31 1998

/images/harp.jpg


Uimhir 31 de 1998


AN tACHT COSANTA (LEASÚ), 1998


RIAR NA nALT

Alt

1.

Léiriú.

2.

Leasú ar alt 2 den Phríomh-Acht.

3.

Leasú ar alt 12 den Phríomh-Acht.

4.

Feadhain mhíleata na Roinne Cosanta.

5.

Leasú ar alt 22 den Phríomh-Acht.

6.

Leasú ar alt 114 den Phríomh-Acht.

7.

Leasú ar alt 248 den Phríomh-Acht.

8.

Leasú ar alt 304 den Phríomh-Acht.

9.

Forálacha idirthréimhseacha.

10.

Oiriúnú.

11.

Alt 295 den Phríomh-Acht a aisghairm.

12.

Gearrtheideal, tosach feidhme, comhlua agus forléiriú.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Cosanta, 1954

1954, Uimh. 18

Na hAchtanna Cosanta, 1954 go 1993

An tAcht Léiriúcháin, 1937

1937, Uimh. 38

/images/harp.jpg


Uimhir 31 de 1998


AN tACHT COSANTA (LEASÚ), 1998

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE hATHEAGRÚ CHEANNCHEATHRÚ ÓGLAIGH NA hÉIREANN AGUS CHUN NA CRÍCHE SIN DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE CEAPADH LEAS-CHEANN FOIRNE (OIBRÍOCHTAÍ) ÓGLAIGH NA hÉIREANN AGUS LEAS-CHEANN FOIRNE (TACAÍOCHT) ÓGLAIGH NA hÉIREANN, DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE LEASÚ AN ACHTA COSANTA, 1954 , AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA.

[8 Iúil, 1998]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Cosanta, 1954 .

(2) Aon tagairt san Acht seo d'fho-alt, do mhír nó d'fhomhír is tagairt í don fho-alt, don mhír nó don fhomhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.

(3) Déanfar aon tagairt d'achtachán san Acht seo a fhorléiriú mar thagairt don achtachán sin arna leasú, arna oiriúnú nó arna leathnú le haon achtachán dá éis sin nó faoi.

Leasú ar alt 2 den Phríomh-Acht.

2. —Leasaítear leis seo alt 2(1) den Phríomh-Acht—

(a) trí na mínithe seo a leanas a chur isteach:

“forléireofar ‘Ceanncheathrú Óglaigh na hÉireann’ de réir alt 13 (arna chur isteach le halt 4 den Acht Cosanta (Leasú), 1998 );

ciallaíonn ‘Leas-Cheann Foirne (Oibríochtaí)’ Leas-Cheann Foirne (Oibríochtaí) Óglaigh na hÉireann;

ciallaíonn ‘Leas-Cheann Foirne (Tacaíocht)’ Leas-Cheann Foirne (Tacaíocht) Óglaigh na hÉireann;”,

agus

(b) trí na mínithe ar “an tArd-Aidiúnach” agus “an tArd-Cheathrúnach” a scriosadh.

Leasú ar alt 12 den Phríomh-Acht.

3. —Leasaítear leis seo alt 12 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (1), trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhíreanna (b) agus (c):

“(b) Leas-Cheann Foirne (Oibríochtaí) ag Óglaigh na hÉireann, agus

(c) Leas-Cheann Foirne (Tacaíocht) ag Óglaigh na hÉireann.”,

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2)  (a) An tUachtarán a dhéanfaidh ceapachán chuig oifig an Chinn Foirne.

(b) Beidh gach duine a cheapfar chuig oifig an Chinn Foirne ina oifigeach nó ina hoifigeach de na Buan-Óglaigh.

(c) Beidh gach sealbhóir ar oifig an Chinn Foirne i seilbh na hoifige sin ar feadh cibé téarma (nach faide ná 5 bliana) a shonrófar in ionstraim a cheaptha nó a ceaptha ach féadfar é nó í a athcheapadh ar an téarma sin a bheith caite.

