Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL Talamh A Fháil Go hÉigeantach)

20 1990

/images/harp.jpg


Uimhir 20 de 1990


ACHT UISCEBHEALACH NA SIONAINNE, 1990


RIAR NA nALT

Alt

1.

Léiriú.

2.

Cumhachtaí na gCoimisinéirí i ndáil le huiscebhealach na Sionainne.

3.

Cumhacht na gCoimisinéirí fodhlíthe a dhéanamh i ndáil le huiscebhealach na Sionainne.

4.

Cumhacht na gCoimisinéirí chun oibreacha a chur i gcrích i ndáil le huiscebhealach na Sionainne agus chun dul isteach ar thalamh.

5.

Uiscebhealach Bhéal an Átha Móir agus Bhéal Átha Conaill a aistriú chuig na Coimisinéirí agus feidhmeanna áirithe a thabhairt dóibh i ndáil le huiscebhealach na hÉirne agus Loch Uachtair.

6.

An tAcht Siltin Airtéirigh, 1945, a chur i bhfeidhm maidir le ceantar siltin Bhéal an Átha Móir agus Bhéal Átha Conaill.

7.

Cumhacht chun deacrachtaí a réiteach.

8.

Orduithe, rialacháin agus fodhlíthe a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

9.

An lá dílseacháin.

10.

Airgead is iníoctha faoin Acht a bhailiú agus a dhiúscairt.

11.

Caiteachais.

12.

Gearrtheideal.

AN SCEIDEAL


Na hAchtanna dá dTagraítear

Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919

1919. c. 57

An tAcht Siltin Airtéirigh, 1945

1945, Uimh. 3

The Act of the British Parliament 2 & 3 Vict., c. 61

1839, c. 61

The Act of the British Parliament 5 & 6 Vict., c. 89

1842, c. 89

Drainage (Ireland) Act, 1856

1856, c. 62

Finance Act, 1895

1895, c. 16

Na hAchtanna Iascaigh, 1959 go 1983

Achtanna na gClásanna Talmhan

Lands Clauses Consolidation Act, 1845

1845, c. 18

An tAcht Rialtais Áitiúil (Bóithre agus Mótarbhealaí), 1974

1974, Uimh. 6

Petty Sessions (Ireland) Act, 1851

1851, c. 93

Public Offices Fees Act, 1879

1879, c. 58

An tAcht um Chlárú Teidil, 1964

1964, Uimh. 16

Acht na gCuideachtaí, 1963

1963, Uimh. 33

/images/harp.jpg


Uimhir 20 de 1990


ACHT UISCEBHEALACH NA SIONAINNE, 1990

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ BREISE AGUS FEABHS-AITHE I nDÁIL LE hUISCEBHEALACH NA SIONAINNE, d'AISTRIÚ UISCEBHEALACH BHÉAL AN ÁTHA MÓIR AGUS BHÉAL ÁTHA CONAILL CHUIG COIMISINÉIRÍ NA nOIBREACHA POIBLÍ IN ÉIRINN, DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN É A ATHCHÓIRIÚ AGUS A CHOTHABH-ÁIL AG NA COIMISINÉIRÍ SIN AGUS CHUN NA hOIBR-EACHA DRAENÁLA COMHBHAINTEACHA A CHOTHABHÁIL AG COMHAIRLÍ CHONTAETHA AN CHABHÁIN AGUS LIATROMA, DO THABHAIRT FEI-DHMEANNA ÁIRITHE DO NA COIMISINÉIRÍ SIN I nDÁIL LE hUISCEBHEALACH NA hÉIRNE AGUS LOCH UACHTAIR AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ LE hAGH-AIDH NITHE GAOLMHARA. [18 Iúil, 1990]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo—

folaíonn “bád” aon bháirse, soitheach nó dobharárthach eile;

ciallaíonn “na Coimisinéirí” Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn agus folaíonn tagairtí do na Coimisinéirí tagairtí dá gcuid seirbhíseach agus gníomhairí;

folaíonn “talamh” aon talamh atá clúdaithe le huisce;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Airgeadais;

ciallaíonn “an cainéal uiscebhealaigh” na codanna d'uiscebhealach na Sionainne dá dtagraítear i mír (a) den mhíniú ar “uiscebhealach na Sionainne” san fho-alt seo, na canálacha agus na loic dá dtagraítear i mír (b) den mhíniú sin agus na codanna atá sorochtana ag báid de na cuanta dá dtagraítear sa mhír sin;

ciallaíonn “Acht na Sionainne” an Act of the British Parliament 2 & 3 Vict., c. 61 arna leasú nó arna leathnú;

ciallaíonn “uiscebhealach na Sionainne”—

(a) abhainn na Sionainne, na lochanna óna ritheann nó trína ritheann sí agus cibé de na haibhneacha sin a ritheann isteach inti nó isteach sna lochanna sin a bhfuil nó a mbeidh feabhas curtha orthu nó atá nó a bheidh curtha i riocht inseolta ag na Coimisinéirí nó ag daoine eile faoi chumhachtaí a thugtar le reacht, laistigh de na teorainneacha atá socraithe agus cinntithe de thuras na huaire faoi alt 39 d'Acht na Sionainne, agus

(b) na canálacha, na loic, na cuanta, na calaí, na lamairní, na piaraí, na céanna, na coraí agus na hoibreacha agus an talamh eile a bheidh déanta ag na Coimisinéirí nó dílsithe dóibh, cibé acu roimh an Acht seo a rith nó dá éis, chun críche úsáide nó feabhsaithe aon cheann de na haibhneacha nó de na lochanna sin, laistigh de na teorainneacha réamhráite, nó loingseoireacht an chéanna, nó chun aon chríche eile a údaraítear le hAcht na Sionainne;

ciallaíonn “an lá dílseacháin” an lá a cheaptar faoi alt 9 mar lá dílseacháin.

