27 1990

/images/harp.jpg


Uimhir 27 de 1990


ACHT NA gCUIDEACHTAÍ (LEASÚ), 1990


RIAR NA nALT

Alt

1.

Mínithe.

2.

Cumhacht na cúirte chun scrúdaitheoir a cheapadh.

3.

Achainí le haghaidh cosaint na cúirte.

4.

Cuideachtaí gaolmhara.

5.

Éifeacht na hachainí chun scrúdaitheoir a cheapadh ar chreidiúnaithe agus ar dhaoine eile.

6.

Éifeacht ar ghlacadóir, nó ar leachtaitheoir sealadach, ag ordú ag ceapadh scrúdaitheora.

7.

Cumhachtaí scrúdaitheora.

8.

Doiciméid agus fianaise a thabhairt ar aird.

9.

Cumhachtaí breise na cúirte.

10.

An scrúdaitheoir do thabhú dliteanas áirithe.

11.

Cumhacht chun déileáil le maoin atá faoi mhuirear, etc.

12.

Fógra a thabhairt faoi cheapadh scrúdaitheora.

13.

Forálacha ginearálta maidir le scrúdaitheoirí.

14.

Faisnéis a bheidh le tabhairt nuair a cheapfar scrúdaitheoir.

15.

Scrúdú ar chúrsaí na cuideachta.

16.

Tuarascáil an scrúdaitheora.

17.

Nithe a éisteacht a thig ó thuarascáil an scrúdaitheora.

18.

Tuarascáil bhreise ón scrúdaitheoir.

19.

Tuarascáil an scrúdaitheora faoi alt 18.

20.

Conarthaí áirithe a shéanadh.

21.

Coiste creidiúnaithe a cheapadh.

22.

Ábhair na dtograí.

23.

Tograí á meas ag comhaltaí agus creidiúnaithe.

24.

Tograí a dhaingniú.

25.

Agóid i gcoinne daingniú tograí ag an gcúirt.

26.

Scor de chosaint cuideachta agus ceapadh scrúdaitheora a fhoirceannadh.

27.

Cúlghairm.

28.

Scrúdaitheoirí a dhícháiliú.

29.

Costais agus luach saothair scrúdaitheoirí.

30.

Poiblíocht.

31.

Imeachtaí a éisteacht ar shlí eile seachas go poiblí.

32.

Ní bheidh lian ar leabhair, taifid etc, na cuideachta.

33.

Dliteanas sibhialta na ndaoine lena mbaineann mar gheall ar thrádáil chalaoiseach ag cuideachta.

34.

Dliteanas coiriúil na ndaoine lena mbaineann mar gheall ar thrádáil chalaoiseach ag cuideachta.

35.

Cumhacht na cúirte a ordú sócmhainní a aistríodh go míchuí a aischur.

36.

Orduithe athchóirithe a rinne cúirteanna lasmuigh den Stát a chur i bhfeidhm.

37.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.


Na hAchtanna dá dTagraítear

Acht an Bhainc Ceannais, 1971

1971, Uimh. 24

Acht na gCuideachtaí, 1963

1963, Uimh. 33

/images/harp.jpg


Uimhir 27 de 1990


ACHT NA gCUIDEACHTAÍ (LEASÚ), 1990

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO LEASÚ AN DLÍ A BHAINEANN LE CUIDEACH-TAÍ AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA. [29 Lúnasa, 1990]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1. —San Acht seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “Achtanna na gCuideachtaí” an Príomh-Acht, agus gach achtachán (lena n-áirítear an tAcht seo) a fhorléireofar mar aon ní amháin leis an Acht sin;

ciallaíonn “scrúdaitheoir” scrúdaitheoir a cheapfar faoi alt 2;

ciallaíonn “páirtí leasmhar” i ndáil le cuideachta lena mbaineann alt 2 (1)—

(a) creidiúnaí de chuid na cuideachta,

(b) comhalta den chuideachta;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” Acht na gCuideachtaí, 1963 .

Cumhacht na cúirte chun scrúdaitheoir a cheapadh.

2. —(1) I gcás gur dealraitheach don chúirt—

(a) nach bhfuil cuideachta ábalta, nó gur dóigh nach mbeidh sí ábalta, a cuid fiach a íoc, agus

(b) nach ndearnadh, 7 lá ar a laghad roimh an iarratas dá dtagraítear anseo ina dhiaidh seo, faoi alt 252 den Phríomh-Acht, aon fhógra a thabhairt i dtaobh rúin chun an chuideachta a fhoirceannadh, agus

(c) nach ndearnadh aon ordú chun an chuideachta a fhoirceannadh,

féadfaidh sí, ar iarratas trí achainí tíolactha, scrúdaitheoir a cheapadh don chuideachta chun staid chúrsaí na cuideachta a scrúdú agus cibé dualgais a chomhlíonadh i ndáil leis an gcuideachta a fhorchuirfear leis an Acht seo nó faoi.

(2) Gan dochar do chumhacht ghinearálta na cúirte faoi fho-alt (1), féadfaidh sí, go sonrach, ordú a dhéanamh faoin alt seo má mheasann sí gur dóigh go n-éascódh ordú den sórt sin marthanas na cuideachta, agus iomlán a gnóthais nó aon chuid de, mar ghnóthas leantach.

(3) Chun críocha an ailt seo níl cuideachta ábalta a fiacha a íoc—

(a) mura féidir léi a fiacha a íoc nuair a bheidh siad dlite,

(b) más lú luach a sócmhainní ná méid a dliteanas, ag cur i gcuntas a dliteanas teagmhasach agus ionchasach, nó

(c) má bhaineann alt 214 (a) nó (b) den Phríomh-Acht leis an gcuideachta.

(4) Nuair a bheidh an chúirt á chinneadh cibé acu a dhéanfaidh nó nach ndéanfaidh sí ordú faoin alt seo, féadfaidh sí aird a bheith aici freisin ar cibé acu ar fhéach an chuideachta le faduithe suntasacha ama a fháil óna creidiúnaithe chun a fiacha a íoc, a d'fhágfadh go bhféadfaí glacadh leis le réasún nach dóigh go mbeadh an chuideachta in ann a fiacha a íoc.

Achainí le haghaidh cosaint na cúirte.

3. —(1) Faoi réir fho-alt (2), féadfaidh—

(a) an chuideachta, nó

(b) stiúrthóirí na cuideachta, nó

(c) creidiúnaí, nó creidiúnaí teagmhasach nó ionchasach (lena n-áirítear fostaí), de chuid na cuideachta, nó

(d) comhaltaí den chuideachta a shealbhaíonn ar dháta tíolactha achainí faoin alt sin an deichiú cuid ar a laghad de cibé méid de chaipiteal íoctha na cuideachta lena ngabhann, ar an dáta sin, ceart vótála ag cruinnithe ginearálta na cuideachta,

nó féadfaidh gach páirtí nó aon pháirtí acu sin, le chéile nó ar leithligh, achainí a thíolacadh faoi alt 2.

(2) (a) I gcás gur árachóir an chuideachta dá dtagraítear in alt 2, féadfaidh an tAire, agus eisean amháin, achainí a thíolacadh faoin alt sin agus ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo maidir leis an gcuideachta.

(b) Más rud é, maidir leis an gcuideachta dá dtagraítear in alt 2, gur sealbhóir í ar cheadúnas faoi alt 9 d'Acht an Bhainc Ceannais, 1971 , nó gur aon chuideachta eile í arna maoirsiú ag an mBanc Ceannais faoi aon achtachán, féadfaidh an Banc Ceannais, agus an Banc sin amháin, achainí faoi alt 2 a thíolacadh agus ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo maidir leis an gcuideachta.

(3) Maidir le hachainí a thíolacfar faoi alt 2—

(a) ainmneoidh sí duine a bheidh le ceapadh mar scrúdaitheoir, agus

(b) beidh mar thacaíocht léi cibé fianaise a éileoidh an chúirt chun a thaispeáint go bhfuil cúis mhaith ag an achainíoch chun ceapadh scrúdaitheora a éileamh, agus

(c) i gcás gur duine nó daoine ar bith dá dtagraítear i bhfo-alt (1) (a) nó (b), a thíolacfaidh an achainí, folófar ráiteas inti faoi shócmhainní agus dliteanais na cuideachta (a mhéid is eol dóibh iad) mar atá siad ar dháta nach luaithe ná 7 lá roimh thíolacadh na hachainí.

(4) Beidh ag gabháil le hachainí a thíolacfar faoi alt 2—

(a) toiliú a bheidh sínithe ag an duine a bheidh ainmnithe le bheith ina scrúdaitheoir, agus

(b) i gcás tograí maidir le comhréiteach nó le scéim chomhshocraíochta i ndáil le cúrsaí na cuideachta a bheith ullmh aithe le cur faoi bhráid páirtithe leasmhara lena gceadú a fháil, cóip de na tograí.

(5) Ní thabharfaidh an chúirt éisteacht d'achainí faoi alt 2 a thíolacfaidh creidiúnaí teagmhasach nó ionchasach go dtí go mbeidh cibé urrús a mheasfaidh an chúirt a bheith réasúnach tugtha i leith costas agus go dtí go suífear chun sástacht na cúirte cás prima facie le haghaidh cosaint na cúirte.

(6) Ní thabharfaidh an chúirt éisteacht d'achainí faoi alt 2 má bhíonn glacadóir ceaptha don chuideachta is ábhar don achainí agus má bhíonn an glacadóir sin arna cheapadh amhlaidh ar feadh tréimhse leanúnaí 14 lá ar a laghad roimh thíolacadh na hachainí.

(7) Ar achainí faoin alt seo a éisteacht, féadfaidh an chúirt í a dhíbhe nó an éisteacht a chur ar atráth go coinníollach nó go neamhchoinníollach, nó aon ordú eatramhach, nó aon ordú eile, a dhéanamh is cuí léi.

(8) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (7), féadfaidh ordú eatramhach faoin bhfo-alt sin feidhmiú aon chumhachtaí de chuid na stiúrthóirí nó de chuid na cuideachta (cibé acu faoi threoir thoiliú na cúirte nó ar shlí eile) a shrianadh.

(9) (a) I gcás gur dealraitheach don chúirt nach mó ná £250,000 dliteanais iomlána na cuideachta (ag cur i gcuntas a dliteanas teagmhasach agus ionchasach), féadfaidh an chúirt, tar éis cibé orduithe eatramhacha nó orduithe eile a dhéanamh is cuí léi, a ordú an t-ábhar a tharchur chuig breitheamh na Cúirte Cuarda ar ina chuaird atá a hoifig chláraithe nó a príomháit ghnó ag an gcuideachta.

(b) I gcás go ndéanfaidh an chúirt ordú faoin bhfo-alt seo beidh dlínse iomlán ag an gCúirt Chuarda cumhachtaí uile na cúirte a thugtar leis an Acht seo a fheidhmiú i ndáil leis an gcuideachta agus forléireofar gach tagairt don chúirt san Acht seo dá réir sin.

