Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL AN COINBHINSIÚN AR AN gCONRADH LE hAGHAIDH IOMPAR IDIRNÁISIÚNTA EARRAÍ DE BHÓTHAR (CMR) AGUS PRÓTACAL 1978 LEIS AN gCOINBHINSIÚN SIN)

13 1990

/images/harp.jpg


Uimhir 13 de 1990


AN tACHT UM IOMPAR IDIRNÁISIÚNTA EARRAÍ DE BHÓTHAR, 1990


RIAR NA nALT

Alt

1.

Léiriú.

2.

Feidhm dlí le bheith ag CMR sa Stát.

3.

Feidhmiú achtachán áirithe i ndáil le CMR.

4.

Dámhachtainí eadrána agus breithiúnais a aithint agus a fhorfheidhmiú.

5.

Cúirteanna etc. sa Stát do sholáthar doiciméad áirithe do pháirtithe leasmhara.

6.

Méideanna in aonaid chuntais a chomhshó in airgeadra an Stáit chun críocha CMR.

7.

Cionta i ndáil le nótaí coinsíneachta.

8.

Caiteachais.

9.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

AN SCEIDEAL

An Coinbhinsiún ar an gConradh le haghaidh Iompar Idirnáisiúnta Earraí de Bhóthar (CMR) agus Prótacal 1978 leis an gCoinbhinsiún sin

CUID I

An Coinbhinsiún ar an gConradh le haghaidh Iompar Idirnáisiúnta Earraí de Bhóthar (CMR) a rinneadh sa Ghinéiv an 19ú lá de Bhealtaine, 1956

CUID II

An Prótacal leis an gCoinbhinsiún ar an gConradh le haghaidh Iompar Idirnáisiúnta Earraí de Bhóthar (CMR) a rinneadh sa Ghinéiv an 5ú lá d'Iúil, 1978


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Eadrána, 1954

1954, Uimh. 26

Carriers Act, 1830

1830, c. 68

Acht na gCuideachtaí, 1963

1963, Uimh. 33

An tAcht Seirbhísí Dóiteáin, 1981

1981, Uimh. 30

Railway and Canal Traffic Act, 1854

1854, c. 31

Sale of Goods Act, 1893

1893, c. 71

An tAcht um Dhíol Earraí agus Soláthar Seirbhísí, 1980

1980, Uimh. 16

Reacht na dTréimhsí, 1957

1957, Uimh. 6

An tAcht Iompair, 1958

1958, Uimh. 19

/images/harp.jpg


Uimhir 13 de 1990


AN tACHT UM IOMPAR IDIRNÁISIÚNTA EARRAÍ DE BHÓTHAR, 1990

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO THABHAIRT FEIDHM DLÍ DON CHOINBHIN-SIÚN AR AN gCONRADH LE hAGHAIDH IOMPAR IDIRNÁISIÚNTA EARRAÍ DE BHÓTHAR A RINNEADH SA GHINÉIV AN 19ú LÁ DE BHEALTAINE, 1956, AGUS DON PHRÓTACAL LEIS AN gCOINBHINSIÚN SIN A RINNEADH SA GHINÉIV AN 5ú LÁ d'IÚIL, 1978, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ LE hAGHAIDH NITHE COMH-GHAOLMHARA. [27 Meitheamh, 1990]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo—

tá le “caingean” an bhrí a shanntar dó le Reacht na dTréimhsí, 1957 ;

tá le “comhaontú eadrána” an bhrí a shanntar dó leis an Acht Eadrána, 1954 ;

ciallaíonn “dámhachtain” dámhachtain in eadráin de bhun CMR i stát ar Páirtí Conarthach é (seachas an Stát);

ciallaíonn “CMR” an Coinbhinsiún ar an gConradh le haghaidh Iompar Idirnáisiúnta Earraí de Bhóthar a rinneadh sa Ghinéiv an 19ú lá de Bhealtaine, 1956 (a bhfuil an téacs de, sa Bhéarla, leagtha amach i gCuid I den Sceideal mar áis tagartha) arna leasú leis an bPrótacal a rinneadh sa Ghinéiv an 5ú lá d'Iúil, 1978 (a bhfuil an téacs de, sa Bhéarla, leagtha amach i gCuid II den Sceideal mar áis tagartha);

ciallaíonn “Páirtí Conarthach” stát is páirtí i CMR;

tá le “údarás dóiteáin” an bhrí a shanntar dó le halt 9 den Acht Seirbhísí Dóiteáin, 1981 ;

ciallaíonn “breithiúnas” breithiúnas ó chúirt inniúil nó ó bhinse eile i stát (ar Páirtí Conarthach é (seachas an Stát)) a bhfuil feidhm ag Airteagal 31 de CMR maidir leis;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Turasóireachta agus Iompair.