(2) Aon tagairt san Acht seo d'alt is tagairt í d'alt den Acht seo. mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe.

(3) Aon tagairt san Acht seo d'fho-alt nó do mhír is tagairt í d'fho-alt nó do mhír den fhoráil ina bhfuil sí, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.

(4) Déanfar aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán a fhorléiriú mar thagairt don achtachán sin arna leasú nó arna oiriúnú le haon achtachán dá éis sin nó faoi.

Cumhachtaí na gCoimisinéirí i ndáil le huiscebhealach na Sionainne.

2. —Beidh na cumhachtaí sin go léir is gá ag na Coimisinéirí chun a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh faoi Acht na Sionainne agus, gan dochar do ghinearáltacht an méid sin roimhe seo agus dá gcumhachtaí faoin Acht sin, beidh acu an chumhacht chun cúram, caomhnú, bainisteoireacht, rialú, cothabháil, athchóiriú, deisiú, feabhsú, fadú agus forbairt uiscebhealach na Sionainne a ghabháil de láimh agus chun an méid seo a leanas a dhéanamh—

(a) aon uisce is gá chun críocha an chainéil uiscebhealaigh a tharraingt ó aon fhoinse nádúrtha ar bith,

(b) dreideáil, leathnú, doimhniú, athrú cúrsa nó deisiú nó feabhsú thairis sin a dhéanamh ar an gcainéal uiscebhealaigh nó an soláthar uisce don chainéal uiscebhealaigh a fheabhsú nó aon fharasbarr uisce uaidh a dhiúscairt agus, chun na críche sin, aon sruthán, abhainn, draein nó cainéal a iompraíonn aon uisce chuig an gcainéal uiscebhealaigh nó uaidh a dhéanamh, a athrú, a dheisiú, a fheabhsú, a dhreideáil, a leathnú nó a dhoimhniú agus aon phíopa a iompraíonn aon uisce den sórt sin a mhalartú nó a dheisiú nó aon stáisiún caidéil is gá le haghaidh an uisce sin a thógáil, a dheisiú nó a fheabhsú,

(c) aon déanmhas nó aon rud eile a thógáil chun bealaigh a bhacann nó is dóigh a bhacfaidh an cainéal uiscebhealaigh, nó an déanmhas nó an rud a athrú sa chaoi go ndíothófar an bac nó an dóchúlacht sin,

(d) toirmeasc a chur ar thógáil droichead, coraí nó déanmhas eile ar an gcainéal uiscebhealaigh, ann nó os a chionn, nó ar chaidhséir, píopaí nó draenacha faoi, gan toiliú na gCoimisinéirí,

(e) aon loc, cé, cuan, duga tirim, cora, bealach éisc, fánán, áis loingseoireachta, stáisiún caidéil, stáisiún hidrileictreach agus oibreacha coimhdeacha, foirgneamh, cosán tarraingthe, droichead, uiscerian, claífort, caidhséar, píopa nó draein nó bóthar (seachas bóthar poiblí de réir bhrí an Achta Rialtais Áitiúil (Bóithre agus Mótarbhealaí), 1974 ), ar an gcainéal uiscebhealaigh, os a chionn, ina aice nó faoi a dhéanamh, a athrú, a fho-thacú, a dheisiú nó a fheabhsú,

(f) aon talamh is gá, chun críocha uiscebhealach na Sionainne, agus aon cheart, éasúint, teideal nó leas d'aon chineál sa talamh sin, thairis nó ina leith, a fháil, trí chomhaontú nó go héigeantach, de réir an Sceidil a ghabhann leis an Acht seo,

(g) gan dochar do cheart aon duine chun uisce ón gcainéal uiscebhealaigh a úsáid nó a thógáil, leibhéil uisce an chainéil uiscebhealaigh a athrú,

(h) aon chuid den chainéal uiscebhealaigh nach bhfuil riachtanach le haghaidh loingseoireachta a dhúnadh ar loingseoireacht nó aon chuid den chéanna a dhúnadh go sealadach agus aon chuid den chainéal uiscebhealaigh a bhí dúnta roimhe sin ar loingseoireacht a oscailt nó a athoscailt agus a dhearbhú go bhfuil an chuid sin inseolta,

(i) le comhaontú aon duine atá i dteideal aon íocaíochta i leith fála faoi mhír (f) nó aon íocaíochta faoi alt 4 (3) (a), oibreacha feabhsúcháin nó oibreacha eile a chur i gcrích i ndáil le huiscebhealach na Sionainne nó le haon mhaoin de chuid an duine, in ionad na híocaíochta go léir nó in ionad aon chuid di.

Cumhacht na gCoimisinéirí fodhlíthe a dhéanamh i ndáil le huiscebhealach na Sionainne.