(c) I gcás gur dealraitheach don Chúirt Chuarda, in aon imeachtaí faoin Acht seo a bheidh tarchurtha chuig an gCúirt Chuarda de bhua an fho-ailt seo, gur mó ná £250,000 dliteanais iomlána na cuideachta déanfaidh sí, tar éis cibé orduithe eatramhacha a dhéanamh is cuí léi, ordú ag aistriú an ábhair chuig an gcúirt.

Cuideachtaí gaolmhara.

4. —(1) I gcás go gceapfaidh an chúirt scrúdaitheoir do chuideachta féadfaidh sí, an tráth céanna nó aon tráth dá éis sin, ordú a dhéanamh—

(a) a cheapfaidh an scrúdaitheoir le bheith ina scrúdaitheoir, chun críocha an Achta seo, do chuideachta ghaolmhar, nó

(b) a thabharfaidh don scrúdaitheoir, i ndáil leis an gcuideachta sin, na cumhachtaí nó na dualgais go léir nó aon cheann díobh a thugtar dó i ndáil leis an gcuideachta chéadluaite.

(2) Nuair a bheidh an chúirt á chinneadh an ndéanfaidh sí ordú faoi fho-alt (1), beidh aird aici ar cibé acu ar dhóigh go n-éascódh déanamh an ordaithe marthanas na cuideachta nó na cuideachta gaolmhaire, nó an dá chuideachta acu, agus iomlán a gnóthais nó a ngnóthas nó aon chuid de nó díobh, mar ghnóthas leantach.

(3) Measfar, maidir le cuideachta ghaolmhar dá bhfuil scrúdaitheoir ceaptha, go mbeidh sí faoi chosaint na cúirte ar feadh na tréimhse dar tús dáta déanta ordaithe faoin alt seo agus a leanfaidh ar feadh na tréimhse a mbeidh an chuideachta, a bhfuil sí gaolmhar léi, faoin gcosaint sin.

(4) I gcás go mbeidh scrúdaitheoir ceaptha do dhá chuideachta ghaolmhara nó níos mó, beidh, mura n-ordóidh an chúirt a mhalairt, na cumhachtaí agus na dualgais chéanna aige i ndáil le gach cuideachta acu, agus iad a thógáil ar leithligh.

(5) Chun críocha an Achta seo, tá cuideachta gaolmhar le cuideachta eile—

(a) más cuideachta shealbhaíochta nó fochuideachta di an chuideachta eile sin; nó

(b) má tá níos mó ná leath i luach ainmniúil dá scairchaipiteal cothromais (mar a mhínítear in alt 155 (5) den Phríomh-Acht) i seilbh na cuideachta eile agus cuideachtaí atá gaolmhar leis an gcuideachta eile sin (cibé acu go díreach nó go hindíreach, ach seachas i gcáil mhuiníneach); nó

(c) má tá níos mó ná leath i luach ainmniúil de scairchaipiteal cothromais (mar a mhínítear in alt 155 (5) den Phríomh-Acht) gach ceann díobh i seilbh comhaltaí an chinn eile (cibé acu go díreach nó go hindíreach, ach seachas i gcáil mhuiníneach); nó

(d) má tá an chuideachta eile sin nó cuideachta nó cuideachtaí atá gaolmhar leis an gcuideachta eile sin nó má tá an chuideachta eile sin mar aon le cuideachta nó cuideachtaí atá gaolmhar léi i dteideal níos mó ná leath na cumhachta vótála a fheidhmiú, nó feidhmiú na coda sin a rialú, ag aon chruinniú ginearálta den chuideachta; nó

(e) má sheoltar gnóthaí na gcuideachtaí ar chaoi nach mbeidh gnó ar leith gach cuideachta, nó cuid mhór den chéanna, inaitheanta go héasca; nó

(f) má tá cuideachta eile ann a bhfuil an dá chuideachta gaolmhar léi;

agus tá brí dá réir sin le “cuideachta ghaolmhar”.

(6) Chun críocha an ailt seo folaíonn “cuideachta” aon chomhlacht a ndlitear é a fhoirceannadh faoi Achtanna na gCuideachtaí.

Éifeacht na hachainí chun scrúdaitheoir a cheapadh ar chreidiúnaithe agus ar dhaoine eile.

5. —(1) Le linn na tréimhse a thosaíonn le tíolacadh achainí chun scrúdaitheoir a cheapadh do chuideachta agus (faoi réir alt 18 (3) nó (4)) a chríochnaíonn ar thrí mhí a bheith caite ón dáta sin nó ar an achainí a tharraingt siar nó a dhiúltú, cibé acu is túisce a tharlaíonn, measfar an chuideachta a bheith faoi chosaint na cúirte.

(2) Fad a bheidh cuideachta faoi chosaint na cúirte i gcás faoin Acht seo, beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas—

(a) ní fhéadfar aon imeachtaí chun an chuideachta a fhoirceannadh a thosú ná rún chun foirceannadh a dhéanamh a rith i ndáil leis an gcuideachta sin agus ní bheidh aon éifeacht le haon rún a rithfear amhlaidh;

(b) ní cheapfar aon ghlacadóir os cionn aon chuid de mhaoin nó de ghnóthas na cuideachta, nó má cheaptar é amhlaidh roimh thíolacadh achainí faoi alt 2, ní bheidh sé, faoi réir alt 6, in ann gníomhú;

(c) ní chuirfear aon astú, forlámhú, tochsal ná forghníomhú i bhfeidhm in aghaidh mhaoin nó earraí na cuideachta, ach amháin le toiliú an scrúdaitheora;

(d) i gcás go mbeidh aon éileamh in aghaidh na cuideachta urraithe le muirear ar mhaoin, earraí nó ioncam uile na cuideachta, nó ar aon chuid díobh, ní fhéadfar aon chaingean a thionscnamh chun an t-urrús uile sin nó aon chuid de a réadú, ach amháin le toiliú an scrúdaitheora;

(e) ní fhéadfar aon bhearta a dhéanamh chun earraí i seilbh na cuideachta, faoi aon chomhaontú fruilcheannaigh (de réir bhrí alt 11 (8)) a athshealbhú, ach amháin le toiliú an scrúdaitheora;

(f) más rud é, faoi aon achtachán, riail dlí, nó ar shlí eile, go mbeidh aon duine seachas an chuideachta faoi dhliteanas fiacha uile na cuideachta nó aon chuid díobh a íoc—

(i) ní chuirfear aon astú, forlámhú, tochsal nó forghníomhú i bhfeidhm in aghaidh mhaoin nó earraí an duine sin maidir le fiacha na cuideachta, agus

(ii) ní fhéadfar aon imeachtaí d'aon saghas a thosú in aghaidh an duine sin maidir le fiacha na cuideachta.

(3) Faoi réir fho-alt (2), ní fhéadfar aon imeachtaí eile i ndáil leis an gcuideachta a thosú ach amháin le cead na cúirte agus faoi réir cibé téarmaí a fhorchuirfidh an chúirt agus féadfaidh an chúirt ar iarratas ón scrúdaitheoir cibé ordú a dhéanamh is cuí léi i ndáil le haon imeachtaí láithreacha lena n-áirítear ordú chun bac a chur leis na himeachtaí sin.

(4) Ní bheidh gearáin a bhaineann le stiúradh chúrsaí na cuideachta, fad a bheidh sí faoi chosaint na cúirte, ina mbonn le hordú ar fhaoiseamh a dhéanamh faoi alt 205 den Phríomh-Acht.

Éifeacht ar ghlacadóir, nó ar leachtaitheoir sealadach, ag ordú ag ceapadh scrúdaitheora.

6. —(1) I gcás go gceapfaidh an chúirt scrúdaitheoir do chuideachta agus go mbeidh glacadóir ceaptha do mhaoin nó do ghnóthas uile na cuideachta sin nó d'aon chuid den mhaoin nó den ghnóthas sin, féadfaidh an chúirt cibé ordú a dhéanamh is cuí léi lena n-áirítear ordú maidir le haon cheann de na nithe seo a leanas nó maidir le gach ceann acu—

(a) go scoirfidh an glacadóir de ghníomhú sa cháil sin ó dháta a shonróidh an chúirt,

(b) nach ndéanfaidh an glacadóir, ó dháta a shonróidh an chúirt, gníomhú sa cháil sin ach amháin maidir le sócmhainní áirithe a shonróidh an chúirt,

(c) ag ordú don ghlacadóir gach leabhar, páipéar agus taifead eile, a bhaineann le maoin nó gnóthas na cuideachta (nó aon chuid den chéanna) agus atá ina sheilbh nó faoina rialú, a sheachadadh ar an scrúdaitheoir laistigh de thréimhse a shonróidh an chúirt,

(d) ag ordú don ghlacadóir na sonraí iomlána a thabhairt don scrúdaitheoir faoina dhéileálacha go léir le maoin nó gnóthas na cuideachta.

(2) I gcás go gceapfaidh an chúirt scrúdaitheoir do chuideachta agus go mbeidh leachtaitheoir sealadach ceaptha don chuideachta sin, féadfaidh an chúirt cibé ordú a dhéanamh is cuí léi lena n-áirítear ordú maidir le haon cheann de na nithe seo a leanas nó maidir le gach ceann acu—

(a) go gceapfar an leachtaitheoir sealadach mar scrúdaitheoir don chuideachta,

(b) go gceapfar duine éigin eile mar scrúdaitheoir don chuideachta,

(c) go scoirfidh an leachtaitheoir sealadach de ghníomhú sa cháil sin ón dáta a shonróidh an chúirt,

(d) ag ordú don leachtaitheoir sealadach gach leabhar, páipéar agus taifead eile, a bhaineann le maoin nó gnóthas na cuideachta nó aon chuid den chéanna, agus atá ina sheilbh nó faoina rialú, a sheachadadh ar an scrúdaitheoir laistigh de thréimhse a shonróidh an chúirt,

(e) ag ordú don leachtaitheoir sealadach na sonraí iomlána a thabhairt don scrúdaitheoir faoina dhéileálacha go léir le maoin nó gnóthas na cuideachta.

(3) Nuair a bheidh an chúirt á chinneadh an ndéanfaidh sí ordú faoi fho-alt (1) (a) nó (b), nó fo-alt (2) (c), beidh aird aici ar cibé acu ar dhóigh go n-éascódh déanamh an ordaithe marthanas na cuideachta, agus iomlán a gnóthais nó aon chuid de, mar ghnóthas leantach.

(4) I gcás go ndéanfaidh an chúirt ordú faoi fho-alt (1) nó (2), féadfaidh sí, chun lánéifeacht a thabhairt don ordú, cibé coinníollacha a áireamh san ordú agus cibé orduithe foghabhálacha nó orduithe eile a dhéanamh is cuí léi.

(5) Más rud é, i gcás tíolacadh achainí faoi alt 2 maidir le cuideachta, gur ar dháta tar éis achainí a thíolacadh chun an chuideachta sin a fhoirceannadh, ach sula gceapfar leachtaitheoir sealadach nó sula ndéanfar ordú le haghaidh a foirceanta, a dhéanfar é, éistfear an dá achainí le chéile.

Cumhachtaí scrúdaitheora.

7. —(1) Aon fhoráil d'Achtanna na gCuideachtaí a bhaineann le cearta agus cumhachtaí iniúchóra cuideachta agus le faisnéis a sholáthar don iniúchóir sin agus le comhoibriú leis beidh feidhm aici, fara na modhnuithe is gá, maidir le scrúdaitheoir.

