uimhir 11 de 1989


AN tACHT UM PÁIRC NÁISIÚNTA STAIRIÚIL AN BHLASCAOID MHÓIR, 1989

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ, AR MHAITHE LE LEAS AN PHOBAIL, CHUN PÁIRC AR A dTABHARFAR PÁIRC NÁISIÚNTA STAIRIÚIL AN BHLASCAOID MHÓIR A BHUNÚ AGUS A CHOTHABHÁIL AR AN mBLASCAOD MÓR AGUS CHUN NA gCRÍOCH SIN DO THABHAIRT CUMHACHTAÍ (LENA nÁIRÍTEAR AN CHUMHACHT TALAMH A FHÁIL), FEIDHMEANNA AGUS DUALGAIS IOMCHUÍ DO CHOIMISINÉIRÍ NA nOIBREACHA POIBLÍ IN ÉIRINN AGUS DÁ ÚDARÚ CUMHACHTAÍ, FEIDHMEANNA AGUS DUALGAIS ÁIRITHE DÍOBH SIN A THARMLIGEAN CHUIG FONDÚIREACHT AN BHL-ASCAOID TEORANTA AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE SIN. [7 Meitheamh, 1989]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “na Coimisinéirí” Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn;

ciallaíonn “an Fhondúireacht” Fondúireacht an Bhlascaoid Teoranta, arb é an comhlacht é atá corpraithe chun críche, inter alia, oidhreacht stairiúil, cultúr, traidisiúin agus luachanna an Bhlascaoid Mhóir agus Chorca Dhuibhne i gcoitinne a chaomhnú agus eolas orthu a chur chun cinn;

folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais, agus aon tagairtí do chomhlíonadh feidhme, folaíonn siad, i ndáil le cumhacht nó dualgas, tagairtí d'fheidhmiú na cumhachta nó do chomhall an dualgais;

ciallaíonn “an tOileán” An Blascaod Mór;

ciallaíonn “an tAire” Aire na Gaeltachta;

ciallaíonn “an Pháirc” Páirc Náisiúnta Stairiúil an Bhlascaoid Mhóir a bhunaítear le halt 2.

(2) San Acht seo—

(a) déanfar tagairt d'aon achtachán a fhorléiriú, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, mar thagairt don achtachán sin arna leasú, arna oiriúnú nó arna leathnú le haon achtachán ina dhiaidh sin nó faoi,

(b) aon tagairt d'alt is tagairt í d'alt den Acht seo, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eíle atá beartaithe,

(c) aon tagairt d'fho-alt, do mhír nó d'fhomhír is tagairt í don fho-alt, don mhír nó don fhomhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.

Páirc Náisiúnta Stairiúil an Bhlascaoid Mhóir.

2. —(1) Déanfar Páirc Náisiúnta Stairiúil an Bhlascaoid Mhóir a thabhairt ar an talamh ar an Oileán a dhílseofar do na Coimisinéirí ar an Acht seo a rith maille leis an talamh a gheobhaidh na Coimisinéirí faoin Acht seo (agus gairtear “an Pháirc” di san Acht seo).

(2) Déanfaidh na Coimisinéirí an Pháirc a chothabháil, a bhainistí, a rialú, a chaomhnú, a chosaint agus a fhorbairt mar pháirc a mbainfidh an pobal úsáid agus tairbhe aisti agus ina gcaomhnófar agus ina léireofar oidhreacht stairiúil, cultúr, traidisiúin agus luachanna an Oileáin agus a áitritheoirí agus ina ndéanfar flora, fauna agus tírdhreach an Oileáin a chosaint.

(3) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (2), déanfaidh na Coimisinéirí na nithe seo a leanas, le linn dóibh a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh faoin bhfo-alt sin—

(a) cothóidh siad agus cuirfidh siad chun cinn úsáid na Páirce ag an bpobal mar ionad cultúir, oideachais, fóillíochta agus caitheamh aimsire,

(b) cothóidh siad agus cuirfidh siad chun cinn úsáid na Gaeilge, tuiscint don oidhreacht náisiúnta agus mórtas aisti agus staidéar ar an oidhreacht sin agus ar stair, oidhreacht, cultúr, béaloideas agus luachanna an Oileáin agus a áitritheoirí,

(c) féachfaidh siad le sainghné thraidisiúnta an Oileáin a chaomhnú,

(d) caomhnóidh siad cibé flora agus fauna de chuid an Oileáin agus sna farraigí mórthimpeall a mheasfaidh siad is iomchuí,

(e) tabharfaidh siad isteach sa Pháirc cibé flora agus fauna a mheasfaidh siad is iomchuí a thabhairt isteach agus cosnóidh agus spreagfaidh siad saothrú agus pórú an flora agus an fauna sin,

