An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I Réamhráiteach agus Ginearálta) Ar Aghaidh (CUID III Forálacha a Bhaineann le Breithiúna agus le hOifigigh Chúirte)

5 1998

AN tACHT UM AN OIREACHTAS (LIÚNTAIS DO CHOMHALTAÍ) AGUS OIFIGÍ AIREACHTA, PARLAIMINTE, BREITHIÚNACHA AGUS CÚIRTE (LEASÚ), 1998

CUID II

Forálacha a Bhaineann le Comhaltaí den Oireachtas agus le hOifigí Parlaiminte agus Aireachta

Liúntais d'aoirí agus do dhaoine eile.

3. —(1) Féadfaidh an Rialtas, le hordú—

(a) foráil a dhéanamh go n-íocfar liúntas, a mhéid a shonrófar san ordú, le comhalta den Oireachtas a shealbhaíonn post díobh seo a leanas—

(i) Aoire Páirtí i nDáil Éireann,

(ii) Aoire Cúnta an Rialtais i nDáil Éireann,

(iii) Treoraí an Tí i Seanad Éireann,

(iv) Leas-Treoraí an Tí i Seanad Éireann,

(v) Aoire an Rialtais i Seanad Éireann,

(vi) Aoire Cúnta an Rialtais i Seanad Éireann,

(vii) Treoraithe Freasúra i Seanad Éireann, nó

(viii) Aoirí Freasúra i Seanad Éireann,

i leith dhualgais an chomhalta mar shealbhóir ar an bpost sin, agus

(b) cinneadh a dhéanamh, ó am go ham, maidir leis na nithe seo a leanas—

(i) na poist a mbeidh liúntas le híoc ina leith,

(ii) ráta an liúntais, agus

(iii) an dáta óna mbeidh an liúntas iníoctha.

(2) Féadfar foráil a dhéanamh le hordú faoin alt seo maidir le rátaí liúntais éagsúla i gcomhair post éagsúil agus maidir le dátaí éagsúla óna mbeidh an liúntas iníoctha i leith post éagsúil.

(3) San alt seo—

ciallaíonn “Aoire Cúnta an Rialtais i nDáil Éireann” comhalta de Dháil Éireann arna ainmniú nó arna hainmniú ag an Taoiseach chun bheith ina shealbhóir nó ina sealbhóir ar an bpost sin;

ciallaíonn “Aoire Cúnta an Rialtais i Seanad Éireann”, “Leas-Treoraí an Tí i Seanad Éireann” agus “Aoire an Rialtais i Seanad Éireann” na comhaltaí de Sheanad Éireann arna n-ainmniú ag an Taoiseach chun bheith ina sealbhóirí ar na poist faoi seach;

tá le “Treoraí an Tí i Seanad Éireann” an bhrí atá le “Treoraí an Tí” i mBuan-Orduithe Sheanad Éireann;

ciallaíonn “Treoraí Freasúra i Seanad Éireann” an comhalta de Sheanad Éireann atá ina threoraí nó ina treoraí ar ghrúpa sa fhreasúra i Seanad Éireann nach lú ná beirt líon a chomhaltaí;

ciallaíonn “Aoire Freasúra i Seanad Éireann” an comhalta de Sheanad Éireann atá ina aoire nó ina haoire ar ghrúpa sa fhreasúra i Seanad Éireann nach lú ná beirt líon a chomhaltaí;

ciallaíonn “Aoire Páirtí i nDáil Éireann” an comhalta de Dháil Éireann arna ainmniú nó arna hainmniú ag treoraí páirtí i nDáil Éireann, nach lú ná beirt líon a chomhaltaí i nDáil Éireann, chun bheith ina aoire nó ina haoire ar an bpáirtí sin.

Liúntais do chathaoirligh, etc., ar Choistí Oireachtais.