(2) D'ainneoin aon fhorála d'Achtanna na gCuideachtaí a bhaineann le fógra faoi chruinnithe ginearálta, beidh cumhacht ag scrúdaitheoir cruinnithe de bhord stiúrthóirí na cuideachta chun a bhfuil sé ceaptha, agus cruinnithe ginearálta den chuideachta sin, a chomóradh, clár a leagan amach dóibh agus a bheith i gceannas orthu agus tairiscintí nó rúin a thairiscint agus tuarascálacha a thabhairt do na cruinnithe sin.

(3) Beidh scrúdaitheoir i dteideal fógra réasúnach a fháil faoi chruinnithe uile boird stiúrthóirí cuideachta agus faoi chruinnithe ginearálta uile na cuideachta chun a bhfuil sé ceaptha, agus i dteideal freastal orthu agus éisteacht a fháil acu.

(4) Chun críche fho-alt (3) measfar go bhfolaíonn “fógra réasúnach” tuairisc faoin ngnó atá le déanamh ag aon chruinniú den sórt sin.

(5) I gcás go dtagann scrúdaitheoir ar an eolas mar gheall ar aon ghníomh, neamhghníomh, iompar, cinneadh nó conradh, iarbhír nó beartaithe, ag an gcuideachta chun a bhfuil sé ceaptha, nó thar a ceann, ag a hoifigigh, a fostaithe, a comhaltaí nó a creidiúnaithe, nó ag aon duine eile, nó thar a gceann sin, i ndáil le hioncam, sócmhainní nó dliteanais na cuideachta sin a bheidh nó is dóigh a bheidh, ina thuairim, chun aimhleasa na cuideachta sin, nó aon pháirtí leasmhair, beidh lánchumhacht aige, faoi réir chearta páirtithe a fhaigheann leas de mheon macánta agus ar luach-chomaoin in ioncam, i sócmhainní nó i ndliteanais den sórt sin, cibé bearta a dhéanamh a bheidh riachtanach chun éifeachtaí an ghnímh, an neamhghnímh, an iompair, an chinnidh nó an chonartha sin a stopadh, a chosc nó a cheartú.

(6) Féadfaidh an scrúdaitheoir iarratas a dhéanamh chun na cúirte chun aon cheist a chinneadh a thig i gcúrsa a oifige, nó chun na cumhachtaí go léir, nó chun aon chumhacht, a fheidhmiú i ndáil leis an gcuideachta a fhéadfaidh an chúirt a fheidhmiú faoin Acht seo ar iarratas a dhéanamh chuici ag aon chomhalta, ranníocóir, creidiúnaí nó stiúrthóir de chuid cuideachta.

(7) Beidh de chumhacht ag an scrúdaitheoir, má ordaíonn an chúirt dó amhlaidh, éilimh in aghaidh na cuideachta chun a bhfuil sé ceaptha a chinneadh agus a chomhaontú.

Doiciméid agus fianaise a thabhairt ar aird.

8. —(1) Beidh de dhualgas ar gach oifigeach agus gníomhaire don chuideachta nó do chuideachta ghaolmhar gach leabhar agus doiciméad de chuid, nó i leith, aon chuideachta den sórt sin a bheidh ina gcoimeád nó faoina n-urlámhas a thabhairt ar aird don scrúdaitheoir, freastal os a chomhair nuair a iarrtar orthu sin a dhéanamh agus thairis sin gach cabhair a thabhairt dó is féidir leo go réasúnach a thabhairt i dtaca lena chuid feidhmeanna.

(2) Má mheasann an scrúdaitheoir go bhfuil duine seachas oifigeach nó gníomhaire d'aon chuideachta den sórt sin i seilbh, nó go bhféadfadh sé a bheith i seilbh, faisnéise a bhaineann lena cúrsaí, féadfaidh sé a cheangal ar an duine sin aon leabhair nó doiciméid ina choimeád nó faoina urlámhas a bhaineann leis an gcuideachta a thabhairt ar aird dó, freastal os a chomhair agus thairis sin gach cabhair i dtaca lena fheidhmeanna a thabhairt dó is féidir leis go réasúnach a thabhairt; agus beidh de dhualgas ar an duine sin an ceanglas a chomhlíonadh.

(3) Má bhíonn cúiseanna réasúnacha ag an scrúdaitheoir chun a chreidiúint go gcoimeádann stiúrthóir nó iarstiúrthóir d'aon chuideachta den sórt sin, nó gur choimeád sé, cuntas bainc d'aon tuairisc, cibé acu ina aonar nó i gcomhpháirt le duine eile agus cibé acu sa Stát nó in áit eile, ar íocadh isteach ann nó ar íocadh amach as—

(a) aon airgead a thig as aon idirbheart, comhshocraíocht nó comhaontú a mhaoiniú nó a úsáideadh sa mhaoiniú sin agus nár nochtadh sonraí maidir leis i gcuntais aon chuideachta le haghaidh aon bhliana airgeadais mar a éilítear le dlí; nó

(b) aon airgead a bhí bainteach in aon tslí le haon ghníomh nó neamhghníomh, nó le haon sraith gníomhartha nó neamhghníomhartha ba mhí-iompar (bíodh sé calaoiseach nó ná bíodh) ar thaobh an stiúrthóra sin i leith na cuideachta sin nó a comhaltaí;

féadfaidh an scrúdaitheoir a cheangal ar an stiúrthóir gach doiciméad i seilbh an stiúrthóra nó faoina urlámhas a thabhairt ar aird dó, a bhaineann leis an gcuntas bainc sin; agus san fho-alt seo folaíonn “cuntas bainc” cuntas le haon duine a bheidh díolmhaithe de bhua alt 7 (4) d'Acht an Bhainc Ceannais, 1971 , ón gceanglas ceadúnas a shealbhú faoi alt 9 den Acht sin.

(4) Féadfaidh scrúdaitheoir oifigigh agus gníomhairí don chuideachta sin nó duine eile mar a luaitear i bhfo-alt (1) nó (2) a cheistiú faoi mhionn, de bhriathar béil nó ar agarcheisteanna i scríbhinn, i ndáil lena cúrsaí, agus féadfaidh sé—

(a) iad a chur faoi mhionn dá réir sin,

(b) freagraí an duine sin a chur síos i scríbhinn agus a cheangal air iad a shíniú.

(5) Má dhiúltaíonn aon oifigeach nó gníomhaire don chuideachta sin nó aon duine eile aon leabhar nó doiciméad a thabhairt ar aird don scrúdaitheoir a mbeidh sé de dhualgas air faoin alt seo é a thabhairt ar aird amhlaidh, má dhiúltaíonn sé freastal os comhair an scrúdaitheora nuair a cheanglaítear air déanamh amhlaidh nó má dhiúltaíonn sé aon cheist a fhreagairt a chuirfidh an scrúdaitheoir air maidir le cúrsaí na cuideachta, féadfaidh an scrúdaitheoir an diúltú a dheimhniú faoina láimh don chúirt, agus air sin féadfaidh an chúirt an cás a fhiosrú agus, tar éis di aon fhinnéithe a thabharfar ar aird in aghaidh nó ar thaobh an chiontóra líomhnaithe a éisteacht, agus aon ráiteas a thairgfear mar chosaint a éisteacht, an ciontóir a phionósú ionann is dá mbeadh sé ciontach i ndíspeagadh cúirte.

(6) San alt seo, folóidh aon tagairt d'oifigigh nó do ghníomhairí daoine a bhí, chomh maith le daoine atá, ina n-oifigigh nó ina ngníomhairí, de réir mar a bheidh, agus folóidh “gníomhairí”, i ndáil le cuideachta, baincéirí agus aturnaetha na cuideachta agus aon daoine ar fostú ag an gcuideachta mar iniúchóirí, cibé acu is oifigigh don chuideachta na daoine sin nó nach ea.

Cumhachtaí breise na cúirte.

9. —(1) I gcás go ndealraíonn sé don chúirt, ar iarratas ón scrúdaitheoir, agus ag féachaint do na nithe dá dtagraítear i bhfo-alt (2), go bhfuil sé cóir agus cothromasach déanamh amhlaidh, féadfaidh sí ordú a dhéanamh nach mbeidh na feidhmeanna nó na cumhachtaí go léir nó aon cheann díobh atá dílsithe do na stiúrthóirí nó infheidhmithe acu (cibé acu de bhua mheabhrán nó airteagail chomhlachais na cuideachta nó de réir dlí nó ar shlí eile), inchomhlíonta ná infheidhmithe ach amháin ag an scrúdaitheoir.

(2) Is iad na nithe ar a dtabharfaidh an chúirt aird chun críche fho-alt (1) ná—

(a) go bhfuil cúrsaí na cuideachta á stiúradh, nó gur dóigh go mbeidh siad á stiúradh, ar shlí atá ceaptha chun dochar a dhéanamh, nó ar shlí ar dóigh di dochar a dhéanamh, do leasanna na cuideachta nó a cuid fostaithe nó a cuid creidiúnaithe ina n-iomláine, nó

(b) go bhfuil sé fóirsteanach, chun sócmhainní na cuideachta a chaomhnú nó chun leasanna na cuideachta nó a cuid fostaithe nó a cuid creidiúnaithe ina n-iomláine a chosaint, gur cheart seoladh ghnó na cuideachta ag a stiúrthóirí nó ag a bainistíocht, nó feidhmiú chumhachtaí a stiúrthóirí nó a bainistíochta, a laghdú nó a rialáil ar aon mhodh sonrach, nó

(c) go bhfuil an chuideachta nó a stiúrthóirí tar éis a chinneadh le rún gur cheart ordú den sórt sin a lorg, nó

(d) aon ní eile i ndáil leis an gcuideachta is iomchuí leis an gcúirt.

(3) I gcás go ndéanfaidh an chúirt ordú faoi fho-alt (1), féadfaidh sí, chun lánéifeacht a thabhairt don ordú, cibé coinníollacha a áireamh san ordú agus cibé orduithe foghabhálacha nó orduithe eile a dhéanamh is cuí léi.

(4) Gan dochar do ghinearáltacht fho-ailt (1) agus (3), féadfaidh ordú faoin alt seo foráil a dhéanamh go mbeidh na cumhachtaí go léir nó aon cheann díobh ag an scrúdaitheoir a bheadh aige dá mba leachtaitheoir é arna cheapadh ag an gcúirt maidir leis an gcuideachta agus, i gcás go bhforálann an t-ordú sin amhlaidh, beidh na cumhachtaí go léir ag an gcúirt a bheadh aici dá ndéanfadh sí ordú foirceanta agus leachtaitheoir a cheapadh maidir leis an gcuideachta i gceist.

An scrúdaitheoir do thabhú dliteanas áirithe.

10. —(1) I gcás go ndéanfar ordú faoin Acht seo chun an chuideachta a fhoirceannadh nó go gceapfar glacadóir, aon dliteanais a thabhóidh an chuideachta le linn na tréimhse cosanta a dtagraítear dóibh i bhfo-alt (2) déileálfar leo mar chaiteachais a tabhaíodh go cuí, chun críche alt 29 ag an scrúdaitheoir.