(f) caomhnóidh siad, nó athchóireoidh siad agus cothabhálfaidh siad, cibé tithe cónaí traidisiúnta agus cibé foirgnimh eile ar an Oileán a mheasfaidh siad is iomchuí, agus

(g) soláthróidh siad agus cothabhálfaidh siad, nó socróidh siad go soláthrófar agus go gcothabhálfar (ar théarmaí agus coinníollacha faoinar féidir, má mheasann na Coimisinéirí gurb iomchuí é, foráil a dhéanamh go n-íocfaidh siad fóirdheontas maidir leis an tseirbhís) cibé seirbhís iompair (lena n-áirítear piaraí, lamairní agus saoráidí eile) idir an tOileán agus an mhórthír a mheasfaidh na Coimisinéirí is iomchuí chun críocha na Páirce agus chun a áirithiú go mbeidh rochtain réasúnach ag an bpobal uirthi, ag féachaint do na himthosca go léir.

(4) Beidh na cumhachtaí sin go léir ag na Coimisinéirí a mheasfaidh siad is gá nó is fóirsteanach chun a bhfeidhmeanna faoin Acht seo a chomhlíonadh, lena n-áirítear, ach sin gan dochar do ghinearáltacht an méid sin roimhe seo, cumhacht chun aon chuid den Pháirc a shainchoinneáil chun aon chríche ar leith, chun foirgnimh agus saoráidí eile a thógáil agus a sholáthar sa Pháirc agus chun aon chuid den Pháirc nó aon fhoirgnimh nó saoráidí den sórt sin a léasú, nó a ligean, le haon duine, nó a n-úsáid a cheadúnú d'aon duine, chun go soláthróidh an duine sin seirbhísí nó saoráidí don phobal, agus i ndáil le haon léas, ligean nó ceadúnas den sórt sin, chun na cumhachtaí a fheidhmiú a thugtar le míreanna (f) go (h) d'alt 11 (2) den Acht Maoine Stáit, 1954 , agus chun féarach ar bith sa Pháirc a ligean.

Fodhlíthe.

3. —(1) Féadfaidh ná Coimisinéirí, le toiliú an Aire agus tar éis dóibh dul i gcomhairle leis an bhFondúireacht, in aon chás ina measfaidh na Coimisinéirí gurb iomchuí dul i gcomhairle amhlaidh, fodhlíthe a dhéanamh maidir leis an bPáirc a chothabháil, a bhainistí, a rialú, a chaomhnú, a chosaint agus a fhorbairt agus le haire a thabhairt di agus maidir le húsáid na Páirce a rialáil agus maidir le dea-ord a choimeád inti.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfar le fodhlíthe faoin alt seo foráil a dhéanamh i ndáil le ní amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas:

(a) rochtain ar an bPáirc a rialáil agus rochtain uirthi a thoirmeasc in áiteanna sonraithe agus ag tráthanna sonraithe,

(b) toirmeasc a chur ar theacht i dtír ón bhfarraige nó ar thuirlingt ón aer in áiteanna sonraithe nó i limistéir shonraithe sa Pháirc,

(c) áiteanna sa Pháirc a úsáid chun teacht i dtír ón bhfarraige nó chun tuirlingt ón aer,

(d) flora, fauna agus maoin sa Pháirc a chosaint agus cosc a chur le damáiste nó díobháil a dhéanamh dóibh,

(e) toirmeasc a chur ar rochtain ar áiteanna sonraithe nó ar limistéir shonraithe sa Pháirc,

(f) ionladh ó áiteanna sonraithe sa Pháirc nó iascaireacht in áiteanna sonraithe inti a rialáil nó a thoirmeasc,

(g) úsáid feithiclí nó úsáid feithiclí sonraithe sa Pháirc a rialáil nó a thoirmeasc,

(h) táillí agus muirir a shocrú maidir le dul isteach sa Pháirc nó in aon chuid di nó in aon fhoirgneamh nó saoráid inti agus maidir le húsáid na saoráidí inti (lena n-áirítear áiteanna inti chun teacht i dtír ón bhfarraige nó chun tuirlingt ón aer) agus maidir le húsáid seirbhísí iompair a sholáthrófar de bhun alt 2 (3) (g), agus

(i) na fodhlíthe a fhorfheidhmiú.

(3) Féadfaidh na forálacha teagmhasacha, foghabhálacha agus coimhdeacha sin go léir a mheasfaidh na Coimisinéirí is gá nó is fóirsteanach chun críocha an ailt seo a bheith i bhfodhlíthe faoin alt seo.

(4) Aon duine a sháróidh fodhlí faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 3 mhí nó, iad araon, a chur air.