4. —(1) Féadfaidh an Rialtas, le hordú—

(a) foráil a dhéanamh go n-íocfar liúntas bliantúil, a mhéid a shonrófar san ordú, le comhalta den Oireachtas a shealbhaíonn post díobh seo a leanas—

(i) cathaoirleach ar Choiste Oireachtais, nó ar fhochoiste, nó

(ii) leas-chathaoirleach nó aoire ar Choiste Oireachtais,

i leith dhualgais an chomhalta mar shealbhóir ar an bpost sin, agus

(b) cinneadh a dhéanamh, ó am go ham, maidir leis na nithe seo a leanas—

(i) na Coistí Oireachtais, na fochoistí agus na poist a mbeidh an liúntas le híoc ina leith,

(ii) ráta an liúntais, agus

(iii) an dáta óna mbeidh an liúntas iníoctha.

(2) Féadfar foráil a dhéanamh le hordú faoin alt seo—

(a) maidir le rátaí éagsúla i gcomhair Coistí Oireachtais agus fochoistí éagsúla agus i gcomhair post éagsúil ar Choistí agus fhochoistí éagsúla, agus

(b) maidir le dátaí éagsúla óna mbeidh an liúntas iníoctha i gcomhair Coistí Oireachtais agus fochoistí éagsúla.

(3) San alt seo agus in alt 5 den Acht seo—

ciallaíonn “Coiste Oireachtais”—

(a) coiste arna cheapadh le hordú ó cheachtar Teach den Oireachtas nó ón dá Theach acu,

(b) Comhlacht Idir-Pharlaiminteach na Breataine agus na hÉireann,

(c) an Coiste Uile-Pháirtí fán Tionscnamh um Bainistíocht Straitéiseach, agus

(d) cibé coiste eile a shonrófar le hordú ón Rialtas agus ina mbeidh comhaltaí den Oireachtas arna gceapadh ar an gcoiste ar mhodh den tsamhail chéanna leis an modh ina gceaptar comhaltaí ar an gcoiste dá dtagraítear i mír (c);

ciallaíonn “fochoiste” fochoiste de Choiste Oireachtais.

Leithroinntí i gcomhair liúntas do chomhaltaí eile Coiste.

5. —(1) Féadfaidh an Rialtas, le hordú—

(a) foráil a dhéanamh go leithroinnfear méid bliantúil i leith cathaoirligh Coiste Oireachtais chun gur féidir liúntais a íoc, de réir rátaí a chinnfidh an Coiste sin—

(i) le comhaltaí an Choiste, nó

(ii) le comhaltaí d'aon cheann dá fhochoistí,

seachas na comhaltaí sin a shealbhaíonn na poist a luaitear in alt 3 4 den Acht seo, i leith dualgais shonracha, a shannfaidh an Coiste nó an fochoiste dóibh agus a bhaineann lena oibriú, a chomhlíonadh, agus

(b) cinneadh a dhéanamh, ó am go ham, maidir leis na nithe seo a leanas—

(i) na Coistí Oireachtais a ndéanfar leithroinntí ina leith,

(ii) méid na leithroinnte, agus

(iii) an dáta óna mbeidh an leithroinnt iníoctha.

(2) Féadfar foráil a dhéanamh le hordú faoin alt seo—

(a) maidir le méideanna éagsúla ar mhodh leithroinnte i gcomhair Coistí Oireachtais éagsúla, agus

(b) maidir le dátaí éagsúla óna mbeidh an leithroinnt iníoctha i gcomhair Coistí Oireachtais éagsúla.

Liúntais a íoc.

6. —(1) Maidir le liúntas faoi alt 3 , 45 den Acht seo—

(a) beidh sé iníoctha i dteannta an mhéid bhliantúil ar mhodh tuarastail is iníoctha leis an gcomhalta lena mbaineann faoi alt 2 (arna leasú le hAcht 1992) den Phríomh-Acht,

(b) ní bheidh sé iníoctha i leith aon tréimhse nach bhfuil an tuarastal sin iníoctha ina leith, agus

(c) ní bheidh sé iníoctha le comhalta a shealbhaíonn oifig dá dtagraítear i gCuid II (arna leasú le hAcht 1977) d'Acht 1938.

(2) Má tá comhalta cáilithe le linn aon tréimhse chun níos mó ná ceann amháin de na liúntais dá bhforáiltear in ailt 3, 4 agus 5 den Acht seo a fháil, is é an ceann is airde de na liúntais sin amháin a íocfar nó a bheidh iníoctha leis an gcomhalta le linn na tréimhse sin.