(2) Is iad na dliteanais dá dtagraítear i bhfo-alt (1) ná na dliteanais sin a ndeimhníonn an scrúdaitheoir, an tráth a thabhaítear iad, gur tabhaíodh iad in imthosca ina ndéanfaí murach sin an-dochar, i dtuairim an scrúdaitheora, do mharthanas na cuideachta mar ghnóthas leantach le linn na tréimhse cosanta.

(3) San alt seo ciallaíonn “tréimhse chosanta” an tréimhse, dar tosach tráth ceaptha scrúdaitheora, a bhfuil an chuideachta faoi chosaint na cúirte lena linn.

Cumhacht chun déileáil le maoin atá faoi mhuirear, etc.

11. —(1) Más rud é, ar iarratas ón scrúdaitheoir, gur deimhin leis an gcúirt gur dóigh go n-éascódh diúscairt (fara nó d'éagmais sócmhainní eile) aon mhaoine de chuid na cuideachta atá faoi réir urrúis ar mhuirear foluaineach é, mar a bunaíodh é, nó gur dóigh go n-éascódh feidhmiú a chuid cumhachtaí ag an scrúdaitheoir i ndáil le maoin den sórt sin marthanas na cuideachta go léir nó aon chuid di mar ghnóthas leantach, féadfaidh an chúirt le hordú a údarú don scrúdaitheoir an mhaoin a dhiúscairt, nó a chuid cumhachtaí a fheidhmiú i ndáil léi, de réir mar a bheidh, amhail is nach mbeadh sí faoi réir an urrúis.

(2) Más rud é, ar iarratas ón scrúdaitheoir, gur deimhin leis an gcúirt gur dóigh go ndéanfadh diúscairt (fara nó d'éagmais sócmhainní eile)—

(a) aon mhaoine de chuid na cuideachta atá faoi réir urrúis seachas urrús lena mbaineann fo-alt (1), nó

(b) aon earraí atá i seilbh na cuideachta faoi chomhaontú fruilcheannaigh,

marthanas na cuideachta go léir nó aon chuid di mar ghnóthas leantach a éascú, féadfaidh an chúirt le hordú a údarú don scrúdaitheoir an mhaoin a dhiúscairt amhail is nach mbeadh sí faoi réir an urrúis nó na hearraí a dhiúscairt amhail is dá mbeadh cearta uile an úinéara faoin gcomhaontú fruilcheannaigh dílsithe don chuideachta.

(3) I gcás go ndiúscrófar maoin faoi fho-alt (1), beidh an tosaíocht chéanna ag sealbhóir an urrúis maidir le haon mhaoin de chuid na cuideachta atá in ionannas, go díreach nó go hindíreach, don mhaoin a diúscraíodh, a bheadh aige maidir leis an maoin atá faoi réir an urrúis.

(4) Is coinníoll d'ordú faoi fho-alt (2) go ndéanfar—

(a) glanfháltais na diúscartha, agus

(b) i gcás gur lú na fáltais sin ná cibé méid a gcinnfidh an chúirt gurb é an glanmhéid é a bhainfí amach ar dhíol na maoine nó na n-earraí ar an margadh oscailte ag díoltóir toilteanach, cibé suimeanna is gá chun an t-easnamh a shlánú,

a chur chun feidhme chun na suimeanna a urraíodh leis an urrús nó is iníoctha faoin gcomhaontú fruilcheannaigh a urscaoileadh.

(5) I gcás go mbaineann coinníoll a fhorchuirtear de bhun fho-alt (4) le dhá urrús nó níos mó, ceanglaítear leis an gcoinníoll sin go ndéanfar glanfháltais na diúscartha agus, i gcás go mbeidh feidhm ag mír (b) den fho-alt sin, na suimeanna a luaitear sa mhír sin a chur chun feidhme faoi chomhair na suimeanna a urraíodh leis na hurrúis sin in ord a dtosaíochtaí.

(6) Déanfaidh an scrúdaitheoir cóip oifige d'ordú faoi fho-alt (1) nó (2) i ndáil le hurrús a sheachadadh, laistigh de 7 lá tar éis an t-ordú a dhéanamh, ar chláraitheoir na gcuideachtaí.

(7) Má mhainníonn an scrúdaitheoir gan leithscéal réasúnach fo-alt (6) a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £1,000 a chur air.

(8) Folaíonn tagairtí san alt seo do chomhaontú fruilcheannaigh, comhaontú díola coinníollach, comhaontú um choimeád teidil agus comhaontú chun earraí a earbadh a bheidh inmharthanach ar feadh níos mó ná 3 mhí.

Fógra a thabhairt faoi cheapadh scrúdaitheora.

12. —(1) I gcás go dtíolacfar achainí faoi alt 2, seachadfaidh an t-achainíoch fógra faoin achainí san fhoirm fhorordaithe, laistigh de 3 lá tar éis a thíolachta, ar chláraitheoir na gcuideachtaí.

(2) (a) Cuirfidh scrúdaitheoir faoi deara, laistigh de na teorainneacha ama a shonraítear i mír (b), fógra a fhoilsiú san Iris Oifigiúil agus in dhá nuachtán laethúla ar a laghad a léitear sa cheantar ina bhfuil oifig chláraithe nó príomháit ghnó na cuideachta suite—

(i) faoina cheapadh agus dáta an chéanna, agus

(ii) faoin dáta, más ann, a socraíodh chun na nithe a thig as an tuarascáil a ullmhóidh an scrúdaitheoir faoi alt 15 a éisteacht.

(b) Is iad na teorainneacha ama dá dtagraítear i mír (a)—

(i) lá is fiche tar éis a cheaptha a mhéid a bhaineann leis an Iris Oifigiúil, agus

(ii) trí lá tar éis a cheaptha sa chás eile dá dtagraítear sa mhír sin.

(3) Déanfaidh scrúdaitheoir, laistigh de thrí lá tar éis a cheaptha, cóip den ordú á cheapadh a sheachadadh ar chláraitheoir na gcuideachtaí.

(4) I gcás go measfar cuideachta, de bhua alt 5, a bheith faoi chosaint na cúirte, beidh an ráiteas “faoi chosaint na cúirte” i ngach sonrasc, ordú ar earraí nó litir ghnó a eiseoidh an chuideachta nó a eiseofar thar a ceann, ar doiciméad é a mbeidh ainm na cuideachta air nó ann.

(5) Duine a mhainneoidh forálacha an ailt seo a chomhlíonadh beidh sé ciontach i gcion agus dlífear ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná £1,000; agus ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £10,000, a chur air.

Forálacha ginearálta maidir le scrúdaitheoirí.

13. —(1) Féadfaidh scrúdaitheoir éirí as oifig nó, ar chúis a shuíomh, féadfaidh an chúirt é a chur as oifig.

(2) Má tharlaíonn folúntas ar aon chúis in oifig scrúdaitheora féadfaidh an chúirt le hordú an folúntas a líonadh.

(3) Féadfaidh siad seo a leanas iarratas a dhéanamh ar ordú faoi fho-alt (2)—

(a) aon choiste creidiúnaithe a bheidh bunaithe faoi alt 21, nó

(b) an chuideachta nó aon pháirtí leasmhar.

(4) Is é an teideal “scrúdaitheoir” na cuideachta áirithe ar ceapadh ina leith é a thabharfar de thuairisc ar scrúdaitheoir agus ní hé a ainm féin.

(5) Beidh gníomhartha scrúdaitheora bailí d'ainneoin aon lochtanna a d'aimseofaí ina dhiaidh sin ina cheapadh nó ina cháilíocht.

(6) Beidh scrúdaitheoir faoi dhliteanas go pearsanta maidir le haon chonradh a rinne sé ag comhlíonadh a fheidhmeanna (cibé acu a rinne sé an conradh in ainm na cuideachta nó ina ainm féin mar scrúdaitheoir nó ar shlí eile) mura bhforálann an conradh nach mbeidh sé faoi dhliteanas go pearsanta maidir leis an gconradh sin agus beidh sé, maidir leis an dliteanas sin, i dteideal slánaíocht a fháil as na sócmhainní; ach ní ghlacfar le haon ní san fho-alt seo mar ní a theorannaíonn aon cheart slánaíocht a fháil a bheadh aige ar leith ón bhfo-alt seo, nó mar ní a theorannaíonn a dhliteanas maidir le conarthaí a rinne sé gan údarás nó mar ní a thugann aon cheart chun slánaíocht a fháil maidir leis an dliteanas sin.

(7) Féadfaidh cuideachta a bhfuil scrúdaitheoir ceaptha ina leith, nó féadfaidh páirtí leasmhar, iarratas a dhéanamh chun na cúirte chun aon cheist a chinneadh a thig as comhlíonadh a chuid feidhmeanna, nó a mhalairt, ag an scrúdaitheoir.

Faisnéis a bheidh le tabhairt nuair a cheapfar scrúdaitheoir.

14. —(1) Cuirfidh stiúrthóirí cuideachta chun a bhfuil scrúdaitheoir ceaptha faoi deara, laistigh de 7 lá den cheapadh, go ndéanfar amach, go bhfíorófar le mionnscríbhinn agus go gcuirfear faoi bhráid an scrúdaitheora, ráiteas de réir an ailt seo maidir le cúrsaí na cuideachta.

(2) Taispeánfaidh an ráiteas, a mhéid is féidir sin a dhéanamh go réasúnach, amhail mar a bhí ar dháta an scrúdaitheora a cheapadh, sonraí ar shócmhainní, fiacha agus dliteanais (lena n-áirítear dliteanais theagmhasacha agus ionchasacha) na cuideachta, ainmneacha agus seoltaí a creidiúnaithe, na hurrúis a bhí acu faoi seach, na dátaí ar tugadh na hurrúis faoi seach agus cibé faisnéis bhreise a fhorordófar nó a ordóidh an chúirt.

(3) Duine lena mbaineann fo-alt (1), a dhéanann mainneachtain le linn ceanglais an ailt seo a chomhlíonadh beidh sé ciontach i gcion agus dlífear ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná £1,000, agus, ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £10,000, a chur air.

Scrúdú ar chúrsaí na cuideachta.

15. —(1) Beidh sé de dhualgas ar scrúdaitheoir scrúdú ar chúrsaí na cuideachta chun a bhfuil sé ceaptha a stiúradh agus tuarascáil a thabhairt don chúirt, laistigh de 21 lá dá cheapadh nó cibé tréimhse is faide ná sin a cheadóidh an chúirt, faoi thorthaí a scrúdaithe de réir alt 16.

(2) D'ainneoin aon fhorála eile den Acht seo féadfaidh an chúirt cibé dualgais eile is cuí léi a fhorchur ar an scrúdaitheoir.

(3) Seachadfaidh an scrúdaitheoir cóip dá thuarascáil faoin alt seo ar an gcuideachta an lá céanna a sheachadfaidh sé an tuarascáil sin ar an gcúirt.

(4) Soláthróidh an scrúdaitheoir freisin cóip dá thuarascáil faoin alt seo d'aon pháirtí leasmhar ar iarratas i scríbhinn a fháil, ar choinníoll go bhféadfar an soláthar sin, má ordaíonn an chúirt amhlaidh, a bheith faoi réir cibé codanna den tuarascáil is cuí leis an gcúirt a fhágáil ar lár.