(5) Déanfaidh na Coimisinéirí nó an Fhondúireacht, de réir mar a bheidh, táillí nó muirir a gheobhaidh na Coimisinéirí nó an Fhondúireacht de bhun fodhlíthe faoin alt seo agus aon ioncam eile a gheobhaidh na Coimisinéirí nó an Fhondúireacht i gcomhlíonadh feidhmeanna faoin Acht seo, a dhiúscairt, chun críocha na bhfeidhmeanna sin, ar cibé modh a ordóidh an tAire.

(6) I gcás go ndéanfaidh comhlacht corpraithe cion faoin alt seo agus go gcruthófar go ndearnadh é le toiliú nó le cúlcheadú, nó go bhfuil sé inchurtha i leith aon fhaillí ar thaobh, aon duine is stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí nó oifigeach eile ar an gcomhlacht corpraithe, nó duine a d'airbheartaigh a bheith ag gníomhú in aon cháil den chineál sin, beidh an duine sin, chomh maith leis an gcomhlacht corpraithe, ciontach i gcion agus dlífear imeachtaí a thionscnamh ina choinne agus é a phionósú ionann is dá mbeadh sé ciontach sa chion céadluaite.

(7) Féadfaidh na Coimisinéirí imeachtaí i leith ciona faoin alt seo a thionscnamh agus a ionchúiseamh.

(8) A luaithe is féidir tar éis fodhlí a dhéanamh faoin alt seo, cuirfear cóipeanna de ar taispeáint sa Pháirc chun go mbeidh siad le feiceáil agus inléite ag na daoine a bheidh ag úsáid na Páirce.

(9) Leagfar fodhlí faoin alt seo faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta.

Na Coimisinéirí d'fháil talún ar an Oileán.

4. —(1) Faoi réir fho-alt (2), féadfaidh na Coimisinéirí, chun críocha an Achta seo, aon talamh atá suite ar an Oileán a fháil, trí chomhaontú nó go héigeantach.

(2) (a) An chumhacht a thugtar do na Coimisinéirí le fo-alt (1) talamh a fháil go héigeantach ní bhaineann sí—

(i) le talamh atá ar úinéireacht nó ar áitiú ag duine agus atá ar úinéireacht nó ar áitiú aige ón 17ú lá de Shamhain, 1953, agus ar duine é a raibh gnáthchónaí air ar an Oileán roimh an dáta sin, nó

(ii) le talamh atá ar úinéireacht nó ar áitiú ag gaol de chuid duine, ar dhuine é sin a raibh an talamh ar úinéireacht nó ar áitiú aige agus a raibh gnáthchónaí air ar an Oileán roimh an dáta sin.

(b) I bhfomhíreanna (i) agus (ii) de mhír (a) ní fholaíonn “talamh”—

(i) an limistéar talún arb é atá ann 1,060 acra nó mar sin agus a mbeidh, ar an Acht seo a rith, na Coimisinéirí cláraithe faoin Acht um Chlárú Teidil, 1964 , mar lánúinéir ar aon fhiche cúigiú cuid neamhroinnte de, nó

(ii) talamh atá faoi réir ceart féaraigh nó móincheart, i gcoiteannas, nó

(iii) talamh nach féidir leis na Coimisinéirí a úinéir nó a áititheoir a fhionnadh le fiosrúcháin réasúnacha, nó

(iv) talamh a bheidh ag teastáil chun aon phiaraí, lamairní nó saoráidí eile de chuid seirbhíse iompair, a sholáthrófar faoi alt 2, a thógáil, a chothabháil, a iniúchadh, a dheisiú, a leathnú nó a fheabhsú, nó chun rochtain a fháil ar an gcéanna.

(3) Beidh éifeacht le forálacha an Sceidil a ghabhann leis an Acht seo i ndáil le talamh a fháil go héigeantach faoin alt seo.

(4) San alt seo, ciallaíonn “gaol”, i ndáil le haon duine, tuismitheoir, dírshinsear, céile, baintreach, baintreach fir, leanbh, dírshliochtach, uncail, aintín, deartháir, deirfiúr, nia nó neacht.

Feidhmeanna na gCoimisinéirí a fheidhmiú agus a tharmligean.

5. —(1) Déanfaidh na Coimisinéirí a bhfeidhmeanna faoin Acht seo a chomhlíonadh faoi réir mhaoirseacht ghinearálta agus rialú ginearálta an Aire.

(2) Féadfaidh an tAire feidhmeanna na gCoimisinéirí nó feidhmeanna sonraithe dá gcuid faoin Acht seo (seachas ailt 3 agus 4 agus an Sceideal a ghabhann leis an Acht seo) nó faoi fhodhlíthe faoi alt 3, a tharmligean le hordú chuig an bhFondúireacht.

