|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID V Faisnéis a Chosaint) |
AN tACHT STAIDRIMH, 1993
[EN] | ||
[EN] |
CUID VI Cionta, Pionóis agus Fianaise | |
[EN] |
Neamhsholáthar faisnéise a éilítear. |
36. —Aon duine a mhainneoidh nó a dhiúltóidh aon fhaisnéis a iarrtar a sholáthar mar fhreagra ar ordachán ón Ard-Stiúrthóir faoi alt 26 nó 27 den Acht seo de bhun ceanglais arna dhéanamh faoi alt 25 den Acht seo, beidh sé ciontach i gcion. |
[EN] |
Rochtain a chosc. |
37. —Aon duine a choiscfidh ar oifigeach staidrimh a dhualgais a chomhall mar a cheadaítear faoi alt 29 den Acht seo, beidh sé ciontach i gcion. |
[EN] |
Mí-úsáid faisnéise. |
38. —Aon duine a úsáidfidh faisnéis a tugadh faoin Acht seo nó faoi na hachtacháin aisghairthe de shárú ar alt 32 den Acht seo, nó a nochtfaidh go toiliúil faisnéis a bhaineann le haon duine nó gnóthas inaitheanta de shárú ar alt 33 den Acht seo, beidh sé ciontach i gcion. |
[EN] |
Drochúsáid oifige ag oifigeach staidrimh. |
39. —Aon oifigeach staidrimh a dhéanfaidh, nó a dhéanfaidh iarracht, ar scáth a fheidhmeanna mar oifigeach den sórt sin a chomhlíonadh, aon fhaisnéis a fháil ar aon mhodh ó aon duine ar aon ócáid nach bhfuil sé i dteideal go dleathach a fháil ar an modh sin ón duine sin ar an ócáid sin, beidh sé ciontach i gcion. |
[EN] |
Bac a chur ar an Ard-Stiúrthóir nó ar oifigigh staidrimh. |
40. —Aon duine a chuirfidh bac go toiliúil ar an Ard-Stiúrthóir nó ar oifigeach staidrimh i bhfeidhmiú a fheidhmeanna faoin Acht seo, beidh sé ciontach i gcion. |
[EN] |
Oifigeach staidrimh a phearsanú. |
41. —Aon duine nach oifigeach staidrimh a thabharfaidh le fios gur oifigeach staidrimh é, beidh sé ciontach i gcion. |
[EN] |
Doiciméid a chosaint. |
42. —(1) Aon duine a scriosfaidh nó a fhalsóidh go toiliúil aon doiciméad nó taifead a eisíodh chun staidreamh a bhailiú i gcomhlíonadh ceanglais arna dhéanamh faoi alt 25 den Acht seo nó a dhéanfaidh damáiste go toiliúil don chéanna, beidh sé ciontach i gcion. |
[EN] | (2) Aon oifigeach staidrimh a mhainneoidh aon doiciméad nó taifead atá ina choimeád, ar doiciméad nó taifead é ina bhfuil faisnéis a bailíodh faoin Acht seo, a choimeád i cibé modh a chinnteoidh nach mbeidh rochtain ag daoine neamhúdaraithe air, beidh sé ciontach i gcion. | |
[EN] | (3) Aon oifigeach staidrimh a mhainneoidh go toiliúil doiciméad nó taifead arna bhailiú ó aon duine nó gnóthas faoin Acht seo a thabhairt ar ais chuig an Oifig, beidh sé ciontach i gcion. | |
[EN] |
Faisnéis bhréagach a thabhairt. |
43. —Aon duine, i gcomhlíonadh airbheartaithe aon cheanglais nó aon ordacháin faoin Acht seo, a sholáthróidh faisnéis, a dhéanfaidh ráiteas, scríofa nó ó bhéal, nó a thabharfaidh ar aird nó a sheachadfaidh doiciméad atá bréagach i bponc ábhartha, agus a fhios aige é a bheith bréagach, beidh sé ciontach i gcion. |
[EN] |
Pionóis. |
44. —(1) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoi aon fhoráil den Acht seo dlífear— |
[EN] | (a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 a chur air, nó | |
[EN] | (b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £20,000 a chur air. | |
[EN] | (2) I gcás ina gciontófar duine i gcion faoi alt 36 den Acht seo beidh sé, má leantar den sárú tar éis a chiontaithe, ciontach i gcion gach lá a leanfar den sárú, agus maidir le gach cion den sórt sin dlífear— | |
[EN] | (a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £50 a chur air, nó | |
[EN] | (b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £1,000 a chur air. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an tArd-Stiúrthóir nó oifigeach staidrimh imeachtaí achoimre i ndáil le cion faoin Acht seo a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh. | |
[EN] | (4) D'ainneoin alt 10 (4) den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachtaí achoimre i leith ciona faoin Acht seo a thionscnamh laistigh de dhá bhliain ó dháta an chiona. | |
[EN] |
Fianaise staidrimh in imeachtaí dlí. |
45. —Féadfar fianaise prima facie ar aon staidreamh oifigiúil a thabhairt i ngach imeacht dlí trí dhoiciméad a thabhairt ar aird a airbheartóidh an staidreamh sin a bheith ann agus a bheith eisithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh nó a bheith sínithe ag an Ard-Stiúrthóir. |