|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID II Méaduithe) | Ar Aghaidh (CUID IV Liúntas Cúramóra) |
AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH, 1990
[EN] | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
CUID III Liúntas Tuismitheora Aonair | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Liúntas tuismitheora aonair. |
12. —(1) Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an gCaibidil seo a leanas a chur in ionad Chaibidil 5A (a cuireadh isteach le halt 6 d'Acht 1989) de Chuid III: | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) An tagairt in alt 315 (a cuireadh isteach le halt 12 d'Acht 1989) den Phríomh-Acht d'alt 198B den Acht sin, forléireofar í mar thagairt don alt ar a bhfuil an uimhir sin, a cuireadh isteach sa Phríomh-Acht leis an alt seo. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Leasuithe ilghnéitheacha ar an bPríomh-Acht chun críocha Chuid III. |
13. —Leasaítear leis seo gach foráil de chuid an Phríomh-Achta atá luaite i gcolún (1) de Sceideal C a ghabhann leis an Acht seo ar an modh atá sonraithe i gcolún (2) den Sceideal sin os comhair lua na forála sin i gcolún (1). | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Leasú ar an gCeathrú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht. |
14. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an gCuid atá leagtha amach i Sceideal D a ghabhann leis an Acht seo a chur in ionad Chuid I (a cuireadh isteach le halt 4 den Acht seo) den Cheathrú Sceideal. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 3 (1) den Acht um an Dlí Teaghlaigh (Cothabháil Céilí agus Leanaí), 1976 . |
15. —Leasaítear leis seo alt 3 (1) den Acht um an Dlí Teaghlaigh (Cothabháil Céilí agus Leanaí), 1976 , tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “liúntas” (a cuireadh isteach le halt 13 d'Acht 1989): | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | “ciallaíonn ‘liúntas’ liúntas banchéile thréigthe faoi alt 195, liúntas tuismitheora aonair faoi alt 198B nó liúntas leasa forlíontach faoi alt 200 den Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1981 ;”. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Tosach feidhme Chuid III. |
16. —Tiocfaidh an Chuid seo i ngníomh ar cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire le hordú nó le horduithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh maidir le forálacha éagsúla den Chuid seo. |