44 1997

/images/harp.jpg


Uimhir 44 de 1997


AN tACHT UM BORD SCANNÁN NA hÉIREANN (LEASÚ), 1997

[An tiontú oifigiúil]


RIAR NA nALT

Alt

1.

Bord Scannán na hÉireann.

2.

Leasú ar alt 10 den Acht um Bord Scannán na hÉireann, 1980.

3.

Oifigigh agus seirbhísigh an Bhoird agus a luach saothair, etc.

4.

Gearrtheideal agus comhlua.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Bord Scannán na hÉireann, 1980

1980, Uimh. 36

Na hAchtanna um Bord Scannán na hÉireann, 1980 agus 1993

An tAcht um Bord Scannán na hÉireann (Leasú), 1993

1993, Uimh. 36

/images/harp.jpg


Uimhir 44 de 1997


AN tACHT UM BORD SCANNÁN NA hÉIREANN (LEASÚ), 1997

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN ACHTA UM BORD SCANNÁN NA hÉIREANN, 1980 . [18 Nollaig, 1997]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Bord Scannán na hÉireann.

1. —(1) Déanfar, ar an Acht seo a rith agus dá éis sin, Bord Scannán na hÉireann nó, sa Bhéarla, an t-ainm atá sonraithe in alt 3 den Acht um Bord Scannán na hÉireann, 1980 , a thabhairt ar an mBord arna bhunú leis an alt sin.

(2) Féadfaidh an Bord dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo séala nua a sholáthar dó féin faoi alt 14 den Acht um Bord Scannán na hÉireann, 1980 .

Leasú ar alt 10 den Acht um Bord Scannán na hÉireann, 1980 .

2. —Leasaítear leis seo alt 10 (arna leasú le halt 1 den Acht um Bord Scannán na hÉireann (Leasú), 1993 ) den Acht um Bord Scannán na hÉireann, 1980 , trí “£30,000,000” a chur in ionad “£15,000,000”.

Oifigigh agus seirbhísigh an Bhoird agus a luach saothair, etc.

3. —Leasaítear leis seo an tAcht um Bord Scannán na hÉireann, 1980 , tríd an méid seo a leanas a chur in ionad alt 27:

“Oifigigh agus seirbhísigh.

27.—(1) Féadfaidh an Bord cibé daoine agus cibé líon daoine a chinnfidh sé, le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais, a cheapadh le bheith ina n-oifigigh agus ina seirbhísigh don Bhord.

(2) Déanfar cibé luach saothair agus cibé liúntais i leith caiteachas a thabhóidh oifigeach nó seirbhíseach don Bhord a chinnfidh an Bord, le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais, a íoc leis an oifigeach nó leis an seirbhíseach sin as airgead a bheidh faoina réir ag an mBord.

(3) Beidh oifigeach nó seirbhíseach don Bhord i seilbh oifige nó fostaíochta ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an Bord, le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais.

(4) Déanfaidh an Bord, le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais, gráid na n-oifigeach agus na seirbhíseach don Bhord agus an líon i ngach grád a chinneadh.

(5) Féadfaidh an Bord aon tráth oifigeach nó seirbhíseach don Bhord a chur ó bheith mar oifigeach nó mar sheirbhíseach dó.

Luach saothair, etc., oifigeach agus seirbhíseach.

27A.—(1) Gan dochar d'alt 27 den Acht seo, déanfaidh an Bord, le linn an luach saothair nó na liúntais i leith caiteachas atá le híoc lena oifigigh agus lena sheirbhísigh nó na téarmaí nó na coinníollacha eile ar faoina réir a shealbhaíonn nó a shealbhóidh oifigigh agus seirbhísigh den sórt sin a bhfostaíocht a chinneadh, aird a thabhairt ar aon treoirlínte a bheidh comhaontaithe ar bhonn náisiúnta agus ar bheartas Rialtais, ar treoirlínte agus beartas iad a bhaineann le luach saothair agus coinníollacha fostaíochta agus a bheidh ar marthain de thuras na huaire.

(2) Comhlíonfaidh an Bord aon treoracha a thabharfaidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais maidir leis an luach saothair nó leis na liúntais i leith caiteachas atá le híoc lena oifigigh agus lena sheirbhísigh nó maidir leis na téarmaí nó na coinníollacha eile ar faoina réir a shealbhaíonn nó a shealbhóidh siad a bhfostaíocht.”.

Gearrtheideal agus comhlua.

4. —(1) Féadfar an tAcht um Bord Scannán na hÉireann (Leasú), 1997 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Bord Scannán na hÉireann, 1980 go 1997, a ghairm de na hAchtanna um Bord Scannán na hÉireann, 1980 agus 1993, agus den Acht seo le chéile.