An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II An Córas Eorpach Banc Ceannais agus an Banc Ceannais Eorpach)

2 1998

ACHT AN BHAINC CEANNAIS, 1998

CUID III

Ilghnéitheach

Leasú ar alt 44 d'Acht 1971.

15. —Leasaítear leis seo Acht 1971 tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 44 (arna ionadú le halt 120 d'Acht 1989):

“44.—Is dleathach don Bhanc, le húdarás an Bhainc Ceannais Eorpaigh, nótaí dlíthairgthe a eisiúint.”.

Leasú ar alt 118 d'Acht 1989.

16. —Leasaítear leis seo Acht an Bhainc Ceannais, 1989 , tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 118:

“118.—(1) Is dleathach don Bhanc nótaí ar a dtabharfar, agus dá ngairtear sa Chuid seo, nótaí dlíthairgthe a sholáthar agus a eisiúint, de réir na Coda seo, sna hainmluachanna seo a leanas, eadhon, £1, £5, £10, £20, £50, £100 agus aon ainmluach eile sa phunt Éireannach nó in aonad an euro a bhfuil an eisiúint ina leith údaraithe ag an mBanc Ceannais Eorpach de réir Airteagal 105a den Chonradh agus beidh na nótaí sin agus nótaí eile a bheidh ainmnithe in aonad an euro a bhfuil an eisiúint ina leith údaraithe ag an mBanc Ceannais Eorpach de réir Airteagal 105a den Chonradh sin i gcúrsaíocht sa Stát agus is dlíthairiscint a bheidh iontu sa Stát chun aon mhéid a íoc.

(2) Maidir le gach nóta dlíthairgthe, beidh sé i cibé foirm agus beidh cibé méid ann agus cibé dearadh air, agus beidh sé clóite i cibé caoi agus ar cibé páipéar, agus uimhrithe agus fíordheimhnithe i cibé caoi, a bhí forordaithe roimh thosach feidhme an ailt seo nó a fhorordófar ó am go ham dá éis sin chun críche an ailt seo.

(3) Aon nóta dlíthairgthe d'aon ainmluach arna sholáthar nó arna eisiúint aon tráth faoin Acht Airgid Reatha, 1927 , nó faoi aon Acht dá éis sin, leanfaidh sé de bheith i gcúrsaíocht sa Stát agus beidh sé ina dhlíthairiscint fós sa Stát chun aon mhéid a íoc.

(4) San alt seo—

tá le ‘aonad an euro’ an bhrí a shanntar dó le Rialachán Uimh. 1103/97 an 17 Meitheamh, 1997, ón gComhairle maidir le forálacha áirithe a bhaineann leis an euro a thabhairt isteach;

folaíonn ‘páipéar’ aon ábhar ar féidir cló air;

ciallaíonn ‘forordaithe’, i gcás nótaí a bheidh forordaithe roimh thosach feidhme an ailt seo, forordaithe ag an mBanc le ceadú an Aire agus i ngach cás eile forordaithe ag an mBanc le ceadú an Bhainc Ceannais Eorpaigh.”.

Feidhmeanna agus dualgais an Ghobharnóra.

17. —Leasaítear leis seo Acht 1997 tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 24:

“24.—(1) Faoi réir cheanglais an Chonartha agus an Reachta, freastalóidh Gobharnóir an Bhainc, má iarrtar amhlaidh air nó uirthi, os comhair Comhchoiste den Oireachtas dá sanntar an ról maidir le nithe a bhaineann leis an mBanc a scrúdú agus déanfaidh sé nó sí cibé faisnéis a iarrfar a thabhairt don Choiste sin, ach sin faoi réir aon srianta ina leith sin a leagtar ar an nGobharnóir de bhua Achtanna an Bhainc Ceannais, 1942 go 1997, agus aon achtacháin eile.

(2) San Acht seo—

ciallaíonn ‘an Conradh’ an Conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh arna dhéanamh sa Róimh an 25ú lá de Mhárta, 1957 (arna leasú leis an gConradh ar an Aontas Eorpach arna dhéanamh i Maastricht an 7ú lá d'Fheabhra, 1992);

ciallaíonn ‘an Reacht’ Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh mar atá leagtha amach i bPrótacal (Uimh. 3) (atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach arna dhéanamh i Maastricht an 7ú lá d'Fheabhra, 1992) a ghabhann leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh arna dhéanamh sa Róimh an 25ú lá de Mhárta, 1957.”.