(3) Déanfar liúntais is iníoctha faoi alt 3 4 den Acht seo, agus leithroinntí a bheidh le soláthar faoi alt 5 den Acht seo, a íoc agus a sholáthar as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Méadú ar liúntais agus leithroinntí atá ar comhréir le méadú ginearálta ar luach saothair sa Státseirbhís.

7. —(1) Aon uair, ar dháta rite an Achta seo nó dá éis, a dhéanfar méadú ginearálta ar luach saothair sa Státseirbhís le héifeacht ó lá áirithe, de bhun comhaontuithe nó comhshocraíochtaí a bhfuil éifeacht leo ar bhonn ginearálta ar fud na Státseirbhíse, déanfar na liúntais is iníoctha faoi ailt 3 agus 4 den Acht seo agus na leithroinntí a dhéanfar faoi alt 5 den Acht seo a mhéadú go comhréireach le héifeacht ón lá sin gan ordú a dhéanamh faoin Acht seo i leith aon mhéaduithe den sórt sin.

(2) Beidh feidhm ag fo-alt (1) cibé acu atá nó nach bhfuil feidhm freisin ag na comhaontuithe nó na comhshocraíochtaí dá dtagraítear san fho-alt sin maidir le daoine atá fostaithe in áiteanna seachas an Státseirbhís.

(3) San alt seo, tá le “an Státseirbhís” an bhrí a shanntar dó le hAcht Choimisinéirí na Stát-Sheirbhíse, 1956 .

Orduithe a bhaineann le liúntais faoi ailt 3 agus 4 agus le leithroinntí faoi alt 5 .

8. —(1) Féadfaidh éifeacht chúlghabhálach a bheith le hordú faoi alt 3 , 45 den Acht seo, má tá sé sin sainráite san ordú.

(2) Folaíonn an chumhacht chun ordú a dhéanamh faoi alt 3 , 45 den Acht seo an chumhacht chun an t-ordú a leasú nó a chúlghairm.

(3) Gach ordú a dhéanfar faoi alt 3 , 45 den Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

Leasú ar an bPríomh-Acht— saoráidí taistil.

9. —(1) Leasaítear leis seo alt 4 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) Déanfar tagairtí i bhfo-alt (1) do chomhalta den Oireachtas a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn iar-Thaoiseach, nó aon iar-shealbhóir eile oifige, nach bhfuil i seilbh oifige i láthair na huaire agus a bhfuil úsáid gluaisteáin Stáit aige le linn dó leanúint de bheith ag fónamh mar chomhalta.”,

agus

(b) trí fho-ailt (3) agus (4) a scriosadh.

(2) Measfar gur tháinig fo-alt (1)(a) i ngníomh an 6ú lá de Mheitheamh, 1997, agus measfar gur tháinig fo-alt (1)(b) i ngníomh an 1ú lá d'Eanáir, 1997.

Leasú ar an bPríomh-Acht — asbhaintí i leith scéime pinsin ranníocaigh.

10. —Leasaítear leis seo alt 6A (a cuireadh isteach le hAcht 1960) den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Aon scéim lena mbainfidh an t-alt seo beidh éifeacht léi de réir a téarmaí agus déanfaidh an tAire, de réir rialachán—

(a) asbhaintí as na liúntais a íocfar le comhaltaí den Oireachtas faoin Acht seo agus faoi ailt 3, 4 agus 5 den Acht um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí) agus Oifigí Aireachta, Parlaiminte agus Breithiúnacha (Leasú), 1998, agus

(b) na hasbhaintí sin a íoc isteach sa chiste a bheidh á chothabháil de bhun na scéime.”.

Leasú ar Acht 1938 — liúntais i gcomhair páirtithe cáilitheacha, etc.

