An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II Bearta chun Láithreáin Thréigthe a Chosc agus a Rialú) Ar Aghaidh (CUID IV Ionchúisimh)

14 1990

AN tACHT UM LÁITHREÁIN THRÉIGTHE, 1990

CUID III

Tobhach ar Láithreáin Thréigthe

Limistéar forordaithe.

21. —Féadfaidh an tAire a fhorordú gur limistéar uirbeach chun críche an Achta seo aon limistéar nach cuid de chontaebhuirg; nó buirg eile, ceantar uirbeach nó baile mór é.

Margadhluach talún uirbí.

22. —(1) A luaithe is féidir tar éis talamh uirbeach a iontráil ar an gclár, agus ar a laghad uair amháin gach cúig bliana ina dhiaidh sin, cinnfidh údarás áitiúil margadhluach talún uirbí trí mheastachán a dhéanamh nó trí chur faoi deara meastachán a dhéanamh ar an bpraghas a rachadh feo simplí neamhualaithe na talún sin dá ndíolfaí é ar an margadh oscailte ar an dáta luachála i cibé slí agus faoi cibé dálaí a bhféadfaí le réasún a bheith ag súil go bhfaighfí an margadhphraghas is fearr ar an talamh don díoltóir.

(2) Déanfaidh an t-údarás áitiúil meastachán ar mhargadhluach na talún uirbí i cibé slí agus ar cibé dóigh is cuí leo agus féadfaidh siad a údarú do dhuine a bheidh cáilithe go hoiriúnach chuige sin an talamh uirbeach a iniúchadh agus luach na talún sin a thuairisciú dóibh agus tabharfaidh an duine a mbeidh an mhaoin sin ina sheilbh nó ina choimeád cead don duine a bheidh údaraithe amhlaidh iniúchadh a dhéanamh cibé tráthanna réasúnacha a mheasfaidh an t-údarás áitiúil a bheith riachtanach.

(3) I gcás go mbeidh údarás áitiúil tar éis margadhluach talún uirbí a chinneadh, déanfaidh siad mionsonraí an chinnidh a iontráil sa chlár (maille le dáta na hiontrála sa chlár), agus seirbheálfaidh siad fógra ar úinéir na talún a dúradh i dtaobh na luachála nó na luachála athbhreithnithe, de réir mar a bheidh, a bheidh curtha acu ar an talamh a dúradh, agus san fhógra a dúradh cuirfear in iúl don úinéir gur féidir leis achomharc a dhéanamh chuig an mBinse i gcoinne an chinnidh a bheidh déanta ag an údarás áitiúil, laistigh d'ocht lá is fiche ón lá a mbeidh an fógra faighte aige.

(4) Féadfaidh úinéir ar thalamh uirbeach achomharc a dhéanamh chun an Bhinse i gcoinne cinneadh a dhéanfaidh údarás áitiúil faoi fho-alt (1).

(5) Is é an Binse a éistfidh agus a chinnfidh achomhairc faoi fho-alt (4).

(6) Faoi réir cead achomhairc chun na hArd-Chúirte ar cheist dlí, is cinneadh críochnaitheach cinneadh an Bhinse.

(7) Beidh, in achomharc chun an Bhinse, ráiteas i dtaobh na bhforas sonrach a bheidh leis an achomharc.

(8) Cuirfidh an Binse cóip de gach achomharc a gheobhaidh sé chuig an údarás áitiúil a chinn margadhluach talún uirbí (agus is é an t-údarás áitiúil an freagróir san achomharc lena mbaineann, agus beidh siad i dteideal éisteacht a fháil agus fianaise a thabhairt ar aird ag éisteacht an achomhairc) agus chuig aon duine eile ar dóigh leis an mBinse go bhfearann an cinneadh go díreach air agus beidh aon duine den sórt sin i dteideal éisteacht a fháil agus fianaise a thabhairt ar aird ag éisteacht an achomhairc.

(9) Má tá aon leasú le déanamh ar mhargadhluach aon talún uirbí iomchuí de bhun cinneadh a dhéanfaidh an Binse nó breith a dhéanfaidh an Ard-Chúirt i ndáil le hachomharc faoin alt seo, tabharfaidh an Binse fógra i scríbhinn faoi leasú don údarás áitiúil lena mbaineann, agus cuirfidh siadsan an leasú sin in iúl d'úinéir na talún sin agus cuirfidh siad faoi deara an iontráil iomchuí sa chlár a leasú le héifeacht ón dáta a ndéanfar an iontráil dá dtagraítear i bhfo-alt (3).

