An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I Réamhráiteach) Ar Aghaidh (CUID III Bord, Coiste Eolaíochta, Coistí, Príomhfheidhmeannach agus Foireann an Údaráis)

29 1998

AN tACHT UM ÚDARÁS SÁBHÁILTEACHTA BIA NA hÉIREANN, 1998

CUID II

Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann

An tÚdarás a bhunú.

9. —(1) Beidh arna bhunú ar an lá bunaithe comhlacht ar a dtabharfar The Food Safety Authority of Ireland nó Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann sa Ghaeilge chun na feidhmeanna a shanntar dó leis an Acht seo a chomhlíonadh.

(2) Beidh an tÚdarás ina chomhlacht corpraithe agus comharbas suthain agus séala oifigiúil aige agus beidh cumhacht agartha aige agus beidh sé inagartha ina ainm corpraithe agus beidh cumhacht aige talamh, nó leas i dtalamh, a fháil, a shealbhú agus a dhiúscairt agus aon mhaoin eile a fháil, a shealbhú agus a dhiúscairt.

(3) Beidh ag an Údarás na cumhachtaí sin go léir is gá chun a fheidhmeanna faoin Acht seo a chomhlíonadh nó a ghabhann lena gcomhlíonadh.

Neamhspleáchas an Údaráis.

10. —Faoi réir an Achta seo, beidh an tÚdarás neamhspleách ag comhlíonadh a fheidhmeanna dó.

Príomhfheidhm an Údaráis.

11. —Is í príomhfheidhm an Údaráis gach beart réasúnach a dhéanamh chun a áirithiú, maidir le bia—

(a) a tháirgtear sa Stát (cibé acu a dhéantar é a dháileadh nó a mhargú sa Stát nó nach ndéantar), agus

(b) a dháiltear nó a mhargaítear sa Stát,

go gcomhlíonann sé na caighdeáin is airde ó thaobh sábháilteachta bia agus sláinteachais a bheidh ar fáil go réasúnach agus déanfaidh sé, go háirithe, gach beart réasúnach chun a áirithiú go gcomhlíonann bia den sórt sin—

(i) reachtaíocht bia i leith caighdeán sábháilteachta bia agus sláinteachais, nó

(ii) más cuí, forálacha caighdeán nó cód dea-chleachtais a aithnítear i gcoitinne agus arb é is aidhm dóibh a áirithiú go mbainfear amach ardchaighdeáin sláinteachais bia agus sábháilteachta bia.

Caighdeáin a chur chun cinn.

12. —(1) Chun go mbainfear amach an méid is mó cosanta a bheidh ar fáil go réasúnach ar mhaithe le sláinte an phobail agus cosaint tomhaltóirí, déanfaidh an tÚdarás, ar gach céim de tháirgeadh bia, ó tháirgeadh príomhúil go dtí an úsáid deiridh ag an tomhaltóir, bunú agus cothú ardchaighdeán sláinteachais bia agus sábháilteachta bia a chur chun cinn, a spreagadh agus a chothú.

(2) Gabhfaidh an tÚdarás de láimh, nó socróidh sé go ngabhfar de láimh, chun críocha fho-alt (1), cibé gníomhaíochtaí is cuí leis chun caighdeáin den sórt sin a chothú agus a chur chun cinn agus gabhfaidh sé de láimh, nó socróidh sé go ngabhfar de láimh, cibé iniúchtaí bia is gá chun a chinneadh go gcomhlíontar reachtaíocht bia.

(3) Gan dochar d'fhorálacha reachtaíochta bia, déanfar na gníomhaíochtaí agus na hiniúchtaí bia atá le gabháil de láimh ag an Údarás nó thar a cheann agus dá dtagraítear i bhfo-alt (2) a dhíriú ar an méid seo a leanas a thabhairt i gcrích i measc táirgeoirí, monaróirí, dáileoirí, miondíoltóirí agus lónadóirí, is é sin le rá go nglacfaidh siad i gcoitinne leis an bprionsabal, i leith aon bhia a chuirfear ar an margadh, gur orthu féin go leithleach, nó de réir mar is cuí, i dteannta a chéile, atá an phríomhfhreagracht i sábháilteacht bia agus in oiriúnacht bia lena chaitheamh ag an duine, agus, dá dhroim sin, déanfaidh gach aon cheann de na páirtithe a luaitear gach beart réasúnach a ghlacadh chun sábháilteacht agus caighdeán sláinteachais an bhia sin a áirithiú, a mhéid a bhaineann leis an bpáirtí sin.

