An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II Clár Cóiríochta don Lucht Siúil)

33 1998

ACHT NA dTITHE (CÓIRÍOCHT DON LUCHT SIÚIL), 1998

CUID III

Ilghnéitheach

Éigeandáil.

24. —Ní choiscfidh aon ní san Acht seo ar bhainisteoir na cumhachtaí a thugtar do bhainisteoir faoi alt 2(9) den Acht um Bainistí Chathrach agus Contae (Leasú), 1955 (arna leasú le halt 27 d'Acht 1988) a fheidhmiú in éigeandáil.

Iasachtaí le haghaidh carbhán nó láithreán.

25. —(1) Faoi réir fho-alt (2), féadfaidh údarás tithíochta iasacht a thabhairt—

(a) chun carbhán de réir bhrí alt 13 d'Acht 1988 (arna leasú le halt 29) a fháil nó a dheisiú, nó

(b) chun talamh a fháil d'fhonn láithreán a chur ar fáil agus aon oibreacha foirgníochta is gá chun na críche sin a dhéanamh.

(2) Déanfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, téarmaí agus coinníollacha a shonrú le haghaidh iasachtaí a thabharfar faoi fho-alt (1).

(3) Beidh feidhm ag fo-ailt (2) go (14) d'alt 11 d'Acht 1992, go feadh cibé méid is cuí agus fara aon mhodhnuithe is gá, maidir le hiasacht a thabharfar faoin alt seo.

Leasú ar alt 19 d'Acht 1963.

26. —(1) Leasaítear leis seo alt 19 d'Acht 1963 i bhfo-alt (2)—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i mír (a) i ndiaidh fhomhír (v) (a cuireadh isteach le Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Gnáthóga Nádúrtha), 1997 (I.R. Uimh. 94 de 1997)):

“(vi) chun cóiríocht don lucht siúil a sholáthar agus chun limistéir áirithe a úsáid chun na críche sin, agus”,

agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i mír (b) i ndiaidh fhomhír (iv) (a cuireadh isteach le Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Gnáthóga Nádúrtha), 1997 (I.R. Uimh. 94 de 1997)):

“(v) chun cóiríocht don lucht siúil a sholáthar agus chun limistéir áirithe a úsáid chun na críche sin.”.

(2) Leasaítear leis seo alt 19 d'Acht 1963 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (9):

“(10) San alt seo tá le ‘duine den lucht siúil’ an bhrí a shanntar dó le halt 2 d'Acht na dTithe (Cóiríocht don Lucht Siúil), 1998 .”.

Forálacha d'fhorlíonadh alt 26 .

27. —(1) Féadfaidh údarás pleanála, le linn dóibh forálacha mhíreanna (a)(vi) (a cuireadh isteach le halt 26) agus (b)(v) (a cuireadh isteach le halt 26) d'alt 19(2) d'Acht 1963 a chomhlíonadh, na cuspóirí sin a áireamh in athrú ar an bplean forbartha faoi alt 20(1) d'Acht 1963 nó i bplean forbartha nua faoi alt 20(1) d'Acht 1963 (arna leasú le halt 43(1)(e) den Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1976) a bhfoilseofar fógra ina leith faoi alt 21(1)(b) d'Acht 1963 tar éis d'alt 26 teacht i ngníomh.

(2) D'ainneoin fhorálacha alt 39 d'Acht 1963, aon ní a dhéanfaidh údarás tithíochta nó aon ghníomh a chuirfidh údarás tithíochta i gcrích chun clár cóiríochta a chur i ngníomh, measfar nach sárú ar phlean forbartha é sa tréimhse idir teacht i ngníomh d'alt 26 agus comhlíonadh mhíreanna (a)(vi) (a cuireadh isteach le halt 26) agus (b)(v) (a cuireadh isteach le halt 26) d'alt 19(2) d'Acht 1963.

Leasú ar alt 3 d'Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1979 .

