An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID V Forálacha i nDáil le Rialáil Aerfort) Ar Aghaidh (AN CHÉAD SCEIDEAL Achtacháin a Aisghairm)

24 1998

AN tACHT AERLOINGSEOIREACHTA AGUS AERIOMPAIR (LEASÚ), 1998

CUID VI

Ilghnéitheach

Leasú ar alt 1 d'Acht na nAerchuideachtaí (Leasú), 1993.

52. —Leasaítear leis seo alt 1 d'Acht na nAerchuideachtaí (Leasú), 1993—

(a) tríd an míniú ar “aerchuideachtaí” a scriosadh, agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach:

“(1A) San Acht seo, forléireofar tagairt do ‘aerchuideachtaí’ nó do ‘aerchuideachta’ mar thagairt do ‘an Chuideachta Shealbhaíochta’.”.

Leasú ar alt 1 d'Acht na nAerchuideachtaí, 1966 .

53. —Leasaítear leis seo alt 1 d'Acht na nAerchuideachtaí, 1966

(a) tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “aerchuideachtaí” (a cuireadh isteach le halt 6 d'Acht na nAerchuideachtaí (Leasú), 1993):

“ciallaíonn ‘aerchuideachta’ Grúpa Aer Lingus cuideachta phoiblí theoranta (arb í an chuideachta í dá ngairtear an Chuideachta Shealbhaíochta in Acht na nAerchuideachtaí (Leasú), 1993);” agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis:

“(2) San Acht seo forléireofar tagairt do ‘aerchuideachtaí’ mar thagairt do ‘aerchuideachta’.“.

Leasú ar alt 1 d'Acht na nAerchuideachtaí (Leasú), 1976 .

54. —Leasaítear leis seo Acht na nAerchuideachtaí (Leasú), 1976

(a) tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “aerchuideachtaí” (a cuireadh isteach le halt 7 d'Acht na nAerchuideachtaí (Leasú), 1993):

“ciallaíonn ‘aerchuideachta’ Grúpa Aer Lingus cuideachta phoiblí theoranta (arb í an chuideachta í dá ngairtear an Chuideachta Shealbhaíochta in Acht na nAerchuideachtaí (Leasú), 1993);” agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis:

“(2) San Acht seo, forléireofar tagairt do ‘aerchuideachtaí’ mar thagairt do ‘aerchuideachta’.”.

Rátaí a mhuirearú ar mhaoin na cuideachta.

55. —Maidir le maoin a dhílseofar don chuideachta ar an lá dílseacháin faoi alt 14 scoirfidh sí, ó thús na bliana airgeadais díreach ina dhiaidh sin, de bheith díolmhaithe ón ráta is inmhuirearaithe ag údarás áitiúil d'ainneoin go dtaispeánfar an mhaoin mar mhaoin dhíolmhaithe ar liosta luachála.

Ligean ag an gcuideachta a dhíolmhú ó na hAchtanna um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí.

56. —Ní bheidh feidhm ag forálacha na nAchtanna um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí, 1967 go 1994, nó aon Achta ag leasú nó ag leathnú na nAchtanna sin, maidir le ligean a dhéanfaidh an chuideachta.

Díolúine ó Dhleacht Stampa.

57. —Ní bheidh dleacht stampa iníoctha i leith suim a aistriú ó chiste arna bhunú i leith scéime chun sochair aoisliúntais a dheonú a bheidh i ngníomh ag tosach feidhme an Achta seo chuig ciste arna bhunú faoi réim agus de réir alt 32 .

Dliteanas i leith caillteanais a tharlaíonn roimh an lá dílseacháin.

58. —(1) Déanfar éileamh i leith aon chaillteanais nó díobhála a líomhnófar a bheith fulaingthe ag aon duine de dheasca na feidhmeanna a shanntar don chuideachta leis an Acht seo nó faoi a chomhlíonadh roimh an lá dílseacháin a thabhairt i gcoinne na cuideachta i ndiaidh an lae sin agus, faoi réir fho-alt (5), ní i gcoinne an Aire, aon údaráis eile Stáit ná an Stáit.

(2) Aon imeachtaí dlí a bheidh ar feitheamh díreach roimh an lá dílseacháin ar páirtí iontu an tAire, aon údarás eile Stáit nó an Stát, ar imeachtaí iad a bhaineann le feidhm de chuid na cuideachta, leanfar díobh ach an chuideachta a chur in ionad aon pháirtí den sórt sin sna himeachtaí, a mhéid a bhaineann siad léi.