(4) Chun caighdeáin níos airde a chur chun cinn, féachfaidh an tÚdarás le dul i gcomhairle le hionadaithe tomhaltóirí, táirgeoirí, miondíoltóirí, dáileoirí, lónadóirí agus monaróirí agus, más cuí, le gníomhaireachtaí oifigiúla i dtaobh na ngníomhaíochtaí nó na mbeart eile a bheidh le gabháil de láimh.

Scéimeanna chun sábháilteacht bia a áirithiú.

13. —(1) Chun críocha alt 12 féadfaidh an tÚdarás, ina aonar nó in éineacht le cibé ionadaithe de ghrúpaí nó eagraíochtaí áirithe gnó bia is cuí leis, scéimeanna (dá ngairtear “scéimeanna um áirithiú sábháilteachta bia” san alt seo) a bhunú chun leasanna tomhaltóirí a chosaint.

(2) Déanfaidh an tÚdarás bunú scéimeanna um áirithiú sábháilteachta bia a chur chun cinn, a spreagadh agus a éascú agus bunófar na scéimeanna sin ar na cleachtais agus na caighdeáin sábháilteachta bia agus sláinteachais is fearr a bheidh ar fáil agus beidh ar fáil aige cibé doiciméid agus fianaise eile a bhaineann le hamhábhair, próiseáil, ullmhú, pacáistiú, stóráil agus lipéadú earraí bia is cuí leis an Údarás chun leasanna tomhaltóirí a chosaint.

(3) Ullmhóidh an tÚdarás treoirlínte a bheidh le comhlíonadh aige i ndáil le bunú scéimeanna um áirithiú sábháilteachta bia.

(4) Ní mór ceadú an Bhoird, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste Eolaíochta, a bheith ann d'aon treoirlínte den sórt sin.

(5) Faoi réir fho-alt (7), ní bheidh an tÚdarás rannpháirteach i scéimeanna um áirithiú sábháilteachta bia.

(6) Féadfaidh an tÚdarás a cheadú d'aon scéim um áirithiú sábháilteachta bia a dhaingniú ar aon téarmaí agus coinníollacha a shonróidh an Bord, tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eolaíochta, agus féadfaidh an tÚdarás aon daingniú den sórt sin a tharraingt siar.

(7) Déanfaidh an tÚdarás faireachán, agus tabharfaidh sé tuarascáil don Bhord, ar fheidhmiú agus ar chur i ngníomh scéimeanna um áirithiú sábháilteachta bia.

(8) Féadfaidh an tÚdarás tuarascálacha a fhoilsiú i ndáil le scéimeanna um áirithiú sábháilteachta bia.

(9) Tabharfaidh gníomhaireacht oifigiúil fógra don Údarás i ndáil le haon scéim um áirithiú sábháilteachta bia lena bhfuil baint aici nó lena dtacaíonn sí agus beidh aird aici ar aon chomhairle ón Údarás i ndáil le baint nó tacaíocht den sórt sin.

An Chomhairle Shainchomhairleach.

14. —(1) Déanfaidh an tÚdarás, chun críocha na gcomhchomhairliúchán dá dtagraítear in alt 12 (4) nó chun críocha comhchomhairliúchán ar aon ní eile a bhaineann le feidhmeanna an Údaráis, comhlacht a bhunú ar a dtabharfar an Chomhairle Chomhairleach um Shábháilteacht Bia (dá ngairtear “an Chomhairle” san alt seo).

(2) 24 chomhalta ar a mhéad a bheidh ar an gComhairle agus beidh bonn leathan fúithi agus beidh sí leathan-ionadaitheach.

(3) Bunófar an Chomhairle faoi cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an Bord roimh a bunú, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire.

