An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV Liúntas Cúramóra) Ar Aghaidh (CUID VI Ciste na nDíobhálacha Ceirde agus an Ciste um Iomarcaíocht agus um Dhócmhainneacht Fostóirí a Dhíscaoileadh agus Airgead a Aistriú as na Cistí sin go dtí an Ciste Árachais Shóisialaigh)

5 1990

AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH, 1990

CUID V

Achomhairc

Leasú ar alt 298 den Phríomh-Acht (achomhairc).

19. —Leasaítear leis seo alt 298 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) (arna leasú le halt 28 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1984 ):

“(1) Má bhíonn aon duine míshásta leis an gcinneadh a dhéanfaidh oifigeach breithiúnachta, déanfar an cheist, ar fhógra achomhairc a thabhairt don Phríomh-Oifigeach Achomhairc laistigh den am forordaithe, a tharchur chuig oifigeach achomhairc.”,

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach tar éis fho-alt (4):

“(4A) D'ainneoin fho-alt (4), i gcás go gceapann an tAire nó duine a bheidh ainmnithe aige gur cóir, mar gheall ar na himthosca a bhaineann le cás ar leith, an t-achomharc a éisteacht ó bhéal, féadfaidh an tAire nó aon duine a bheidh ainmnithe aige amhlaidh a ordú don Phríomh-Oifigeach Achomhairc go gcinnfear an t-achomharc ar mhodh éisteachta ó bhéal.”,

(c) trí “ag a bhfuil gnáthchónaí air nó ag a áit ghnó” a chur in ionad “ag a bhfuil gnáthchónaí air” i bhfo-alt (9),

(d) trí “£1,000” a chur in ionad “£500” (a cuireadh isteach le halt 22 d'Acht 1988) i bhfo-alt (10),

(e) trí “an Príomh-Oifigeach Achomhairc” a chur in ionad “an tAire” i míreanna (a) agus (b) d'fho-alt (12) i ngach áit ina bhfuil sé,

(f) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach tar éis fho-alt (13):

“(14) I gcás duine ar a gceanglaítear teacht i láthair chun fianaise a thabhairt nó chun doiciméid a thabhairt ar aird faoi fho-alt (8) do mhainneachtain teacht i láthair nó na doiciméid sin a thabhairt ar aird, féadfaidh oifigeach achomhairc, ar fhógra a sheirbheáil ar an duine sin, iarratas a dhéanamh chun na Cúirte Dúiche ar ordú chun a ordú don duine sin teacht i láthair nó na doiciméid sin a thabhairt ar aird mar a ceanglaíodh air.”.

Leasú ar alt 299 den Phríomh-Acht.

20. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht—

(a) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a) d'alt 299:

“(a) féadfaidh an Príomh-Oifigeach Achomhairc, i gcás go gceapann sé gurb iomchuí é, an cheist a tharchur chuig an Ard-Chúirt chun a cinneadh a fháil uirthi, agus”, agus

(b) trí na hailt seo a leanas a chur isteach tar éis alt 299:

“Féadfar feidhmeanna eile de chuid an Phríomh-Oifigigh Achomhairc a fhorordú.

299A.—(1) Beidh ag an bPríomh-Oifigeach Achomhairc cibé feidhmeanna eile i ndáil le hachomhairc faoin gCuid seo a bheidh forordaithe.

(2) San alt seo folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí, dualgais agus oibleagáidí.

Tuarascálacha bliantúla ón bPríomh-Oifgeach Achomhairc.

299B.—(1) A luaithe is féidir tar éis dheireadh gach bliana, ach tráth nach déanaí ná 6 mhí ina dhiaidh sin, tabharfaidh an Príomh-Oifigeach Achomhairc tuarascáil don Aire i dtaobh a ghníomhaíochtaí agus gníomhaíochtaí na n-oifigeach achomhairc faoin gCuid seo le linn na bliana sin agus cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna den tuarascáil a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(2) Beidh tuarascáil faoi fho-alt (1) i cibé foirm a ordóidh an tAire agus beidh faisnéis ar áireamh inti i dtaobh cibé nithe (más ann) seachas na nithe dá dtagraítear san fho-alt sin a ordóidh an tAire.

(3) Déanfaidh an Príomh-Oifigeach Achomhairc, aon uair a iarrann an tAire air é, faisnéis a thabhairt dó i ndáil le cibé nithe a shonróidh sé i dtaobh a ghníomhaíochtaí nó gníomhaíochtaí oifigeach achomhairc faoin gCuid seo.”.

Aisghairm.

21. —Aisghairtear leis seo fo-alt (3) d'alt 297 den Phríomh-Acht.

Tosach feidhme Chuid V.

22. —Tiocfaidh an Chuid seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.