(3) Más rud é, roimh an Acht seo a rith, go ndéanfar comhaontú idir na páirtithe lena mbaineann mar shocraíocht ar éileamh lena mbaineann fo-alt (1) agus nach mbeidh a chuid téarmaí curtha i ngníomh, nó go mbeidh breithiúnas tugtha i bhfabhar duine ach nach mbeidh sé curtha i bhfeidhm, beidh téarmaí an chomhaontaithe nó an bhreithiúnais, de réir mar a bheidh, a mhéid a bheidh sé inchurtha i bhfeidhm i gcoinne an Aire, aon údaráis eile Stáit nó an Stáit, inchurtha i bhfeidhm i gcoinne na cuideachta agus, faoi réir fho-alt (5), ní i gcoinne an Aire, aon údaráis eile Stáit ná an Stáit.

(4) Aon éileamh a dhéanfaidh an tAire, aon údarás eile Stáit nó an Stát, nó is cuí don Aire, d'aon údarás eile Stáit nó don Stát a dhéanamh, i leith aon chaillteanais nó díobhála a éiríonn as gníomh nó as mainneachtain aon duine roimh an lá dílseacháin, measfar, i gcás ina mbaineann an t-éileamh le feidhmeanna a shanntar don chuideachta leis an Acht seo, gur éileamh é a dhéanfaidh an chuideachta nó is cuí don chuideachta a dhéanamh agus féadfaidh an chuideachta é a shaothrú agus agra a dhéanamh ina leith amhail is dá mba é an chuideachta a d'fhulaing an caillteanas nó an díobháil.

(5) Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le héileamh a dhéanfaidh údarás Stáit amháin i gcoinne údaráis eile Stáit.

Bóthar chun críocha na nAchtanna um Thrácht ar Bhóithre, 1961 go 1995.

59. —D'fhonn amhras a sheachaint, dearbhaítear leis seo—

(a) go bhfolaíonn an focal “bóthar“, chun críocha fhorálacha na nAchtanna um Thrácht ar Bhóithre, 1961 go 1995, nó aon rialachán arna ndéanamh fúthu, bóthar in aerfort Stáit, agus

(b) gur áit phoiblí aerfort Stáit chun críocha aon achtacháin.

Leasú ar an Acht Aerphoirt Neamhchustam, 1947 .

60. —Leasaítear leis seo an tAcht Aerphoirt Neamhchustam, 1947

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3) d'alt 2:

“(3) Chun críocha an Achta seo, is é a bheidh san aerfort ná talamh ar leis an Stát agus le hAer Rianta, cuideachta phoiblí theoranta, é de thuras na huaire.”,

(b) tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 3:

“3.—Chun críocha an Achta seo, beidh an t-aerfort faoi bhainistíocht agus rialú an Aire.”,

agus

(c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) d'alt 13 (a cuireadh isteach le halt 49 d'Acht 1988):

“(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, rialacháin a dhéanamh chun críocha an Achta seo i ndáil le bainistíocht agus rialú an aerfoirt:

Ar choinníoll, maidir le cumhacht an Aire chun rialacháin a dhéanamh faoin alt seo, nach mbainfidh sí le rialacháin a dhéanamh lena gceadófar aon trádáil, gnó nó monarú a sheoladh laistigh den aerfort.”.

Leasú ar Acht 1993.

61. —Leasaítear leis seo Acht 1993—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur isteach in alt 6 i ndiaidh na bhfocal “faoin Acht seo”:

“seachas ordú arna dhéanamh ag an Aire faoi alt 15 nó 58(2),”,

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3) in alt 12:

“(3) Ní bheidh feidhm ag alt 6(1)(b) d'Acht na gCuideachtaí, 1963 , maidir leis an gcuideachta.”,

agus

(c) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (i) de mhír (b) d'alt 60:

“(i) ceadúnú aeradróm agus rialáil caighdeán sábháilteachta aerloingseoireachta in aeradróim.”.

An tUdarás d'fháil talún.

62. —Leasaítear leis seo Acht 1993 tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 42:

“42.—(1) Féadfaidh an chuideachta, trí chomhaontú nó, de réir an Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht Aerloingseoireachta agus Aeriompair (Leasú), 1998 (arna chur i bhfeidhm leis an alt seo), go héigeantach, aon talamh nó aon éasúint nó ceart eile thar thalamh, nó aon cheart uisce, a fháil chun na feidhmeanna a thugtar di leis an Acht seo a chomhlíonadh.