3. —(1) Féadfaidh na Coimisinéirí fodhlíthe a dhéanamh chun uiscebhealach na Sionainne a aireachasú, a chaomhnú, a bhainisteoireacht, a rialú agus a chothabháil agus chun úsáid uiscebhealach na Sionainne a rialáil, agus i ndáil le hathchóiriú, deisiú, feabhsú, fadú agus forbairt ar an gcéanna agus, gan dochar do ghinearáltacht an méid sin roimhe seo, i ndáil le haon cheann nó níos mó de na nithe seo a leanas:

(a) rialáil a dhéanamh ar na coinníollacha (lena n-áirítear coinníollacha maidir le sábháilteacht) faoinar féidir báid a úsáid sa chainéal uiscebhealaigh,

(b) aon chuid den chainéal uiscebhealaigh a dhúnadh ar loingseoireacht cibé acu go sealadach nó go buan,

(c) aon chuid den chainéal uiscebhealaigh nach bhfuil oscailte do loingseoireacht a oscailt nó a athoscailt,

(d) leibhéil uisce an chainéil uiscebhealaigh a athrú,

(e) snámh sa chainéal uiscebhealaigh a rialáil,

(f) toirmeasc a chur ar thógáil droichead, coraí nó déanmhas eile ar an gcainéal uiscebhealaigh, ann nó os a chionn, agus ar chaidhséir, píopaí nó draenacha faoi, gan toiliú na gCoimisinéirí,

(g) toirmeasc a chur ar uiscebhealach na Sionainne, nó ar aon chuid de, a úsáid, seachas faoi réim agus de réir ceadúnais a thabharfaidh na Coimisinéirí chuige sin agus ina mbeidh cibé coinníollacha (más ann) is dóigh leo is gá nó is fóirsteanach,

(h) gan dochar do chearta aon duine chun uisce ón gcainéal uiscebhealaigh a úsáid nó a thógáil, rialáil nó toirmeasc a dhéanamh ar úsáid uisce, nó ar thógáil uisce, ón gcainéal uiscebhealaigh,

(i) faoi réir fho-alt (4), iascaireacht a rialáil sa chainéal uiscebhealaigh,

(j) damáiste d'uiscebhealach na Sionainne, nó bacadh ar an gcainéal uiscebhealaigh, a chosc,

(k) tógáil chun bealaigh aon bháid nó ruda as an gcainéal uiscebhealaigh, nó pasáiste tríd an gcainéal sin ag aon bhád nó rud, nó úsáid an chéanna ann, nó úsáid aon saoráidí nó suiteálacha de chuid uiscebhealach na Sionainne ag aon bhád nó rud, a thoirmeasc i gcás gur bád nó rud é atá, nó a d'fhéadfadh a bheith, ina dhainséar do bheatha, sláinte, loingseoireacht nó stoc éisc nó a d'fhéadfadh cur isteach ar shlí eile ar úsáid chuí uiscebhealach na Sionainne nó nach mbeidh táille, dola nó muirear atá dlite agus iníoctha faoi na fodhlíthe íoctha i ndáil leis nó nach mbeidh socruithe is inghlactha ag na Coimisinéirí déanta faoi chomhair a íocaíochta,

(l) táillí, dolaí agus muirir a shocrú, a athrú, a mhuirearú agus a ghnóthú—

(i) maidir le húsáid an chainéil uiscebhealaigh, nó saoráidí nó suiteálacha uiscebhealach na Sionainne, ag báid cibé acu chun críche a bpasáiste tríd an uiscebhealach nó chun iad a fhágáil ar ancaire, a fheistiú, a cheangal suas nó a tharraingt suas nó chun críche ar bith eile, nó

(ii) maidir le húsáid uisce nó tógáil uisce ón gcainéal uiscebhealaigh,

agus toirmeasc a chur leis an úsáid dá dtagraítear i bhfomhír (i) nó leis an úsáid nó leis an tógáil uisce dá dtagraítear i bhfomhír (ii) d'éagmais aon táille, dola nó muirear a íoc is iníoctha faoin mír seo ina leith nó d'éagmais aon socruithe is inghlactha ag na Coimisinéirí faoi chomhair a íocaíochta.

(m) na Coimisinéirí do bhunú agus do chothabháil cláir ina gceanglófar iontrálacha ina mbeidh faisnéis shonraithe a dhéanamh in aghaidh na bliana nó ag tráthanna sonraithe eile, ar iarratas chuige sin óna n-úinéirí, maidir le báid nó le haicmí sonraithe bád a úsáideann uiscebhealach na Sionainne, íoc táillí ag úinéirí na mbád lena mbaineann maidir leis na hiontrálacha agus úsáid uiscebhealach na Sionainne a thoirmeasc ar bháid a gceanglaítear iad a bheith, ach nach bhfuil, cláraithe sa chlár.

(2) Féadfaidh cibé forálacha teagmhasacha, foghabhálacha agus coimhdeacha is dóigh leis na Coimisinéirí is gá nó is fóirsteanach chun críocha na bhfodhlíthe a bheith i bhfodhlíthe faoin alt seo.