Leasú ar alt 26 d'Acht 1997.

18. —Leasaítear leis seo Acht 1997 tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 26:

“26.—Leasaítear leis seo alt 19 d'Acht 1942—

(a) i bhfo-alt (4):

(i) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b)—

‘(b) beidh sé, le linn é a bheith in oifig, neamhintofa mar stiúrthóir ar aon fhoras creidmheasa, foras airgeadais nó gnóthas árachais;',

agus

(ii) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (c):

‘(c) más stiúrthóir ar aon fhoras creidmheasa, foras airgeadais nó gnóthas árachais é tráth an cheaptha, scarfaidh sé leis an stiúrthóireacht sin laistigh de dheich lá tar éis a cheaptha agus mura ndéanfaidh sé amhlaidh beidh sé dícháilithe, nuair a bheidh na deich lá sin caite, ó bheith i seilbh oifig an Ghobharnóra ;’,

agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (5):

‘(5) San alt seo agus in alt 20—

ciallaíonn ‘foras creidmheasa’ gnóthas arb é a ghnó taiscí nó cistí inaisíoctha eile a ghlacadh ón bpobal agus creidmheas a dheonú ar a chuntas féin ach ní fholaíonn sé an Institiúid Eorpach Airgeadaíochta ná an Banc Ceannais Eorpach;

ciallaíonn ‘foras airgeadais’ gnóthas seachas foras creidmheasa a sholáthraíonn aon cheann amháin nó níos mó de na seirbhísí airgeadais atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann le Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Forais Chreidmheasa a Cheadúnú agus a Mhaoirsiú), 1992 (I.R. Uimh. 395 de 1992);

tá le ‘gnóthas árachais’ an bhrí a shanntar dó leis an Acht Árachais, 1989 .’”.

Leasú ar alt 134 d'Acht 1989.

19. —Leasaítear leis seo alt 134 d'Acht 1989 trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (1) agus (2):

“(1) Aon uair a mheasfaidh an tAire gur gá déanamh amhlaidh ar mhaithe leis an leas náisiúnta, féadfaidh sé, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBanc, ordachán a thabhairt, i leith lae shonraithe nó laethanta sonraithe, nach ndéanfaidh duine lena mbaineann an t-ordachán aon idirbheart, ná aon idirbheart de chineál, a bheidh sonraithe san ordachán a chur i gcrích i gcúrsa gnó.

(2) Féadfaidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBanc, díolúine ó ordachán iomlán, nó ó chuid d'ordachán, faoin alt seo a dheonú d'aon duine lena mbaineann sé i gcás inar deimhin leis nach rachadh díolúine den sórt sin chun dochair don leas náisiúnta.”.

Leasú ar alt 15 d'Acht 1989.

20. —Leasaítear leis seo alt 15 d'Acht 1989 tríd an mír seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (5), i ndiaidh mhír (b):

“(bb) Féadfaidh foráil a bheith i scéim a bhunófar faoi mhír (a) nó (b) ar foráil í maidir leis an mbanc do bhunú ciste a riarfaidh iontaobhaithe arna gceapadh ag an mBanc agus óna n-íocfar sochair aoisliúntais a bheidh iníoctha faoin scéim sin agus, ar bhunú an chiste sin, aistreoidh an Banc chuig an gciste sin, laistigh de 5 lá ó thráth a bhunaithe, cibé suim a bheidh fabhraithe chun Cúlchiste Aoisliúntais an Bhainc, ar Cúlchiste é a bunaíodh faoi na Central Bank of Ireland (Surplus Income) Regulations, 1943 (I.R. Uimh. 93 de 1943), agus beidh Airteagal 5(b) de na Rialacháin sin arna chúlghairm an lá a dtarlóidh an t-aistriú agus d'fhonn amhras a sheachaint féadfaidh an Banc cibé airgead a aistriú chuig an gciste sin ina dhiaidh sin a ndéantar foráil ina leith sa scéim go n-aistreofar amhlaidh é.”.