(2) Is iad na daoine atá, chun críocha an Achta seo, bainteach le hearraí a iompar de bhóthar faoi chonradh a bhfuil feidhm ag CMR maidir leis ná—

(a) seoltóir na n-earraí,

(b) an coinsíní,

(c) iompróir is páirtí sa chonradh, cibé acu de réir Airteagal 34 de CMR nó ar shlí eile,

(d) duine a bhfuil an t-iompróir freagach as de bhua Airteagal 3 de CMR, agus

(e) duine a mbeidh cearta nó dliteanais aon duine de na daoine dá dtagraítear i míreanna (a) go (d) glactha aige air féin.

(3) San Acht seo—

(a) aon tagairt d'alt nó don Sceideal is tagairt í d'alt den Acht seo nó don Sceideal a ghabhann leis an Acht seo mura léirítear gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe, agus

(b) aon tagairt d'fho-alt, do mhír nó d'fhomhír is tagairt í don fho-alt, don mhír nó don fhomhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt mura léirítear gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.

(4) Forléireofar aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán mar thagairt don achtachán sin arna leasú nó arna oiriúnú le haon achtachán, nó faoi aon achtachán, ina dhiaidh sin.

Feidhm dlí le bheith ag CMR sa Stát.

2. —(1) Faoi réir fhorálacha an Achta seo, beidh feidhm dlí ag CMR sa Stát agus tabharfar aird bhreithiúnach air.

(2) (a) Féadfaidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Gnóthaí Eachtracha, a dhearbhú le hordú—

(i) gur Páirtí Conarthach aon stát a bheidh sonraithe san ordú, nó

(ii) go bhfuil dearbhú (a mbeidh a théacs leagtha amach san ordú) déanta de bhun Airteagal 46 de CMR chun Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe.

(b) Ordú a bheidh i bhfeidhm faoin bhfo-alt seo—

(i) is fianaise é, maidir le haon dearbhú faoi mhír (a) (i) a bheidh san ordú, gur Páirtí Conarthach aon stát a bheidh sonraithe san ordú, agus

(ii) is fianaise é, maidir le haon dearbhú faoi mhír (a) (ii) a bheidh san ordú, go ndearnadh an dearbhú de bhun Airteagal 46 de CMR lena mbaineann sé agus is fianaise é ar an ábhar ann.

(c) Féadfaidh an tAire, le hordú, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Gnóthaí Eachtracha, ordú faoin bhfo-alt seo, lena n-áirítear ordú faoin mír seo, a leasú nó a chúlghairm agus déanfar an tagairt i mír (b) do ordú a bheidh i bhfeidhm a fhorléiriú, maidir le hordú den sórt sin a leasaítear le hordú a bheidh i bhfeidhm faoin mír seo, mar thagairt don ordú céadluaite arna leasú amhlaidh.

(3) Leagfar ordú faoin alt seo faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta.

Feidhmiú achtachán áirithe i ndáil le CMR.

3. —(1) D'ainneoin alt 7 de Reacht na dTréimhsí, 1957 , beidh feidhm ag Cuid III den Acht sin i ndáil le caingne i leith iompair nó mar gheall ar iompar a bhfuil feidhm ag CMR maidir leis.

(2) Beidh feidhm ag Codanna I agus II den Acht Eadrána, 1954 , maidir le headrána i leith iompair nó mar gheall ar iompar a bhfuil feidhm ag CMR maidir leis amhail is dá mba eadrána de bhun comhaontuithe eadrána na headrána agus amhail is dá mba chomhaontú eadrána CMR, ach amháin a mhéid a bheidh an Chuid sin II ar neamhréir le CMR nó le haon rialacha nó nós imeachta a údaraítear nó a aithnítear le CMR.