11. —(1) Leasaítear leis seo alt 10 (a cuireadh isteach le hAcht 1996) d'Acht 1938—

(a) trí fho-alt (3) a scriosadh,

(b) i bhfo-alt (4), trí “Féadfar” a chur in ionad “Faoi réir fho-alt (8) den alt seo, féadfar”,

(c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4):

“(4A) Faoi réir cheadú an Aire Airgeadais agus cibé eisceachtaí, srianta agus coinníollacha dá bhforálfar le rialacháin, féadfar saoráidí rúnaíochta a chur ar fáil do pháirtí cáilitheach d'fhonn gníomhaíochtaí Parlaiminte a chomhaltaí tofa a éascú.”,

agus

(d) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (8):

“(8) Déanfar aon liúntas is iníoctha, agus aon saoráid a bheidh le cur ar fáil, de bhua an ailt seo a íoc agus a chur ar fáil i dteannta aon liúntais eile nó tuarastail is iníoctha, nó aon saoráide eile a chuirfear ar fáil, faoi na hAchtanna um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí), 1938 go 1998, nó faoi na hAchtanna um Oifigí Aireachta agus Parlaiminte, 1938 go 1998.”.

(2) Measfar nach raibh éifeacht riamh le fo-alt (3) d'alt 10 (a cuireadh isteach le hAcht 1996) d'Acht 1938 agus dá réir sin aon mhéid ar laghdaíodh liúntas dá réir faoin alt sin déanfar é a aisíoc leis an duine ar laghdaíodh a liúntas.

Leasú ar Acht 1938 — pinsin aireachta agus pinsin rúnaí.

12. —Leasaítear leis seo alt 13A (a cuireadh isteach le hAcht 1992) d'Acht 1938—

(a) i bhfo-alt (4), trí “Ar choinníoll go dtabharfar neamhaird ar aon chodán de bhliain sa toradh a fhaightear faoi mhír (a) nó (b) den fho-alt seo.” a scriosadh,

(b) i bhfo-alt (5), tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a):

“(a) Beidh pinsean faoin alt seo de réir ráta 25 faoin gcéad den tuarastal cuí, móide 5 faoin gcéad den tuarastal cuí i leith gach bliana seirbhíse breise de bhreis ar 3 bliana, agus codanna de bhliain á n-áireamh ar bhonn pro rata, faoi réir uasmhéid 7 mbliana breise den sórt sin.”,

agus

(c) i bhfo-alt (5)(b), tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (ii):

“(ii) maidir le pinsean rúnaí—

(I) más rud é—

(A) gur shealbhaigh an duine lena mbaineann oifig aireachta an 1ú lá d'Eanáir, 1978, nó dá éis, nó

(B) go bhfuil an duine lena mbaineann tar éis seirbhís nach lú ná 3 bliana a thabhairt in oifig cháilitheach, nó i roinnt oifigí den sórt sin, seachas oifig a tháinig chun bheith ina hoifig cháilitheach de bhua alt 5(1) den Acht um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí) agus Oifigí Aireachta, Parlaiminte agus Breithiúnacha (Leasú), 1983,

an tsuim bhliantúil is iníoctha de thuras na huaire ar mhodh tuarastail le sealbhóir ar oifig Aire Stáit,

(II) in aon chás eile, an tsuim bhliantúil is iníoctha de thuras na huaire ar mhodh tuarastail i leith na hoifige cáilithí deireanaí, seachas oifig aireachta, a shealbhaigh an duine lena mbaineann,

nó, i gcás inar mó é, meán ualaithe na dtuarastal is iníoctha le sealbhóir reatha gach ceann de na hoifigí cáilitheacha a shealbhaigh an duine lena mbaineann, arna ríomh mar a leanas:

(C) déanfar an líon laethanta a shealbhaigh an duine lena mbaineann oifig cháilitheach a iolrú faoin tsuim bhliantúil is iníoctha de thuras na huaire ar mhodh tuarastail le sealbhóir na hoifige cáilithí;

(D) déanfar suim na dtorthaí a fhaightear de réir fhochlásal (C) maidir le gach oifig cháilitheach a shealbhaigh an duine lena mbaineann a roinnt ar an líon iomlán laethanta (faoi réir uasmhéid 3,650 lá) ar shealbhaigh an duine sin oifig cháilitheach lena linn:

Ar choinníoll, chun críocha fhochlásal (C), nach mó ná 3,650 lá an líon iomlán laethanta is ináirithe agus go ndéanfar am a bheidh seirbheáilte in oifig cháilitheach a bhfuil tuarastal níos airde ina leith ag a sealbhóir reatha ná mar atá ag sealbhóir reatha oifige cáilithí eile a shealbhaigh an duine lena mbaineann roimhe sin a áireamh sula n-áireofar am a bheidh seirbheáilte san oifig cháilitheach eile.”.