(d) I gcás ina scoirfidh sealbhóir oifig an Chinn Foirne de bheith ina oifigeach nó ina hoifigeach de na Buan-Óglaigh, scoirfidh sé nó sí freisin de bheith i seilbh oifig an Chinn Foirne.

(e) Féadfaidh an tUachtarán, ar chúiseanna a bheidh sonraithe, an Ceann Foirne a chur as oifig.”,

agus

(c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(3)  (a) San fho-alt seo, ciallaíonn ‘an Leas-Cheann Foirne’, de réir mar a éilíonn an comhthéacs, an Leas-Cheann Foirne (Oibríochtaí) nó an Leas-Cheann Foirne (Tacaíocht).

(b) An Rialtas a cheapfaidh an Leas-Cheann Foirne agus féadfaidh siad, ar chúiseanna a bheidh sonraithe, a cheapachán nó a ceapachán mar Leas-Cheann Foirne a fhoirceannadh.

(c) Beidh duine a cheapfar chun bheith ina Leas-Cheann Foirne ina oifigeach nó ina hoifigeach de na Buan-Óglaigh.

(d) Faoi réir an fho-ailt seo, ceapfar duine chun bheith ina Leas-Cheann Foirne ar feadh cibé téarma (nach faide ná 5 bliana) a shonrófar in ionstraim a cheaptha nó a ceaptha ach féadfar é nó í a athcheapadh ar an téarma sin a bheith caite.

(e) I gcás ina scoirfidh duine a cheapfar chun bheith ina Leas-Cheann Foirne de bheith ina oifigeach nó ina hoifigeach de na Buan-Óglaigh, scoirfidh sé nó sí freisin de bheith ina Leas-Cheann Foirne.”.

Feadhain mhíleata na Roinne Cosanta.

4. —Déanfar an t-alt seo a leanas a chur in ionad alt 13 den Phríomh-Acht:

“13.—(1) Beidh arna bunú sa Roinn Cosanta feadhain mhíleata (ar a dtabharfar, agus dá ngairtear san Acht seo, ‘Ceanncheathrú Óglaigh na hÉireann’), agus an Ceann Foirne a bheidh mar cheann uirthi.

(2) Faoi réir na nAchtanna Cosanta, 1954 go 1998, déanfar cibé dualgais a chinnfidh an tAire ó am go ham i dtaca le gnó na Roinne Cosanta a shannadh don Cheann Foirne.

(3) Beidh an Ceann Foirne freagrach go díreach don Aire i gcomhlíonadh cibé dualgais a shannfar dó nó di ó am go ham faoi fho-alt (2).

(4) Féadfaidh an Ceann Foirne, faoi réir cheadú an Aire, cibé dualgais is iomchuí leis nó léi de na dualgais sin a shannfar dó nó di faoi fho-alt (2) a tharmligean chuig an Leas-Cheann Foirne (Oibríochtaí) nó chuig an Leas-Cheann Foirne (Tacaíocht).”.

Leasú ar alt 22 den Phríomh-Acht.

5. —Leasaítear leis seo alt 22(2) den Phríomh-Acht trí “Óglaigh na hÉireann agus an líon daoine i ngach céim díobh.” a chur in ionad “agus teideal gach foirne, aonaid nó feadhna eile d'Óglaigh na hÉireann agus na céimeanna agus na ceapacháin éagsúla iontu.”.

Leasú ar alt 114 den Phríomh-Acht.

6. —Leasaítear leis seo alt 114(2) den Phríomh-Acht trí “an gCeann Foirne” a chur in ionad “an Ard-Aidiúnach”.

Leasú ar alt 248 den Phríomh-Acht.

7. —Leasaítear leis seo alt 248 den Phríomh-Acht trí “an gCeann Foirne” a chur in ionad “an Ard-Aidiúnach” i míreanna (e) agus (f).