(3) Ní bheidh feidhm ag an Carriers Act, 1830, ag alt 7 den Railway and Canal Traffic Act, 1854, ag an Sale of Goods Act, 1893, ná ag an Acht um Dhíol Earraí agus Soláthar Seirbhísí, 1980 , i ndáil le conarthaí le haghaidh iompar earraí más iompar é an t-iompar a bhfuil feidhm ag CMR maidir leis.

(4) D'ainneoin alt 8 den Acht Iompair, 1958 , aon chonradh a dhéanfaidh Córas Iompair Éireann nó fochuideachta (de réir bhrí Acht na gCuideachtaí, 1963 ) de chuid Chóras Iompair Éireann le haghaidh iompar earraí aige nó aici, agus ar iompar é a mbeidh feidhm ag CMR maidir leis, beidh sé ar comhréir le forálacha CMR.

(5) (a) Aon iompróir a bheartaíonn aon earraí a dhíluchtú, a dhíothú, nó an dochar a bhaint astu de bhun Airteagal 22 (2) de CMR—

(i) tabharfaidh sé fógra faoin mbeartú

(I) don Údarás Náisiúnta um Shábháilteacht agus Sláinte Ceirde nó do dhuine a bheidh údaraithe ag an Údarás sin chun críocha na míre seo, agus

(II) don údarás dóiteáin ar ina limistéar feidhmiúcháin a bheidh an beartú le cur i gcrích nó do dhuine a bheidh údaraithe ag an údarás dóiteáin sin chun críocha na míre seo, agus

(III) do chomhalta den Gharda Síochána ag stáisiún Gharda Síochána don áit ina mbeidh an beartú le cur i gcrích, agus

(IV) i gcás aon substainte arb eol, nó a bhfuil drochamhras, é a bheith radaighníomhach, don Bhord Fuinnimh Núicléigh nó do dhuine a bheidh údaraithe ag an mBord sin chun críocha na míre seo,

sula gcuirfear an beartú i gcrích agus, mura rud é nach féidir le réasún déanamh amhlaidh, déanfaidh sé amhlaidh 24 uair an chloig ar a laghad sula gcuirfear i gcrích é, agus

(ii) déanfaidh sé gach beart praiticiúil, lena n-áirítear déanamh de réir aon orduithe a thabharfaidh an tÚdarás, an t-údarás dóiteáin, nó an Bord, a dúradh nó an comhalta den Gharda Síochána lena mbaineann, nó a thabharfaidh duine a bheidh údaraithe acu chun díobháil nó baol díobhála d'aon duine nó damáiste nó baol damáiste do mhaoin nó don chomhshaol a chosc.

(b) Beidh iompróir a sháróidh mír (a) ciontach i gcion agus dlífear—

(i) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air, nó

(ii) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £50,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 3 bliana, nó iad araon, a chur air.

(c) Féadfaidh an tÚdarás Náisiúnta um Shábháilteacht agus Sláinte Ceirde, an Bord Fuinnimh Núicléigh, an t-údarás dóiteáin ar ina limistéar feidhmiúcháin a rinneadh an cion nó comhalta den Gharda Síochána cion achomair faoin bhfo-alt seo a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh.

Dámhachtainí eadrána agus breithiúnais a aithint agus a fhorfheidhmiú.

4. —(1)  (a) Más rud é, maidir le dámhachtain a dhéanfar nó breithiúnas a thabharfar in imeachtaí i stát, ar Páirtí Conarthach (seachas an Stát) é, i leith iompair nó mar gheall ar iompar a bhfuil feidhm ag CMR maidir leis, go ndéanfar iarratas chun na hArd-Chúirte ar an dámhachtain nó an breithiúnas a aithint nó a fhorfheidhmiú, féadfaidh an Chúirt sin faoi réir fhorálacha an ailt seo ordú a dhéanamh go n-aithneofar nó go bhforfheidhmeofar an dámhachtain nó an breithiúnas a mhéid nach mbeidh an céanna comhlíonta.