28. —Leasaítear leis seo alt 3 d'Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1979 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2) (arna leasú le halt 24 d'Acht 1988):

“(2) Baineann an t-alt seo le comhlacht—

(a) a dhéanann ionadaíocht do chomhar-ghrúpaí nó comhar-chomhlachais nó do ghrúpaí nó comhlachais shaorálacha ar cuspóir dóibh—

(i) tithe a sholáthar, nó

(ii) láithreáin, de réir bhrí alt 2 d'Acht na dTithe (Cóiríocht don Lucht Siúil), 1998 , a sholáthar le haghaidh cóiríochta don lucht siúil,

nó a chuireann foirmiú na ngrúpaí nó na gcomhlachas sin chun cinn, nó

(b) a chuireann faisnéis, comhairle nó oiliúint ar fáil nó a dhéanann taighde—

(i) i ndáil le tithe, nó

(ii) i ndáil le láithreáin, de réir bhrí alt 2 d'Acht na dTithe (Cóiríocht don Lucht Siúil), 1998 , le haghaidh cóiríochta don lucht siúil.”.

Leasú ar alt 13 d'Acht 1988.

29. —Leasaítear leis seo alt 13 d'Acht 1988 tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 13:

“Láithreáin a sholáthar le haghaidh carbhán.

13.—(1) Tá feidhm ag an alt seo maidir le daoine a bhaineann leis an aicme sin daoine a chleachtann nó a chleacht saol fánaíochta ó thraidisiún.

(2) Féadfaidh údarás tithíochta láithreáin a sholáthar, a fheabhsú, a bhainistí agus a rialú le haghaidh carbhán a úsáideann daoine lena mbaineann an t-alt seo, lena n-áirítear láithreáin le saoráidí teoranta lena n-úsáid ag na daoine sin ar shlí seachas mar ghnáth-áit chónaithe dóibh nó go dtí go soláthrófar buanchóiríocht faoi chlár cóiríochta de réir bhrí alt 7 d'Acht na dTithe (Cóiríocht don Lucht Siúil), 1998 , agus féadfaidh an t-údarás aon oibreacha a dhéanamh atá teagmhasach don soláthar, don fheabhsú, don bhainistí nó don rialú sin, lena n-áirítear seirbhísí a sholáthar do na láithreáin sin.

(3) Beidh feidhm ag alt 56 (2) den Phríomh-Acht i dtaca le láithreáin a sholáthar faoin alt seo amhail mar atá feidhm aige i dtaca le teaghaisí a sholáthar faoin alt sin.

(4) Féadfaidh údarás tithíochta cibé muirir is oiriúnach leo a ghearradh i leith úsáid láithreáin a sholáthróidh siad faoin alt seo nó i leith úsáid aon seirbhíse nó saoráidí a sholáthrófar nó a chuirfear ar fáil i dtaca le láithreán den sórt sin.

(5) Aon mhuirear a dhlitear a íoc le húdarás tithíochta faoi fho-alt (4) beidh sé inghnóthaithe acu mar fhiach conartha shimplí i gcúirt dlínse inniúla.

(6) Féadfaidh an tAire treoirlínte a eisiúint chun críche an ailt seo agus tabharfaidh údarás áitiúil aird ar aon treoirlínte den sórt sin.

(7) San alt seo—

ciallaíonn ‘carbhán’ aon déanmhas atá deartha nó oiriúnaithe mar áit chónaithe do dhaoine agus a fhéadfar a aistriú ó áit go háit, cibé acu trína tharraingt nó trína iompar ar fheithicil nó ar leantóir, agus folaíonn sé mótarfheithicil atá deartha nó oiriúnaithe amhlaidh agus teaghais shoghluaiste, ach ní fholaíonn sé puball;

ciallaíonn ‘láithreáin le saoráidí teoranta’ láithreáin a bhfuil, ag féachaint do nádúr sealadach láithreán den sórt sin nó do ré ghearr na dtréimhsí úsáide, dóthain uisce iontu, dóthain saoráidí iontu chun dramhaíl sholadach agus leachtach a dhiúscairt agus limistéar loctha sách mór iontu, a bhfuil foréadan crua air, le haghaidh carbhán.”.

Leasú ar alt 15 d'Acht 1988.

30. —Leasaítear leis seo alt 15 d'Acht 1988 tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (c) i bhfo-alt (1):

“(c) an t-údarás do sholáthar carbhán nó do sholáthar, d'fheabhsú nó do bhainistí láithreán le haghaidh carbhán dá dtagraítear in alt 13 (arna leasú le hAcht na dTithe (Cóiríocht don Lucht Siúil), 1998 ) do dhaoine lena mbaineann an t-alt sin;”.