(4) Féadfaidh an tAire 12 chomhalta ar a mhéad a cheapadh ar an gComhairle, agus—

(a) ainmneoidh an tAire Talmhaíochta agus Bia beirt díobh,

(b) ainmneoidh Aire na Mara agus Acmhainní Nádúrtha duine amháin díobh,

(c) ainmneoidh an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta duine amháin díobh, agus

(d) ainmneoidh an tAire Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil duine amháin díobh,

agus ceapfaidh an Bord na comhaltaí eile.

(5) Íocfar le comhaltaí na Comhairle cibé liúntais i leith caiteachas a chinnfidh an tAire ó am go ham, le toiliú an Aire Airgeadais.

(6) Beidh aird ag an Údarás ar aon tuairimí a léireoidh an Chomhairle i dtaobh aon ní a bheidh faoi bhreithniú ag an Údarás. Ach, maidir le mainneachtain dul i gcomhairle leis an gComhairle nó dul i mbun gnímh i leith aon ní, ar gníomh é a fhreagróidh don mhéid a bheidh beartaithe ag an gComhairle nó a mbeidh an Chomhairle ag tacú leis, ní chuirfidh sí cinntí ná gníomhartha an Údaráis i leith an ní a bheidh i gceist nó i leith aon ní eile a chur ó bhail.

(7) Féadfaidh an tÚdarás tuairimí na Comhairle a fhoilsiú.

(8) Déanfaidh an Bord, i gcás ceapachán a dhéanfaidh sé, agus déanfaidh an tAire, i gcás ceapachán a dhéanfaidh sé nó sí, cóimheá chothromasach idir fir agus mná a chinntiú, a mhéid is féidir é.

Comhairle ón Údarás.

15. —Déanfaidh an tÚdarás, ar iarraidh ón Aire nó ó Aire eile den Rialtas, comhairle a thabhairt don Aire nó don Aire eile sin den Rialtas i dtaobh saincheisteanna a bhaineann le gach ceann nó aon cheann de na nithe atá liostaithe san alt seo nó féadfaidh sé, ar a thionscnamh féin, comhairle den sórt sin a thabhairt i dtaobh an mhéid seo a leanas—

(a) galair bhia-iompartha, lena n-áirítear galair bhia-iompartha zónóiseacha,

(b) gnéithe cothaitheacha de bhia agus an ról atá ag aiste bia i sláinte an phobail,

(c) forbairtí reachtúla a bhaineann le sábháilteacht bia agus sláinteachas bia,

(d) teicneolaíocht agus cleachtais thionsclaíocha a bhaineann le bia agus le hullmhú bia,

(e) eagrú agus riaradh córas chun áitreabh a sheolann gnó bia a cheadú, a cheadúnú agus a chlárú agus a iniúchadh,

(f) táirgeadh bia lena n-áirítear saothrú barr, torthaí agus glasraí, baint bianna neamhshaothraithe, saothrú agus táirgeadh sliogéisc agus pórú nó tógáil ainmhithe lena marú agus le haghaidh táirgeadh bia,

(g) lipéadú agus pacáistiú bia (lena n-áirítear ábhair a úsáidtear i bpacáistiú),

(h) an scóip atá ann le haghaidh córas feabhsaithe chun faisnéis a scaipeadh ar an bpobal i dtaobh sábháilteachta bia agus sláinteachais bia, lena n-áirítear láimhsiú sábháilte bia san áit chónaithe, agus

(i) aon ní eile is iomchuí maidir le sábháilteacht bia agus sláinteachas bia,

agus féadfaidh sé comhairle den sórt sin a fhoilsiú.

Sonraí a bhailiú agus a mheasúnú.

16. —(1) Féadfaidh an tÚdarás—

(a) an reachtaíocht bia go léir, na cóid iompair go léir agus an t-ábhar go léir eile is iomchuí maidir le feidhmeanna an Údaráis a bhailiú agus féadfaidh sé iad a fhoilsiú i cibé foirm is cuí leis, agus

(b) faisnéis a bhailiú a bhaineann le sláinteachas bia agus sábháilteacht bia, agus ar faisnéis í a éascóidh comhlíonadh a fheidhmeanna aige.

