|
|||||
|
[EN] | ||||||||||||||
| ||||||||||||||
Uimhir 4 de 1993 | ||||||||||||||
[EN] |
AN tACHT GRAÍ NÁISIÚNTA (LEASÚ), 1993 | |||||||||||||
[An tiontú oifigiúil] | ||||||||||||||
RIAR NA nALT | ||||||||||||||
| ||||||||||||||
| ||||||||||||||
| ||||||||||||||
Uimhir 4 de 1993 | ||||||||||||||
AN tACHT GRAÍ NÁISIÚNTA (LEASÚ), 1993 | ||||||||||||||
[An tiontú oifigiúil] | ||||||||||||||
ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA GRAÍ NÁISIÚNTA, 1945 AGUS 1976. [10 Márta, 1993] | ||||||||||||||
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||||||||||||||
[EN] |
Léiriú. |
1. —San Acht seo— | ||||||||||||
[EN] | ciallaíonn “Acht 1976” an tAcht Graí Náisiúnta, 1976 ; | |||||||||||||
[EN] | ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Groighe Náisiúnta, 1945 . | |||||||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 11 den Phríomh-Acht. |
2. —Déantar leis seo an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2) d'alt 11 (a cuireadh isteach le hAcht 1976) den Phríomh-Acht: | ||||||||||||
[EN] | “(2) £10,000,000 arna roinnt i scaireanna £1 an ceann scairchaipiteal na Cuideachta.”. | |||||||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 24 den Phríomh-Acht. |
3. —Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur in ionad alt 24 (a cuireadh isteach le hAcht 1976): | ||||||||||||
[EN] | “24. Féadfaidh an Chuideachta, le ceadú an Aire Talmhaíochta agus Bia, arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais, airgead a fháil ar iasacht ó am go ham, ach ní rachaidh an méid iomlán a gheofar ar iasacht thar £5,000,000.”. | |||||||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 4 d'Acht 1976. |
4. —Leasaítear leis seo alt 4 d'Acht 1976 tríd an alt seo a leanas a chur ina ionad: | ||||||||||||
[EN] | “(4).—(1) Íocfaidh an Bord lena oifigigh agus lena sheirbhísigh cibé luach saothair agus cibé liúntais i leith caiteachas is cuí leis an mBord, ach sin faoi réir cheadú an Aire, arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais, i gcás a phríomhoifigigh (cibé acu is príomh-oifigeach nó eile a thabharfar de thuairisc air). | |||||||||||||
[EN] | (2) Déanfaidh an Bord, le linn dó an luach saothair nó na liúntais i leith caiteachas a bheidh le híoc lena oifigigh nó lena sheirbhísigh, nó na téarmaí nó na coinníollacha ar faoina réir a shealbhaíonn nó a shealbhóidh na hoifigigh nó na seirbhísigh sin a bhfostaíocht, a chinneadh, aird a thabhairt ar threoirlínte Rialtais nó ar threoirlínte a bheidh comhaontaithe ar bhonn náisiúnta agus a bheidh ar marthain de thuras na huaire, nó ar bheartas Rialtais maidir le luach saothair agus coinníollacha fostaíochta a bheidh ar marthain amhlaidh, agus, i dteannta an méid sin roimhe seo, comhlíonfaidh an Bord aon treoracha maidir le luach saothair, liúntais, téarmaí nó coinníollacha den sórt sin a thabharfaidh an tAire don Bhord, ó am go ham, le toiliú an Aire Airgeadais.”. | |||||||||||||
[EN] |
Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú. |
5. —(1) Féadfar an tAcht Graí Náisiúnta (Leasú), 1993 , a ghairm den Acht seo. | ||||||||||||
[EN] | (2) Féadfar na hAchtanna Graí Náisiúnta, 1945 go 1993, a ghairm de na hAchtanna Graí Náisiúnta, 1945 agus 1976, agus den Acht seo le chéile, agus forléireofar le chéile iad mar aon Acht amháin. |