Leasú ar alt 50 den Acht Rialtais Áitiúil, 1991.

31. —Leasaítear leis seo alt 50 den Acht Rialtais Áitiúil, 1991, tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (b) i bhfo-alt (2):

“(bb) sonraí maidir le gníomhaíochtaí an choiste chomhairligh áitiúil agus maidir leis na bearta a rinneadh chun a áirithiú go gcuirfí an clár cóiríochta i ngníomh don limistéar feidhme lena mbaineann faoi Acht na dTithe (Cóiríocht don Lucht Siúil), 1998 , le linn na tréimhse dá dtagraíonn an tuarascáil,”.

Leasú ar alt 10 d'Acht 1992.

32. —Leasaítear leis seo alt 10 d'Acht 1992—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Más rud é go ndéanfaidh duine, gan údarás dleathach, teaghais shealadach a thógáil, a shuíomh, a áitiú nó a choinneáil ar shlí eile in áit phoiblí agus, maidir leis an teaghais shealadach sin—

(a) go bhfuil sí faoi chúig mhíle timpeall ó aon láithreán arna sholáthar, arna bhainistí nó arna rialú ag údarás tithíochta faoi alt 13 d'Acht 1988 (arna leasú le hAcht na dTithe (Cóiríocht don Lucht Siúil), 1998 ), nó ó aon láithreán arna sholáthar nó arna bhainistí faoi alt 6, agus go bhféadfaí, i dtuairim an údaráis tithíochta ar laistigh dá limistéar feidhme a rinneadh an teaghais shealadach sin a thógáil, a shuíomh, a áitiú nó a choinneáil ar shlí eile, slí iomchuí a thabhairt don teaghais shealadach lena mbaineann ar an láithreán sin, féadfaidh an t-údarás tithíochta fógra a sheirbheáil ar an duine sin á cheangal ar an duine sin, laistigh de thréimhse shonraithe, an teaghais shealadach a dúradh a aistriú chuig an láithreán a dúradh,

(b) i dtuairim an údaráis tithíochta lena mbaineann—

(i) go bhfuil sí neamhoiriúnach mar áit chónaithe do dhaoine de dheasca easpa nó neamhdhóthanachta soláthair uisce, seirbhísí sláintíochta nó seirbhísí riachtanacha eile, nó

(ii) gur dóigh di a bheith ina bac nó cur isteach ar úsáid taitneamhachtaí nó saoráidí poiblí nó príobháideacha nó ar chothabháil taitneamhachtaí nó saoráidí den sórt sin, nó

(iii) gur dóigh di a bheith nó go bhfuil sí ina contúirt shuntasach do shláinte phearsanta nó do shláinte nó do shábháilteacht an phobail,

agus go bhféadfaí, i dtuairim an údaráis tithíochta ar laistigh dá limistéar feidhme a rinneadh an teaghais shealadach sin a thógáil, a shuíomh, a áitiú nó a choinneáil ar shlí eile, slí iomchuí a thabhairt don teaghais shealadach sin ar aon láithreán arna sholáthar, arna bhainistí nó arna rialú faoi alt 13 d'Acht 1988 (arna leasú le hAcht na dTithe (Cóiríocht don Lucht Siúil), 1998 ), nó ar aon láithreán arna sholáthar nó arna bhainistí faoi alt 6, féadfaidh an t-údarás tithíochta fógra a sheirbheáil ar an duine sin á cheangal ar an duine sin, laistigh de thréimhse shonraithe, an teaghais shealadach sin a aistriú chuig an láithreán a dúradh,

(c) go bhfuil sí faoi chúig mhíle timpeall ó aon láithreán arna sholáthar, arna bhainistí nó arna rialú ag údarás tithíochta faoi alt 13 d'Acht 1988 (arna leasú le hAcht na dTithe (Cóiríocht don Lucht Siúil), 1998 ), nó ó aon chóiríocht eile don lucht siúil arna soláthar, arna bainistí nó arna rialú ag údarás tithíochta faoi Achtanna na dTithe, 1966 go 1998, nó ó aon chóiríocht tithíochta don lucht siúil arna soláthar nó arna bainistí faoi alt 6 agus gurb é tuairim an údaráis tithíochta ar laistigh dá limistéar feidhme a rinneadh an teaghais shealadach sin a thógáil, a shuíomh, a áitiú nó a choinneáil ar shlí eile, go bhfuil an teaghais shealadach sin, cibé acu toisc gur ceann é de líon teaghaisí sealadacha den sórt sin nó ar chúis eile—