(b) Más rud é, ar iarratas faoi mhír (a) chun dámhachtain nó breithiúnas a fhorfheidhmiú, go dtaispeánfar—

(i) go ndéanann an dámhachtain nó an breithiúnas foráil chun suim airgid a íoc, agus

(ii) de réir dhlí an Pháirtí Chonarthaigh ina ndearnadh an dámhachtain nó inar tugadh an breithiúnas, go mbeidh ús ar an tsuim sin inghnóthaithe faoin dámhachtain nó faoin mbreithiúnas de réir ráta nó rátaí áirithe agus ó dháta nó ó am áirithe, forálfaidh an t-ordú, má dhéantar é, go ndlífidh an duine ag a mbeidh an tsuim a dúradh iníoctha an t-ús a dúradh a íoc freisin, ar leith ó aon ús ar chostais is inghnóthaithe de bhua mhír (c), de réir na sonraí a bheidh nótáilte san ordú, agus beidh méid an úis inghnóthaithe ag an iarratasóir lena mbaineann amhail is dá mba chuid é den tsuim a dúradh.

(c) Féadfaidh ordú dá dtagraítear i mír (b), de rogha na hArd-Chúirte, a fhoráil go n-íocfaidh an freagróir lena mbaineann leis an iarratasóir lena mbaineann na costais réasúnacha a bhaineann nó a ghabhann leis an iarratas ar an ordú.

(d) Aon duine a mbeidh costais is inghnóthaithe de bhua mhír (c) iníoctha aige dlífidh sé ús a íoc ar na costais amhail is dá mba ábhar ordaithe iad chun costais a íoc a rinne an Ard-Chúirt ar an dáta a rinneadh an t-ordú iomchuí faoi mhír (a).

(e) Ní bheidh ús iníoctha ar shuim dá dtagraítear i mír (a) ach amháin de réir mar a fhoráiltear leis an bhfo-alt seo.

(2) Dámhachtain nó breithiúnas a mbeidh ordú déanta ina leith faoi fho-alt (1) chun í nó é a fhorfheidhmiú, beidh, a mhéid a údaraítear leis an ordú an dámhachtain nó an breithiúnas sin a fhorfheidhmiú, an fheidhm agus an éifeacht chéanna aici nó aige agus, chun an dámhachtain nó, de réir mar a bheidh, an breithiúnas a fhorfheidhmiú, nó maidir le forfheidhmiú an chéanna, beidh na cumhachtaí céanna ag an Ard-Chúirt, agus féadfar imeachtaí a thionscnamh, amhail is dá mba eadráin de bhun comhaontaithe eadrána an eadráin lena mbaineann nó, de réir mar a bheidh, amhail is dá mba bhreithiúnas ón Ard-Chúirt an breithiúnas.

(3) (a) Cuirfear na doiciméid seo a leanas ag gabháil le hiarratas faoi fho-alt (1):

(i) an dámhachtain nó an breithiúnas bunaidh lena mbaineann nó cóip den chéanna (agus é deimhnithe ag an eadránaí lena mbaineann, nó ag breitheamh na cúirte lena mbaineann, nó ag oifigeach don chúirt sin, gur cóip dhílis an chóip),

(ii) an doiciméad bunaidh nó cóip de (agus é deimhnithe ag an eadránaí lena mbaineann, nó ag breitheamh na cúirte lena mbaineann, nó ag oifigeach don chúirt sin, gur cóip dhílis an chóip) ar doiciméad é a bheidh sínithe ag an eadránaí, ag an mbreitheamh nó ag an oifigeach a dúradh agus a déarfaidh go bhfuil an dámhachtain nó an breithiúnas infheidhmithe sa stát lena mbaineann (ar Páirtí Conarthach é).

(iii) más rud é gur mainneachtain ba chúis leis an dámhachtain a dúradh a dhéanamh, nó an breithiúnas a dúradh a thabhairt, an doiciméad bunaidh nó cóip de (agus é deimhnithe ag an duine a thug fógra i dtaobh na n-imeachtaí don duine ar ina choinne a lorgaítear forfheidhmiú gur cóip dhílis an chóip) ar doiciméad é a shuífidh gur tugadh fógra cuí don duine deireanach sin, agus

(iv) an doiciméad bunaidh nó cóip de (agus é deimhnithe ag an eadránaí lena mbaineann, nó ag breitheamh na cúirte lena mbaineann, nó ag oifigeach don chúirt sin, gur cóip dhílis an chóip) ar doiciméad é a shuífidh go bhfuair an duine ar ina choinne a lorgaítear forfheidhmiú fógra i dtaobh na dámhachtana nó an bhreithiúnais in am cuí.