(2) Déanfaidh an tÚdarás—

(a) sonraí staidrimh i dtaobh rialú oifigiúil bia a bhailiú i cibé foirm, más ann, a chinnfidh sé agus na sonraí staidrimh sin a mheasúnú, agus

(b) sonraí den sórt sin a bhaineann le táirgeadh agus tomhaltas bia a bhailiú, a mheasúnú nó a anailísiú ar shlí eile,

de réir mar is cuí leis nó de réir mar a iarrfaidh an tAire nó aon Aire eile den Rialtas ó am go ham.

(3) Déanfaidh an tÚdarás cibé measúnachtaí ar shonraí staidrimh i dtaobh galar bia-iompartha, lena n-áirítear galair bhia-iompartha zónóiseacha, is cuí leis nó a iarrfaidh an tAire nó Aire eile den Rialtas ó am go ham, a ghabháil de láimh.

(4) San alt seo folaíonn “rialú oifigiúil bia” na córais iniúchta agus rialaithe ar tháirgeadh, monarú, stóráil, díol nó úsáid bia a cheanglaítear le haon achtachán nó faoi aon achtachán.

(5) Comhoibreoidh gníomhaireacht oifigiúil lena mbaineann leis an Údarás maidir le ceanglais an ailt seo a chomhlíonadh.

(6) Féadfaidh an tÚdarás, d'fhonn a fheidhmeanna a chur i gcrích faoin alt seo, a cheangal ar cibé duine a gceapann sé ina leith go bhfuil faisnéis is iomchuí chun na gcríoch sin aige nó aici, an fhaisnéis a sholáthar don Údarás agus comhlíonfaidh an duine sin ceanglas den sórt sin.

Athbhreithniú ar sheirbhísí iniúchta bia.

17. —Déanfaidh an tÚdarás éifeachtacht na seirbhísí iniúchta bia a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire a bhreithniú agus a choimeád faoi athbhreithniú agus déanfaidh sé, uair amháin ar a laghad sa bhliain, tuairisc a thabhairt don Aire, nó do cibé Aire eile den Rialtas nó do cibé gníomhaireacht eile a bheidh freagrach as an tseirbhís áirithe iniúchta bia a chur i gcrích, cibé acu faoi chonradh seirbhíse nó ar shlí eile, faoin scóip atá ann chun an tseirbhís nó na seirbhísí iniúchta bia a chomhordú agus a thabhairt ar shlí níos fearr.

Taighde ag an Údarás.

18. —(1) Féadfaidh an tÚdarás tionscadail taighde agus gníomhaíochtaí taighde, i dtaobh saincheisteanna a bhaineann le bia, a ghabháil de láimh nó a choimisiúnú nó féadfaidh sé comhoibriú chun tionscadail taighde agus gníomhaíochtaí taighde den sórt sin a chur i gcrích agus féadfaidh sé, chun na críche sin, a bheith páirteach i dtionscadail taighde agus i ngníomhaíochtaí taighde i dtaobh saincheisteanna a bhaineann le bia, ar tionscadail iad a bhfuil baint ag páirtithe ó lasmuigh den Stát leo.

(2) Le linn cinneadh a dhéanamh i dtaobh an bhfeidhmeoidh sé a chumhachtaí faoi fho-alt (1), beidh aird ag an Údarás ar aon ghabháil de láimh, coimisiúnú nó comhoibriú i leith tionscadal nó gníomhaíochtaí den sórt sin ag daoine eile sa Stát.

Bia a dheimhniú.

19. —(1) Gan dochar do cheanglais reachtaíochta bia nó aon nós imeachta deimhniúcháin a oibríonn gníomhaireacht oifigiúil i leith bia i gcomhair díola, féadfaidh an tÚdarás, má iarrann aon duine air é agus déanfaidh sé má iarrann gníomhaireacht oifigiúil air é, córas deimhniúcháin bia i gcomhair díola a chur ar fáil i cibé foirm is cuí leis i leith na hiarrata.

(2) Féadfaidh an tÚdarás treoirlínte a eisiúint i leith aon deimhniúcháin a chuirfidh sé ar fáil faoin alt seo.

Feidhmeanna breise a thabhairt don Údarás.

20. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, más cuí leis nó léi é nó má iarrann Aire eile den Rialtas amhlaidh air nó uirthi, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire eile sin den Rialtas agus leis an Aire Airgeadais—

(a) cibé feidhmeanna breise a mbeidh baint acu le feidhmeanna an Údaráis de thuras na huaire nó le gníomhaíochtaí a mbeidh údaraithe don Údarás de thuras na huaire iad a ghabháil de láimh (lena n-áirítear feidhmeanna chun aon treoir, rialachán nó ionstraim eile a fhorfheidhmiú a ghlac institiúid de na Comhphobail Eorpacha i ndáil le sábháilteacht bia agus sláinteachas) is cuí leis nó léi, a thabhairt don Údarás, agus

(b) cibé foráil a mheasfaidh sé nó sí is gá nó is fóirsteanach maidir le nithe atá coimhdeach i ndáil le feidhmeanna faoin alt seo a thabhairt don Údarás nó a éiríonn as an gcéanna nó i ndáil leis an Údarás do chomhlíonadh feidhmeanna arna dtabhairt amhlaidh nó a éiríonn as an gcéanna.

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin alt seo (lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo) a leasú nó a chúlghairm.

Muirir i leith seirbhísí.

21. —(1) Faoi réir fho-alt (2), agus ag féachaint go cuí d'aon socruithe eile a bheidh i bhfeidhm agus a bhainfidh le haon táillí nó muirir a éireoidh i ndáil leis an réimse gníomhaíochta lena mbaineann, féadfaidh an tÚdarás cibé muirir is cuí leis an mBord a dhéanamh i gcomaoin an tÚdarás do chomhlíonadh a fheidhmeanna, do sholáthar seirbhísí (seachas seirbhís arb é atá inti comhairle a chur ar fáil don Aire nó d'Aire eile den Rialtas) agus do sheoladh gníomhaíochtaí agus déanfaidh sé fáltais ó mhuirir den sórt sin a thaifeadadh mar ioncam.

(2) Beidh cinneadh na méideanna muirear dá dtagraítear i bhfo-alt (1) faoi réir cheadú an Aire tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais.

(3) Féadfaidh an tÚdarás aon mhéid a bheidh dlite agus ag dul dó faoi fho-alt (1) a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla ón duine a mbeidh sé iníoctha aige nó aici.

Bronntanais.

22. —(1) Féadfaidh an Bord bronntanais airgid, talún nó maoine eile a ghlacadh thar ceann an Údaráis ar cibé iontaobhais, téarmaí nó coinníollacha, más ann, a shonróidh an deontóir.

(2) Ní ghlacfaidh an Bord le bronntanas más rud é go mbeadh na hiontaobhais, na téarmaí nó na coinníollacha a bheadh ag gabháil leis ar neamhréir le neamhspleáchas oibríochta, oibriú éifeachtach nó feidhmeanna an Údaráis nó go ndéanfaidís dochar do na nithe sin.

(3) Déanfaidh an tÚdarás sonraí i dtaobh aon bhronntanais ar mó a luach, i dtuairim an Bhoird, ná £500 nó cibé méid eile a bheidh arna shonrú de thuras na huaire i rialacháin a dhéanfaidh an tAire, a chur san áireamh sa tuarascáil faoi alt 25 (1) don bhliain a nglacfar leis an mbronntanas.

An tÚdarás d'fháil iasachtaí.

23. —Féadfaidh an tÚdarás, ó am go ham, chun foráil a dhéanamh maidir le caiteachas reatha, airgead a fháil ar iasacht (cibé acu ar urrús shócmhainní an Údaráis nó ar shlí eile), lena n-áirítear airgead in airgeadra seachas airgeadra an Stáit, ach ní dhéanfaidh sé amhlaidh gan toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais.

Airleacain ón Aire chuig an Údarás.

24. —Féadfaidh an tAire, ó am go ham, le toiliú an Aire Airgeadais, cibé suimeanna a chinnfidh an tAire chun críocha caiteachais ag an Údarás ag comhlíonadh a fheidhmeanna dó a airleacan chun an Údaráis as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Tuarascálacha agus faisnéis don Aire.

