|
|||||
|
[EN] | ||||||||
| ||||||||
Uimhir 36 de 1993 | ||||||||
[EN] |
AN tACHT UM BORD SCANNÁN NA hÉIREANN (LEASÚ), 1993 | |||||||
[An tiontú oifigiúil] | ||||||||
RIAR NA nALT | ||||||||
| ||||||||
| ||||||||
| ||||||||
Uimhir 36 de 1993 | ||||||||
AN tACHT UM BORD SCANNÁN NA hÉIREANN (LEASÚ), 1993 | ||||||||
[An tiontú oifigiúil] | ||||||||
ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN ACHTA UM BORD SCANNÁN NA hÉIREANN, 1980 . [22 Nollaig, 1993] | ||||||||
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 10 den Acht um Bord Scannán na hÉireann, 1980 . |
1. —Leasaítear leis seo alt 10 den Acht um Bord Scannán na hÉireann, 1980 , trí “£15,000,000” a chur in ionad “£4,100,000” agus tá an t-alt sin 10, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. | ||||||
[EN] | AN TÁBLA | |||||||
[EN] | Ní mó ná £15,000,000 comhiomlán aon infheistíochtaí, iasachtaí, deontas nó airgid a sholáthróidh an Bord faoi ailt 6 agus 8 den Acht seo, i dteannta chomhiomlán na príomhshuime agus an úis a dhlífidh an Bord aon tráth áirithe a aisíoc ar scór aon ráthaíochta faoi alt 7 den Acht seo a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire, i dteannta méid na príomhshuime agus an úis (más ann) a bheidh íoctha cheana féin ag an mBord ar scór aon ráthaíochtaí agus nach mbeidh aisíoctha leis an mBord. | |||||||
[EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
2. —(1) Féadfar an tAcht um Bord Scannán na hÉireann (Leasú), 1993 , a ghairm den Acht seo. | ||||||
[EN] | (2) Féadfar na hAchtanna um Bord Scannán na hÉireann, 1980 agus 1993, a ghairm den Acht um Bord Scannán na hÉireann, 1980 , agus den Acht seo le chéile. |