(b) Chun críocha an Achta seo—

(i) doiciméad a airbheartaíonn a bheith deimhnithe mar a shonraítear i mír (a) (i) agus a bheith ina chóip de dhámhachtain nó de bhreithiúnas, measfar, gan tuilleadh cruthúnais, gur cóip dhílis é den dámhachtain nó den bhreithiúnas, mura léirítear a mhalairt,

(ii) an doiciméad bunaidh a shonraítear i bhfomhír (ii), (iii) nó (iv) de mhír (a) nó cóip a airbheartaíonn a bheith deimhnithe mar a shonraítear san fhomhír (ii), (iii) nó (iv) sin, is fianaise é nó í, mura léirítear a mhalairt, ar aon ní a bheidh ráite sa doiciméad,

(iii) doiciméad a airbheartaíonn a bheith ina aistriúchán ar dhoiciméad a shonraítear i mír (a) agus a bheith deimhnithe mar dhoiciméad cruinn ag duine atá inniúil chun sin a dhéanamh, measfar, gan tuilleadh cruthúnais, gurb é an t-aistriúchán sin é mura léirítear a mhalairt.

Cúirteanna etc. sa Stát do sholáthar doiciméad áirithe do pháirtithe leasmhara.

5. —Maidir le dámhachtain a dhéantar nó breithiúnas a thugtar in imeachtaí sa Stát i leith iompair, nó mar gheall ar iompar, a bhfuil feidhm ag CMR maidir leis, tabharfaidh an t-eadránaí lena mbaineann nó cláraitheoir nó cléireach na cúirte lena mbaineann, de réir mar is iomchuí, do pháirtí leasmhar, ar iarraidh ón bpáirtí leasmhar sin agus, i gcás an bhreithiúnais, faoi réir aon choinníollacha a bheidh sonraithe le rialacha cúirte—

(a) cóip den dámhachtain nó den bhreithiúnas, agus é deimhnithe ag an éadránaí nó ag cláraitheoir nó cléireach na cúirte, de réir mar is iomchuí, gur cóip dhílis den dámhachtain nó den bhreithiúnas an chóip,

(b) deimhniú a bheidh sínithe ag an eadránaí nó ag cláraitheoir nó cléireach na cúirte, de réir mar is iomchuí, ina ndeirtear—

(i) cén cineál imeachtaí iad,

(ii) an dáta a rachaidh an t-am chun achomharc a thionscnamh i gcoinne na dámhachtana nó an bhreithiúnais in éag nó, i gcás é bheith imithe in éag, an dáta a ndeachaigh sé in éag,

(iii) cibé acu atá nó nach bhfuil achomharc i gcoinne na dámhachtana nó an bhreithiúnais tionscanta nó, in aon chás nach láithreoidh páirtí eile sna himeachtaí, imeachtaí tionscanta chun an dámhachtain nó an breithiúnas a chur ar ceal,

(iv) más le haghaidh suim airgid a íoc an dámhachtain nó an breithiúnas, an ráta úis (más ann) is iníoctha ar an tsuim agus an dáta óna mbeidh aon ús iníoctha, agus

(v) i gcás an bhreithiúnais, cibé sonraí eile (más ann) a bheidh sonraithe le rialacha cúirte, agus

(c) i gcás gur d'éagmais láithriú a rinneadh an dámhachtain nó a tugadh an breithiúnas, an doiciméad bunaidh nó cóip de, a mbeidh sé deimhnithe ag an eadránaí nó ag cláraitheoir nó cléireach na cúirte, de réir mar is iomchuí, gur cóip dhílis an chóip, ar doiciméad é a shuífidh gur seirbheáladh fógra faoi thionscnamh na n-imeachtaí lena mbaineann ar an duine a rinne mainneachtain.

Méideanna in aonaid chuntais a chomhshó in airgeadra an Stáit chun críocha CMR.

6. —(1) Chun a chinneadh cé mhéid cúitimh in airgeadra an Stáit is féidir a dhámhachtain de bhun CMR in imeachtaí in aon chúirt nó in aon bhinse eile i leith iompair nó mar gheall ar iompar a bhfuil feidhm ag CMR maidir leis, glacfar leis gurb é an luach, in airgeadra an Stáit, atá ag aonad cuntais a bheidh sonraithe i CMR ná an luach, arna fhionnadh de réir CMR, san airgeadra sin, a bhí ag aonad cuntais den sórt sin an lá a ndearnadh an dámhachtain nó, mura féidir an luach a bhí aige ar an lá sin a fhionnadh amhlaidh, a luach san airgeadra sin ar an lá is déanaí roimh an lá sin ar ar féidir an luach a fhionnadh amhlaidh.