(3) Féadfaidh na Coimisinéirí, le fodhlíthe faoin alt seo, na cumhachtaí a thugtar dóibh le halt 39 d'Acht na Sionainne a fheidhmiú ó am go ham de réir riachtanas na hócáide, chun teorainneacha abhainn na Sionainne agus na n-aibhneacha a ritheann isteach inti a gcuirtear feabhas orthu faoi Acht na Sionainne a shocrú agus a chinneadh, ar cumhachtaí iad a bhféadfar na cumhachtaí eile a thugtar do na Coimisinéirí le hAcht na Sionainne a fheidhmiú laistigh díobh.

(4) Ní dhéanfar fodhlíthe faoin alt seo i ndáil le haon ábhar a bhféadfar rialacháin nó fodhlíthe a dhéanamh ina leith faoi na hAchtanna Iascaigh, 1959 go 1983.

(5) Beidh duine a sháróidh fodhlí faoin alt seo ciontach i gcion agus dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 (agus ina theannta sin, i gcás sárú leanúnach, fíneáil nach mó ná £100 in aghaidh gach lae a leanfar den sárú agus nach mó san iomlán ná méid is comhionann le £1,000 nuair a chuirtear é le haon fhíneáil eile faoin mír seo i ndáil leis an sárú lena mbaineann) nó príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná 6 mhí, nó iad araon, a chur air,

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £5,000 (agus ina theannta sin, i gcás sárú leanúnach, fíneáil nach mó ná £500 in aghaidh gach lae a leanfar den sárú) nó príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná 2 bhliain, nó iad araon, a chur air.

(6) I gcás comhlacht corpraithe do dhéanamh ciona lena mbaineann fo-alt (5) agus go gcruthófar go ndearnadh é le toiliú nó le cúlcheadú, nó gur inchurtha é i leith aon fhaillí ar thaobh, aon duine is stiúrthóir ar an gcomhlacht corpraithe nó arb é bainisteoir nó rúnaí an chomhlachta é, nó aon duine a d'airbheartaigh bheith ag gníomhú in aon cháil den sórt sin, beidh an duine sin, chomh maith leis an gcomhlacht corpraithe, ciontach i gcion agus dlífear imeachtaí a shaothrú ina choinne agus é a phionósú amhail is dá mbeadh sé ciontach sa chion céadluaite.

(7) (a) Féadfaidh na Coimisinéirí imeachtaí a thionscnamh mar gheall ar chion achomair faoin alt seo.

(b) D'ainneoin alt 10 (4) den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachtaí achoimre mar gheall ar chion lena mbaineann fo-alt (5) nó (6) a thionscnamh laistigh de 12 mhí ó dháta an chiona.

Cumhacht na gCoimisinéirí chun oibreacha a chur i gcrích i ndáil le huiscebhealach na Sionainne agus chun dul isteach ar thalamh.

4. —(1) (a) Féadfaidh na Coimisinéirí chun críocha a bhfeidhmeanna faoin Acht seo—

(i) dul isteach ar aon talamh agus obair a chur i gcrích ar an talamh i ndáil le huiscebhealach na Sionainne nó le maoin a dhílsítear dóibh chun críche an uiscebhealaigh,

(ii) dul isteach ar aon talamh agus é a áitiú nó é a úsáid ar shlí eile chun obair a chur i gcrích ar thalamh eile i ndáil le huiscebhealach na Sionainne nó leis an maoin réamhráite,

(iii) dul isteach ar aon talamh chun bealach rochtana a fháil chuig uiscebhealach na Sionainne, chuig an maoin a dúradh nó chuig talamh a shonraítear i mír (a) nó (b) nó chun scrúdú nó suirbhé a dhéanamh ar an gcéanna,

agus na nithe eile sin go léir a dhéanamh ar aon talamh den sórt sin atá, ina dtuairim, coimhdeach nó riachtanach go réasúnta chun na gcríoch réamhráite.

(b) Déanfaidh na Coimisinéirí, 14 lá ar a laghad sula bhfeidhmeoidh siad aon chumhacht faoi mhír (a) (seachas fomhír (iii)), fógra i scríbhinn go bhfuil sé ar intinn acu dul isteach ar an talamh agus i dtaobh na gcríoch dá mbeartaítear dul isteach air, agus a shonróidh na cumhachtaí eile a bheartaítear a fheidhmiú, a thabhairt d'aon úinéir nó áititheoir de chuid na talún i gceist, a bhféadann na Coimisinéirí a chéannacht agus a sheoladh a fhionnadh trí bhearta réasúnacha a ghlacadh.

(c) Féadfaidh duine dá dtugtar fógra faoin bhfo-alt seo, tráth nach déanaí ná 14 lá tar éis an fógra a thabhairt, iarratas a dhéanamh, ar fhógra a thabhairt do na Coimisinéirí, chuig an mbreitheamh den Chúirt Dúiche a bhfuil dlínse aige sa dúiche Chúirte Dúiche ina bhfuil an talamh suite, ar ordú chun an dul isteach a thoirmeasc agus, ar an iarratas a éisteacht, féadfaidh an breitheamh, más cuí leis amhlaidh, an dul isteach a thoirmeasc nó coinníollacha a shonrú a bheidh le comhlíonadh ag an duine a bheidh ag dul isteach.