(5) Féadfaidh an chúirt, go sonrach, ordú a thabhairt faoi fho-alt (4) má mheasann sí gur dóigh go ndéanfaí dochar do mharthanas na cuideachta nó dá gnóthas iomlán nó d'aon chuid dá gnóthas dá gcuirfí faisnéis áirithe isteach sa tuarascáil a bheidh le soláthar faoin bhfo-alt sin.

Tuarascáil an scrúdaitheora.

16. —Áireofar an méid seo a leanas i dtuarascáil an scrúdaitheora faoi alt 15—

(a) ainmneacha agus seoltaí buana oifigigh na cuideachta agus, a mhéid is féidir leis an scrúdaitheoir a shuíomh, aon duine ar gnách le stiúrthóirí na cuideachta gníomhú de réir a orduithe nó a threoracha,

(b) ainmneacha aon chomhlachtaí corpraithe eile ar stiúrthóirí orthu freisin stiúrthóirí na cuideachta,

(c) ráiteas maidir le cúrsaí na cuideachta, a thaispeánfaidh, a mhéid is féidir sin a dhéanamh go réasúnach, sonraí faoi shócmhainní, fiacha agus dliteanais (lena n-áirítear dliteanais theagmhasacha agus ionchasacha) na cuideachta amhail ar an dáta is déanaí is praiticiúil, ainmneacha agus seoltaí a creidiúnaithe, na hurrúis a bhí acu faoi seach, agus na dátaí ar tugadh na hurrúis faoi seach,

(d) cibé acu, i dtuairim an scrúdaitheora, a tugadh nó nár tugadh cuntas go sásúil ar aon easnamh idir sócmhainní agus dliteanais na cuideachta nó, murar tugadh, cibé atá nó nach bhfuil fianaise ann go ndeachaigh cuid mhór maoine ar iarraidh nár tugadh cuntas dóthanach uirthi,

(e) ráiteas tuairime ón scrúdaitheoir á lua cibé a bheadh nó nach mbeadh an chuideachta agus a gnóthas iomlán nó aon chuid de, inmharthana mar ghnóthas leantach agus ráiteas faoi na coinníollacha a bhraitheann sé a bheith riachtanach chun an marthanas sin a chinntiú, cibé acu maidir le bainistíocht inmheánach agus urlámhais inmheánacha na cuideachta nó le nithe eile,

(f) a thuairim i dtaobh cibé acu a éascódh nó nach n-éascódh foirmliú, glacadh agus daingniú tograí maidir le comhréiteach nó scéim chomhshocraíochta an marthanas sin,

(g) cibé acu, ina thuairim, an dóigh go mbeadh iarracht leanúint le gnóthas iomlán na cuideachta nó le haon chuid den ghnóthas níos buntáistí do na comhaltaí ina n-iomláine agus do na creidiúnaithe ina n-iomláine ná foirceannadh na cuideachta,

(h) moltaí maidir leis an mbeart a cheapann sé ba cheart a dhéanamh maidir leis an gcuideachta, lena n-áirítear, más gá é, dréacht-tograí maidir le comhréiteach nó scéim chomhshocraíochta,

(i) a thuairim cibé acu ar ghá, ó na fíorais a nochtar, tuilleadh fiosruithe a dhéanamh faoi ailt 33 agus 34,

(j) cibé nithe eile is iomchuí leis an scrúdaitheoir nó a ordaíonn an chúirt, agus

(k) a thuairim cibé acu a chuideodh nó nach gcuideodh sé lena chuid oibre dá ndéanfadh an chúirt ordú ag leathnú ról nó comhaltas aon choiste creidiúnaithe dá dtagraítear in alt 21.

Nithe a éisteacht a thig ó thuarascáil an scrúdaitheora.

17. —(1) Más rud é, i dtuarascáil a rinneadh faoi alt 15, go dtugann an scrúdaitheoir a thuairim—

(a) nach mbeadh gnóthas iomlán na cuideachta chun a bhfuil sé ceaptha nó aon chuid de inmharthana mar ghnóthas leantach, nó

(b) nach ndéanfadh foirmliú, glacadh nó daingniú tograí maidir le comhréiteach nó scéim chomhshocraíochta an marthanas sin a éascú, nó

(c) nach dóigh go mbeadh iarracht leanúint le gnóthas iomlán na cuideachta nó le haon chuid den ghnóthas níos buntáistí do na comhaltaí ina n-iomláine nó do na creidiúnaithe ina n-iomláine ná foirceannadh na cuideachta, nó

(d) go bhfuil fianaise ann go ndeachaigh cuid mhór maoine ar iarraidh nár tugadh cuntas dóthanach uirthi, nó go bhfuil fianaise ann faoi mhírialtachtaí troma eile i ndáil le cúrsaí na cuideachta,

tionólfaidh an chúirt éisteacht, a luaithe is féidir tar éis tuarascáil an scrúdaitheora a fháil, chun nithe a thig as an tuarascáil a mheas.

(2) Beidh na páirtithe seo a leanas i dteideal láithriú agus éisteacht a fháil ag éisteacht faoi fho-alt (1)—

(a) an scrúdaitheoir,

(b) an chuideachta,

(c) aon pháirtí leasmhar,

(d) aon duine dá dtagraítear sa tuarascáil i ndáil leis na hábhair a luaitear i bhfo-alt (1) (d).

(3) Féadfaidh an chúirt, tar éis éisteacht faoin alt seo, cibé ordú nó orduithe a dhéanamh is cuí léi.

(4) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (3), féadfaidh a bheith ar áireamh in ordú faoin bhfo-alt sin ordú—

(a) chun sócmhainní iomlána na cuideachta nó aon chuid díobh a urscaoileadh ó chosaint na cúirte,

(b) chun cibé téarmaí agus coinníollacha a fhorchur is cuí léi chun leanúint de chosaint na cúirte a thabhairt,

(c) chun an chuideachta a fhoirceannadh,

(d) chun gnóthas iomlán na cuideachta nó aon chuid de a dhíol ar cibé téarmaí agus coinníollacha, lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le fáltais an díola sin a dháileadh, de réir mar is cuí leis an gcúirt, agus, i gcás gur gá é chun na críche sin, chun glacadóir a cheapadh,

(e) chun an scrúdaitheoir d'fhoirmliú tograí maidir le comhréiteach nó scéim chomhshocraíochta,

(f) chun na cruinnithe a ghairm a luaitear san Acht seo chun tograí maidir le comhréiteach nó scéim chomhshocraíochta a mheas,

(g) chun cruinniú den bhord stiúrthóirí nó cruinniú ginearálta den chuideachta a ghairm, a thionól agus a stiúradh chun cibé nithe a ordóidh an chúirt a mheas.

(5) Ar ordú a dhéanamh faoin alt seo, seachadfaidh an scrúdaitheoir nó cibé duine eile a ordóidh an chúirt cóip oifige den ordú ar chláraitheoir na gcuideachtaí lena clárú.

(6) I gcás go ndéanfaidh an chúirt ordú chun cuideachta a fhoirceannadh faoin Acht seo, measfar gur thosaigh an foirceannadh sin ar an dáta a ndearnadh an t-ordú, mura n-ordaíonn an chúirt a mhalairt.

Tuarascáil bhreise ón scrúdaitheoir.

18. —(1) Más rud é, i dtuairim an scrúdaitheora—

(a) go mbeadh gnóthas iomlán na cuideachta nó aon chuid de inmharthana mar ghnóthas leantach, agus

(b) gur dóigh go mbeadh iarracht leanúint le gnóthas iomlán na cuideachta nó le haon chuid den ghnóthas níos buntáistí do na comhaltaí ina n-iomláine, agus do na creidiúnaithe ina n-iomláine, ná foirceannadh na cuideachta, agus

(c) go n-éascódh foirmliú, glacadh agus daingniú tograí maidir le comhréiteach nó scéim chomhshocraíochta an marthanas sin,

foirmleoidh an scrúdaitheoir tograí maidir le comhréiteach nó scéim chomhshocraíochta.

(2) D'ainneoin aon fhorála in Achtanna na gCuideachtaí a bhaineann le fógra faoi chruinnithe ginearálta (ach faoi réir fógra nach giorra ná trí lá in aon chás) comórfaidh an scrúdaitheoir cibé cruinnithe de chomhaltaí agus de chreidiúnaithe is cuí leis, agus rachaidh sé i gceannas ar na cruinnithe sin, chun na tograí sin a mheas agus tuarascáil a thabhairt orthu don chúirt laistigh de 42 lá dá cheapadh nó cibé tréimhse is faide ná sin a cheadóidh an chúirt, de réir alt 19.

(3) Más rud é, ar iarratas ón scrúdaitheoir, gur deimhin leis an gcúirt nach mbeadh an scrúdaitheoir in ann tuarascáil a thabhairt don chúirt laistigh den tréimhse trí mhí dá dtagraítear in alt 5 (1) ach go mbeadh sé in ann tuarascáil a thabhairt dá bhfadófaí an tréimhse sin, féadfaidh an chúirt, le hordú, an tréimhse sin a fhadú de mhéid nach mó ná 30 lá chun a chumasú dó déanamh amhlaidh.

(4) I gcás go gcuirfidh an scrúdaitheoir tuarascáil faoin alt seo faoi bhráid na cúirte agus, murach an fo-alt seo, go rachadh an tréimhse a luaitear in alt 5 (1) (agus aon tréimhse fhadaithe a cheadaítear faoi fho-alt (3) den alt seo) in éag, féadfaidh an chúirt uaithi féin nó ar iarratas ón scrúdaitheoir an tréimhse atá i gceist a fhadú de cibé tréimhse a mheasann an chúirt is gá chun a chumasú di cinneadh a dhéanamh faoi alt 24.

(5) Seachadfaidh an scrúdaitheoir cóip dá thuarascáil faoin alt seo—

(a) ar an gcuideachta an lá céanna a sheachadfaidh sé an tuarascáil sin ar an gcúirt, agus

(b) ar aon pháirtí leasmhar ar iarratas i scríbhinn,

ar choinníoll go bhféadfaidh an seachadadh sin faoi mhír (b), má ordaíonn an chúirt amhlaidh, a bheith faoi réir cibé codanna den tuarascáil is cuí leis an gcúirt a fhágáil ar lár.

(6) Féadfaidh an chúirt, go sonrach, ordú a thabhairt faoi fho-alt (5) (b) má mheasann sí gur dóigh go ndéanfaí dochar do mharthanas na cuideachta nó dá gnóthas iomlán nó d'aon chuid dá gnóthas dá gcuirfí faisnéis áirithe isteach sa tuarascáil a bheidh le seachadadh faoin mír sin.

Tuarascáil an scrúdaitheora faoi alt 18.

