An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil VII Cistí Eischósta) Ar Aghaidh (Caibidil IX Cáin Ghnóchan Caipitiúil)

10 1990

AN tACHT AIRGEADAIS, 1990

Caibidil VIII

Liúntais Chaipitiúla

Leasú ar alt 241 (caitheamh agus cuimilt innealra, ghléasra, etc.) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

70. —Leasaítear leis seo alt 241 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , i ndáil le hinnealra nó gléasra a sholáthrófar le húsáid chun críocha trádála an 1ú lá d'Aibreán, 1990, nó dá éis, trí “, agus atá, fad a úsáidfear chun críocha na trádála é, in úsáid go hiomlán agus go heisiach amhlaidh” a chur insteach i ndiaidh “na tréimhse inmhuirearaithe sin nó a bonnthréimhse” i bhfo-alt (1).

Leasú ar alt 11 (liúntais caithimh agus cuimilte d'innealra agus do ghléasra áirithe i limistéir neamhfhorbartha) den Acht Airgeadais, 1967 .

71. —Leasaítear leis seo alt 11 (arna leasú le halt 46 den Acht Airgeadais, 1988 ) den Acht Airgeadais, 1967

(a) trí na fomhíreanna seo a leanas a chur in ionad fhomhír (ii) de mhír (b) d'fho-alt (2):

“(ii) i gcás go soláthrófar an t-innealra nó an gléasra lena úsáid an 1ú lá d'Aibreán, 1989, nó dá éis, agus roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1991, ná 50 faoin gcéad, nó

(iii) i gcás go soláthrófar an t-innealra nó an gléasra lena úsáid an 1ú lá d'Aibreán, 1991, nó dá éis, agus roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1992, ná 25 faoin gcéad,”,

agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) D'ainneoin fho-alt (2), ní dhéanfar aon liúntas arna thabhairt faoi alt 241 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , mar gheall ar chaitheamh agus cuimilt aon innealra nó gléasra cháilithigh a sholáthrófar lena úsáid an 1ú lá d'Aibreán, 1992, nó dá éis, a mhéadú faoin alt seo.”.

Leasú ar alt 26 (méadú ar liúntais caithimh agus cuimilte d'innealra agus do ghléasra áirithe) den Acht Airgeadais, 1971 .

72. —Leasaítear leis seo alt 26 (arna leasú le halt 47 den Acht Airgeadais, 1988 ) den Acht Airgeadais, 1971

(a) trí na fomhíreanna seo a leanas a chur in ionad fhomhír (ii) de mhír (b) d'fho-alt (2):

“(ii) i gcás go soláthrófar an t-innealra nó an gléasra lena úsáid an 1ú lá d'Aibreán, 1989, nó dá éis, agus roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1991, ná 50 faoin gcéad, nó

(iii) i gcás go soláthrófar an t-innealra nó an gléasra lena úsáid an 1ú lá d'Aibreán, 1991, nó dá éis, agus roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1992, ná 25 faoin gcéad,”,

agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) D'ainneoin fho-alt (2), ní dhéanfar aon liúntas arna thabhairt faoi alt 241 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , mar gheall ar chaitheamh agus cuimilt aon innealra nó gléasra cháilithigh a sholáthrófar lena úsáid an 1ú lá d'Aibreán, 1992, nó dá éis, a mhéadú faoin alt seo.”.

Leasú ar alt 251 (liúntais tosaigh maidir le hinnealra agus gléasra) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

73. —Leasaítear leis seo alt 251 den Acht Cánach Ioncaim, 1967

(a) i ndáil le caiteachas caipitiúil a thabhófar an 1ú lá d'Aibreán, 1990, nó dá éis, trí, “agus go mbeidh an t-innealra nó an gléasra sin, fad a úsáidfear chun críocha na trádála sin é, in úsáid go hiomlán agus go heisiach amhlaidh” a chur isteach i ndiaidh “nó feithiclí eile a tharraingt ar bóthar,” i bhfo-alt (1),

(b) trí “nó a thabhófar an 1ú lá d'Aibreán, 1992, nó dá éis” a chur isteach i ndiaidh “1956” i bhfo-alt (3), agus

(c) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (4), i ndiaidh mhír (bb) (a cuireadh isteach le halt 43 den Acht Airgeadais, 1988 ):

“(bbb) i ndáil le caiteachas caipitiúil a tabhaíodh an 1ú lá d'Aibreán, 1991, nó dá éis, agus roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1992, ionann is dá gcuirfí ‘leis an gceathrú’ in ionad ‘leis an gcúigiú’ i bhfo-alt (1),”.

