An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III Forálacha a bhaineann le hÚdarás Forbartha Dugthailte Bhaile Átha Cliath)

27 1998

AN tACHT UM ATHNUACHAN UIRBEACH, 1998

CUID IV

Ilghnéitheach

Deontais d'údaráis áitiúla agus do chomhlachtaí eile.

17. —Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, deontais a thabhairt d'údarás áitiúil nó d'aon chomhlacht eile ar cúram dó caomhnú foirgneamh nó déanmhas a chur chun cinn, faoi chomhair an chaiteachais a thabhóidh sé, go hiomlán nó go páirteach—

(a) i dtaca le hathnuachan uirbeach agus sráidbhailte, lena n-áirítear athnuachan fhisiceach, eacnamaíoch agus shóisialach, a chur chun cinn, nó

(b) i dtaca le caomhnú foirgneamh nó déanmhas ar díol spéise iad ó thaobh na healaíne, na hailtireachta nó na staire de.

Leasú ar ailt 370 agus 372E den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997.

18. —Leasaítear leis seo an tAcht Comhdhlúite Cánacha, 1997—

(a) in alt 370(1), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “áitreabh cáilitheach”:

“ciallaíonn ‘áitreabh cáilitheach’, faoi réir fho-alt (5)(a), foirgneamh nó déanmhas a bhfuil a láithreán go hiomlán laistigh de limistéar cáilitheach agus—

(a)   (i) ar foirgneamh nó déanmhas é atá in úsáid chun críche a shonraítear in alt 268(1)(a) agus a dtabhaítear caiteachas caipitiúil ina leith sa tréimhse cháilitheach—

(I) a bhfuil liúntas le tabhairt ina leith, nó

(II) a dtabharfar liúntas ina leith de bhua alt 279, nó a dtabharfaí liúntas ina leith dá ndéanfaí ordú faoi alt 367(1)(a) á ordú go mbeidh an limistéar ina limistéar cáilitheach chun críocha alt 368,

chun críocha cánach ioncaim nó cánach corparáide, de réir mar a bheidh, faoi alt 271 nó 273, arna chur chun feidhme le halt 368,

(ii) maidir leis an bhfoirgneamh nó leis an déanmhas sin—

(I) a bhfuil liúntas le tabhairt ina leith, nó

(II) a dtabharfar liúntas ina leith de bhua alt 279, nó a dtabharfaí liúntas ina leith dá ndéanfaí ordú faoi alt 367(1)(a) á ordú go mbeidh an limistéar ina limistéar cáilitheach chun críocha alt 369,

chun críocha cánach ioncaim nó cánach corparáide, de réir mar a bheidh, faoi Chaibidil 1 de Chuid 9 de bhua alt 369, nó

(iii) ar foirgneamh nó déanmhas é atá in úsáid chun na gcríoch a shonraítear in alt 268(1)(d) agus a dtabhaítear caiteachas caipitiúil i leith a fhoirgnithe nó a athfheistithe sa tréimhse cháilitheach ar caiteachas é a dtabharfaí liúntas ina leith, murach fo-alt (6), chun críocha cánach ioncaim nó cánach corparáide, de réir mar a bheidh, faoi Chaibidil 1 de Chuid 9,

agus

(b) atá ligthe ar cíos ar théarmaí tráchtála bona fide ar cibé comaoin a bhféadfaí a bheith ag súil go n-íocfaí í i leith ligean an fhoirgnimh nó an déanmhais arna chaibidil ar bhonn neamhthuilleamaíoch,

ach, más rud é go dtabhaítear caiteachas caipitiúil sa tréimhse cháilitheach ar athfheistiú foirgnimh nó déanmhais—

(i) a bhfuil liúntas le tabhairt ina leith, nó

(ii) a dtabharfar liúntas ina leith de bhua alt 279, nó

(iii) a dtabharfaí liúntas ina leith, dá ndéanfaí ordú faoi alt 367(1)(a) á ordú go mbeidh an limistéar ina limistéar cáilitheach chun críocha alt 368 nó 369, de réir mar a bheidh, nó

(iv) a dtabharfaí liúntas ina leith murach fo-alt (6),

chun críocha cánach ioncaim nó cánach corparáide, de réir mar a bheidh, faoi aon cheann de na forálacha dá dtagraítear i mír (a), ní mheasfar gur áitreabh cáilitheach an foirgneamh nó an déanmhas mura rud é nach lú méid iomlán an chaiteachais arna thabhú amhlaidh ná méid is comhionann le 10 faoin gcéad de mhargadhluach an fhoirgnimh nó an déanmhais díreach sula dtabhaítear an caiteachas sin.”,

agus

(b) in alt 372E(1) (a cuireadh isteach le halt 76 den Acht Airgeadais, 1998 ), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “áitreabh cáilitheach”:

“ciallaíonn ‘áitreabh cáilitheach’, faoi réir fho-alt (5)(a), foirgneamh nó déanmhas—

(a)   (i) a bhfuil a láithreán go hiomlán laistigh de limistéar cáilitheach agus ar foirgneamh nó déanmhas é atá in úsáid chun críche a shonraítear in alt 268(1)(a), agus a dtabhaítear caiteachas caipitiúil ina leith sa tréimhse cháilitheach—

(I) a bhfuil liúntas le tabhairt ina leith, nó

(II) a dtabharfar liúntas ina leith de bhua alt 279, nó a dtabharfaí liúntas ina leith dá ndéanfaí ordú faoi alt 372B(1)(a) á ordú go mbeidh an limistéar ina limistéar cáilitheach chun críocha alt 372C,

chun críocha cánach ioncaim nó cánach corparáide, de réir mar a bheidh, faoi alt 271 nó 273, arna chur chun feidhme le halt 372C,

(ii) a bhfuil a láithreán go hiomlán laistigh de limistéar cáilitheach agus—

(I) a bhfuil liúntas le tabhairt ina leith, nó

(II) a dtabharfar liúntas ina leith de bhua alt 279, nó a dtabharfaí liúntas ina leith dá ndéanfaí ordú faoi alt 372B(1)(a) á ordú go mbeidh an limistéar ina limistéar cáilitheach chun críocha alt 372D,

chun críocha cánach ioncaim nó cánach corparáide, de réir mar a bheidh, faoi Chaibidil 1 de Chuid 9 de bhua alt 372D,

(iii) a bhfuil a láithreán go hiomlán laistigh de limistéar cáilitheach agus ar foirgneamh nó déanmhas é atá in úsáid chun na gcríoch a shonraítear in alt 268(1)(d), agus a dtabhaítear caiteachas caipitiúil i leith a fhoirgnithe nó a athfheistithe sa tréimhse cháilitheach ar caiteachas é a dtabharfaí liúntas ina leith, murach fo-alt (6), chun críocha cánach ioncaim nó cánach corparáide, de réir mar a bheidh, faoi Chaibidil 1 de Chuid 9,

agus

(b) atá ligthe ar cíos ar théarmaí tráchtála bona fide ar cibé comaoin a bhféadfaí a bheith ag súil go n-íocfaí í i leith ligean an fhoirgnimh nó an déanmhais arna chaibidil ar bhonn neamhthuilleamaíoch,

ach, más rud é go dtabhaítear caiteachas caipitiúil sa tréimhse cháilitheach ar athfheistiú foirgnimh nó déanmhais—

(i) a bhfuil liúntas le tabhairt ina leith, nó

(ii) a dtabharfar liúntas ina leith de bhua alt 279, nó

(iii) a dtabharfaí liúntas ina leith dá ndéanfaí ordú faoi alt 372B(1)(a) á ordú go mbeidh an limistéar ina limistéar cáilitheach chun críocha alt 372C nó 372D, de réir mar a bheidh, nó

(iv) a dtabharfaí liúntas ina leith murach fo-alt (6),

chun críocha cánach ioncaim nó cánach corparáide, de réir mar a bheidh, faoi aon cheann de na forálacha dá dtagraítear i mír (a), ní mheasfar gur áitreabh cáilitheach an foirgneamh nó an déanmhas mura rud é nach lú méid iomlán an chaiteachais arna thabhú amhlaidh ná méid is comhionann le 10 faoin gcéad de mhargadhluach an fhoirgnimh nó an déanmhais díreach sula dtabhaítear an caiteachas sin.”.

Leasú ar Chaibidlí 7 agus 8 de Chuid 10 den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997.

19. —Leasaítear leis seo Caibidlí 7 agus 8 (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1998 ) de Chuid 10 den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997—

(a) in alt 372B(1), tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b):

“(b) i gcás ina bhfuil limistéar nó limistéir den sórt sin le bheith ina limistéar cáilitheach chun críocha alt 372D—

(i) go mbeidh nó nach mbeidh ceann amháin nó níos mó de na hearnálacha foirgnimh nó déanmhais a luaitear i bhfo-alt (2) ina áitreabh cáilitheach nó ina n-áitreabh cáilitheach de réir bhrí an ailt sin agus

(ii) nach mbeidh feidhm ag fo-alt (6) den alt sin i ndáil leis an limistéar cáilitheach sin, agus”,

(b) in alt 372D—

(i) trí “fho-ailt (3) go (6A)” a chur in ionad “fho-ailt (3) go (6)” i bhfo-alt (2)(a),

(ii) trí “ach faoi réir alt 372B(1)(b)” a chur isteach i ndiaidh “D'ainneoin fho-ailt (2) go (4)” i bhfo-alt (6)(a), agus

(iii) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (6):

“(6A) I gcás go n-ordaítear le hordú arna dhéanamh faoi alt 372B(1) nach mbeidh feidhm ag fo-alt (6) i ndáil le limistéar cáilitheach, beidh feidhm ag fo-alt (4) i ndáil leis an limistéar cáilitheach sin—

(a) amhail is dá mba thagairt do 25 faoin gcéad an tagairt i mír (a)(iv) den fho-alt sin do 50 faoin gcéad, agus

(b) amhail is dá ndéanfaí na fomhíreanna seo a leanas a chur in ionad fhomhír (ii) de mhír (b) den fho-alt sin:

‘(ii) amhail is dá ndéanfaí an mhír seo a leanas a chur in ionad mhír (b) d'fho-alt (2) den alt sin:

“(b) Maidir le haon chaiteachas cáilitheach, ní bheidh aon liúntas a thabharfar faoi alt 272 agus a mhéadófar faoi mhír (a) i leith an chaiteachais sin, cibé acu is do thréimhse inmhuirearaithe amháin nó níos mó ná tréimhse amháin den sórt sin a éilítear é, níos mó san iomlán ná 50 faoin gcéad de mhéid an chaiteachais cháilithigh sin.”,

agus

(iii) amhail is dá ndéanfaí fo-ailt (3) go (7) den alt sin a scriosadh.”’,

(c) in alt 372N—

(i) trí “fho-ailt (3) go (6B)” a chur in ionad “fho-ailt (3) go (6)” i bhfo-alt (2)(a), agus

(ii) trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (6):

“(6A) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (6) i ndáil le caiteachas caipitiúil a thabhaítear sa tréimhse cháilitheach ar fhoirgniú nó ar athfheistiú áitribh cháilithigh ach amháin i gcás an t-áitreabh cáilitheach a bheith, tráth ar bith sa tréimhse sin, ina ábhar do léas cáilitheach (de réir bhrí alt 372O) arna dheonú do dhuine a áitíonn an t-áitreabh cáilitheach chun críocha trádála nó gairme cáilithí (de réir bhrí an ailt sin).

(6B) I gcás nach bhfuil feidhm ag fo-alt (6) i ndáil le caiteachas caipitiúil a thabhaítear sa tréimhse cháilitheach, beidh feidhm ag fo-alt (4)—

(a) amhail is dá mba thagairt do 25 faoin gcéad an tagairt i mír (a)(iv) den fho-alt sin do 50 faoin gcéad,

agus

(b) amhail is dá ndéanfaí na fomhíreanna seo a leanas a chur in ionad fhomhír (ii) de mhír (b) den fho-alt sin:

‘(ii) amhail is dá ndéanfaí an mhír seo a leanas a chur in ionad mhír (b) d'fho-alt (2) den alt sin:

“(b) Maidir le haon chaiteachas cáilitheach, ní bheidh aon liúntas a thabharfar faoi alt 272 agus a mhéadófar faoi mhír (a) i leith an chaiteachais sin, cibé acu is do thréimhse inmhuirearaithe amháin nó níos mó ná tréimhse amháin den sórt sin a éilítear é, níos mó san iomlán ná 50 faoin gcéad de mhéid an chaiteachais cháilithigh sin.”,

agus

(iii) amhail is dá ndéanfaí fo-ailt (3) go (7) den alt sin a scriosadh.”’,

agus

(d) in alt 372O—

(i) trí “ó thrádáil nó ó ghairm cháilitheach (is trádáil nó gairm a sonraítear, le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire Airgeadais, gur trádáil nó gairm cháilitheach í chun críocha an ailt seo)” a chur in ionad “ó thrádáil nó ó ghairm” i bhfo-alt (3), agus

(ii) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (5):

“(6) Gach rialachán a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid Dháil Éireann a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann Dáil Éireann, laistigh den 21 lá a shuífidh Dáil Éireann tar éis an t-ordú a leagan faoina bráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.”.

Leasú ar fhorálacha a bhaineann le Limistéar Duganna Theach an Chustaim.

20. —Leasaítear leis seo an tAcht Comhdhlúite Cánacha, 1997—

(a) in alt 322—

(i) i bhfo-alt (1), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “an tréimhse shonraithe”:

“ciallaíonn ‘an tréimhse shonraithe’ an tréimhse dar tosach an 25ú lá d'Eanáir, 1988, agus dar críoch—

(a) an 24ú lá d'Eanáir, 1999, chun críocha alt 324,

(b) an 31ú lá de Nollaig, 1999, chun críocha ailt 325 go 328, agus

(c) an 31ú lá de Nollaig, 1999, chun críocha alt 323; ach más rud é, i ndáil le foirgniú áitribh cháilithigh de réir bhrí an ailt sin, go ndéantar 51 faoin gcéad ar a laghad den chaiteachas caipitiúil iomlán a thabhaítear ar fhoirgniú an áitribh a thabhú roimh an 1ú lá d'Eanáir, 2000, déanfar an tagairt sa mhír seo don 31ú lá de Nollaig, 1999, a fhorléiriú mar thagairt don 30ú lá de Mheitheamh, 2000.”, agus

(ii) i bhfo-alt (2), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (b):

“(b) maidir le haon limistéar den sórt sin a thuairiscítear amhlaidh, go ndéanfar an míniú ar ‘an tréimhse shonraithe’ a fhorléiriú mar thagairt do cibé tréimhse a bheidh sonraithe san ordú i ndáil leis an limistéar sin; ach ní thosóidh aon tréimhse den sórt sin a bheidh sonraithe san ordú roimh an 26ú lá d'Eanáir, 1994, ná ní chríochnóidh sí—

(i) tar éis an 24ú lá d'Eanáir, 1999, chun críocha alt 324,

(ii) tar éis an 31ú lá de Nollaig, 1999, chun críocha ailt 325 go 328, agus

(iii) tar éis an 31ú lá de Nollaig, 1999, chun críocha alt 323; ach más rud é, i ndáil le foirgniú áitribh cháilithigh de réir bhrí an ailt sin, go ndéantar 51 faoin gcéad ar a laghad den chaiteachas caipitiúil iomlán a thabhaítear ar fhoirgniú an áitribh a thabhú roimh an 1ú lá d'Eanáir, 2000, déanfar an tagairt san fhomhír seo don 31ú lá de Nollaig, 1999, a fhorléiriú mar thagairt don 30ú lá de Mheitheamh, 2000,”,

(b) in alt 323, trí fho-alt (3)(b) a scriosadh, agus

(c) in alt 409A (a cuireadh isteach le halt 30 den Acht Airgeadais, 1998 ), tríd an méid seo a leanas a chur, i bhfo-alt (5)(b), in ionad na bhfocal ó “roimh an 1ú lá de Bhealtaine, 1998,” go dtí deireadh an fho-ailt sin:

“(I) roimh an 1ú lá de Bhealtaine, 1998, ach amháin i gcás foirgnimh shonraithe a bhfuil feidhm ag clásal (II) maidir leis, nó

(II) roimh an 1ú lá de Lúnasa, 1998, i gcás foirgnimh shonraithe a bhfuil liúntas le tabhairt ina leith, nó a dtabharfar liúntas ina leith de bhua alt 279, chun críocha cánach ioncaim faoi Chaibidil 1 de Chuid 9 de bhua Chaibidil 1 de Chuid 10,

de bhun caibidlí a bhí ar siúl roimh an 3ú lá de Nollaig, 1997.”.

(2) Aisghairtear leis seo alt 25 den Acht Airgeadais, 1998 .