25. —(1) A luaithe is féidir tar éis dheireadh bhliain airgeadais an Údaráis ina mbeidh an lá bunaithe agus tar éis dheireadh gach bliana airgeadais de chuid an Údaráis ina dhiaidh sin, ach tráth nach déanaí ná 6 mhí dá éis, déanfaidh an tÚdarás tuarascáil i dtaobh a ghníomhaíochtaí i rith na bliana sin a thabhairt don Aire agus cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna den tuarascáil a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(2) Beidh i ngach tuarascáil faoi fho-alt (1) faisnéis i cibé foirm agus maidir le cibé nithe a ordóidh an tAire.

(3) Déanfaidh an tÚdarás, aon uair a iarrfaidh an tAire amhlaidh, faisnéis a thabhairt don Aire i ndáil le cibé nithe a shonróidh sé nó sí maidir le scóip a ghníomhaíochtaí i gcoitinne nó i ndáil leis an gcéanna, nó i leith aon chuntais arna ullmhú ag an Údarás nó aon tuarascála a shonraítear i bhfo-alt (1) nó i leith bheartas nó ghníomhaíochtaí, seachas gníomhaíochtaí ó lá go lá, an Údaráis.

(4) Féadfaidh an tÚdarás cibé tuarascálacha eile i dtaobh nithe a bhaineann lena ghníomhaíochtaí agus lena fheidhmeanna a fhoilsiú, de réir mar a mheasfaidh an Bord ó am go ham a bheith iomchuí agus cuí.

Cuntais agus iniúchtaí.

26. —(1) Déanfaidh an príomhfheidhmeannach, tar éis comhaontú an Bhoird a fháil, meastacháin ar ioncam agus caiteachas a chur faoi bhráid an Aire i cibé foirm, i leith cibé tréimhsí, agus ag cibé tráthanna a éileoidh an tAire agus déanfaidh sé nó sí aon fhaisnéis a éileoidh an tAire i ndáil le meastacháin den sórt sin, lena n-áirítear tograí agus pleananna sa todhchaí a bhaineann leis an Údarás do chomhall a fheidhmeanna thar thréimhse blianta, a thabhairt don Aire de réir mar a éileofar.

(2) Déanfaidh an príomhfheidhmeannach, faoi stiúradh an Bhoird, a chur faoi deara go gcoimeádfar, ar bhonn leanúnach, leabhair chuntais chuí ar ioncam agus ar chaiteachas uile an Údaráis, agus ar fhoinsí an ioncaim sin agus ar ábhar an chaiteachais sin, agus ar mhaoin, ar shócmhainní agus ar dhliteanais an Údaráis agus coimeádfaidh sé nó sí na cuntais speisialta sin go léir a n-ordóidh an tAire nó an Bord, le toiliú an Aire, ina leith, ó am go ham, gur ceart iad a choimeád agus tabharfaidh sé nó sí cuntas don Bhord ina leith.

(3) Is é bliain airgeadais an Údaráis an tréimhse 12 mhí dar críoch an 31ú lá de Nollaig in aon bhliain, agus chun críocha an ailt seo agus alt 25 measfar gur bliain airgeadais an tréimhse dar tosach an lá bunaithe agus dar críoch an 31ú lá de Nollaig dá éis sin.

(4) Aon uair a iarrfaidh an tAire amhlaidh, ceadóidh an Bord, an príomhfheidhmeannach agus oifigigh eile an Údaráis d'aon duine a bheidh ceaptha ag an Aire leabhair agus cuntais an Údaráis a scrúdú i leith aon bhliana airgeadais nó tréimhse eile agus éascóidh siad aon scrúdú den sórt sin agus íocfaidh an tÚdarás cibé táille ina leith a shocróidh an tAire chuige sin.

(5) Déanfar cuntais an Údaráis do gach bliain airgeadais a ullmhú i cibé foirm agus modh a shonróidh an tAire. Ullmhóidh an príomhfheidhmeannach na cuntais agus ceadóidh an Bord iad a luaithe is indéanta, ach tráth nach déanaí ná trí mhí tar éis dheireadh na bliana airgeadais lena mbainfidh siad, lena gcur faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste lena n-iniúchadh. Déanfar cóip de na cuntais agus de thuarascáil an iniúchóra orthu a thíolacadh do chomhaltaí an Bhoird agus don Aire a luaithe is indéanta agus cuirfidh an tAire faoi deara cóip de na doiciméid sin a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(6) Is é nó is í an príomhfheidhmeannach an duine cuntasach i ndáil le cuntais an Údaráis agus aon uair a éileoidh Coiste de chuid Dháil Éireann air nó uirthi amhlaidh, ar Coiste é a bheidh bunaithe faoi Bhuan-Orduithe Dháil Éireann chun scrúdú a dhéanamh ar na cuntais leithreasa agus ar thuarascálacha an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, agus tuarascáil a thabhairt do Dháil Éireann ar an gcéanna, tabharfaidh sé nó sí fianaise don Choiste sin—