(d) Má thoirmisceann breitheamh den Chúirt Dúiche faoin bhfo-alt seo aon dul isteach atá beartaithe ar an talamh, ní dleathach do dhuine ar bith dul isteach faoi mhír (a) ar an talamh agus i gcás go sonraíonn breitheamh den Chúirt Dúiche coinníollacha faoin alt seo a bheidh le comhlíonadh ag duine a bheidh ag dul isteach ar thalamh, déanfaidh gach duine a rachaidh isteach ar an talamh faoi mhír (a) na coinníollacha a bheidh sonraithe amhlaidh a chomhlíonadh.

(2) (a) Más rud é, i dtuairim na gCoimisinéirí—

(i) go bhfuil feidhmiú cumhachta a thugtar dóibh le fo-alt (1) á éileamh go práinneach chun díobháil, caillteanas nó damáiste do dhaoine nó do mhaoin a chosc nó a íoslaghdú, agus

(ii) nach féidir go réasúnta, i ndáil leis an bhfeidhmiú sin, mír (b) den fho-alt sin a chomhlíonadh,

féadfaidh na Coimisinéirí an chumhacht a fheidhmiú gan an mhír sin a bheith comhlíonta acu i ndáil leis an bhfeidhmiú sin.

(b) Sula bhfeidhmeoidh siad cumhacht de bhua an fho-ailt seo, déanfaidh na Coimisinéirí fógra go bhfuil sé ar intinn acu dul isteach ar an talamh, agus i dtaobh na gcríoch dá mbeartaítear dul isteach air, agus i dtaobh na gcumhachtaí eile a bheartaítear a fheidhmiú, a thabhairt d'aon úin éir nó áititheoir de chuid na talún i gceist, a bhféadann na Coimisinéirí a chéannacht agus a sheoladh a fhionnadh trí bhearta réasúnacha a ghlacadh.

(c) Más rud é, i dtuairim na gCoimisinéirí, nach féidir go réasúnta déanamh de réir mhír (b), féadfaidh na Coimisinéirí an chumhacht lena mbaineann a fheidhmiú gan déanamh de réir na míre sin amhlaidh agus déanfaidh siad, a luaithe is féidir dá éis sin, fógra i scríbhinn a shonróidh na cumhachtaí a feidhmíodh agus na críocha dár feidhmíodh iad, a thabhairt d'aon úinéir nó áititheoir de chuid na talún i gceist, a bhféadann na Coimisinéirí a chéannacht agus a sheoladh a fhionnadh trí bhearta réasúnacha a ghlacadh.

(3) (a) Más rud é go mbainfidh caillteanas, díobháil nó damáiste do dhuine (seachas duine a bhfaightear a chuid talún faoi alt 2 (f)) nó go dtabhóidh sé caiteachas de dhroim na Coimisinéirí d'fheidhmiú cumhachta a thugtar dóibh leis an alt seo nó le halt 2, íocfaidh an Coimisinéirí cúiteamh leis i leith an chaillteanais, na díobhála, an damáiste nó an chaiteachais agus, d'éagmais chomhaontaithe, cinnfear méid an chúitimh le headráin faoi réim agus de réir Achtanna na gClásanna Talmhan agus, chun críocha na nAchtanna sin, measfar gurb iad na Coimisinéirí tionscnóir an ghnóthais agus gurb é an Acht seo, agus an t-ordú dílseacháin lena mbaineann, an tAcht speisialta; agus, chun críocha an chinnidh sin, beidh feidhm ag na hAchtanna sin fara aon mhodhnuithe eile is gá agus déantar iad a chorprú leis an Acht seo (ach amháin a mhéid atá siad ar neamhréir le, agus faoi réir, aon leasuithe nó modhnuithe, sainráite nó intuigthe, a dhéantar orthu leis an Acht seo).

(b) Nuair a bheidh an cúiteamh is iníochta le duine faoi mhír (a) á mheasúnú, tabharfar aird ar aon tairbhe d'aon mhaoin de chuid an duine a thagann as, nó a d'fhéadfaí a bheith ag súil go réasúnach a thiocfadh as, feidhmiú na cumhachta lena mbaineann nó aon chumhachta eile faoin alt seo nó faoin alt sin 2 ag na Coimisinéirí agus, go sonrach ach gan dochar do ghinearáltacht an méid sin roimhe seo, tabharfar aird, i gcás éilimh ar chúiteamh i ndáil le cearta uisce, ar a mhéid a feidhmíodh na cearta uisce sa tréimhse 20 bliain díreach roimh fheidhmiú na cumhachta lena mbaineann ag na Coimisinéirí agus ar aon soláthar eile uisce a chuireann na Coimisinéirí ar fáil don duine.

Uiscebhealach Bhéal an Átha Móir agus Bhéal Átha Conaill a aistriú chuig na Coimisinéirí agus feidhmeanna áirithe a thabhairt dóibh i ndáil le huiscebhealach na hÉirne agus Loch Uachtair.