Leasú ar alt 254 (liúntas foirgníochta tionscail) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

74. —Leasaítear leis seo alt 254 (arna leasú le halt 21 (1) den Acht Cánach Corparáide, 1976 ) den Acht Cánach Ioncaim, 1967

(a) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (2A), i ndiaidh mhír (a):

“(aa) i ndáil le caiteachas caipitiúil a tabhaíodh an 1ú lá d'Aibreán, 1991, nó dá éis, agus roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1992, ag foirgniú foirgnimh nó déanmhais a mbeidh liúntas le tabhairt ina leith faoin gCaibidil seo mar gheall ar é a úsáid chun críche a shonraítear i mír (a) nó (b) d'alt 255 (1), ionann is dá gcuirfí ‘leis an gceathrú’ in ionad ‘leis an deichiú’,”,

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2A):

“(2B) D'ainneoin aon fhorála eile den alt seo, ní thabharfar aon liúntas foirgníochta tionscail i leith caiteachais chaipitiúil a thabhófar, an 1ú lá d'Aibreán, 1992, nó dá éis, ag foirgniú foirgnimh nó déanmhais tionscail.”,

agus

(c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(3A) Más rud é, i gcás foirgneamh nó déanmhas, ar foirgneamh nó déanmhas tionscail a bheidh ann, gur cuid d'fhoirgneamh é nó go bhfuil sé ar líon foirgneamh i bhforbairt amháin, nó gur cuid é d'fhoirgneamh atá, é féin, ar líon foirgneamh i bhforbairt amháin, déanfar cibé cionroinnt is gá ar an gcaiteachas a tabhaíodh ag foirgniú an fhoirgnimh ar fad nó an lín foirgneamh, de réir mar a bheidh, d'fhonn an caiteachas a chinneadh a tabhaíodh ag foirgniú an fhoirgnimh nó an déanmhais ar foirgneamh nó déanmhas tionscail a bheidh ann agus is dá réir sin a fhorléireofar tagairtí san alt seo (lena n-áirítear fo-alt (3)) d'fhoirgneamh nó déanmhas.”.

Leasú ar alt 19 (liúntas foirgníochta tionscail maidir le foirgnimh agus déanmhais a cheannófar gan bheith úsáidte) den Acht Airgeadais, 1970 .

75. —Leasaítear leis seo alt 19 (arna leasú le halt 86 den Acht Airgeadais, 1974 ) den Acht Airgeadais, 1970 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) Chun críocha fho-ailt (1) agus (2)—

ní fholaíonn ‘caiteachas a tabhaíodh ag foirgniú foirgnimh nó déanmhais’ aon chaiteachas de réir bhrí alt 256 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ,

ciallaíonn ‘an praghas glan a d'íoc’ duine an méid dá bhfreagraíonn A sa chothromóid—

A = B ×

C

____

C + D

i gcás

gurb é B an méid a d'íoc an duine chun an leas iomchuí i bhfoirgneamh nó i ndéanmhas a cheannach;

gurb é C méid an chaiteachais a tabhaíodh iarbhír ag foirgniú an fhoirgnimh nó an déanmhais;

gurb é D méid aon chaiteachais a tabhaíodh iarbhír ar caiteachas é chun críocha mhír (a), (b) nó (c) d'alt 256 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .”.

Leasú ar alt 25 (méadú ar liúntais síos-scríofa d'fhoirgnimh thionscail áirithe) den Acht Airgeadais, 1978 .

76. —Leasaítear leis seo alt 25 (arna leasú la halt 48 den Acht Airgeadais, 1988 ) den Acht Airgeadais, 1978

(a) trí na fomhíreanna seo a leanas a chur in ionad fhomhír (ii) de mhír (b) d'fho-alt (2):

“(ii) i gcás gur ar an 1ú lá d'Aibreán, 1989, nó dá éis, agus roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1991, a thabhófar an caiteachas cáilitheach, ná 50 faoin gcéad, nó

(iii) i gcás gur ar an 1ú lá d'Aibreán, 1991, nó dá éis, agus roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1992, a thabhófar an caiteachas cáilitheach, ná 25 faoin gcéad,”,

agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) D'ainneoin fho-alt (2), ní dhéanfar aon liúntas arna thabhairt faoi alt 264 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , maidir le caiteachas cáilitheach a thabhófar an 1ú lá d'Aibreán, 1992, nó dá éis, a mhéadú faoin alt seo.”.

Leasú ar alt 22 (feirmeoireacht: liúntais maidir le caiteachas caipitiúil ag déanamh foirgneamh agus oibreacha eile) den Acht Airgeadais, 1974 .