(2) Chun críocha an ailt seo, aon deimhniú a airbheartaíonn a bheith sínithe ag oifigeach do Bhanc Ceannais na hÉireann ina ndeirtear—

(a) gur méid sonraithe in airgeadra an Stáit an luach a bhí ag aonad cuntais den sórt sin ar lá sonraithe, nó

(b) nach féidir an luach in airgeadra an Stáit a bhí ag aonad cuntais den sórt sin ar lá sonraithe a fhionnadh de réir CMR agus gur méid sonraithe in airgeadra an Stáit an luach, arna ríomh de réir CMR, a bhí ag aonad cuntais den sórt sin ar lá sonraithe (arb é an lá is déanaí é roimh an lá sonraithe céadluaite ar ar féidir an luach sin a fhionnadh mar a dúradh),

beidh sé inghlactha mar fhianaise ar na fíorais atá ráite sa deimhniú.

Cionta i ndáil le nótaí coinsíneachta.

7. —(1) Beidh duine ciontach i gcion—

(a) más rud é, le linn dó aon fhaisnéis a thabhairt is gá a thabhairt i nóta coinsíneachta chun críocha CMR, go ndéanann sé ráiteas is eol dó a bheith bréagach i bponc ábhartha nó go ndéanann sé ráiteas go meargánta atá bréagach i bponc ábhartha, nó

(b) má dhéanann sé, le hintinn mheabhlaireachta, doiciméad a bhrionnú á airbheartú gur nóta coinsíneachta den sórt sin é nó aon nóta coinsíneachta den sórt sin a athrú nó a úsáid nó má bhíonn aon doiciméad atá cosúil go maith le haon nóta coinsíneachta den sórt sin ina sheilbh aige,

agus dlífear—

(i) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air, nó

(ii) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £50,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 3 bliana, nó iad araon, a chur air.

(2) (a) I gcás cion faoi fho-alt (1) a bheith déanta ag comhlacht corpraithe agus go gcruthófar go ndearnadh é le toiliú nó le cúlcheadú, nó go bhfuil sé inchurtha i leith aon fhaillí ar thaobh, aon duine is stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí nó oifigeach eile don chomhlacht corpraithe, nó duine a bhí ag airbheartú gníomhú in aon cháil den sórt sin, beidh an duine sin freisin ciontach i gcion agus dlífear imeachtaí a shaothrú ina choinne agus é a phionósú amhail is dá mbeadh sé ciontach sa chion céadluaite.

(b) I gcás go bhfuil gnóthaí comhlachta chorpraithe á mbainisteoireacht ag a chomhaltaí, beidh feidhm ag mír (a) i ndáil le gníomhartha agus mainneachtainí comhalta i dtaca lena fheidhmeanna bainisteoireachta amhail is dá mba é stiúrthóir nó bainisteoir an chomhlachta chorpraithe é.

(3) Féadfaidh an tAire cion achomair faoi fho-alt (1) a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh.

Caiteachais.

8. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo, a mhéid a bheidh ceadaithe ag an Aire Airgeadais, a íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

9. —(1) Féadfar an tAcht um Iompar Idirnáisiúnta Earraí de Bhóthar, 1990 , a ghairm den Acht seo.

(2) (a) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh i ndáil le hiompar (seachas iompar dá dtagraítear i mír (b)) ar an lá a dtagann CMR i bhfeidhm i leith an Stáit de réir théarmaí Airteagal 43 (2) de CMR agus ní bheidh feidhm aige i ndáil le conarthaí le haghaidh an iompair sin a dhéanfar roimh an lá sin agus dearbhóidh an tAire, le hordú a dhéanfar roimh an lá sin, cén lá a dtagann CMR i bhfeidhm i leith an Stáit agus gurb é an dáta sin an dáta, de réir an fho-ailt seo, a dtiocfaidh an tAcht seo i ngníomh i ndáil leis an iompar réamhráite agus is fianaise an t-ordú ar an dáta ar tháinig CMR i bhfeidhm i leith an Stáit.

(b) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh i ndáil le hiompar idir an Stát agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann ar cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú agus ní bheidh feidhm aige i ndáil le conarthaí le haghaidh an iompair sin a dhéanfar roimh an lá sin.