14 1994

/images/harp.jpg


Uimhir 14 de 1994


AN tACHT UM THRÁDÁIL AGUS MARGAÍOCHT A SPREAGADH (LEASÚ), 1994

[An tiontú oifigiúil]


RIAR NA nALT

Alt

1.

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

2.

Deontais neamh-inaisíoctha don Bhord a mhéadú.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Onnmhairiú a Spreagadh, 1959

1959, Uimh. 20

An tAcht um Onnmhairiú a Spreagadh (Leasú), 1963

1963, Uimh. 20

Na hAchtanna um Thrádáil agus Margaíocht a Spreagadh, 1959 go 1991

/images/harp.jpg


Uimhir 14 de 1994


AN tACHT UM THRÁDÁIL AGUS MARGAÍOCHT A SPREAGADH (LEASÚ), 1994

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ LE hAGHAIDH MÉADÚ AR MHÉID NA nDEONTAS NEAMH-INAISÍOCTHA A FHÉADFAR A DHÉANAMH LEIS AN mBORD TRÁCHTÁLA — THE IRISH TRADE BOARD.

[8 Meitheamh, 1994]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

1. —(1) Féadfar an tAcht um Thrádáil agus Margaíocht a Spreagadh (Leasú), 1994 , a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar an tAcht seo agus na hAchtanna um Thrádáil agus Margaíocht a Spreagadh, 1959 go 1991, a fhorléiriú mar aon Acht amháin.

(3) Féadfar na hAchtanna um Thrádáil agus Margaíocht a Spreagadh, 1959 go 1994, a ghairm de na hAchtanna um Thrádáil agus Margaíocht a Spreagadh, 1959 go 1991, agus den Acht seo le chéile.

Deontais neamhinaisíoctha don Bhord a mhéadú.

2. —Ní mó ná £650,000,000 méid comhiomlán na suimeanna a fhéadfaidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais a íoc leis an mBord chun a chumasú dó a fheidhmeanna a fheidhmiú nó a chomhlíonadh (gan aon suim arna híoc leis an mBord faoi alt 4 den Acht um Onnmhairiú a Spreagadh (Leasú), 1963 , a áireamh) agus, dá réir sin, forléireofar alt 16 (1) den Acht um Onnmhairiú a Spreagadh, 1959 , arna leasú, amhail is dá gcuirfí an tsuim sin in ionad na suime atá luaite san alt sin.