Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL)

19 1998

/images/harp.jpg


Uimhir 19 de 1998


AN tACHT TOGHCHÁIN (LEASÚ) (UIMH. 2), 1998


RIAR NA nALT

Alt

1.

Léiriú.

2.

Líon comhaltaí Dháil Éireann.

3.

Dáilcheantair.

4.

An líon comhaltaí a thoghfar do dháilcheantar.

5.

Aisghairm.

6.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

AN SCEIDEAL


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Toghcháin, 1992

1992, Uimh. 23

An tAcht Toghcháin, 1997

1997, Uimh. 25

Na hAchtanna Toghcháin, 1992 go 1998

An tAcht Toghcháin (Leasú), 1995

1995, Uimh. 21

An tAcht Toghcháin (Leasú), 1996

1996, Uimh. 43

An tAcht Toghcháin (Leasú), 1998

1998, Uimh. 4

/images/harp.jpg


Uimhir 19 de 1998


AN tACHT TOGHCHÁIN (LEASÚ) (UIMH. 2), 1998

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ LE hAGHAIDH LÍON COMHALTAÍ DHÁIL ÉIREANN AGUS CHUN DÁILCHEANTAIR A ATHMHEAS AGUS DO LEASÚ AN DLÍ A BHAINEANN LE TOGHADH NA gCOMHALTAÍ SIN. [16 Meitheamh, 1998]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo ciallaíonn “an tAire” an tAire Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil.

(2) San Acht seo—

(a) déanfar tagairt do shean-tuathcheantar a fhorléiriú mar thagairt don cheantar sin mar a bhí sé comhdhéanta díreach roimh an 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1925; agus

(b) déanfar tagairt do líne arna tarraingt ar feadh aon mhótarbhealaigh, bóthair, iarnróid nó cosáin a fhorléiriú mar thagairt do líne arna tarraingt ar feadh lár an mhótarbhealaigh, an bhóthair, an iarnróid nó an chosáin sin.

Líon comhaltaí Dháil Éireann.

2. —Tar éis an lánscor ar Dháil Éireann is túisce a tharlóidh tar éis an tAcht seo a rith, is 166 chomhalta an líon comhaltaí a bheidh i nDáil Éireann.

Dáilcheantair.

3. —(1) Tar éis an lánscor ar Dháil Éireann is túisce a tharlóidh tar éis an tAcht seo a rith, beidh comhaltaí Dháil Éireann ina n-ionadóirí do na dáilcheantair a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

(2) Aon limistéar a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo measfar gurb é an limistéar sin é mar a bhí an lú lá d'Eanáir, 1998, ach má éiríonn aon amhras cad é an dáilcheantar ina bhfuil aon toghroinn nó aon chuid de thoghroinn, nó aon bhaile fearainn nó aon chuid de bhaile fearainn, cinnfidh an tAire an t-amhras, ach sin faoi réir alt 1 (2)(b) den Acht seo.

An líon comhaltaí a thoghfar do dháilcheantar.

4. —Toghfar do dháilcheantar a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo an líon comhaltaí atá leagtha amach ina leith sa tríú colún den Sceideal sin.

Aisghairm.

5. —(1) Aisghairtear leis seo an tAcht Toghcháin (Leasú), 1995.

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh díreach ar an lánscor ar Dháil Éireann is túisce a tharlóidh tar éis an tAcht seo a rith.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

6. —(1) Féadfar an tAcht Toghcháin (Leasú) (Uimh. 2), 1998 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Toghcháin, 1992 go 1998 a ghairm den Acht Toghcháin, 1992, den Acht Toghcháin (Leasú), 1996, den Acht Toghcháin, 1997, den Acht Toghcháin (Leasú), 1998 , agus den Acht seo le chéile, agus forléireofar le chéile iad mar aon Acht amháin.