Leasú ar Acht 1938 — pinsin pro rata.

13. —Leasaítear leis seo Acht 1938—

(a) in alt 13B (a cuireadh isteach le hAcht 1992), trí “go n-áireofar ar bhonn pro rata” a chur in ionad “go dtabharfar neamhaird ar” i bhfo-alt (5) (b), agus

(b) tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 13B:

“Pinsin pro rata.

13C.—(1) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le duine—

(a) atá ag fáil pinsin—

(i) a ríomhtar de réir alt 13D, 14 nó 16 den Acht seo, agus

(ii) atá níos lú ná an pinsean is iníoctha le duine nach lú ná 8 mbliana an tseirbhís inphinsin atá aige, agus

(b) nach bhfuil ag fáil pinsean forlíontach faoi alt 13B den Acht seo.

(2) I gcás inar tugadh neamhaird ar chodán de bhliain faoi alt 14(4)(b) nó 16(4)(a) den Acht seo le linn pinsean bunaidh duine lena mbaineann an t-alt seo a ríomh, féadfar pinsean an duine sin faoi alt 14 nó 16, de réir mar is cuí, a mhéadú de mhéid a ríomhfar de réir na foirmle—

F × (Z-Y)

× S

_______ 

100

I gcás—

gurb é F an codán ar tugadh neamhaird air amhlaidh;

gurb é Z an méid céatadánach den tuarastal cuí a bheadh iníoctha faoi alt 14 nó 16 den Acht seo, de réir mar a bheidh, dá mbeadh bliain amháin eile de sheirbhís inphinsin tugtha ag an duine lena mbaineann;

gurb é Y an méid céatadánach den tuarastal cuí is iníoctha faoi alt 14 nó 16 den Acht seo;

gurb é S an tuarastal cuí.

(3) San alt seo—

ciallaíonn ‘tuarastal cuí’, i ndáil le duine lena mbaineann an t-alt seo, an tuarastal a ríomhtar pinsean an duine ar a bhonn faoi alt 14 nó 16 den Acht seo, de réir mar is cuí;

ciallaíonn ‘pinsean bunaidh’ i ndáil le duine lena mbaineann an t-alt seo, an pinsean a raibh teideal ag an duine sin chuige faoi alt 14 nó 16 den Acht seo, de réir mar is cuí, ar an dáta feidhme, nó, má shealbhaigh an duine oifig cháilitheach ar an dáta sin, an pinsean a mbeadh teideal aige chuige amhlaidh dá scoirfeadh sé d'oifig a shealbhú ar an dáta sin;

ciallaíonn ‘seirbhís inphinsin’ seirbhís inphinsin de réir bhrí alt 14 nó 16 den Acht seo, de réir mar is cuí.”.

Leasú ar Acht 1938 — meánseirbhís a ríomh.

14. —(1) Leasaítear leis seo Acht 1938 tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 13C (a cuireadh isteach leis an Acht um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí) agus Oifigí Aireachta, Parlaiminte, Breithiúnacha agus Cúirte (Leasú), 1998 ):

“Meánseirbhís aireachta agus rúnaí a ríomh le haghaidh pinsin rúnaí.

13D.—I gcás ina mbeadh sé níos fabhraí don duine lena mbaineann, féadfar pinsean a ríomhfar faoi alt 16 den Acht seo ar bhonn na suime bliantúla a luaitear i bhfo-alt (3) den alt sin a ríomh ina ionad sin amhail is dá mba í an tsuim bhliantúil sin méid mheán ualaithe na suimeanna bliantúla is iníoctha ar mhodh tuarastail le sealbhóir reatha gach ceann de na hoifigí cáilitheacha a shealbhaigh an duine lena mbaineann, arna ríomh mar a leanas:

(a) déanfar an líon laethanta ar shealbhaigh an duine lena mbaineann oifig cháilitheach a iolrú faoin tsuim bhliantúil is iníoctha de thuras na huaire ar mhodh tuarastail le sealbhóir reatha na hoifige sin, agus