(2) D'ainneoin fhorálacha aon Achta eile, ní bheidh aon duine i dteideal aon talamh nó aon éasúint nó ceart eile i leith talún is leis an gcuideachta a fháil go héigeantach, nó aon cheart de chuid na cuideachta i leith na talún sin, a choimhthiú, a fhoirceannadh nó a shrianadh, nó cur isteach air ar shlí eile, gan comhaontú na cuideachta.

(3) Ní bheidh an chuideachta i dteideal aon talamh, éasúint nó ceart eile is leis an Stát nó le húdarás Stáit a fháil go héigeantach faoin alt seo.

(4) Beidh feidhm, fara na modhnuithe seo a leanas, ag an Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht Aerloingseoireachta agus Aeriompair (Leasú), 1998 , chun críocha talamh a fháil ag an gcuideachta faoin alt seo:

(a) forléireofar an tagairt i bhfomhír (1) de mhír 1 do ‘alt 17’ mar thagairt don alt seo, agus

(b) forléireofar tagairt do ‘an chuideachta’ mar thagairt d'Údarás Eitlíochta na hÉireann.”.

Ceart an Údaráis chun dul isteach ar thalamh.

63. —Leasaítear leis seo Acht 1993 tríd an alt seo a leanas a chur isteach:

“42A.—Beidh feidhm ag alt 19 den Acht Aerloingseoireachta agus Aeriompair (Leasú), 1998 , chun críocha an Achta seo faoi réir na modhnuithe seo a leanas:

(a) forléireofar tagairtí do ‘duine údaraithe’ mar thagairtí d'oifigeach údaraithe de chuid na cuideachta, agus

(b) forléireofar tagairtí do ‘an chuideachta’ mar thagairtí don chuideachta de réir bhrí an Achta seo.”.

An tÚdarás do choinneáil agus do dhíol aerárthaí mar gheall ar mhuirir neamhíoctha ar sheirbhísí aerloingseoireachta agus cumarsáidí aerloingseoireachta.

64. —Leasaítear leis seo Acht 1993 tríd an alt seo a leanas a chur isteach:

“45A.—Beidh feidhm ag alt 40 den Acht Aerloingseoireachta agus Aeriompair (Leasú), 1998 , chun críocha an Achta seo faoi réir na modhnuithe seo a leanas:

(a) forléireofar tagairtí (seachas i mír (c) d'fho-alt (9) agus i bhfo-alt (10)) do ‘muirir a fhorchuirfidh an chuideachta faoi alt 39 ’ nó do ‘muirir’ mar thagairtí do mhuirir a fhorchuirfear nó a thoibheofar faoi alt 43 nó 44, agus

(b) forléireofar tagairtí (seachas sa mhír sin (c)) do ‘an chuideachta’ mar thagairtí don chuideachta de réir bhrí an Achta seo.”.

Iompar treampánach ar bord aerárthaigh agus é ar eitilt.

65. —Leasaítear leis seo an tAcht Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1973 , tríd an alt seo a leanas a chur isteach:

“2A.—(1) Aon duine ar bord aerárthaigh ar eitilt a bheidh chomh mór sin ar meisce gur réasúnach ábhar imní a bheith ann gur dóigh go gcuirfidh sé nó sí a shábháilteacht nó a sábháilteacht féin nó sábháilteacht daoine eile ar bord an aerárthaigh i mbaol, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(2) Aon duine ar bord aerárthaigh ar eitilt a bheidh ag gabháil, gan leithscéal, d'iompar ar dóigh dó col nó crá mór a chur ar aon duine ar bord an aerárthaigh, aon tráth tar éis do chomhalta d'fhoireann an aerárthaigh a iarraidh air nó uirthi scor den iompar sin, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(3) Aon duine ar bord aerárthaigh ar eitilt a bheidh ag gabháil d'iompar de chineál bagrach, maslach nó achasánach cibé acu le briathar nó le geáitse, le hintinn briseadh síochána a dhéanamh nó a bheidh meargánta i dtaobh an bhféadfadh briseadh síochána a bheith ann, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(4) Duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo—

(a) i gcás ciona faoi fho-alt (1)(2), dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 a chur air nó uirthi, nó

(b) i gcás ciona faoi fho-alt (3), dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £700 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 4 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi.”.