(10) Beidh feidhm ag ailt 5 agus 7 den Acht Luachála, 1988 , maidir le cinneadh achomhairc faoin alt seo mar atá feidhm acu maidir le hachomhairc faoin Acht sin.

Tobhach ar thalamh uirbeach.

23. —(1) Déanfar tobhach dá ngairfear an tobhach ar láithreáin thréigthe a mhuirearú, a thobhach agus a íoc i leith gach bliana airgeadais áitiúla ag tosú cibé bliain a bheidh forordaithe, i leith na talún uirbí go léir a mbeidh margadhluach cinnte i ndáil leis agus a bheidh iontráilte ar an gclár ar an gcéad lá d'Eanáir sa bhliain airgeadais áitiúil sin.

(2) Íocfaidh an t-úinéir ar thalamh uirbeach an tobhach ar láithreáin thréigthe leis an údarás áitiúil a bhfuil an talamh a dúradh suite ina limistéar feidhmiúcháin.

(3) Is é is méid don tobhach ar láithreáin thréigthe—

(a) trí faoin gcéad de mhargadhluach na talún uirbí lena mbaineann, i leith na bliana airgeadais áitiúla a fhorordaítear de réir fho-alt (1), agus

(b) i leith aon bhliana den sórt sin ina dhiaidh sin cibé méid nach mó ná deich faoin gcéad a bheidh forordaithe i leith gach limistéir uirbigh nó mura mbeidh aon mhéid den sórt sin forordaithe trí faoin gcéad den mhargadhluach a dúradh.

(4) Má bheartaítear tobhach a fhorordú i leith limistéir uirbigh ar tobhach é a bheadh méid is mó ná dó faoin gcéad de mhargadhluach na talún uirbí lena mbaineann níos mó ná an tobhach a bhí i bhfeidhm i leith an limistéir sin sa bhliain airgeadais áitiúil roimhe sin leagfar dréacht de na rialacháin lena mbaineann faoi bhráid gach Tí den Oireachtas tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh na bliana airgeadais áitiúla agus ní dhéanfar na rialacháin mura mbeidh rún ag ceadú an dréachta déanta ag gach Teach acu sin.

(5) Faoi réir fho-alt (6), beidh an tobhach ar láithreáin thréigthe iníoctha ar éileamh chuige sin a bheith déanta ag an údarás áitiúil; agus mura n-íocfar é laistigh de dhá mhí tar éis dó teacht chun bheith iníoctha, beidh sé inghnóthaithe mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(6) Féadfaidh údarás áitiúil foráil a dhéanamh chun an tobhach ar láithreáin thréigthe a íoc i dtráthchodanna.

(7) Má scoireann talamh uirbeach de bheith ina thalamh tréigthe aon tráth le linn bliana airgeadais áitiúla, déanfar méid an tobhaigh ar láithreáin thréigthe dá dtagraítear i bhfo-alt (3) a laghdú maidir leis an talamh uirbeach sin de mhéid a chinnfear leis an bhfoirmle—

A

 

×

 

B

_____

365

i gcás—

(a) gurb é “A” an líon laethanta a bheidh fágtha sa bhliain airgeadais áitiúil tar éis an ama ar scoir an talamh uirbeach de bheith ina thalamh tréigthe, agus

(b) gurb é “B” méid an tobhaigh ar láithreáin thréigthe maidir leis an talamh uirbeach, a cinneadh de réir fho-alt (3),

agus déanfar, dá réir sin, aon choigeartú ar mhodh aisíoca nó fritháirimh, de réir mar is iomchuí, i ndáil le haon mhéideanna a bheidh íoctha maidir le tobhach ar láithreáin thréigthe nó aon mhéideanna a bheidh dlite maidir leis an tobhach sin i ndáil leis an mbliain airgeadais áitiúil sin.

(8) Má bhíonn aon mhéid de thobhach ar láithreáin thréigthe dlite agus neamhíoctha i leith tréimhse dar tosach dhá mhí tar éis an dáta a n-éilítear é, déanfaidh an duine a dhlífidh an méid a bheidh dlite a íoc ús simplí a íoc leis an údarás áitiúil lena mbaineann, gan cáin ioncaim a bheith asbhainte, ar an méid agus ríomhfar an t-ús de réir 1.25 faoin gcéad in aghaidh gach míosa nó cuid de mhí a bheidh sa tréimhse agus beidh an t-ús sin dlite agus iníoctha dhá sheachtain tar éis an dáta a gceanglóidh an t-údarás áitiúil lena mbaineann, trí fhógra a sheirbheálfar ar an duine lena mbaineann, an t-ús a íoc.