77. —Leasaítear leis seo alt 22 den Acht Airgeadais, 1974

(a) trí na fomhíreanna seo a leanas a chur in ionad fhomhír (ii) de mhír (b) den choinníoll a ghabhann le fo-alt (2):

“(ii) nach mó é san iomlán, i ndáil le caiteachas caipitiúil arna thabhú an 1ú lá d'Aibreán, 1989, nó dá éis, agus roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1991, cibé acu a éilítear é in aon tréimhse inmhuirearaithe amháin nó i mbreis agus tréimhse amháin den sórt sin, ná leath an chaiteachais chaipitiúil sin, agus

(iii) nach mó é san iomlán, i ndáil le caiteachas caipitiúil a thabhófar an 1ú lá d'Aibreán, 1991, nó dá éis, agus roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1992, cibé acu a éilítear é in aon tréimhse inmhuirearaithe amháin nó i mbreis agus tréimhse amháin den sórt sin, ná an ceathrú cuid den chaiteachas caipitiúil sin.”,

agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2B):

“(2C) D'ainneoin aon fhorála eile den alt seo, ní dhéanfar aon liúntas foirgneamh feirme arna thabhairt i ndáil le caiteachas caipitiúil a thabhófar an 1ú lá d'Aibreán, 1992, nó dá éis, a mhéadú faoin alt seo.”.

Leasú ar alt 265 (liúntais chothromaíochta agus muirir chothromaíochta) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

78. —Leasaítear leis seo alt 265 (arna leasú le halt 45 den Acht Airgeadais, 1988 ) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí “ar tugadh liúntas ina leith faoi Chaibidil II de Chuid XV nó faoin gCaibidil seo, agus go dtarlóidh teaghmas ar bith acu seo a leanas” a chur in ionad “agus teagmhas ar bith acu seo a leanas tarlú le linn an foirgneamh nó an déanmhas a bheith ina fhoirgneamh nó ina dhéanmhas tionscail” i bhfo-alt (1).

Leasú ar alt 276 (innealra nó gléasra a úsáideadh go páirteach chun críocha nach críocha trádála) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

79. —Leasaítear leis seo alt 276 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , i ndáil le hinnealra nó gléasra a soláthraíodh lena úsáid chun críocha trádála an 1ú lá d'Aibreán, 1990, nó dá éis, trí “a bhí, fad a bhí se inúsáid amhlaidh, á úsáid go hiomlán agus go heisiach chun na críche sin agus thairis sin” a chur isteach i ndiaidh “a d'úsáid an duine sin chun críocha trádála a bhí á seoladh aige agus”.

Leasú ar alt 51 (feidhm liúntas áirithe i ndáil le limistéir áirithe agus caiteachas áirithe) den Acht Airgeadais, 1988 .

80. —Leasaítear leis seo alt 51 den Acht Airgeadais, 1988 , trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (2), (3) agus (4):

“(2) Beidh éifeacht le halt 251 (arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1990 ) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , i ndáil le caiteachas caipitiúil a tabhaíodh ag soláthar innealra nó gléasra lena mbaineann an t-alt seo ionann is dá ndéanfaí—

(a) ‘nó a thabhófar an 1ú lá d'Aibreán, 1992, nó dá éis’ i bhfo-alt (3) a scriosadh,

(b) míreanna (bb) agus (bbb) d'fho-alt (4) a scriosadh,

(c) an fhoráil seo a leanas a chur in ionad mhír (d) d'fho-alt (4):

‘(d) i ndáil le caiteachas caipitiúil a tabhaíodh an 1ú lá d'Aibreán, 1971, nó dá éis, ionann is dá gcuirfí “le cúig chúigiú” in ionad “leis an gcúigiú cuid” i bhfo-alt (1).’,

agus

(d) fo-alt (7) a scriosadh.

(3) Beidh éifeacht le halt 11 den Acht Airgeadais, 1967 , agus le halt 26 den Acht Airgeadais, 1971 , i ndáil le liúntas a bheidh le tabhairt faoi alt 241 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , maidir le caitheamh agus cuimilt aon innealra nó gléasra lena mbaineann an t-alt seo ionann is dá ndéanfaí—

(a) mír (b) d'fho-alt (2) (arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1990 ) agus fo-alt (2A) (arna chur isteach leis an Acht Airgeadais, 1990 ) den alt sin 11, agus

(b) mír (b) d'fho-alt (2) (arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1990 ) agus fo-alt (2A) (arna chur isteach leis an Acht Airgeadais, 1990 ) den alt sin 26,

a scriosadh.

(4) Beidh éifeacht le halt 254 den Acht Cánach Ionc aim, 1967, agus le halt 25 den Acht Airgeadais, 1978 , i ndáil le caiteachas caipitiúil ag foirgniú foirgnimh tionscail nó áitreabh lena mbaineann an t-alt seo ionann is dá ndéanfaí—

(a) mír (aa) (arna cur isteach leis an Acht Airgeadais, 1990 ) d'fho-alt (2A) agus fo-ailt (2B) (arna chur isteach amhlaidh) agus (7) (arna chur isteach leis an Acht Airgeadais, 1988 ) den alt sin 254, agus

(b) mír (b) d'fho-alt (2) (arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1990 ) agus fo-alt (2A) (arna chur isteach leis an Acht Airgeadais, 1990 ) den alt sin 25,

a scriosadh.”.