5. —(1) Ar an lá dílseacháin—

(a) déanfar an oiread sin d'uiscebhealach Bhéal an Átha Móir agus Bhéal Átha Conaill atá suite sa Stát agus an mhaoin (lena n-áirítear ábhair i gcaingean), na sócmhainní, na cumhachtaí, na cearta, na ceadúnais, na pribhléidí agus na dliteanais a dhílsítear d'iontaobhaithe an uiscebhealaigh nó a shealbhaíonn, a theachtann nó a thabhaíonn siad i dtaca leis sin, nó a bhaineann leis sin, a aistriú de bhua an fho-ailt seo chuig na Coimisinéirí ach sin faoi réir a n-aistrithe i gcás ar gá sin i leabhair aon bhainc, corparáide nó cuideachta,

(b) an oiread sin de thalamh an uiscebhealaigh sin atá suite sa Stát dílseoidh sé, de bhua an ailt seo, do na Coimisinéirí go feadh eastát, ceart, teideal agus leas uile iontaobhaithe an uiscebhealaigh, agus

(c) measfar, chun críocha Acht na Sionainne agus an Achta seo, gur cuid d'uiscebhealach na Sionainne agus d'Abhainn na Sionainne an t-uiscebhealach a dúradh agus uiscebhealach na hÉirne agus Loch Uachtair agus beidh feidhm agus éifeacht dá réir sin ag an Acht sin agus ag an Acht seo i ndáil le huiscebhealach Bhéal an Átha Móir agus Bhéal Átha Conaill agus le huiscebhealach na hÉirne agus Loch Uachtair fara na modhnuithe—

(i) maidir leis na feidhmeanna a thugtar do na Coimisinéirí leis na hAchtanna sin nó fúthu, gurb iad a chomhlíonfaidh iad i ndáil le huiscebhealach Bhéal an Átha Móir agus Bhéal Átha Conaill agus le huiscebhealach na hÉirne agus Loch Uachtair nó, cibé uair agus a mhéid a tharmligfear iad chuig duine faoi fho-alt (9), gurb é an duine sin a chomhlíonfaidh amhlaidh iad sa Stát nó lasmuigh de,

(ii) go bhforléireofar tagairtí san Acht seo don chainéal uiscebhealaigh mar thagairtí—

(I) d'uiscebhealach Bhéal an Átha Móir agus Bhéal Átha Conaill seachas na calaí, na lamairní na piaraí, na céanna, na coraí agus na hoibreacha agus an talamh eile dá dtagraítear sa mhíniú ar an uiscebhealach i bhfo-alt (12) agus na codanna de na cuanta dá dtagraítear sa mhíniú sin nach bhfuil sorochtana ag báid, agus

(II) d'uiscebhealach na hÉirne agus Loch Uachtair seachas an ché dá dtagraítear sa mhíniú ar an uiscebhealach i bhfo-alt (12),

agus fara aon mhodhnuithe eile is gá.

(2) Faoi réir fhorálacha an Achta seo, féadfaidh na Coimisinéirí, an lá dílseacháin agus dá éis, na cumhachtaí, na cearta agus na pribhléidí réamhráite go léir a theachtadh, a fheidhmiú agus a fhorfheidhmiú agus beidh siad faoi réir na ndliteanas réamhráite go léir agus, dá réir sin, gach fiach agus gach dliteanas eile i ndáil le huiscebhealach Bhéal an Átha Móir agus Bhéal Átha Conaill a bhí, díreach roimh an lá dílseacháin, dlite de iontaobhaithe an uiscebhealaigh agus gan íoc acu nó tabhaithe agus gan ghlanadh acu, tiocfaidh sé, an lá dílseacháin, chun bheith agus beidh sé ina fhiach nó ina dhliteanas ar na Coimisinéirí agus íocfaidh nó glanfaidh na Coimisinéirí é agus féadfar é a ghnóthú ó na Coimisinéirí agus a fhorfheidhmiú ina n-aghaidh dá réir sin.

(3) Chun rochtain dóthanach agus sábháilte a chur ar fáil do shoithí i Loch Éirne Uachtair chuig uiscebhealach Bhéal an Átha Móir agus Bhéal Átha Conaill agus chuig uiscebhealach na hÉirne agus Loch Uachtair agus do shoithí sna huiscebhealaí sin chuig Loch Éirne Uachtair, féadfaidh na Coimisinéirí cibé dreideáil, tochailt agus obair eile a dhéanamh i Loch Éirne Uachtair agus ar Abhainn na hÉirne is dóigh leo is gá nó is fóirsteanach.

(4) (a) Gach conradh a rinne iontaobhaithe an uiscebhealaigh i ndáil le huiscebhealach Bhéal an Átha Móir agus Bhéal Átha Conaill agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an lá dílseacháin leanfaidh sé i bhfeidhm an lá dílseacháin agus dá éis amhail is dá mba iad na Coimisinéirí a rinne é agus forléireofar é agus beidh éifeacht leis agus beidh sé infhorfheidhmithe ag na Coimisinéirí nó ina n-aghaidh dá réir sin.

(b) Gach ceadúnas a thug iontaobhaithe an uiscebhealaigh i ndáil le huiscebhealach Bhéal an Átha Móir agus Bhéal Átha Conaill agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an lá dílseacháin leanfaidh sé i bhfeidhm an lá dílseacháin agus dá éis amhail is dá mba iad na Coimisinéirí a thug é agus forléireofar é agus beidh éifeacht leis agus beidh sé infhorfheidhmithe ag na Coimisinéirí nó ina n-aghaidh dá réir sin.