(a) ar rialtacht agus cuibheas na n-idirbheart a bheidh taifeadta, nó a cheanglaítear a thaifeadadh, in aon chuntas a thagann faoi réir iniúchadh ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus a bhfuil ceangal ar an bpríomhfheidhmeannach nó ar an Údarás le reacht nó faoi reacht é a ullmhú,

(b) ar bharainneacht agus éifeachtúlacht an Údaráis ó thaobh a chuid acmhainní a úsáid,

(c) ar na córais, na nósanna imeachta agus na cleachtais a úsáideann an tÚdarás chun éifeachtacht a oibríochtaí a mheasúnú, agus

(d) ar aon ní a fhearann ar an Údarás agus dá dtagraítear i dtuarascáil speisialta ón Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste faoi alt 11(2) d'Acht an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (Leasú), 1993, nó in aon tuarascáil eile ón Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (a mhéid a bhainfidh sé le ní a shonraítear i mír (a), (b) nó (c)) a leagtar faoi bhráid Dháil Éireann.

Áitreabh an Údaráis.

27. —(1) Féadfaidh an tÚdarás chun áitreabh a chur ar fáil is gá chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh go cuí—

(a) aon talamh a cheannach nó, le toiliú an Aire Airgeadais, a thógáil ar léas,

(b) oifigí agus áitreabh a fhoirgniú, a threalmhú agus a chothabháil.

(2) Féadfaidh an tÚdarás aon talamh, oifigí nó áitreabh a bheidh ar teachtadh aige, agus nach gá a thuilleadh chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh go cuí, a dhíol nó a léasú.

Séala an Údaráis.

28. —(1) Soláthróidh an tÚdarás séala dó féin a luaithe is féidir tar éis a bhunaithe.

(2) Déanfar séala an Údaráis a fhíordheimhniú—

(a) le síniú an duine a cheapfar mar chathaoirleach ar an mBord, nó

(b) (i) le síniú comhalta den Bhord, nó

(ii) le síniú oifigigh don Údarás,

a bheidh údaraithe ag an mBord chun gníomhú chuige sin.

(3) Tabharfar aird bhreithiúnach ar shéala an Údaráis agus glacfar i bhfianaise gach doiciméad a airbheartaíonn a bheith ina ionstraim a rinne an tÚdarás agus a bheith séalaithe le séala an Údaráis (a airbheartaíonn a bheith fíordheimhnithe de réir fho-alt (2)) agus measfar gur ionstraim den sórt sin é gan chruthúnas mura suífear a mhalairt.

Sainchomhairleoirí agus comhairleoirí.

29. —(1) Féadfaidh an tÚdarás, faoi réir ceadú a fháil ón mBord roimh ré nó ar iarraidh ón mBord, cibé sainchomhairleoirí nó comhairleoirí a mheasfaidh sé is gá chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh, a fhostú ó am go ham agus déanfaidh an tÚdarás aon táillí is iníoctha ag an Údarás le sainchomhairleoir nó comhairleoir a fhostófar faoin alt seo a íoc as airgead a bheidh ar láimh aige.

Féadfaidh an tÚdarás tuarascálacha a lorg i ndáil le sábháilteacht agus sláinteachas bia.

30. —(1) Féadfaidh an tÚdarás tuarascálacha ar aon ní, arb é a thuairim ina leith go mbaineann sé le sábháilteacht bia nó sláinteachas bia, a lorg ón Aire cuí den Rialtas nó ón gcomhlacht cuí a bheidh bunaithe faoi reacht a mbeidh freagracht fhoriomlán air sa réimse lena mbaineann an ní.

(2) Féadfaidh an tÚdarás tuarascáil a thabharfar dó faoin alt seo a chur ar fáil don Aire.