19. —Folófar i dtuarascáil scrúdaitheora faoi alt 18—

(a) na tograí a leagadh os comhair na gcruinnithe a éilíodh,

(b) aon mhodhnú ar na tograí sin lenar glacadh ag aon cheann de na cruinnithe sin,

(c) an toradh a bhí ar gach ceann de na cruinnithe a éilíodh,

(d) moladh an choiste creidiúnaithe, más ann,

(e) ráiteas faoi shócmhainní agus dliteanais (lena n-áirítear dliteanais theagmhasacha agus ionchasacha) na cuideachta amhail ar dháta a thuarascála,

(f) liosta de chreidiúnaithe na cuideachta, an méid a dhlitear do gach creidiúnaí díobh sin, cineál agus luach aon urrúis a shealbhaíonn aon chreidiúnaí den sórt sin agus stádas tosaíochta aon chreidiúnaí den sórt sin faoi alt 285 den Phríomh-Acht nó faoi aon fhoráil reachtúil nó riail dlí eile,

(g) liosta d'oifigigh na cuideachta,

(h) a mholtaí,

(i) cibé nithe eile a mheasann an scrúdaitheoir a bheith iomchuí nó a ordaíonn an chúirt.

Conarthaí áirithe a shéanadh.

20. —(1) I gcás go mbeidh tograí maidir le comhréiteach nó scéim chomhshocraíochta le foirmliú i ndáil le cuideachta, féadfaidh an chuideachta, faoi réir cheadú na cúirte, aon chonradh a dhaingniú nó a shéanadh faoina bhfágtar gné éigin de chomhlíonadh, seachas íocaíocht, le déanamh ag an gcuideachta agus ag an bpáirtí conarthach, nó ag na páirtithe conarthacha, eile.

(2) Aon duine a mbainfidh caillteanas nó damáiste dó mar gheall ar shéanadh den sórt sin beidh sé mar chreidiúnaí gan urrús le haghaidh mhéid an chaillteanais nó an damáiste sin.

(3) Chun foirmliú, meas nó daingniú comhréitigh nó scéime comhshocraíochta a éascú, féadfaidh an chúirt éisteacht a thionól agus ordú a dhéanamh ag cinneadh mhéid aon chaillteanais nó damáiste den sórt sin agus beidh an méid a cinneadh amhlaidh dlite don chreidiúnaí den chuideachta mar fhiach breithiúnais.

(4) I gcás nach páirtí in iarratas chun na cúirte chun críocha fho-alt (1) an scrúdaitheoir, seirbheálfaidh an chuideachta fógra faoin iarratas sin ar an scrúdaitheoir agus féadfaidh an scrúdaitheoir láithriú agus éisteacht a fháil tráth aon iarratais den sórt sin a bheith á éisteacht.

(5) I gcás go gceadaíonn an chúirt daingniú nó séanadh conartha faoin alt seo, féadfaidh sí agus an ceadú sin á thabhairt aici cibé orduithe a dhéanamh is cuí léi chun lánéifeacht a thabhairt dá ceadú lena n-áirítear orduithe maidir le fógra d'aon pháirtí, nó ag dearbhú ceart aon pháirtí, a ndéanfaidh an daingniú nó an séanadh sin difear dó.

Coiste creidiúnaithe a cheapadh.

21. —(1) Féadfaidh scrúdaitheoir, agus má ordaíonn an chúirt amhlaidh ní foláir dó, coiste creidiúnaithe a cheapadh chun cuidiú leis a chuid feidhmeanna a chomhlíonadh.

(2) Ach amháin mar a n-ordóidh an chúirt a mhalairt, ní bheidh níos mó ná cúig chomhalta ar choiste a cheapfar faoi fho-alt (1) agus folóidh sé sealbhóirí na dtrí éileamh neamhurraithe is mó atá toilteanach fónamh.

(3) Cuirfidh an scrúdaitheoir cóip d'aon tograí le haghaidh comhréitigh nó scéime comhshocraíochta ar fáil don choiste agus féadfaidh an coiste tuairim a thabhairt i dtaobh na dtograí thar a cheann féin nó thar ceann na gcreidiúnaithe nó na n-aicmí creidiúnaithe a bhfuil ionadaíocht acu air.

(4) A luaithe is féidir tar éis coiste a cheapadh faoi fho-alt (1) buailfidh an scrúdaitheoir leis an gcoiste chun cibé gnó a dhéanamh is gá.

Ábhair na dtograí.

22. —(1) Maidir le tograí le haghaidh comhréitigh nó scéime comhshocraíochta—

(a) sonróidh siad gach aicme comhaltaí agus creidiúnaithe de chuid na cuideachta,

(b) sonróidh siad aon aicme comhaltaí agus creidiúnaithe nach ndéanfaidh na tograí dochar dá leasanna nó dá n-éilimh,

(c) sonróidh siad aon aicme comhaltaí agus creidiúnaithe a ndéanfaidh na tograí dochar dá leasanna nó dá n-éilimh,

(d) cuirfidh siad a chothrom de chóir ar fáil do gach éileamh nó leas d'aicme áirithe mura gcomhaontaíonn sealbhóir éilimh nó leasa áirithe ar chóir is lú fabhar a fháil,

(e) déanfaidh siad foráil chun na tograí a chur i bhfeidhm,

(f) má mheasann an scrúdaitheoir gur gá nó gur inmhianaithe déanamh amhlaidh chun marthanas na cuideachta, agus gnóthas iomlán na cuideachta nó aon chuid de, mar ghnóthas leantach, a éascú, sonróidh siad cibé athruithe ba chóir a dhéanamh i ndáil le bainistíocht nó stiúradh na cuideachta,

(g) má mheasann an scrúdaitheoir gur gá nó gur inmhianaithe é mar a dúradh, sonróidh siad aon athruithe a mheasann sé ba chóir a dhéanamh i meabhrán nó in airteagail na cuideachta, cibé acu maidir le bainistíocht nó stiúradh na cuideachta nó le nithe eile,

(h) folóidh siad cibé nithe eile a mheasann an scrúdaitheoir is iomchuí.

(2) Beidh ráiteas faoi shócmhainní agus dliteanais (lena n-áirítear dliteanais theagmhasacha agus ionchasacha) na cuideachta amhail ar dháta na dtograí ag gabháil le gach cóip de na tograí a chuirfear faoi bhráid chruinnithe na gcomhaltaí agus na gcreidiúnaithe faoi alt 23.

(3) Beidh freisin ag gabháil le gach cóip den sórt sin de na tograí tuairisc faoin toradh airgeadais a mheastar a ghabhfadh le foirceannadh na cuideachta i gcás gach aicme comhaltaí agus creidiúnaithe.

(4) Féadfaidh an chúirt a ordú go bhfolóidh na tograí cibé forálacha eile is cuí léi.

(5) Chun críocha an ailt seo agus ailt 24 agus 25, déantar dochar d'éileamh creidiúnaí in aghaidh cuideachta má fhaigheann sé níos lú mar íocaíocht ar a éileamh ná an méid iomlán a bheadh dlite i leith an éilimh ar dháta thíolacadh na hachainí chun an scrúdaitheoir a cheapadh.

(6) Chun críocha an ailt seo agus ailt 24 agus 25, déantar dochar do leas comhalta cuideachta i gcuideachta—

(a) má laghdaítear luach ainmniúil a scairshealbháin sa chuideachta,

(b) i gcás go bhfuil sé i dteideal díbhinne seasta i leith a scairshealbháin sa chuideachta, má laghdaítear méid na díbhinne sin,

(c) má bhaintear de na cearta go léir, nó aon chuid díobh, a fhabhraíonn dó de bhua a scairshealbháin sa chuideachta,

(d) má laghdaítear a leas ó thaobh céatadáin de i scairchaipiteal eisithe iomlán na cuideachta, nó

(e) má bhaintear de a scairshealbhán sa chuideachta.

Tograí á meas ag comhaltaí agus creidiúnaithe.

23. —(1) Baineann an t-alt seo le cruinniú comhaltaí nó creidiúnaithe nó aon aicme comhaltaí nó creidiúnaithe a ghairfear chun tograí maidir le comhréiteach nó scéim chomhshocraíochta a mheas.

(2) Féadfar, ag cruinniú lena mbaineann an t-alt seo, modhnú ar na tograí a chur os comhair an chruinnithe ach ní fhéadfar glacadh leis ach amháin le toiliú an scrúdaitheora.

(3) Measfar go nglacfar le tograí ag cruinniú comhaltaí nó d'aicme comhaltaí má chaitear tromlach na vótaí a chaithfear go bailí ag an gcruinniú sin, cibé acu go pearsanta nó trí sheachvótálaí, i bhfabhar an rúin le haghaidh na dtograí.

(4) Measfar go nglacfar le tograí ag cruinniú de chreidiúnaithe nó d'aicme creidiúnaithe má vótálann tromlach de réir lín a sheasann do thromlach de réir luacha de na héilimh dá mbeidh ionadaíocht ag an gcruinniú sin, cibé acu go pearsanta nó trí sheachvótálaí, i bhfabhar an rúin le haghaidh na dtograí.

(5) (a) I gcás gur creidiúnaí de chuid na cuideachta údarás Stáit, beidh an t-údarás sin i dteideal tograí a ghlacadh faoin alt seo d'ainneoin—

(i) go ndéanfaí dochar, faoi na tograí, d'aon éileamh de chuid an údaráis sin mar chreidiúnaí, nó

(ii) aon achtacháin eile.

(b) San fho-alt seo, ciallaíonn “údarás Stáit” an Stát, Aire den Rialtas nó na Coimisinéirí Ioncaim.

(6) Beidh feidhm ag alt 144 den Phríomh-Acht maidir le haon rún lena mbaineann fo-alt (3) no (4) agus a ritear ag aon chruinniú a chuirtear ar atráth.

(7) Beidh feidhm ag alt 202, fo-ailt (2) go (6), den Phríomh-Acht, fara na modhnuithe is gá, maidir le cruinnithe a thionólfar faoin alt seo.

(8) Le gach fógra ag gairm cruinnithe lena mbaineann an t-alt seo a chuirfear chuig creidiúnaí nó comhalta, déanfar ráiteas a chur chuige freisin ina míneofar éifeacht an chomhréitigh nó na scéime comhshocraíochta agus ina luafar go háirithe aon leasanna ábhartha atá ag stiúrthóirí na cuideachta cibé acu mar stiúrthóirí nó mar chomhaltaí nó mar chreidiúnaithe de chuid na cuideachta nó eile é, agus éifeacht an chomhréitigh nó na comhshocraíochta orthu, sa mhéid nach ionann í agus an éifeacht ar a samhail de leas ag daoine eile.

Tograí a dhaingniú.

24. —(1) Leagfar síos tuarascáil an scrúdaitheora faoi alt 18 lena meas ag an gcúirt a luaithe is féidir tar éis don chúirt an tuarascáil a fháil.

(2) Féadfaidh na daoine seo a leanas láithriú agus éisteacht a fháil ag éisteacht faoi fho-alt (1)—

(a) an chuideachta,

(b) an scrúdaitheoir,

(c) aon chreidiúnaí nó comhalta a ndéanfaí dochar dá éileamh nó dá leas dá gcuirfí na tograí i bhfeidhm.

(3) Ag éisteacht faoi fho-alt (1) féadfaidh an chúirt, de réir mar is cuí léi, faoi réir fhorálacha an ailt seo agus alt 25, na tograí a dhaingniú, na tograí a dhaingniú faoi réir modhnuithe, nó diúltú daingniú a dhéanamh ar na tograí.