(c) Gach doiciméad eile a dheonaigh iontaobhaithe an uiscebhealaigh, nó a rinne siad, i ndáil le huiscebhealach Bhéal an Átha Móir agus Bhéal Átha Conaill agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an lá dílseacháin leanfaidh sé i bhfeidhm an lá dílseacháin agus dá éis amhail is dá mba iad na Coimisinéirí a dheonaigh é nó a rinne é agus forléireofar é agus beidh éifeacht leis agus beidh sé infhorfheidhmithe ag na Coimisinéirí nó ina n-aghaidh dá réir sin.

(5) Gach ábhar i gcaingean a aistrítear leis an alt seo féadfaidh na Coimisinéirí, an lá dílseacháin nó dá éis, agairt ina leith, é a ghnóthú nó é a fhorfheidhmiú ina n-ainm féin agus ní gá do na Coimisinéirí fógra faoin aistriú a dhéantar leis an alt seo a thabhairt do na daoine a bheidh faoi cheangal ag aon ábhar i gcaingean den sórt sin.

(6) Aon tagairtí d'iontaobhaithe an uiscebhealaigh a bhí, díreach roimh an lá dílseacháin, in aon reacht nó ionstraim a rinneadh faoi reacht nó i meabhrán comhlachais nó in airteagail chomhlachais aon chuideachta forléireofar iad an lá dílseacháin agus dá éis, a mhéid a bhaineann siad le haon ní a aistrítear leis an alt seo, mar thagairtí do na Coimisinéirí.

(7) Ní bheidh feidhm ag alt 12 den Finance Act, 1895, maidir le dílsiú aon mhaoine nó ceart faoin alt seo.

(8) Ní chuirfidh aon ní san alt seo faoi deara go nglacfar leis na Coimisinéirí mar ghnóthóir canála ná mar chuideachta chanála chun críocha an achtacháin seo nó aon achtacháin eile.

(9) (a) Feidhmeanna nó feidhmeanna sonraithe na gCoimisinéirí faoin Acht seo (seachas ailt 2 (f) agus 3 agus an Sceideal a ghabhann leis an Acht seo) i ndáil le hathchóiriú, deisiú, feabhsú, fadú agus forbairt uiscebhealach Bhéal an Átha Móir agus Bhéal Átha Conaill nó aon chuid den chéanna, féadfaidh an tAire le hordú iad a tharmligean ar feadh tréimhse sonraithe chun cibé duine nó daoine a bheidh sonraithe san ordú.

(b) Beidh éifeacht leis an bhforáil seo a leanas i ndáil le feidhm a tharmligean chun duine faoi mhír (a):

(i) déanfaidh an duine an fheidhm a chomhlíonadh ina ainm féin ach sin faoi réir mhaoirseacht agus rialú ginearálta an Aire;

(ii) oibreoidh an tarmligean, fad a bheidh sé i bhfeidhm, chun an fheidhm a thabhairt don duine agus a dhílsiú dó;

(iii) leanfaidh an fheidhm, d'ainneoin an tarmligin, de bheith dílsithe do na Coimisinéirí ach dílseofar í amhlaidh i gcomhthráth don duine agus sin sa chaoi go mbeidh sí inchomhlíonta ag na Coimisinéirí nó ag an duine;

(iv) ní chuirfidh an tarmligean deireadh le freagracht an Aire, ná ní mhaolóidh sé í, i leith Dháil Éireann nó mar chomhalta den Rialtas maidir le comhlíonadh na feidhme ag na Coimisinéirí.

(c) Féadfaidh an tAire ordú faoin bhfo-alt seo a chúlghairm nó a leasú.

(d) Féadfaidh cibé forálacha coimhdeacha nó foghabhálacha is dóigh leis an Aire is gá nó is fóirsteanach, lena n-áirítear forálacha ag oiriúnú forálacha den Acht seo, a bheith in ordú faoin bhfo-alt seo.

(e) Féadfaidh na Coimisinéirí, le toiliú an Aire, íocaíochtaí de cibé méideanna is dóigh leo is iomchuí a dhéanamh, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, le duine dá dtarmligtear feidhmeanna faoi mhír (a) in aghaidh caiteachais a thabhóidh an duine ag comhlíonadh na bhfeidhmeanna sin.

(10) Rachaidh na Coimisinéirí i gcomhairle le hAire na Mara i ndáil le haon ábhair a fhearann, nó a d'fhéadfadh fearadh, ar iasc, beathra éisc, stoic éisc nó iascaireacht in uiscebhealach Bhéal an Átha Móir agus Bhéal Átha Conaill nó in uiscebhealach na hÉirne agus Loch Uachtair.

(11) Aisghairtear leis seo ailt 6, 16 go 25, 27 agus 29 go 36 d'Acht 1856 a mhéid a bhaineann siad le huiscebhealach Bhéal an Átha Móir agus Bhéal Átha Conaill nó le hiontaobhaithe an uiscebhealaigh.