(3) Beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas i ndáil le feidhm a tharmligean faoi fho-alt (2):

(a) déanfaidh an Fhondúireacht an fheidhm a chomhlíonadh ina hainm féin ach sin faoi réir mhaoirseoireacht ghinearálta agus rialú ginearálta na gCoimisinéirí;

(b) féadfaidh an tAire ordú a dhéanfar faoin alt seo a leasú nó a chúlghairm;

(c) oibreoidh an tarmligean, fad a bheidh sé i bhfeidhm, chun an fheidhm a thabhairt don Fhondúireacht agus a dhílsiú di;

(d) d'ainneoin an tarmligin, leanfaidh an fheidhm de bheith dílsithe do na Coimisinéirí ach beidh sí dílsithe amhlaidh i gcomhthráth don Fhondúireacht agus sin sa chaoi go bhféadfaidh na Coimisinéirí nó an Fhondúireacht í a chomhlíonadh;

(e) ní bhainfidh an tarmligean den Aire, ná ní mhaolóidh sé, an fhreagracht atá ar an Aire do Dháil Éireann nó mar chomhalta den Rialtas, as na Coimisinéirí do chomhlíonadh na feidhme.

(4) Féadfaidh cibé forálacha coimhdeacha nó foghabhálacha a mheasfaidh an tAire is gá nó is fóirsteanach a bheith in ordú faoin alt seo lena n-áirítear forálacha d'oiriúnú forálacha den Acht seo.

(5) Leagfar ordú a dhéanfar faoin alt seo faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar d'aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

Feidhm an Achta Maoine Stáit, 1954 .

6. —(1) Faoi réir alt 2 (4), ní bhainfidh ailt 10 ná 11 den Acht Maoine Stáit, 1954 , le talamh atá dílsithe do na Coimisinéirí mar chuid den Pháirc.

(2) Is cuid den Pháirc talamh ar an Oileán a aistreofar chuig na Coimisinéirí faoin Acht sin.

Cumhacht bronntanais a ghlacadh.

7. —(1) Féadfaidh na Coimisinéirí bronntanais airgid, talún nó maoine eile a ghlacadh ar cibé iontaobhais nó coinníollacha, más ann, a shonróidh an deontóir agus is cuid den Pháirc aon talamh ar an Oileán a ghlacfar amhlaidh.

(2) Ní ghlacfaidh na Coimisinéirí le bronntanas má bhíonn na coinníollacha a ghabhann leis ar neamhréir lena bhfeidhmeanna faoin Acht seo.

Cumhachtaí an Gharda Síochána agus daoine údaraithe.

8. —(1) Má bhíonn drochamhras go réasúnach ar chomhalta den Gharda Síochána nó ar dhuine údaraithe go bhfuil fodhlí faoi alt 3 sáraithe ag duine, féadfaidh an comhalta nó an duine údaraithe an dá ní seo leanas nó ceachtar acu a dhéanamh:

(a) a cheangal ar an duine a ainm agus a sheoladh a thabhairt dó,

(b) a cheangal ar an duine an Pháirc a fhágáil.

(2) Má mhainníonn nó má dhiúltaíonn duine den sórt sin a dúradh déanamh de réir ceanglais faoi fho-alt (1) nó má thugann sé do chomhalta den Gharda Síochána nó do dhuine údaraithe ainm nó seoladh a mbeidh drochamhras go réasúnach ar an gcomhalta nó ar an duine údaraithe é a bheith bréagach nó míthreorach, féadfaidh an comhalta nó an duine údaraithe an duine a ghabháil gan bharántas nó más ceanglas é faoi mhír (b) d'fho-alt (1), féadfaidh sé an duine a chur as an bPáirc.

(3) Aon duine a mhainneoidh nó a dhiúltóidh déanamh de réir ceanglais faoi fho-alt (1) nó a thabharfaidh, de bhun ceanglais den sórt sin, ainm nó seoladh a bheidh bréagach nó míthreorach nó, tar éis dó an Pháirc a fhágáil de bhun ceanglais den sórt sin nó tar éis é bheith curtha amach as an bPáirc faoi fho-alt (2), a fhillfidh uirthi an lá céanna, beidh sé ciontach i gcion agus dlífear ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná £500 a chur air.

(4) Ní dochar an t-alt seo d'aon chumhachtaí eile de chuid comhaltaí den Gharda Síochána.

(5) Féadfaidh na Coimisinéirí duine a cheapadh i scríbhinn chun bheith ina dhuine údaraithe chun críocha an ailt seo.

(6) Le linn dó feidhm a fheidhmiú faoin alt seo, déanfaidh duine údaraithe, má iarrann aon duine lena mbaineann air é, cóip dá cheapachán mar dhuine údaraithe a thabhairt ar aird dó.

Caiteachais an Aire agus na gCoimisinéirí.

9. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire nó na Coimisinéirí ag riaradh an Achta seo, a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal.

10. —Féadfar an tAcht um Páirc Náisiúnta Stairiúil an Bhlascaoid Mhóir, 1989 , a ghairm den Acht seo.