An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT NA dTITHE (CÓIRÍOCHT DON LUCHT SIÚIL), 1998) Ar Aghaidh (CUID II Clár Cóiríochta don Lucht Siúil)

33 1998

ACHT NA dTITHE (CÓIRÍOCHT DON LUCHT SIÚIL), 1998

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal, comhlua, forléiriú agus tosach feidhme.

1. —(1) Féadfar Acht na dTithe (Cóiríocht don Lucht Siúil), 1998 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar Achtanna na dTithe, 1966 go 1998, a ghairm d'Achtanna na dTithe, 1966 go 1997, agus den Acht seo, seachas ailt 26 agus 27, le chéile, agus forléireofar le chéile iad mar aon Acht amháin.

(3) Féadfar na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 go 1998, a ghairm de na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 go 1998, agus d'ailt 26 agus 27, le chéile, agus forléireofar le chéile iad mar aon Acht amháin.

(4) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar chuige sin le hordú nó le horduithe ón Aire, i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh chun críoch éagsúil agus le haghaidh forálacha éagsúla.

Léiriú.

2. —(1) San Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

forléireofar “clár cóiríochta” de réir alt 7 ;

ciallaíonn “Acht 1963” an tAcht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 ;

ciallaíonn “Acht 1988” Acht na dTithe, 1988 ;

ciallaíonn “Acht 1992” Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1992;

ciallaíonn “Acht 1997” Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1997;

folaíonn “comhlacht” eagraíocht, comhlacht arna bhunú le reacht, comhlacht corpraithe (cibé acu ilchorparáid nó corparáid aonair é) agus comhlacht neamhchorpraithe daoine;

folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais agus folaíonn tagairt do chomhlíonadh feidhmeanna, maidir le cumhachtaí agus dualgais, tagairt d'fheidhmiú cumhachtaí agus do chomhall dualgas;

tá le “údarás tithíochta”, ach amháin i gcomhthéacs údaráis tithíochta iomchuí, an bhrí a shanntar dó le halt 1(1) d'Acht 1992;

ciallaíonn “coiste comhairleach áitiúil” coiste arna cheapadh faoi alt 21 ;

ciallaíonn “bainisteoir”—

(a) maidir le bardas contaebhuirge, an bainisteoir chun críche na nAchtanna a bhaineann le bainistí na contaebhuirge, agus

(b) maidir le comhairle contae, le bardas buirge nó le comhairle cheantair uirbigh, an bainisteoir chun críocha na nAchtanna um Bainistí Chontae, 1940 go 1994;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil;

ciallaíonn “Coiste Comhairleach Náisiúnta” an Coiste Comhairleach Náisiúnta um Chóiríocht don Lucht Siúil arna cheapadh faoi alt 19 ;

tá le “údarás tithíochta iomchuí” an bhrí a shanntar dó le halt 5;

ciallaíonn “láithreán”—

(a) láithreán a bhfuil feidhm ag alt 13 d'Acht 1988 (arna leasú leis an Acht seo) maidir leis,

(b) láithreán arna sholáthar nó arna bhainistí faoi alt 6 d'Acht 1992, nó

(c) aon láithreán eile le haghaidh carbhán don lucht siúil arna sholáthar nó arna bhainistí le cúnamh údaráis tithíochta nó dá uireasa;

ciallaíonn “duine den lucht siúil” duine a bhfuil feidhm ag alt 13 d'Acht 1988 (arna leasú leis an Acht seo) maidir leis nó léi.

(2) San Acht seo, aon tagairt d'alt nó do Chuid is tagairt í d'alt nó do Chuid den Acht seo, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe.

(3) San Acht seo, aon tagairt d'fho-alt nó do mhír is tagairt í don fho-alt nó don mhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.

(4) Aon tagairt san Acht seo d'achtachán forléireofar í mar thagairt don achtachán sin arna leasú, arna oiriúnú nó arna leathnú le haon achtachán ina dhiaidh sin nó faoi (lena n-áirítear an tAcht seo).

Caiteachais.

3. —Déanfar aon chaiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Ordacháin.

4. —Féadfaidh an tAire, le hordachán, ordachán ón Aire faoin Acht seo (lena n-áirítear ordachán faoin alt seo) a leasú nó a chúlghairm.