(4) Ní dhaingneoidh an chúirt aon tograí—

(a) murar ghlac aon aicme amháin comhaltaí agus aon aicme amháin creidiúnaithe, ar a laghad, leis na tograí ar aicmí iad a ndéanfaí dochar dá leasanna nó dá n-éilimh trí na tograí a chur i bhfeidhm, nó

(b) más é aonchuspóir nó príomhchuspóir na dtograí íoc cánach a bheidh dlite a sheachaint, nó

(c) mura deimhin leis an gcúirt—

(i) go bhfuil na tograí cóir agus cothromasach i ndáil le haon aicme comhaltaí nó creidiúnaithe nár ghlac leis na tograí agus a ndéanfaí dochar dá leasanna nó dá n-éilimh trína gcur i bhfeidhm, agus

(ii) nach ndéanfadh na tograí dochar míchothrom do leasanna aon pháirtí leasmhair.

(5) I gcás go ndaingneoidh an chúirt tograí (fara nó d'éagmais modhnaithe), beidh na tograí ina gceangal ar na comhaltaí go léir nó ar an aicme nó ar na haicmí comhaltaí go léir, de réir mar a bheidh, dá ndéanfadh an togra difear agus freisin ar an gcuideachta.

(6) I gcás go ndaingneoidh an chúirt tograí (fara nó d'éagmais modhnaithe) beidh na tograí, d'ainneoin aon achtacháin eile, ina gceangal ar na creidiúnaithe go léir, nó ar an aicme nó ar na haicmí creidiúnaithe go léir, de réir mar a bheidh, dá ndéanfadh na tograí difear maidir le haon éileamh nó éilimh in aghaidh na cuideachta agus in aghaidh aon duine seachas an chuideachta a bheidh faoi dhliteanas i leith fiacha na cuideachta go léir nó aon chuid díobh faoi aon reacht, achtachán, riail dlí nó eile.

(7) Aon athruithe nó aon bhreisithe i meabhrán agus in airteagail na cuideachta, nó aon scriosadh astu, a shonraítear sna tograí beidh éifeacht leo, tar éis don chúirt na tograí a dhaingniú agus d'ainneoin aon fhorálacha eile de chuid Achtanna na gCuideachtaí, ó dháta a bheidh socraithe ag an gcúirt.

(8) I gcás go ndaingneoidh an chúirt tograí faoin alt seo féadfaidh sí cibé orduithe a dhéanamh is cuí léi chun a cinneadh a chur i bhfeidhm.

(9) Tiocfaidh comhréiteach nó scéim chomhshocraíochta, ar daingníodh tograí ina leith faoin alt seo, i bhfeidhm ó dháta a bheidh socraithe ag an gcúirt, ar dáta é nach déanaí ná 21 lá ó dháta a ndaingnithe.

(10) Ar thograí a dhaingniú déanfaidh an scrúdaitheoir, nó cibé duine a ordóidh an chúirt, cóip d'aon ordú arna dhéanamh ag an gcúirt faoin alt seo a sheachadadh ar chláraitheoir na gcuideachtaí lena chlárú.

(11) I gcás—

(a) go ndiúltaíonn an chúirt tograí faoin alt seo a dhaingniú, nó

(b) gurb é an tátal a bhainfear as tuarascáil scrúdaitheora faoi alt 18 nárbh fhéidir comhaontú a bhaint amach maidir le comhréiteach nó scéim chomhshocraíochta tar éis na gcruinnithe ba ghá de chomhaltaí agus de chreidiúnaithe cuideachta faoin Acht seo,

féadfaidh an chúirt, má mheasann sí é a bheith cóir agus cothromasach déanamh amhlaidh, ordú chun an chuideachta a fhoirceannadh, nó aon ordú eile is cuí léi, a dhéanamh.

Agóid i gcoinne daingniú tograí ag an gcúirt.

25. —(1) Ag éisteacht faoi alt 24 i ndáil le tograí féadfaidh comhalta nó creidiúnaí a ndéanfadh na tograí dochar dá leas nó dá éileamh agóid a dhéanamh go sonrach i gcoinne a ndaingnithe ag an gcúirt ar aon cheann de na forais seo a leanas—

(a) go raibh neamhrialtacht ábhartha éigin ag cruinniú, nó i ndáil le cruinniú, lena mbaineann alt 23,

(b) gur ar mhodh míchuí a ghlac an cruinniú leis na tograí,

(c) gur cuireadh na tograí ar aghaidh chun críche míchuí,

(d) go ndéanann na tograí dochar míchothrom do leasanna an agóideora.

(2) Aon duine a vótáil chun glacadh leis na tograí ní dhéanfaidh sé agóid maidir lena ndaingniú ag an gcúirt ach amháin ar na forais seo—

(a) gur ar mhodh míchuí a glacadh leis an tograí, nó

(b) gur tháinig sé ar a iúl, tar éis vótáil chun glacadh leis na tograí, gur cuireadh na tograí ar aghaidh chun críche míchuí.

(3) I gcás go seasfaidh an chúirt le hagóid faoin alt seo, féadfaidh an chúirt cibé ordú a dhéanamh is cuí léi, lena n-áirítear ordú go ndéanfar cinneadh aon chruinnithe a chur ar ceal agus ordú go ndéanfar aon chruinniú a athghairm.

Scor de chosaint cuideachta agus ceapadh scrúdaitheora a fhoirceannadh.

26. —(1) Faoi réir alt 5, scoirfidh an chosaint a mheasfar a bheith deonaithe do chuideachta faoin alt sin—

(a) ar chomhréiteach nó scéim chomhshocraíochta faoin Acht seo a theacht in éifeacht, nó

(b) ar cibé dáta is túisce a ordóidh an chúirt.

(2) I gcás go scoirfidh cuideachta de bheith faoi chosaint na cúirte, déanfar ceapadh an scrúdaitheora a fhoirceannadh ar dháta an scoir sin.

Cúlghairm.

27. —Féadfaidh an chuideachta nó aon pháirtí leasmhar, laistigh de 180 lá tar éis na tograí a bheith daingnithe ag an gcúirt, iarratas a dhéanamh chun na cúirte ar chúlghairm a dhéanamh ar an daingniú sin ar an bhforas gur trí chalaois a fuarthas é agus féadfaidh an chúirt, más deimhin léi go bhfuarthas amhlaidh é, an daingniú sin a chúlghairm ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí léi, go háirithe maidir le cearta páirtithe a chosaint a fhaigheann leasanna nó maoin de mheon macánta agus ar luach-chomaoin le hiontaoibh sa daingniú sin.

Scrúdaitheoirí a dhícháiliú.

28. —(1) Ní bheidh duine cáilithe chun a cheaptha ná chun gníomhú mar scrúdaitheoir ar chuideachta mura mbeadh sé cáilithe chun gníomhú mar leachtaitheoir ar an gcuideachta sin.

(2) Duine a ghníomhaíonn mar scrúdaitheoir ar chuideachta fad a bheidh sé dícháilithe faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £1,000, agus ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £10,000, a chur air.

Costais agus luach saothair scrúdaitheoirí.

29. —(1) Féadfaidh an chúirt ó am go ham cibé orduithe a dhéanamh is cuí léi chun luach saothair agus costais scrúdaitheora agus caiteachais réasúnacha a thabhaigh sé go cuí a íoc.

(2) Mura n-ordaíonn an chúirt a mhalairt íocfar luach saothair, costais agus caiteachais scrúdaitheora, a mbeidh sé i dteideal slánaithe ina leith, as ioncam ghnó na cuideachta chun a bhfuil sé ceaptha, nó as na fáltais ó na sócmhainní (lena n-áirítear infheistíochtaí) a réadú.

(3) Déanfar luach saothair, costais agus caiteachais scrúdaitheora a bheidh ceadaithe le hordú na cúirte a íoc go hiomlán agus sin roimh aon éileamh eile, urraithe nó neamhurraithe, faoi aon chomhréiteach nó scéim chomhshocraíochta nó in aon ghlacadóireacht nó foirceannadh de chuid na cuideachta chun a bhfuil sé ceaptha.

(4) Féadfaidh scrúdaitheoir feidhmeanna scrúdaitheora a chomhlíonadh le cuidiú daoine a bheidh ceaptha nó fostaithe aige chun na críche sin ar choinníoll go mbainfidh sé, a mhéid is féidir go réasúnach, úsáid as seirbhísí na foirne agus saoráidí na cuideachta chun a bhfuil sé ceaptha chun cuidiú leis a chuid feidhmeanna a chomhlíonadh.

(5) Tabharfaidh an chúirt aird ar leith ar an gcoinníoll a ghabhann le fo-alt (4) le linn aon ábhar a bhaineann le costais, caiteachais agus luach saothair scrúdaitheora a bheith á mheas.

Poiblíocht.

30. —(1) Déanfaidh scrúdaitheoir nó, más iomchuí, cibé duine eile a ordóidh an chúirt, laistigh de 14 lá tar éis gach ordú a dhéantar faoi alt 17 nó 24 a bheith seachadta ar chláraitheoir na gcuideachtaí, a chur faoi deara fógra faoin seachadadh sin a fhoilsiú san Iris Oifigiúil.

(2) I gcás go mainneoidh duine an t-alt seo a chomhlíonadh, beidh an duine sin agus, i gcás gur cuideachta an duine sin, an chuideachta agus gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain, ciontach i gcion agus dlífear fíneáil nach mó ná £1,000 a chur air.

(3) Féadfaidh cláraitheoir an gcuideachtaí imeachtaí i ndáil le cion faoin alt seo a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh.

Imeachtaí a éisteacht ar shlí eile seachas go poiblí.

31. —Féadfar an t-iomlán, nó cuid, d'aon imeachtaí faoin Acht seo a éisteacht ar shlí eile seachas go poiblí má mheasann an chúirt, ar mhaithe le ceartas, gur gá sin ar mhaithe le leasanna na cuideachta lena mbaineann nó a creidiúnaithe i gcoitinne.

Ní bheidh lian ar leabhair, taifid etc. na cuideachta.

32. —I gcás go mbeidh scrúdaitheoir ceaptha ag an gcúirt, ní bheidh aon duine i dteideal amhail in aghaidh an scrúdaitheora seilbh a choimeád ar aon ghníomhas, ionstraim nó doiciméad eile de chuid na cuideachta ná ar leabhair chuntais, admhálacha, billí, sonraisc nó páipéir eile den chineál céanna a bhaineann le cuntais nó trádáil, déileálacha nó gnó na cuideachta ná aon lian a éileamh ar an gcéanna ar choinníoll—

(a) i gcás gur bunaíodh morgáiste, muirear nó gealltán trí aon doiciméad nó páipéar den sórt sin a thaisceadh le duine, nach dochar do chearta an duine faoin morgáiste nó faoin muirear (seachas aon cheart chun seilbh ar an doiciméad nó ar an bpáipéar) an duine do thabhairt an doiciméid nó an pháipéir ar aird don scrúdaitheoir,

(b) i gcás go mbeidh, de bhua an ailt seo, seilbh ag scrúdaitheoir ar aon doiciméad nó páipéir de chuid glacadóra nó a mbeidh teideal ag glacadóir iad a scrúdú, go ndéanfaidh an scrúdaitheoir, mura n-ordaíonn an chúirt a mhalairt, an doiciméad nó na páipéir a chur ar fáil lena n-iniúchadh ag an nglacadóir gach tráth réasúnach.