Leasú ar alt 304 den Phríomh-Acht.

8. —Leasaítear leis seo alt 304 den Phríomh-Acht trí “i gCeanncheathrú Óglaigh na hÉireann” a chur in ionad “in aon cheann de phríomh-bhrainsí míleata na Roinne Cosanta” i bhfo-ailt (1) agus (2).

Forálacha idirthréimhseacha.

9. —(1) Measfar an duine atá, díreach roimh thosach feidhme an Achta seo, i seilbh oifig an Ard-Aidiúnaigh a bheith ceaptha ina Leas-Cheann Foirne (Oibríochtaí), ar an tosach feidhme sin, agus faoi réir an Achta seo, mairfidh a cheapachán nó a ceapachán ar feadh an mhéid atá fágtha den téarma dár ceapadh é nó í chuig an oifig chéadluaite agus is ar théarmaí agus coinníollacha eile na hoifige céadluaite, agus faoina réir, a bheidh an ceapachán sin ach féadfar an duine sin a athcheapadh ina Leas-Cheann Foirne (Oibríochtaí) ar an téarma sin a bheith caite.

(2) Measfar an duine atá, díreach roimh thosach feidhme an Achta seo, i seilbh oifig an Ard-Cheathrúnaigh a bheith ceaptha ina Leas-Cheann Foirne (Tacaíocht), ar an tosach feidhme sin, agus faoi réir an Achta seo, mairfidh a cheapachán nó a ceapachán ar feadh an mhéid atá fágtha den téarma dár ceapadh é nó í chuig an oifig chéadluaite agus is ar théarmaí agus coinníollacha eile na hoifige céadluaite, agus faoina réir, a bheidh an ceapachán sin ach féadfar an duine sin a athcheapadh ina Leas-Cheann Foirne (Tacaíocht) ar an téarma sin a bheith caite.

Oiriúnú.

10. —(1) Faoi réir ailt 6, 7 agus fho-alt (3), déanfar aon tagairtí don Ard-Aidiúnach nó don Ard-Cheathrúnach in aon Acht den Oireachtas arna rith roimh thosach feidhme an Achta seo nó in aon ionstraim reachtúil arna déanamh roimh an lá sin (seachas cibé ionstraimí (más ann) a fhorordóidh an tAire) a fhorléiriú, ar an tosach feidhme sin agus dá éis, mar thagairtí don Leas-Cheann Foirne (Tacaíocht).

(2) Déanfar aon tagairtí don Ard-Aidiúnach nó don Ard-Cheathrúnach i cibé ionstraimí reachtúla (más ann) a fhorordóidh an tAire faoi fho-alt (1) a fhorléiriú mar thagairtí don Leas-Cheann Foirne (Oibríochtaí).

(3) (a) Déanfar aon tagairtí don Ard-Aidiúnach in ailt 11 agus 40 den Phríomh-Acht a fhorléiriú mar thagairtí don Leas-Cheann Foirne (Oibríochtaí).

(b) Déanfar aon tagairtí don Ard-Cheathrúnach sna hailt sin 11 agus 40 a fhorléiriú mar thagairtí don Leas-Cheann Foirne (Tacaíocht).

(4) San alt seo—

ciallaíonn “forordú” forordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire;

tá le “ionstraim reachtúil” an bhrí a shanntar do “ionstruim reachtúil” leis an Acht Léiriúcháin, 1937 .

Alt 295 den Phríomh-Acht a aisghairm.

11. —Aisghairtear leis seo alt 295 den Phríomh-Acht.

Gearrtheideal, tosach feidhme, comhlua agus forléiriú.

12. —(1) Féadfar an tAcht Cosanta (Leasú), 1998 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.

(3) Féadfar na hAchtanna Cosanta, 1954 go 1998, a ghairm de na hAchtanna Cosanta, 1954 go 1993, agus den Acht seo le chéile agus forléireofar le chéile iad mar aon ní amháin.