(b) déanfar suim na dtorthaí a fhaightear de réir mhír (a) den alt seo i ndáil le gach oifig cháilitheach a shealbhaigh an duine lena mbaineann a roinnt ar an líon iomlán laethanta (faoi réir uasmhéid 2,920 lá) ar shealbhaigh an duine sin oifig cháilitheach lena linn:

Ar choinníoll, chun críocha mhír (a) den alt seo, nach mó ná 2,920 lá an líon iomlán laethanta is ináirithe agus go ndéanfar am a bheidh seirbheáilte in oifig cháilitheach a bhfuil tuarastal níos airde ina leith ag a sealbhóir reatha ná mar atá ag sealbhóir reatha oifige cáilithí eile a shealbhaigh an duine lena mbaineann roimhe sin a áireamh sula n-áireofar am a bheidh seirbheáilte san oifig cháilitheach eile.”.

(2) Measfar gur tháinig an t-alt seo agus ailt 12 agus 13 i ngníomh an 6ú lá de Mheitheamh, 1997.

Leasú ar Acht 1962 — liúntais thar oíche.

15. —Leasaítear leis seo alt 1 (arna ionadú le hAcht 1996) d'Acht 1962—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Más rud é go bhfanann comhalta lena mbaineann an t-alt seo thar oíche i limistéar Bhaile Átha Cliath ar an ábhar—

(a) go mbeartaíonn an comhalta freastal ar chruinniú an lá ina dhiaidh sin,

(b) go bhfreastalaíonn an comhalta ar chruinniú aon lá nach mbaineann fo-alt (2)(a) den alt seo leis, nó

(c) go bhfreastalaíonn an comhalta ar Theach Laighean chun a shaoráidí a úsáid,

féadfar, faoi réir fho-ailt (3) agus (4) agus faoi réir cibé eisceachtaí, srianta agus coinníollacha dá bhforálfar le rialacháin, liúntas thar oíche de mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais chun críocha an ailt seo a íoc leis an gcomhalta i leith cóiríochta, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.”,

agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis i ndiaidh fho-alt (3):

“(4) I gcás freastail ar Theach Laighean chun na críche a luaitear i bhfo-alt (2)(c) den alt seo, is faoi réir an mhéid seo a leanas a íocfar liúntas thar oíche faoi fho-alt (2)—

(a) uasmhéid cúig liúntas is fiche in aghaidh na bliana i leith freastal den sórt sin, agus

(b) gan aon íocaíocht a dhéanamh má tá an comhalta lena mbaineann cáilithe le haghaidh íocaíochta de bhua fho-alt (2)(a) nó (b) den alt seo.”.

Leasú ar Acht 1962 — liúntais rúnaíochta speisialta.

16. —Leasaítear leis seo alt 2 (a cuireadh isteach le hAcht 1992 agus arna leasú le hAcht 1996) d'Acht 1962 trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) Faoi réir cibé eisceachtaí, srianta agus coinníollacha dá bhforálfar le rialacháin, deonófar do gach comhalta de Dháil Éireann agus do gach comhalta de Sheanad Éireann, i dteannta na saoráidí rúnaíochta a dheonaítear faoi fho-alt (1) den alt seo, liúntas rúnaíochta speisialta arb é a mhéid—

(a) £5,000 in aghaidh na bliana, i gcás comhalta de Dháil Éireann, agus

(b) £3,750 in aghaidh na bliana, i gcás comhalta de Sheanad Éireann.

(2B) Féadfaidh an tAire Airgeadais, le rialacháin, ceachtar de na nithe seo a leanas nó iad araon a dhéanamh:

(a) na méideanna a mhéadú a dheonaítear faoi fho-alt (2A) den alt seo mar liúntas rúnaíochta speisialta,

(b) an modh a chinneadh ar dá réir a fhéadfar liúntas den sórt sin a mhéadú.”.

Leasú ar Acht 1962 — rialacháin chúlghabhálacha.

17. —Leasaítear leis seo alt 3 d'Acht 1962 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis i ndiaidh fho-alt (2):

“(3) Féadfaidh éifeacht chúlghabhálach a bheith le rialacháin faoin Acht seo, má tá sé sin sainráite sna rialacháin.”.