(9) Más rud é go n-athrófar margadhluach aon talún uirbí le cinneadh ón mBinse nó le breith ón Ard-Chúirt i ndáil le hachomharc faoi alt 22, agus más rud é dá dhroim sin, ag féachaint d'fho-alt (9) d'alt 22, go leasófar an iontráil iomchuí sa chlár, is faoi threoir an mhargadhluacha arna athrú amhlaidh a chinnfear méid an tobhaigh ar láithreáin thréigthe maidir leis an talamh uirbeach sin; agus i gcás méid eile maidir leis an tobhach ar láithreáin thréigthe a bheith íoctha cheana, déanfaidh an t-údarás áitiúil, i gcás go laghdaítear an margadhluach, aon mhéid a aisíoc a bheidh íoctha de bhreis ar an tsuim a bheadh iníoctha dá mba é an margadhluach mar a athraíodh é ar achomharc a bhí sa mhargadhluach i dtosach, agus má mhéadaítear an margadhluach, féadfaidh an t-údarás áitiúil an tobhach a éileamh i leith mhéid an mhéadaithe.

(10) Féadfaidh údarás áitiúil an tobhach ar láithreáin thréigthe a mhuirearú agus a thobhach maidir le talamh uirbeach d'ainneoin achomharc a bheith ar feitheamh chun an Bhinse i ndáil le margadhluach na talún uirbí sin.

An tobhach ar láithreáin thréigthe chun bheith ina mhuirear ar thalamh.

24. —(1) Más rud é go mbeidh tobhach ar láithreáin thréigthe i leith aon bhliana airgeadais áitiúla nó aon chuid di dlite tiocfaidh méid an tobhaigh agus an t-ús a bheidh dlite agus iníoctha air chun bheith, ar an dáta a dtiocfaidh sé chun bheith dlite agus iníoctha amhlaidh, ina mhuirear ar an talamh uirbeach iomchuí agus leanfaidh sé de bheith ina mhuirear amhlaidh go dtí go n-íocfar é.

(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) in aon chás ina ndéanfar ordú dílseacháin i ndáil le láithreán tréigthe.

Bannaí.

25. —(1) Más deimhin le húdarás áitiúil go bhfuil talamh uirbeach ag teastáil ó úinéir na talún sin chun scéim forbartha maoine a chur i gcrích a fholaíonn an talamh, agus a mbeidh cead faoi Chuid IV den Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 , deonaithe di nó a mbeidh iarratas ar chead den sórt sin nó achomharc faoi Chuid IV den Acht sin déanta i ndáil léi agus nach mbeidh sé sin diúltaithe féadfaidh an t-úinéir, le toiliú an údaráis áitiúil, dul faoi bhanna in ionad an tobhach ar láithreáin thréigthe a íoc go ceann tréimhse bliana airgeadais áitiúla nó blianta airgeadais áitiúla ach gan dul thar chúig bliana airgeadais áitiúla.

(2) San alt seo ciallaíonn “banna” ráthaíocht arna hurrú le banc nó cuideachta árachais go ndéanfar, mura gcuirfear an scéim forbartha dá dtagraítear i bhfo-alt (1), nó scéim atá cosúil léi tríd is tríd, i gcrích roimh dheireadh na tréimhse dá dtagraítear i bhfo-alt (1), méid gach tobhaigh ar láithreáin thréigthe a bheidh dlite laistigh den tréimhse sin a íoc leis an údarás áitiúil.

Cruatan.

26. —Más rud é, i dtuairim údaráis áitiúil, go mbeadh cruatan míchuí ar dhuine áirithe mar gheall ar an tobhach ar láithreáin thréigthe nó ús is iníoctha faoin Acht seo a íoc tráth áirithe, féadfaidh an t-údarás áitiúil, trí fhógra i scríbhinn a chur leis an bpost chuig an duine nó a thabhairt dó, fionraí a dhéanamh ar chaingean nó ar chaingean bhreise faoin gCuid seo chun go n-íocfaí méid iomlán an tobhaigh, nó cuid den tobhach, is iníoctha i leith cibé tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra, agus i gcás go ndéanfar fionraí faoin alt seo i leith aon tréimhse i ndáil le haon mhéid tobhaigh ar láithreáin thréigthe—

(a) ní bheidh feidhm ag fo-alt (8) d'alt 23 maidir leis an méid sin i leith na tréimhse sin, agus

(b) d'ainneoin na fionraí, leanfaidh alt 24 d'fheidhm a bheith aige i ndáil leis an méid sin i gcaitheamh na tréimhse sin.