Dliteanas sibhialta na ndaoine lena mbaineann mar gheall ar thrádáil chalaoiseach ag cuideachta.

33. —(1) Más rud é i gcúrsa imeachtaí faoin Acht seo gur dealraitheach—

(a) go riabh aon duine, fad a bhí sé ina oifigeach don chuideachta, ina pháirtí go feasach i seoladh aon ghnó de chuid na cuideachta ar mhodh meargánta; nó

(b) go raibh aon duine go feasach ina pháirtí i seoladh aon ghnó de chuid na cuideachta agus é ar intinn aige calaois a dhéanamh ar chreidiúnaithe na cuideachta, nó ar chreidiúnaithe aon duine eile nó chun aon chríche calaoisí eile;

féadfaidh an chúirt, ar iarratas ón scrúdaitheoir, nó ó aon chreidiúnaí nó ranníocóir de chuid na cuideachta, más cuí léi déanamh amhlaidh, a dhearbhú go mbeidh an duine sin freagrach go pearsanta, gan aon teorann maidir le dliteanas, as na fiacha nó as na dliteanais eile go léir de chuid na cuideachta, nó as aon chuid díobh, de réir mar a ordóidh an chúirt.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) (a), measfar oifigeach do chuideachta a bheith go feasach ina pháirtí i seoladh aon ghnó de chuid na cuideachta ar mhodh meargánta—

(a) má bhí sé ina pháirtí i seoladh an ghnó sin agus, ag féachaint don eolas ginearálta, don scil agus don taithí a mbeifí ag súil leis go réasúnach ó dhuine ina phost, gur cheart go mbeadh a fhios aige go mbeadh a ghníomhartha nó gníomhartha na cuideachta ina dtrúig caillteanais do chreidiúnaithe na cuideachta nó d'aon cheann acu, nó

(b) má bhí sé ina pháirtí i bhfiach a thabhaigh an chuideachta agus nár chreid sé go macánta ar chúiseanna réasúnacha go mbeadh an chuideachta in ann an fiach a íoc nuair a thiocfadh sé chun bheith dlite le híoc, chomh maith lena cuid fiacha eile go léir (ag cur na ndliteanas teagmhasach agus ionchasach san áireamh).

(3) D'ainneoin aon ní i bhfo-alt (1) ní fhéadfaidh an chúirt dearbhú a dheonú ar na forais atá leagtha amach i mír (a) den fho-alt sin—

(a) ach amháin i gcás go mbeidh feidhm ag mír (a), (b) nó (c) d'alt 214 den Phríomh-Acht maidir leis an gcuideachta i gceist, agus

(b) ach amháin i gcás gur bhain caillteanas nó damáiste d'iarratasóir ar dhearbhú den sórt sin, is creidiúnaí nó ranníocóir de chuid na cuideachta, nó d'aon duine a ndearnadh an t-iarratas sin thar a cheann, de bharr aon iompar a luaitear i bhfo-alt (1).

(4) Le linn cinneadh a bheith á dhéanamh cibé acu ar cheart ordú a dhéanamh ar an bhforas atá leagtha amach i bhfo-alt (2) (b), beidh aird ag an gcúirt ar cibé acu a bhí nó nach raibh fios ag an gcreidiúnaí i gceist, an tráth a tabhaíodh an fiach, i dtaobh staid chúrsaí airgeadais na cuideachta agus, d'ainneoin an fios sin a bheith aige, gur aontaigh sé mar sin féin le tabhú an fhéich.

(5) Nuair a bheidh iarratas faoin alt seo á éisteacht féadfaidh an t-iarratasóir fianaise a thabhairt é féin nó finnéithe a ghairm.

(6) I gcás gur dealraitheach don chúirt gur ghníomhaigh aon duine, ar iarradh dearbhú ina leith faoi fho-alt (1) (a), go macánta agus go freagrach i ndáil le stiúradh chúrsaí na cuideachta nó aon ábhar nó ábhair ar ar a fhoras nó ar a bhforas a iarradh an dearbhú sin, féadfaidh an chúirt, ag féachaint d'imthosca uile an cháis, faoiseamh a thabhairt dó go hiomlán nó go páirteach ó dhliteanas pearsanta ar cibé téarmaí is cuí léi.

(7) I gcás go ndéanfaidh an chúirt aon dearbhú den sórt sin, féadfaidh sí—

(a) cibé orduithe breise is cuí léi a thabhairt d'fhonn éifeacht a thabhairt don dearbhú agus go sonrach féadfaidh sí socrú a dhéanamh chun dliteanas aon duine den sórt sin faoin dearbhú a chur de mhuirear ar aon fhiach nó oibleagáid a bheidh dlite dó ón gcuideachta, nó ar aon mhorgáiste nó muirear nó aon leas in aon mhorgáiste nó muirear ar aon sócmhainní de chuid na cuideachta a bheidh aige féin nó dílsithe dó nó ag aon chuideachta nó duine, nó dílsithe d'aon chuideachta nó duine, thar a cheann, nó ag aon duine, nó dílsithe d'aon duine, a dhéanfaidh éileamh mar shannaí ar an duine nó tríd an duine, a bheidh faoi dhliteanas, nó ar aon chuideachta nó duine, nó trí aon chuideachta nó duine, a bheidh ag gníomhú thar a cheann, agus féadfaidh sí ó am go ham cibé orduithe breise a dhéanamh a bheidh riachtanach chun aon mhuirear a fhorchuirtear faoin bhfo-alt seo a chur i bhfeidhm;

(b) a fhoráil go ndéanfar suimeanna a gnóthaíodh faoin alt seo a íoc le cibé duine nó aicmí daoine, chun cibé críoch, i cibé méideanna nó cionmhaireachtaí ag cibé tráth nó tráthanna agus de réir cibé tosaíochtaí faoi seach eatarthu féin a bheidh sonraithe leis an dearbhú sin.

(8) Beidh éifeacht leis an alt seo d'ainneoin—

(a) an duine a n-iarrtar an dearbhú ina leith faoi fho-alt (1) a bheith faoi dhliteanas coiriúil i leith ná h-ábhar ar ar a bhforas a bheidh an dearbhú sin le déanamh; nó

(b) gur lasmuigh den Stát a tharla aon ábhar nó ábhair ar ar a fhoras nó ar a bhforas a bheidh an dearbhú faoi fho-alt (1) le déanamh.

(9) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) (a) le linn aon tréimhse ina mbeidh an chuideachta faoi chosaint na cúirte.

(10) Chun críocha an ailt seo—

folaíonn “sannaí” aon duine chun a ndearnadh nó ar ina fhabhar a rinneadh, le horduithe an duine faoi dhliteanas, an fiach, an oibleagáid, an morgáiste nó an muirear a bhunú, a eisiúint nó a aistriú nó an leas a bhunú, ach ní fholaíonn sé sannaí ar chomaoin luachmhar (gan comaoin i ngeall ar phósadh a áireamh) a tugadh de mheon macánta agus gan fógra i dtaobh aon cheann de na hábhair ar ar a fhoras a dhéanfar an dearbhú;

folaíonn “cuideachta” aon chomhlacht a fhéadfar a fhoirceannadh faoi Achtanna na gCuideachtaí; agus

folaíonn “oifigeach” aon iniúchóir, leachtaitheoir, glacadóir nó aon duine ar gnách le stiúrthóirí na cuideachta gníomhú de réir a orduithe nó a threoracha.

Dliteanas coiriúil na ndaoine lena mbaineann mar gheall ar thrádáil chalaoiseach ag cuideachta.

34. —(1) Más páirtí aon duine go feasach i ngnó na cuideachta a sheoladh, le hintinn calaois a dhéanamh ar chreidiúnaithe de chuid na cuideachta nó ar chreidiúnaithe aon duine eile nó chun aon chríche calaoisí, beidh an duine sin ciontach i gcion.

(2) Aon duine a chiontófar i gcion faoin alt seo dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí nó fíneáil nach mó ná £1,000, nó iad araon, a chur air, nó

(b) ar é a chiontú ar díotáil, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 7 mbliana nó fíneáil nach mó ná £50,000, nó iad araon, a chur air.

Cumhacht na cúirte a ordú sócmhainní a aistríodh go míchuí a aischur.

35. —(1) Más rud é, ar iarratas ó scrúdaitheoir cuideachta, gur féidir a thaispeáint chun sástacht na cúirte—

(a) gur diúscraíodh aon mhaoin de chuid na cuideachta, d'aon chineál ar bith, trí thíolacas, aistriú, morgáiste, urrús, iasacht, nó in aon tslí ar bith cibé acu le gníomh nó neamhghníomh, díreach nó indíreach, agus

(b) gurbh é éifeacht na diúscartha sin calaois a dhéanamh ar an gcuideachta, a creidiúnaithe nó a comhaltaí,

féadfaidh an chúirt, má mheasann sí é a bheith cóir agus cothromasach déanamh amhlaidh, a ordú d'aon duine ar dealraitheach go bhfuil úsáid, rialú nó seilbh na maoine sin nó fáltais an díola nó na forbartha ar an gcéanna aige í a sheachadadh ar an scrúdaitheoir nó suim a íoc ina leith leis an scrúdaitheoir ar cibé téarmaí nó coinníollacha is cuí leis an gcúirt.

(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) maidir le haon tíolacas, morgáiste, seachadadh earraí, íocaíocht, forghníomhú nó gníomh eile maidir le maoin, a rinne cuideachta lena mbaineann alt 286 (1) den Phríomh-Acht nó a rinneadh ina haghaidh.

(3) Nuair a bheifear ag cinneadh cibé acu atá nó nach bhfuil sé cóir agus cothromasach ordú a dhéanamh faoin alt seo, beidh aird ag an gcúirt ar chearta daoine a fuair bona fide, agus ar luach-chomaoin, leas sa mhaoin is ábhar don iarratas.

Orduithe athchóirithe a rinne cúirteanna lasmuigh den Stát a chur i bhfeidhm.

36. —(1) Aon ordú a dhéanfaidh cúirt aon tíre atá aitheanta chun críocha an ailt seo agus a bheidh déanta chun cuideachta a atheagrú nó a athchóiriú nó le linn cuideachta a bheith á hatheagrú nó á hathchóiriú féadfaidh an Ard-Chúirt é a chur i bhfeidhm go huile agus go hiomlán amhail is dá mba í an Ard-Chúirt a rinne an t-ordú.

(2) Nuair a dhéanfar iarratas chun na hArd-Chúirte faoin alt seo, beidh cóip oifige d'aon ordú a iarrtar a chur i bhfeidhm leordhóthanach mar fhianaise ar an ordú.

(3) San alt seo ciallaíonn “cuideachta” comhlacht corpraithe atá corpraithe lasmuigh den Stát, agus ciallaíonn “aitheanta” aitheanta ag ordú arna dhéanamh ag an Aire.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

37. —(1) Féadfar Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1990 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1990, a ghairm den Acht seo agus d'Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1986, le chéile.

(3) Déanfar Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1986, agus an tAcht seo a fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin.