An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT UM ÚDARÁS SÁBHÁILTEACHTA BIA NA hÉIREANN, 1998) Ar Aghaidh (CUID II Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann)

29 1998

AN tACHT UM ÚDARÁS SÁBHÁILTEACHTA BIA NA hÉIREANN, 1998

CUID I

Réamhráiteach

Gearrtheideal.

1. —Féadfar an tAcht um Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann, 1998 , a ghairm den Acht seo.

Léiriú

2. —(1) San Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “oifigeach údaraithe” duine a cheapfar ina oifigeach nó ina hoifigeach údaraithe faoi alt 49 ;

ciallaíonn “an tÚdarás” Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann a bhunófar faoi alt 9 ;

ciallaíonn “an Bord” Bord an Údaráis;

ciallaíonn “príomhfheidhmeannach” príomhoifigeach an Údaráis a cheapfar faoi alt 37 ;

tá le “ordú dúnta” an bhrí a shanntar dó le halt 53;

ciallaíonn “forfheidhmiú”, i ndáil le reachtaíocht bia, iniúchtaí, faireachas, sampláil, anailísiú, ceadúnú agus clárú a sheoladh agus imeachtaí dlíthiúla a thionscnamh;

ciallaíonn “lá bunaithe” an lá a cheapfaidh an tAire faoi alt 3 chun bheith ina lá bunaithe;

folaíonn “bia”—

(a) aon substaint a úsáideann pearsana daonna, atá ar fáil lena húsáid ag pearsana daonna, nó a bheartaíonn pearsana daonna a úsáid, mar bhia nó mar dheoch, agus

(b) aon substaint a chuirtear isteach sna substaintí sin, nó a úsáidtear i ndáil le táirgeadh, comhdhéanamh nó ullmhú na substaintí sin,

agus folaíonn tagairtí do bhia, de réir mar a éilíonn an comhthéacs, tagairt do bhia áirithe nó d'aicme áirithe bia;

ciallaíonn “iniúchadh bia” na córais iniúchta a sheolfaidh an tÚdarás nó a sheolfar thar a cheann d'fhonn a fháil amach an gcomhlíonann—

(a) bia,

(b) na próisis (lena n-áirítear próisis arb é is aidhm dóibh úire agus folláine bia a chaomhnú nó a fhadú) faoina gcuirtear bia,

(c) an timpeallacht fhisiceach ina ndéantar bia a tháirgeadh, a choinneáil, a ullmhú agus a láimhsiú;

(d) scileanna, oiliúint agus inniúlacht na ndaoine a láimhsíonn bia nó a dhéileálann le bia ar shlí eile in áitreabh a thagann faoi réim an Achta seo,

(e) aon substaintí agus ábhair a fhéadfar a úsáid ag aon chéim de tháirgeadh bia (lena n-áirítear, más cuí, ábhair bheatha d'ainmhithe) agus lena n-áirítear scrúdú roimh bhás agus scrúdú iarbháis, i seamlais nó in áitreabh eile den sórt sin, ar ainmhithe a bhfuil a gcuid feola le soláthar mar bhia nó le húsáid i dtáirgeadh bia,

(f) breiseáin bhia, vitimíní, salainn mhianracha, riandúile, blastáin agus breiseáin eile a bheartaítear a dhíol sa cháil sin,

(g) ábhair agus earraí a bheartaítear a bheith i dtadhall le bia,

(h) táirgí de chuid na hithreach, táirgí ó fheirmeoireacht stoic, ó dhobharshaothrú agus ó iascaigh agus géim,

reachtaíocht bia arb é is aidhm di cosc a chur le contúirtí do shláinte an phobail;

ciallaíonn “reachtaíocht bia”—

(a) na hAchtanna (lena n-áirítear aon ionstraimí arna ndéanamh fúthu) a shonraítear i gCuid I,

(b) na hionstraimí reachtúla a shonraítear i gCuid II,

(c) Rialacháin de chuid institiúide de na Comhphobail Eorpacha a shonraítear i gCuid III,

den Chéad Sceideal a mhéid a bhaineann siad le sábháilteacht agus sláinteachas bia,

(d) aon Acht arna rith ag an Oireachtas nó aon ionstraim reachtúil arna déanamh faoi Acht den sórt sin nó aon rialachán arna dhéanamh faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972, tar éis an lae bunaithe agus a measfar ina leith gur reachtaíocht bia í chun críocha an Achta seo,

ciallaíonn “sábháilteacht bia” na bearta a dhéantar chun contúirtí do shláinte an phobail a thig as bia a bheartaítear mar bhia don duine a sheachaint;

ciallaíonn “caighdeáin bia”, i ndáil le sábháilteacht agus sláinteachas bia, caighdeáin arna mbunú le reachtaíocht bia nó fúithi agus a bhaineann le haon cheann nó gach ceann de na nithe seo a leanas:

(a) comhdhéanamh bia, lena n-áirítear—

(i) an leibhéal éilleán nó iarmhar a fhéadfaidh a bheith i mbia,

(ii) a stádas micri-bhitheolaíoch agus a shábháilteacht mhicri-bhitheolaíoch, agus

(iii) an modh samplála agus tástála bia chun a chomhdhéanamh a chinneadh;

(b) táirgeadh bia, lena n-áirítear an trealamh a úsáidtear agus na próisis a mbaintear feidhm astu;

(c) pacáistiú, stóráil nó láimhsiú bia;

(d) díol, allmhairiú nó onnmhairiú bia;

(e) aon fhaisnéis i dtaobh bia, lena n-áirítear lipéadú, cur chun cinn agus fógraíocht ina leith;

(f) éilliú, de chineál fisiceach, ceimiceach, raideolaíoch, bitheolaíoch nó eile, ar bhia a sheachaint;

(g) contúirtí do shláinte an duine a thig as ionghabháil bia nó a éiríonn ar shlí eile a sheachaint;

(h) an t-uasmhéid nó an t-íosmhéid substaintí a úsáidtear nó a cheanglaítear a úsáid nó a fhéadfar a úsáid le linn bia a ullmhú;

ciallaíonn “iarÚdarás” Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann a bunaíodh leis an Ordú um Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann (Bunú), 1997 (I.R. Uimh. 524 de 1997);

folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais agus folaíonn tagairt do chomhlíonadh feidhmeanna, maidir le cumhachtaí agus dualgais, tagairtí d'fheidhmiú na gcumhachtaí agus do chomhlíonadh na ndualgas;

ciallaíonn “bord sláinte” bord arna bhunú faoi alt 4 den Acht Sláinte, 1970 ;

ciallaíonn “sláinteachas” i ndáil le sábháilteacht bia nó caighdeáin bia, urramú caighdeán dea-chleachtais arb é is aidhm dóibh éilliú bia a sheachaint;

tá le “fógra feabhsúcháin” an bhrí a shanntar dó le halt 52(1);

tá le “ordú feabhsúcháin” an bhrí a shanntar dó le halt 52(4);

tá le “údarás áitiúil” an bhrí a shanntar dó leis an Acht Rialtais Áitiúil, 1941 ;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Sláinte agus Leanaí;

déanfar “gníomhaireacht oifigiúil” a fhorléiriú de réir an Dara Sceideal;

folaíonn “áitreabh” aon áit, foirgneamh, aerárthach, feithicil, vaigín iarnróid, coimeádán nó soitheach nó áitreabh sealadach ag nó in nó ar a seoltar nó a seoladh aon trádáil, gnó nó gníomhaíocht i dtaca le táirgeadh, ullmhú, próiseáil, monarú, onnmhairiú, allmhairiú, stóráil, dáileadh nó díol bia;

ciallaíonn “forordú” forordú a dhéanamh le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire;

tá le “ordú toirmisc” an bhrí a shanntar dó le halt 54(1);

ciallaíonn “ceardchumainn agus comhlachais aitheanta” na ceardchumainn agus na comhlachais foirne a bheidh aitheanta ag an Údarás chun críche caibidlí a bhaineann le haistrithe foirne chuig an Údarás, chomh maith le luach saothair, coinníollacha fostaíochta nó coinníollacha oibre oifigigh an Údaráis agus fhostaithe an Údaráis;

folaíonn “luach saothair” liúntais le haghaidh caiteachas, sochair chomhchineáil agus aoisliúntas;

folaíonn “díol” rud a thairiscint lena dhíol nó é a dhíol nó a sholáthar cibé acu le haghaidh brabúis nó nach ea agus forléireofar aon fhocail ghaolmhara dá réir sin;

ciallaíonn “an Coiste Eolaíochta” an coiste a bhunófar faoi alt 34 ;

tá le “conradh seirbhíse” an bhrí a shanntar dó le halt 48;

ciallaíonn “sochair aoisliúntais” pinsin, aiscí agus liúntais eile is iníoctha ar éirí as, ar scor nó ar bhás;

ciallaíonn “bianna neamhshaothraithe” bianna nach dtáirgtear nó nach ndéantar a fhómhar ar bhonn tráchtála, lena n-áirítear beacáin fhiáine, torthaí agus caora agus iasc agus géim a dhéantar a fhómhar trí ghníomhaíochtaí áineasa.

(2) San Acht seo—

(a) aon tagairt d'alt nó do Sceideal, is tagairt í d'alt den Acht seo, nó do Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe,

(b) aon tagairt d'fho-alt, do mhír nó d'fhomhír is tagairt í don fho-alt, don mhír nó don fhomhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe,

(c) aon tagairt d'achtachán forléireofar í mar thagairt don achtachán sin arna leasú, arna oiriúnú nó arna leathnú le haon achtachán dá éis nó faoi, lena n-áirítear an tAcht seo, agus

(d) aon tagairt d'ionstraim reachtúil forléireofar í mar thagairt don ionstraim sin arna leasú, arna hoiriúnú nó arna leathnú le haon ionstraim reachtúil dá éis.

An lá bunaithe.

3. —Déanfaidh an tAire le hordú lá a cheapadh chun bheith ina lá bunaithe chun críocha an Achta seo.

Orduithe agus rialacháin a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

4. —Déanfar gach ordú (seachas ordú arna dhéanamh faoi alt 3 44) agus gach rialachán a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú nó an rialachán a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an ordaithe nó an rialacháin, beidh an t-ordú nó an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú nó faoin rialachán.

Leasú ar Sceidil.

5. —Féadfaidh an tAire, le hordú, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire iomchuí den Rialtas nó le duine eile atá freagrach as an ngníomhaireacht oifigiúil lena mbaineann, an Chéad Sceideal nó an Dara Sceideal a leasú trí ábhar a chur leis nó a scriosadh as.

Cionta achoimre a ionchúiseamh.

6. —(1) Féadfaidh an tÚdarás imeachtaí a thionscnamh agus a ionchúiseamh i ndáil le cion achomair faoin Acht seo.

(2) D'ainneoin fhorálacha alt 10(4) den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachtaí achoimre mar gheall ar chion faoin Acht seo a thionscnamh aon tráth laistigh de 12 mhí ón dáta a thiocfaidh fianaise ar iúl an Údaráis, is leor, i dtuairim an Údaráis, chun tionscnamh na n-imeachtaí a fhíréanú, ar tráth é nach déanaí ná 5 bliana ón dáta a rinneadh an cion lena mbaineann.

Cionta ag comhlachtaí corpraithe.

7. —(1) I gcás cion faoin Acht seo a bheith déanta ag comhlacht corpraithe agus go gcruthófar go ndearnadh é le toiliú nó le cúlcheadú, nó gurb inchurtha é i leith aon fhaillí nó aon mhainneachtain ar thaobh, aon duine is stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí nó oifigeach eile de chuid an chomhlachta chorpraithe, nó aon duine a d'airbheartaigh a bheith ag gníomhú in aon cháil den sórt sin, beidh an duine sin chomh maith leis an gcomhlacht corpraithe ciontach i gcion agus dlífear imeachtaí a shaothrú ina choinne nó ina coinne agus é nó í a phionósú amhail is dá mbeadh sé nó sí ciontach sa chion céadluaite.

(2) I gcás go ndéanfaidh comhaltaí comhlachta chorpraithe gnóthai an chomhlachta chorpraithe sin a bhainistiú, beidh feidhm ag fo-alt (1) i ndáil le gníomhartha agus mainneachtaintí comhalta i dtaca lena fheidhmeanna bainistíochta nó lena feidhmeanna bainistíochta amhail is dá mba stiúrthóir, bainisteoir nó rúnaí de chuid an chomhlachta chorpraithe é nó í.

Caiteachais an Aire.

8. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.