An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID V Cáin Mhaoine Cónaithe) Ar Aghaidh (CUID VII Ilghnéitheach)

10 1990

AN tACHT AIRGEADAIS, 1990

CUID VI

Cáin Fháltas Caipitiúil

Léiriú (Cuid VI).

126. —Sa Chuid seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976 .

Díolúine do chéilí (bronntanais).

127. —(1) D'ainneoin fhorálacha an Phríomh-Achta, aon bhronntanas a ghlacfadh deontaí, arb é céile an diúscróra é ar dháta an bhronntanais, beidh sé díolmhaithe ó cháin agus ní chuirfear i gcuntas é le linn cáin a bheith á ríomh.

(2) Beidh éifeacht leis an alt seo i ndáil le bronntanas arna ghlacadh an 31ú lá d'Eanáir, 1990, nó dá éis.

Leasú ar an Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

128. —(1) Le linn bheith ag ríomh, de réir fhorálacha an Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht, cén cháin is inmhuirearaithe ar luach inchánach bronntanais inchánach nó oidhreachta inchánach a ghlacann deontaí nó comharba an lú lá d'Eanáir, 1990, nó dá éis, déanfar an méid tairsí i ndáil le cáin a ríomh ar aon chomhiomlán iomchuí de luachanna inchánach faoi fhorálacha mhír 3 de Chuid I den Sceideal sin (a cuireadh isteach le halt 111 den Acht Airgeadais, 1984 ) a choigeartú trí gach méid tairsí ar leith den sórt sin a iolrú ar an bhfigiúr, arna shlánú go dtí an tríú hionad deachúil is gaire, a chinnfear tríd an treoir-uimhir praghsanna do thomhaltóirí don bhliain díreach roimh an mbliain ina nglactar an bronntanas inchánach nó an oidhreacht inchánach sin a roinnt ar 133.5:

Ar choinníoll gur nialas an cháin sin i gcás gur méid diúltach an cháin a ríomhfar amhlaidh ar luach inchánach an bhronntanais inchánach nó na hoidhreachta inchánach sin.

(2) San alt seo ciallaíonn “an treoir-uimhir praghsanna do thomhaltóirí” an Treoir-Uimhir Praghsanna do Thomhaltóirí— Gach Ítim maidir le bliain, arna thiomsú ag an bPríomh-Oifig Staidrimh agus arna lua ar an mbonn gur 100 an treoir-uimhir praghsanna do thomhaltóirí i lár mhí na Samhna, 1982.

Feidhm alt 108 (díolúintí) den Acht Airgeadais, 1984 .

129. —(1) Chun críocha alt 108 (b) (ii) den Acht Airgeadais, 1984 , aon scéim aoisliúntais faoi choimirce de réir bhrí fho-alt (9) d'alt 235 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , ní fholóidh sí scéim nó comhshocraíocht a bhaineann le nithe seachas seirbhís in oifigí nó i bhfostaíochtaí áirithe.

(2) Beidh éifeacht leis an alt seo i ndáil le muirear cánach a eascróidh, ar leith ó alt 108 (b) (ii) den Acht Airgeadais, 1984 , ar an 5ú lá d'Aibreán, 1990, nó dá éis, faoi fhorálacha alt 106 den Acht sin 1984 nó alt 103 den Acht Airgeadais, 1986 .

Feidhm alt 60 (faoiseamh i leith polasaithe árachais áirithe) den Acht Airgeadais, 1985 .

130. —Chun críocha alt 60 den Acht Airgeadais, 1985 , measfar go bhfolaíonn “cáin iomchuí” cáin oidhreachta is iníoctha maidir le hoidhreacht arna glacadh faoi dhiúscairt arna déanamh ag céile an árachaí—

(a) i gcás go nglactar an oidhreacht ar dháta báis an árachaí, nó

(b) i gcás go nglactar an oidhreacht sa chás amháin nach maireann an t-árachaí ar feadh tréimhse 31 lá ar a mhéid tar éis bhás an chéile,

agus gurb é atá sa pholasaí árachais cáilitheach iomchuí—

(i) polasaí árachais de réir bhrí mhíreanna (a), (b) agus (c) d'fho-alt (1A) den alt sin (a cuireadh isteach le halt 84 den Acht Airgeadais, 1989 ), nó

(ii) polasaí árachais i gcás gur pearsa aonair an t-árachaí agus nach iníoctha fáltais an pholasaí ach amháin sa chás go maireann an t-árachaí i ndiaidh bhás an chéile sin.