Leasú ar Acht 1964 — saoráidí taistil agus rialacháin.

18. —Leasaítear leis seo alt 5 d'Acht 1964—

(a) trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) Féadfaidh an tAire Airgeadais na nithe seo a leanas a chinneadh le rialacháin—

(a) an dáta óna mbeidh saoráidí taistil iníoctha,

(b) an ráta nó na rátaí saoráidí taistil is iníoctha le comhalta nó le comhaltaí de Dháil Éireann,

(c) an ráta nó na rátaí saoráidí taistil is iníoctha le comhalta nó le comhaltaí de Sheanad Éireann,

(d) aon mhodh chun an ráta nó na rátaí saoráidí taistil a athbhreithniú sa todhchaí, agus

(e) an modh ina mbeidh, agus na heisceachtaí, na srianta agus na coinníollacha ar faoina réir a bheidh, saoráidí taistil le cur ar fáil do chomhaltaí den Oireachtas agus le híoc leo.

(1B) Féadfaidh éifeacht chúlghabhálach a bheith le rialacháin faoin Acht seo, má tá sé sin sainráite sna rialacháin.”,

agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Gach rialachán a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.”.

Leasú ar Acht 1992 — liúntas le haghaidh caiteachas do chomhaltaí den Oireachtas.

19. —Leasaítear leis seo alt 3(4) d'Acht 1992 tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (e):

“(e) an modh ina mbeidh, agus na heisceachtaí, na srianta agus na coinníollacha ar faoina réir a bheidh, an liúntas le cur ar fáil agus le híoc.”.

Leasú ar Acht 1992 — rialacháin.

20. —Leasaítear leis seo Acht 1992 tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 5:

“Rialacháin chúlghabhálacha.

5A.—Féadfaidh éifeacht chúlghabhálach a bheith le rialacháin faoin Acht seo, má tá sé sin sainráite sna rialacháin.”.

Leasú ar an Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997.

21. —(1) Leasaítear leis seo alt 836 den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) Beidh feidhm ag fo-alt (1)—

(a) maidir le liúntas is iníoctha faoi alt 2 d'Acht an Oireachtais (Liúntaisí do Chomhaltaí), 1938 , agus faoi alt 5 den Acht um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí) agus Oifigí Aireachta agus Parlaiminte (Leasú), 1964 , i leith saoráidí taistil de réir bhrí an Achta chéadluaite, agus

(b) maidir le liúntas is iníoctha faoi alt 1 nó 2 den Acht um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí), 1962 ,

mar atá feidhm aige maidir le liúntas is iníoctha faoi alt 3 den Acht um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí) agus Oifigí Aireachta agus Parlaiminte (Leasú), 1992 .”.

(2) Measfar gur tháinig fo-alt (1) i ngníomh an 6ú lá d'Aibreán, 1997.

Nithe áirithe a shoiléiriú.

22. —Chun amhras a sheachaint, dearbhaítear leis seo nach mbeidh—

(a) rialachán faoi na hAchtanna um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí), 1938 go 1996, agus

(b) aon ní a dhéanfar de réir an rialacháin sin,

neamhbhailí de bhíthin amháin, tráth déanta an rialacháin sin, nach raibh sé údaraithe go sainráite leis an Acht a ndearnadh an rialachán faoi go mbeadh éifeacht chúlghabhálach leis.

Forálacha áirithe d'Acht 1994 a aisghairm.

23. —(1) Aisghairtear leis seo ailt 2 go 5 d'Acht 1994.

(2) Leanfaidh aon ordú arna dhéanamh faoi alt 2 nó 3 d'Acht 1994 roimh thosach feidhme an ailt seo d'éifeacht a bheith leis go dtí go ndéanfar ordú arna dhéanamh faoi alt 3 4 den Acht seo, de réir mar is cuí, a chur ina ionad.

(3) Ní dhéanfaidh aisghairm ailt 2 go 5 d'Acht 1994 dochar d'íoc pinsean le comhaltaí den Oireachtas a rinne ranníocaíocht, ar mhodh asbhaintí as na liúntais a chuirtear ar fáil faoi na hailt sin, leis an gciste a chothabháiltear de bhun Scéim Pinsean Thithe an Oireachtais (Comhaltaí).