Feidhm liúntas áirithe i ndáil le caiteachas áirithe.

81. —(1) Tá feidhm ag an alt seo—

(a) maidir le hinnealra nó gléasra nó le foirgneamh nó déanmhas tionscail a sholáthraítear chun críocha tionscadail a bheidh ceadaithe le haghaidh cúnamh deontais ag an Údarás Forbartha Tionscail, ag Cuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta nó ag Údarás na Gaeltachta ar nó roimh an 31ú lá de Nollaig, 1990, agus

(b) (i) maidir le foirgneamh nó déanmhas atá le bheith ina fhoirgneamh nó déanmhas tionscail de réir bhrí alt 255 (1) (d) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus atá le bheith cláraithe i gclár a choimeádann Bord Fáilte Éireann faoi na hAchtanna um Thrácht Cuartaíochta, 1939 go 1987, agus

(ii) maidir le hinnealra nó gléasra a sholáthraítear chun críocha trádála nó cuid de thrádáil arb éard í trádáil óstóireachta a sheoltar san fhoirgneamh nó sa déanmhas sin,

i gcás conradh ceangailteach chun an foirgneamh nó an déanmhas a sholáthar a bheith déanta roimh an 31ú lá de Nollaig, 1990:

Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an alt seo mura gclárófar an foirgneamh nó an déanmhas sin, laistigh de 6 mhí tar éis an dáta a gcríochnófar an foirgneamh nó an déanmhas sin, i gclár a choimeádann Bord Fáilte Éireann faoi na hAchtanna um Thrácht Cuartaíochta, 1939 go 1987, agus más rud é, de bhua an ailt seo, go mbeidh aon liúntas nó liúntas méadaithe deonaithe, go bhféadfar aon mheasúnachtaí breise is gá a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt don choinníoll seo.

(2) Beidh éifeacht le halt 251 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , i ndáil le caiteachas caipitiúil a tabhaíodh ag soláthar innealra nó gléasra lena mbaineann an t-alt seo, ionann is dá ndéanfaí—

(a) “nó a thabhófar an 1ú lá d'Aibreán, 1992, nó dá éis” (arna chur isteach leis an Acht seo) a scriosadh i bhfo-alt (3),

(b) “agus roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1991,” a scriosadh i bhfomhír (ii) de mhír (bb) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1988 ) d'fho-alt (4), agus

(c) mír (bbb) (arna cur isteach leis an Acht seo) d'fho-alt (4) a scriosadh.

(3) Beidh éifeacht le halt 11 den Acht Airgeadais, 1967 , agus le halt 26 den Acht Airgeadais, 1971 , i ndáil le liúntas a bheidh le tabhairt faoi alt 241 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , maidir le caitheamh agus cuimilt aon innealra nó gléasra lena mbaineann an t-alt seo ionann is dá mba rud é—

(a) i ndáil leis an alt sin 11, nár achtaíodh forálacha alt 71, agus

(b) i ndáil leis an alt sin 26, nár achtaíodh forálacha alt 72.

(4) Beidh éifeacht le halt 254 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , i ndáil le caiteachas caipitiúil a tabhaíodh ag foirgniú foirgnimh nó déanmhais atá le bheith ina fhoirgneamh nó déanmhas tionscail lena mbaineann an t-alt seo, ionann is dá ndéanfaí —

(a) an fhoráil seo a leanas a chur in ionad mhír (a) d'fho-alt (2A):

“(a) i ndáil le caiteachas caipitiúil a tabhaíodh an 16ú lá d'Eanáir, 1975, nó dá éis, ag foirgniú foirgnimh nó déanmhais a mbeidh liúntas le tabhairt ina leith faoin gCaibidil seo mar gheall ar é a úsáid chun críche a shonraítear i mír (a) nó (b) d'alt 255 (1), ionann is dá gcuirfí ‘le leath an chaiteachais’ in ionad ‘leis an deichiú cuid den chaiteachas’, agus”,

(b) mír (aa) (arna cur isteach leis an Acht seo) d'fho-alt (2A) a scriosadh, agus

(c) fo-alt (2B) (arna cur isteach leis an Acht seo) a scriosadh.

(5) Beidh éifeacht le halt 25 den Acht Airgeadais, 1978 , i ndáil le caiteachas caipitiúil a tabhaíodh ag foirgniú foirgnimh nó déanmhais atá le bheith ina fhoirgneamh nó déanmhas tionscail lena mbaineann an t-alt seo ionann is dá mba nár achtaíodh forálacha alt 76.