An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (SCEIDEAL B “An Ceathrú Sceideal Na Rátaí Cúnaimh) Ar Aghaidh (SCEIDEAL D “An Ceathrú Sceideal Na Rátaí Cúnaimh)

5 1990

AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH, 1990

SCEIDEAL C

Alt 13.

An Fhoráil den Phríomh-Acht a Leasaítear

An Cineál Leasaithe

(1)

(2)

Alt 125 (2) (b)

“nó i dteideal liúntais tuísmítheora aonaír de bhua a bheith ina baintreach nó ina bhaintreach fir” a chur isteach i ndiaidh “faoi alt 50 nó 52”.

Alt 130 (1)

“nó mar liúntas tuismitheora aonair” a chur isteach i ndiaidh “pinsean baintrí (neamhranníocach)”.

Alt 130 (5) (a cuireadh isteach le halt 27 d'Acht 1989)

An mhír seo a leanas a chur in ionad mhír (d):

“(d) liúntas tuismitheora aonair faoi

Chaibidil 5A de Chuid III,”.

Alt 134 (1)

Mír (h) a scriosadh agus an mhír seo a leanas a chur in ionad mhíreanna (l) agus (m) (a cuireadh isteach le halt 6 d'Acht 1989):

“(l) liúntas tuismitheora aonair,”.

Alt 178 (1) (arna leasú le halt 3 d'Acht 1982)

“arna mhéadú, i gcás leanbh cáilithe nó leanaí cáilithe a bheith ann, an méid iomchuí atá leagtha amach i gcolún (4) nó (5) den Chuid sin i leith gach leanbh cáilithe a chónaíonn go rialta leis an mbaintreach” a scriosadh.

Alt 180 (1)

“(lena n-áirítear aon mhéadú i leith linbh cháilithe)” a scriosadh.

Alt 180

Fo-alt (3) a scriosadh.

Alt 188 (3)

“nó méadú i leith linbh cháilithe” a scriosadh.

Alt 190

An fo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Féadfaidh an tAire, dá rogha féin, ó am go ham, a ordú go ndéanfar pinsean, in ionad é a íoc leis an bpinsinéir, a íoc le duine éigin eile chun tairbhe don phinsinéir.”.

Alt 195 (1)

An mhír seo a leanas a chur in ionad mhír (b):

“(b) atá 40 bliain d'aois nó os a chionn, agus”.

Alt 195

Fo-alt (3) a scriosadh.

Alt 196 (1)

An mhír seo a leanas a chur in ionad mhír (b):

“(b) atá 40 bliain d'aois nó os a chionn, agus”.

Alt 196

Fo-alt (4) a scriosadh.

Alt 197

An t-alt sin a scriosadh.

Alt 306 (1)

“, liúntas tuismitheora aonair i gcás duine a cháilíonn do liúntas den chineál sin de bhua a bheith ina baintreach nó ina bhaintreach fir” a chur isteach i ndiaidh “liúntas díheachta (ranníocach)”.

Alt 314 (1) (a cuireadh isteach le halt 12 d'Acht 1989)

An míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “liúntas”:

“ciallaíonn ‘liúntas’ liúntas banchéile thréigthe faoi alt 195, liúntas tuismitheora aonair faoi alt 198B nó liúntas leasa forlíontach faoi alt 200;”,

agus

an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “údarás inniúil”:

“ciallaíonn ‘údarás inniúil’ i ndáil le sochar banchéile thréigthe, liúntas banchéile thréigthe agus liúntas tuismitheora aonair, an tAire, agus i ndáil le liúntas leasa forlíontach ciallaíonn sé an bord sláinte a dheonaigh an liúntas sin d'fhaighteoir;”.

Riail 1 (2) den Tríú Sceideal

“nó liúntais tuismitheora aonair” a chur isteach i ndiaidh “pinsin bhaintrí (neamhranníocach) nó pinsin dílleachta (neamhranníocach)”.

Riail 1 (2) den Tríú Sceideal

An mhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (b):

“(b) i gcás tuismitheora aonair, eisiafar £100 breise de luach caipitiúil na maoine i leith gach leanbh cáilithe a chónaíonn go rialta leis an tuismitheoir aonair, arb inéilithe méadú liúntais ina leith, agus”.

Riail 1 (3) den Tríú Sceideal

“, liúntais tuismitheora aonair” a chur isteach i ndiaidh “pinsin dall”.

Riail 1 (4) den Tríú Sceideal

“nó liúntais tuismitheora aonair” a chur isteach i ndiaidh “pinsin bhaintrí (neamhranníocach) agus pinsin dílleachta (neamhranníocach)”.

Riail 1 (4) (i) (arna leasú le halt 18 den Acht Leasa Shóisialaigh (Uimh. 2), 1985 ) den Tríú Sceideal

“liúntais tuismitheora aonair” a chur in ionad “pinsin baintrí (neamhranníocach)”.

Riail 4 den Tríú Sceideal

“, 4 nó 5A” a chur in ionad “nó 4” sa dá áit ina bhfuil sé.

Riail 5 den Tríú Sceideal

“, 4, 5A” a chur in ionad “agus 4”.