An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil VIII Liúntais Chaipitiúla) Ar Aghaidh (CUID II Custaim agus Mál)

10 1990

AN tACHT AIRGEADAIS, 1990

Caibidil IX

Cáin Ghnóchan Caipitiúil

Leasú ar alt 3 (cánachas ar ghnóchain chaipitiúla agus an ráta muirir) den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 .

82. —Déantar leis seo fo-alt (3) (arna leasú le halt 60 den Acht Airgeadais, 1986 ) d'alt 3 den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , a leasú, maidir le gnóchain inmhuirearaithe a fhabhróidh as aon diúscairt a dhéanfar an 6ú lá d'Aibreán, 1990, nó dá éis—

(a) trí mhír (a) a scriosadh, agus

(b) trí “ar mó ná bliain ach” a scriosadh i mír (b),

agus tá an fo-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(3) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt leis na hAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, is é a bheidh sa ráta cánach gnóchan caipitiúil i leith gnóchain inmhuirearaithe a fhaibhríonn chuig duine as sócmhainn a dhiúscairt—

(b) 50 faoin gcéad i gcás nach mó ná trí bliana a thréimhse úinéireachta ar an tsócmhainn,

(c) 35 faoin gcéad i gcás ar mó ná trí bliana ach nach mó ná sé bliana a thréimhse úinéireachta ar an tsócmhainn, nó

(d) in aon chás eile, 30 faoin gcéad,

agus déanfar aon tagairt sna hAchtanna sin don ráta a shonraítear san alt seo a fhorléiriú dá réir sin.

Leasú ar alt 36 (gnóchain inmhuirearaithe ar dhiúscairtí talún forbraíochta) den Acht Airgeadais, 1982 .

83. —Leasaítear leis seo alt 36 den Acht Airgeadais, 1982

(a) trí “agus roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1990,” a chur isteach i bhfo-alt (3) i ndiaidh “an 26ú lá de Mhárta, 1982, nó aon lá dá éis,”, agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(3A) Maidir le gnóchain inmhuirearaithe a fhabhróidh as diúscairtí iomchuí a dhéanfar an 6ú lá d'Aibreán, 1990, nó aon lá dá éis, beidh éifeacht le halt 3 (3) den Phríomh-Acht (arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1990 ) ionann is dá mbeadh feidhm ag na rátaí cánach gnóchan caipitiúil seo a leanas in ionad na rátaí cánach gnóchan caipitiúil a shonraítear i míreanna (b), (c) agus (d) den fho-alt sin:

(i) 50 faoin gcéad, nó

(ii) i gcás diúscairt iomchuí den sórt sin ar diúscairt éigeantach í ag duine ar mó ná trí bliana a thréimhse úinéireachta ar an tsócmhainn, 40 faoin gcéad.”,

agus tá an fo-alt sin (3), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(3) Maidir le gnóchain inmhuirearaithe a fhaibhreoidh as diúscairtí iomchuí a dhéanfar an 26ú lá de Mhárta, 1982, nó aon lá dá éis, agus roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1990, beidh éifeacht le halt 3 (3) den Phríomh-Acht (arna leasú leis an Acht seo) ionann is dá mbeadh feidhm ag na rátaí cánach gnóchan caipitiúil seo a leanas in ionad na rátaí cánach gnóchan caipitiúil a shonraítear i míreanna (a), (b) agus (c) den fho-alt sin:

(a) 60 faoin gcéad i gcás nach mó ná bliain tréimhse úinéireachta na sócmhainne ag an duine a bheidh ag déanamh na diúscartha,

(b) (i) 50 faoin gcéad i gcás ar mó ná bliain a thréimhse úinéireachta ar an tsócmhainn, nó

(ii) i gcás diúscairt iomchuí den sórt sin ar diúscairt éigeantach í ag duine ar mó ná trí bliana a thréimhse úinéireachta ar an tsócmhainn, 40 faoin gcéad.

Leasú ar alt 26 (gnó nó feirm a dhiúscairt ar scor) den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 .

84. —Leasaítear leis seo alt 26 den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975

(a) trí “seachas i gcuideachta shealbhaíochta,” a chur isteach i ndiaidh “i gcuideachta theaghlaigh na pearsan aonair” i bhfo-alt (3),

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(3A) I gcás diúscairt scaireanna nó urrús i gcuideachta theaghlaigh na pearsan aonair, ar cuideachta shealbhaíochta í, a bheith ar áireamh i ndiúscairt sócmhainní cáilitheacha, is é an méid den chomaoin a chuirfear i gcuntas chun críocha fho-alt (1) i leith na scaireanna sin nó na n-urrús sin an chionúireacht den chomaoin i leith na scaireanna sin nó na n-urrús sin is comhionann leis an gcoibhneas idir an chuid de luach na sócmhainní (lena n-áirítear airgead tirim) de chuid an ghrúpa trádála (gan scaireanna nó urrúis de chuid comhalta amháin den ghrúpa sin atá á sealbhú ag comhalta eile den ghrúpa a áireamh) tráth na diúscartha is inchurtha i leith luach sócmhainní inmhuirearaithe gnó an ghrúpa trádála agus luach sócmhainní iomlána an ghrúpa trádála.”,

agus

(c) i bhfo-alt (6) (a)—

(i) tríd an méid seo a leanas a chur isteach roimh an míniú ar “sócmhainn inmhuirearaithe gnó”:

“measfar gur ‘fochuideachta 100 faoin gcéad’ cuideachta do chuideachta eile má bhíonn, agus fad a bheidh, 100 faoin gcéad ar a laghad dá gnáth-scairchaipiteal ar úinéireacht, go díreach nó go neamhdhíreach, ag an gcuideachta eile sin;”,

(ii) trí “nó cuideachta is comhalta de ghrúpa trádála arb í cuideachta theaghlaigh na pearsan aonair sin a chuideachta shealbhaíochta” a chur isteach i ndiaidh “cuideachta theaghlaigh na pearsan aonair” sa mhíniú ar “sócmhainn inmhuirearaithe gnó”,

(iii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “stiúrthóir oibre lánaimsire”:

“ciallaíonn ‘cuideachta shealbhaíochta’ cuideachta arb é atá go hiomlán nó go formhór ina gnó (gan aird a thabhairt ar aon trádáil a sheolann sí) sealbhú scaireanna nó urrús de chuid cuideachta amháin nó níos mó ar fochuideachtaí 100 faoin gcéad di iad;”,

(iv) trí “nó ar chomhalta í de ghrúpa trádála arb í cuideachta theaghlaigh na pearsan aonair sin a chuideachta shealbhaíochta” a chur isteach i ndiaidh “arbh í a chuideachta theaghlaigh í” sa mhíniú ar “sócmhainní cáilitheacha”, agus

(v) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “cuideachta thrádála”:

“ciallaíonn ‘grúpa trádála’ grúpa cuideachtaí arb éard é an chuideachta shealbhaíochta agus a fochuideachtaí 100 faoin gcéad, arb é atá go hiomlán nó go formhór i ngnó a chomhaltaí, á nglacadh le chéile, trádáil nó trádálacha a sheoladh.”.

Leasú ar alt 27 (gnó nó feirm a dhiúscairt laistigh den teaghlach) den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 .

85. —Déantar leis seo alt 27 (arna leasú le halt 8 den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil (Leasú), 1978 ) den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , a leasú, trí “fo-alt (3) nó (3A), de réir mar a bheidh, d'alt 26” a chur in ionad “alt 26 (3)” i bhfo-alt (3).

Leasú ar Sceideal 1 (rialacha ríomha) a ghabhann leis an Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 .

86. —Maidir le leithreasú a dhéanfar isteach i stoc trádála ar dháta rite an Achta seo nó ar dháta dá éis, leasaítear leis seo mír 15 de Sceideal 1 a ghabhann leis an Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , tríd an gcoinníoll breise seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an choinníll a ghabhann le fomhír (3):

“Ar choinníoll freisin nach ndéanfar roghnú faoin bhfomhír seo in aon chás ina mbeadh feidhmiú fhorálacha fhomhír (1) ina bhun le caillteanas inlamhála.”.

Feidhm mhír 2 (scairchaipiteal a atheagrú nó a laghdú) de Sceideal 2 a ghabhann leis an Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , maidir le hiontaobhais aonad.

87. —Leasaítear leis seo Sceideal 2 a ghabhann leis an Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (2):

“2A.—(1) Sa mhír seo, folaíonn tagairtí d'atheagrú aonad i scéim iontaobhais—

(a) aon chás ina ndéantar, ar íocaíocht nó gan íocaíocht, aonaid sa scéim a leithroinnt ar dhaoine i leith agus de réir (nó, chomh gar agus is féidir, de réir) a sealbhán d'aonaid sa scéim nó d'aon aicme aonad sa scéim, agus

(b) aon chás ina bhfuil breis agus aicme amháin aonad ann agus ina n-athraítear na cearta a ghabhann le haonaid d'aicme ar bith.

(2) Beidh feidhm ag mír 2, fara aon choigeartú is gá, i ndáil le hatheagrú nó laghdú a dhéanfar ar aonaid in aon scéim iontaobhais aonad atá cláraithe faoin Acht um Iontaobhais Aonad, 1972, nó atá údaraithe faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Gnóthais le haghaidh Comhinfheistíochta in Urrúis Inaistrithe), 1989 (I.R. Uimh. 78 de 1989), ionann is (ach amháin maidir le fomhír (6) den mhír sin)—

(a) dá mba chuideachta an scéim sin, agus

(b) dá mba scaireanna sa chuideachta na haonaid sa scéim sin:

Ar choinníoll, dá mba rud é, murach an coinníoll seo, go mbeadh feidhm ag an mír seo maidir le haon atheagrú nó laghdú a dhéanfaí, i mbliain mheasúnachta, ar aonaid i scéim iontaobhais aonad sa chaoi is go ndéileálfaí le haonaid, a meastar nach sócmhainní inmhuirearaithe iad don bhliain sin chun críocha an Achta seo, mar ‘scaireanna bunaidh’ nó mar ‘sealbhán nua’ de réir bhrí mhír 2 (1), nach mbeidh feidhm ansin ag mír 2 maidir leis an atheagrú nó leis an laghdú sin ar aonaid sa scéim iontaobhais aonad.

(3) Na tagairtí i bhfomhír (2) (lena n-áirítear an coinníoll a ghahann léi) do mhír 2, ní fholaíonn siad tagairtí don mhír sin arna cur chun feidhme le mír 3 nó 4.”.