An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN TRÍÚ SCEIDEAL Cumainn Fhoirgníochta: Athrú Stádais) Ar Aghaidh (AN CÚIGIÚ SCEIDEAL Cistí Eischósta: Cistí Dáileacha)

10 1990

AN tACHT AIRGEADAIS, 1990

AN CEATHRÚ SCEIDEAL

Bainc Thaisce Iontaobhais a Atheagrú ina gCuideachtaí

Alt 60.

Léiriú

1. Sa Sceideal seo—

ciallaíonn “banc” banc taisce iontaobhais, nó banc de réir bhrí alt 57 (3) (c) (i) den Acht um Bainc Thaisce Iontaobhais, 1989 , nó iad araon, de réir mar a éilíonn an comhthéacs;

ciallaíonn “comharba” an chuideachta a ndéantar aon mhaoin, cearta, dliteanais agus oibleagáidí a aistriú chuici i gcúrsa aistrithe;

ciallaíonn “aistriú” aistriú ag banc taisce iontaobhais ar a mhaoin agus a chearta go léir, nó ar chuid acu, agus ar a chuid dliteanas nó oibleagáidí go léir, faoi ordú arna dhéanamh ag an Aire Airgeadais de réir fhorálacha alt 57 den Acht um Bainc Thaisce Iontaobhais, 1989 , á údarú banc taisce iontaobhais amháin nó níos mó a atheagrú ina chuideachta nó cuideachta dá dtagraítear i bhfo-alt (3) (c) (i) den alt sin a atheagrú ina cuideachta dá dtagraítear i bhfo-alt (3) (c) (ii) den alt sin.

Liúntais Chaipitiúla

2. (1) Beidh éifeacht le forálacha na míre seo—

(a) chun críocha liúntas agus muirear dá bhforáiltear i gCodanna XIII, XIV, XV, XVI, XVII agus XVIII den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , nó chun críocha aon fhorála eile de chuid na nAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le liúntais a thabhairt nó muirir a ghearradh faoi na Codanna sin nó dá réir, agus

(b) chun críocha liúntas nó muirear dá bhforáiltear le halt 14 den Acht Cánach Corparáide, 1976 .

(2) Ní dhéileálfar leis an aistriú mar ní is bun le haon liúntas nó muirear den chineál dá bhforáiltear faoi fhomhír (1).

(3) Tabharfar don chomharba nó muirearófar air, de réir an ailt sin 14, na liúntais agus na muirir go léir a bheadh, dá leanfadh an banc de bheith ag seoladh na trádála, le tabhairt dó nó le muirearú air, agus déanfar méid aon liúntais nó muirir den sórt sin a ríomh ionann is dá mbeadh an trádáil á seoladh ag an gcomharba ón uair a thosaigh an banc taisce iontaobhais á seoladh agus ionann is dá mbeadh gach ní a rinne an banc, nó a rinneadh air, déanta ag an gcomharba nó déanta air:

Ar choinníoll nach mbeidh teideal ag an gcomharba chuig aon mhéid a bheadh le tabhairt don bhanc taisce iontaobhais de bhua fho-alt (3) d'alt 241 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus dá bhua sin amháin.

Caillteanais Trádála

3 D'ainneoin aon fhorála eile de chuid na nAchtanna Cánach—

(a) ní bheidh cuideachta dá dtagraítear i bhfo-alt (3) (c) (i) d'alt 57 den Acht um Bainc Thaisce Iontaobhais, 1989 , a thagann chun bheith ina cuideachta dá dtagraítear i bhfo-alt (3) (c) (ii) den alt sin, i dteideal faoisimh faoi fho-alt (1) d'alt 16 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , i leith aon chaillteanais a thabhaigh sí i dtrádáil in aon tréimhse chuntasaíochta nó cuid de thréimhse chuntasaíochta inar chuideachta dá dtagraítear san fho-alt sin (3) (c) (i) í, agus

(b) ní bheidh cuideachta dá dtagraítear i bhfo-alt (3) (c) (ii) den alt sin 57 i dteideal faoisimh faoi alt 16 (1) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , i leith aon chaillteanais a thabhaigh cuideachta dá dtagraítear i bhfo-alt (3) (c) (i) den alt sin.

Sócmhainní Airgeadais

4. (1) Chun críocha alt 62 (a bhaineann le stoc trádála de chuid trádála scortha) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , is é luach a chuirfear ar stoc trádála airgeadais an bhainc lena mbaineann, méid is ionann agus an costas a bhain don bhanc sin ina leith nó méid a ndéileálfar leis amhlaidh chun críocha fhomhír (2).

(2) Más rud é, i gcúrsa aistrithe, go bhfaighidh an comharba aon sócmhainní a mbeadh na brabúis nó na gnóchain óna ndiúscairt ag an mbanc inmhuirearaithe i leith cánach faoi Chás i de Sceideal D, measfar, chun críocha cánach ioncaim agus cánach corparáide, nach ionann an fháil sin agus diúscairt na sócmhainní sin ag an mbanc sin; ach an tráth a ndéanfaidh an comharba aon sócmhainní acu sin a dhiúscairt, déanfar na brabúis nó na gnóchain a fhabhraíonn chuig an gcomharba a ríomh (chun críocha cánach corparáide) ionann is dá mbeadh na sócmhainní sin faighte ag an gcomharba ar an gcostas a bhain don bhanc ina leith.

(3) Sa mhír seo ciallaíonn “stoc trádála airgeadais” cibé sócmhainní de chuid an bhainc ar stoc trádála a bheadh iontu chun críocha alt 62 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

Gnóchain Chaipitiúla

5. (1) Beidh éifeacht le forálacha na míre seo chun críocha na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil agus an Achta Cánach Corparáide, 1976 , sa mhéid go mbaineann sé le gnóchain inmhuirearaithe.

(2) Measfar, maidir le banc do dhiúscairt sócmhainne chuig cuideachta i gcúrsa aistrithe, gur diúscairt í ar chomaoin de cibé méid a d'áiritheodh nach bhfaibhreodh gnóchan ná caillteanas chuig an mbanc ar an diúscairt.

(3) I gcás go raibh éifeacht le fomhír (2) i ndáil le diúscairt sócmhainne ag an mbanc, ansin, i ndáil le diúscairt dá éis sin ar an tsócmhainn, déileálfar leis an gcomharba ionann is dá mba é fáil nó soláthar na sócmhainne ag an gcomharba fáil nó soláthar na sócmhainne—

(a) ag an mbanc taisce iontaobhais, nó

(b) murarbh é an banc taisce iontaobhais a fuair nó a sholáthair í, ag an mbanc de réir bhrí alt 57 (3) (c) (i) den Acht um Bainc Thaisce Iontaobhais, 1989 .

(4) Maidir le haon chaillteanais inlamhála a d'fhabhraigh tráth ar bith chuig banc, déileálfar leo, tráth aistrithe agus sa mhéid nach mbeidh siad lamháilte mar asbhaint as gnóchain inmhuirearaithe, mar chaillteanais inlamhála a d'fhabhraigh an tráth sin chuig an gcomharba.

(5) Chun críocha alt 28 (arna leasú le halt 9 den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil (Leasú), 1978 ) den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , déileálfar leis an mbanc agus leis an gcomharba ionann is dá mba iad an duine céanna iad.

(6) I gcás ina ndéantar an dliteanas i leith aon fhéich a bhí dlite do bhanc a aistriú, i gcúrsa aistrithe, chuig comharba, measfar gurb é an comharba an creidiúnaí bunaidh chun críocha alt 46 den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 .