(12) San alt seo—

ciallaíonn “Acht 1856” an Drainage (Ireland) Act, 1856;

ciallaíonn “uiscebhealach Bhéal an Átha Móir agus Bhéal Átha Conaill” an t-uiscebhealach a nascann Abhainn na Sionainne ag pointe in aice le Liatroim i gContae Liatroma agus Loch Éirne Uachtair ag béal Abhainn na Graine in aice le Béal Tairbirt i gcontae an Chabháin agus a théann trí Bhéal an Átha Móir i gcontae Liatroma agus Bhéal Átha Conaill i gcontae an Chabháin mar aon leis na loic, na cuanta, na calaí, na lamairní, na piaraí, na céanna, na coraí agus na hoibreacha eile agus an talamh iontu nó i gceangal leo a bhí, díreach roimh an lá dílseacháin, dílsithe d'iontaobhaithe an uiscebhealaigh faoi alt 2 d'Acht 1856;

ciallaíonn “uiscebhealach na hÉirne agus Loch Uachtair”—

(a) Gearradh na bhFualach a nascann Loch Éirne Uachtair le hAbhainn na hÉirne,

(b) an chuid sin de Loch Éirne Uachtair atá suite siar ó thuaidh ó Ghearradh na bhFualach agus idir Gearradh na bhFualach agus talamh-theorainn an Stáit, agus

(c) Abhainn na hÉirne suas an sruth ó Loch Éirne Uachtair agus an ché ar an abhainn sin ag Cill Connaidh, Béal Tairbirt i gcontae an Chabháin;

folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais agus folaíonn tagairtí do chomhlíonadh feidhmeanna, maidir le cumhachtaí, dualgais agus oibleagáidí, tagairtí d'fheidhmiú na gcumhachtaí agus do chomhlíonadh na ndualgas agus na n-oibleagáidí;

ciallaíonn “iontaobhaithe an uiscebhealaigh” Iontaobhaithe Uiscebhealach Bhéal an Átha Móir agus Bhéal Átha Conaill a chorpraítear faoi Acht 1856 agus dár dílsíodh uiscebhealach Bhéal an Átha Móir agus Bhéal Átha Conaill faoi alt 2 den Acht sin.

An tAcht Siltin Airtéirigh, 1945 , a chur i bhfeidhm maidir le ceantar siltin Bhéal an Átha Móir agus Bhéal Átha Conaill.

6. —(1) Beidh feidhm ag an Acht i ndáil le ceantar siltin Bhéal an Átha Móir agus Bhéal Átha Conaill amhail is dá mba cheantar siltin láithreach an ceantar sin agus faoi réir an mhodhnaithe go measfar gurb é an lá díreach roimh an lá dílseacháin an lá ceaptha agus faoi réir aon mhodhnuithe eile is gá.

(2) San alt seo—

ciallaíonn “an tAcht” an tAcht Siltin Airtéirigh, 1945 ;

tá le “an lá ceaptha”, faoi réir fho-alt (1), an bhrí chéanna atá leis i gCuid III den Acht;

tá le “ceantar siltin láithreach” an bhrí chéanna atá leis i gCuid III den Acht;

ciallaíonn “ceantar siltin Bhéal an Átha Móir agus Bhéal Átha Con aill” na tailte i gceantair Bhéal an Átha Móir i gcontae Liatroma agus Bhéal Átha Conaill i gcontae an Chabháin—

(a) a ndearna na Coimisinéirí, faoin Act of the British Parliament 5 & 6 Vict., c. 89, arna leasú, oibreacha le haghaidh a siltin agus a bhfeabhsaithe a chur i gcrích i ndáil leo, agus

(b) arb iad is ábhar don dámhachtain a rinne na Coimisinéirí faoin Acht sin an 6ú lá de Mhárta, 1860.

Cumhacht chun deacrachtaí a réiteach.

7. —(1) Más rud é i gcás ar bith go mbíonn deacracht ann aon fhoráil den Acht seo a thabhairt i ngníomh, féadfaidh an tAire le rialacháin aon ní a dhéanamh is dóigh leis is gá nó is fóirsteanach chun an deacracht sin a réiteach, chun an fhoráil sin a thabhairt i ngníomh nó chun a oibriú a áirithiú nó a éascú agus féadfaidh aon rialacháin den sórt sin forálacha an Achta seo nó aon achtacháin eile a mhodhnú a mhéid is gá nó is fóirsteanach chun na gcríoch réamhráite.

(2) Ní dhéanfar aon rialacháin faoin alt seo tar éis 5 bliana a bheith imithe in éag ón lá dílseacháin.

Orduithe, rialacháin agus fodhlíthe a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

8. —Gach ordú, seachas ordú faoi alt 9, agus rialachán a dhéanfaidh an tAire agus gach fodhlí a dhéanfaidh na Coimisinéirí faoin Acht seo, leagfar iad faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú, an rialachán nó an fodhlí a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, an rialacháin nó an fhodhlí, beidh an t-ordú, an rialachán nó an fodhlí ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin gcéanna.

An lá dílseacháin.

9. —Déanfaidh an tAire le hordú lá a cheapadh chun bheith ina lá dílseacháin chun críocha an Achta seo.

Airgead is iníoctha faoin Acht a bhailiú agus a dhiúscairt.

10. —(1) Déanfar na táillí agus an t-airgead eile go léir is iníochta leis na Coimisinéirí faoin Acht seo a bhailiú agus a thógáil i cibé slí a ordóidh an tAire ó am go ham agus a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste de réir orduithe an Aire.

(2) Ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, maidir le táillí a luaitear i bhfo-alt (1).

Caiteachais.

11. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh na Coimisinéirí ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal.

12. —Féadfar Acht Uiscebhealach na Sionainne, 1990 , a ghairm den Acht seo.