An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT UM AN OIREACHTAS (LIÚNTAIS DO CHOMHALTAÍ) AGUS OIFIGÍ AIREACHTA, PARLAIMINTE, BREITHIÚNACHA AGUS CÚIRTE (LEASÚ), 1998) Ar Aghaidh (CUID II Forálacha a Bhaineann le Comhaltaí den Oireachtas agus le hOifigí Parlaiminte agus Aireachta)

5 1998

AN tACHT UM AN OIREACHTAS (LIÚNTAIS DO CHOMHALTAÍ) AGUS OIFIGÍ AIREACHTA, PARLAIMINTE, BREITHIÚNACHA AGUS CÚIRTE (LEASÚ), 1998

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

1. —(1) Féadfar an tAcht um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí) agus Oifigí Aireachta, Parlaiminte, Breithiúnacha agus Cúirte (Leasú), 1998 , a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar an tAcht seo, a mhéid a leathnaíonn nó a leasaíonn sé na hAchtanna um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí), 1938 go 1996, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna sin mar aon ní amháin, agus féadfar na hAchtanna um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí), 1938 go 1998, a ghairm díobh go léir le chéile.

(3) Déanfar an tAcht seo, a mhéid a leathnaíonn nó a leasaíonn sé na hAchtanna um Oifigí Aireachta agus Parlaiminte, 1938 go 1996, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna sin mar aon ní amháin, agus féadfar na hAchtanna um Oifigí Aireachta agus Parlaiminte, 1938 go 1998, a ghairm díobh go léir le chéile.

(4) Déanfar an tAcht seo, a mhéid a leasaíonn sé Achtanna na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 go 1995, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna sin mar aon ní amháin, agus féadfar Achtanna na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 go 1998, a ghairm díobh go léir le chéile.

(5) Déanfar an tAcht seo, a mhéid a leasaíonn sé Acht na gCúirteanna Breithiúnais agus na nOifigeach Cúirte (Aoisliúntas), 1961 , a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Oifigeach Cúirte, 1926 go 1995, mar aon ní amháin, agus féadfar na hAchtanna Oifigeach Cúirte, 1926 go 1998, a ghairm díobh go léir le chéile.

Léiriú.

2. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1938” an tAcht um Oifigí Aireachta agus Páirliminte, 1938 ;

ciallaíonn “Acht 1960” an tAcht um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí) agus Oifigí Aireachta agus Parlaiminte (Leasú), 1960 ;

ciallaíonn “Acht 1961” Acht na gCúirteanna Breithiúnais agus na nOifigeach Cúirte (Aoisliúntas), 1961 ;

ciallaíonn “Acht 1962” an tAcht um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí), 1962 ;

ciallaíonn “Acht 1964” an tAcht um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí) agus Oifigí Aireachta agus Parlaiminte (Leasú), 1964 ;

ciallaíonn “Acht 1977” an tAcht um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí) agus Oifigí Aireachta, Parlaiminte agus Breithiúnacha (Leasú), 1977 ;

ciallaíonn “Acht 1991” Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha) (Leasú), 1991;

ciallaíonn “Acht 1992” an tAcht um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí) agus Oifigí Aireachta agus Parlaiminte (Leasú), 1992 ;

ciallaíonn “Acht 1994” an tAcht um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí) (Leasú), 1994;

ciallaíonn “Acht 1996” an tAcht um an Oireachtas (Forálacha Ilghnéitheacha) agus Oifigí Aireachta agus Parlaiminte (Leasú), 1996;

ciallaíonn “oifigeach cúirte” Máistir den Ard-Chúirt, Máistir Fómhais nó Cláraitheoir Contae;

ciallaíonn “an Príomh-Acht”—

(a) i gCuid II, Acht an Oireachtais (Liúntaisí do Chomhaltaí), 1938 , agus

(b) i gCuid III, Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 .

(2) Aon tagairt san Acht seo d'achtachán eile is tagairt í don achtachán sin arna leasú, arna oiriúnú nó arna leathnú le haon achtachán ina dhiaidh sin nó faoi, lena n-áirítear an tAcht seo.