(i) ina núis nó ina bac d'áititheoirí an láithreáin sin nó na cóiríochta sin don lucht siúil nó d'áithitheoirí teaghaisí eile atá i gcomharsanacht an láithreáin sin nó na cóiriochta sin don lucht siúil, nó

(ii) ina contúirt do cháilíocht an uisce nó do sheirbhísí sláintíochta nó leictreachais nó do sheirbhísí eile a ghabhann leis an láithreán sin nó leis an gcóiríocht sin don lucht siúil nó le teaghaisí eile atá i gcomharsanacht an láithreáin sin nó na cóiríochta sin don lucht siúil,

féadfaidh an t-údarás tithíochta lena mbaineann fógra a sheirbheáil ar an duine sin á cheangal ar an duine sin, laistigh de thréimhse shonraithe, an teaghais shealadach a dúradh a aistriú,

ach i gcás gurb é atá sa láithreán a shonraítear i bhfógra faoi mhír (a) nó faoi mhír (b) láithreán arna sholáthar ag údarás tithíochta seachas an t-údarás tithíochta atá ag seirbheáil an fhógra sin nó ag comhlacht atá arna cheadú chun críocha alt 6, ní sheirbheálfar an fógra sin go dtí go mbeidh toiliú an údaráis tithíochta nó an chomhlachta lena mbaineann leis an tseirbheáil sin faighte.”,

(b) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b) i bhfo-alt (2):

“(b) suíomh an láithreáin a gceanglaítear an teaghais shealadach a aistriú chuige, nó i gcás go ndéantar fógra a sheirbheáil faoi fho-alt (1)(c), go gceanglaítear an teaghais shealadach a aistriú fad míle ar a laghad ón láithreán sonraithe,”,

agus

(c) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a) i bhfo-alt (5):

“(a) chuig an láithreán a bheidh sonraithe san fhógra nó, i gcás go ndéantar fógra a sheirbheáil faoi fho-alt (1)(c), chuig suíomh nach lú ná míle slí ón láithreán dá dtagraítear san fho-alt sin, nó”.

Leasú ar alt 34 d'Acht 1992.

33. —Leasaítear leis seo alt 34 d'Acht 1992 trí “18, 20 nó 20A” a chur in ionad “18 nó 20” i bhfo-alt (1).

Leasú ar alt 1 d'Acht 1997.

34. —Leasaítear leis seo alt 1 d'Acht 1997, i bhfo-alt (1)—

(a) trí “nó i láithreán nó i gcomharsanacht láithreáin” a chur isteach i ndiaidh “an teach suite” i mír (b) den mhíniú ar “iompar frithshóisialta”,

(b) tríd an míniú seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “iompar frithshóisialta”:

“tá le ‘carbhán’ an bhrí a shanntar dó le halt 13 d'Acht na dTithe, 1988 (arna leasú le hAcht na dTithe (Cóiríocht don Lucht Siúil), 1998 );”,

(c) trí “nó i láithreán” a chur isteach i ndiaidh “1997” i mír (b) den mhíniú ar “bainistí eastáit”,

(d) trí “nó de réir mar is cuí faoi alt 3A” a chur isteach i ndiaidh “le halt 3” sa mhíniú ar “freagróir”, agus

(e) trí na mínithe seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “freagróir”:

“ciallaíonn ‘láithreán’—

(a) láithreán a bhfuil feidhm ag alt 13 d'Acht na dTithe, 1988 (arna leasú le hAcht na dTithe (Cóiríocht don Lucht Siúil), 1998 ) maidir leis, agus

(b) láithreán arna sholáthar nó arna bhainistí faoi alt 6 d'Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1992;”, agus

“tá le ‘ordú eisiata ó láithreán’ an bhrí a shanntar dó le halt 3A;”.

Leasú ar Acht 1997.

35. —Leasaítear leis seo Acht 1997—

(a) tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 3:

“Orduithe eisiata ó láithreán.

3A.—(1) Féadfaidh duine atá údaraithe, lena n-áirítear duine atá comhúdaraithe, ag údarás tithíochta nó ag comhlacht ceadaithe, chun carbhán ar láithreán a áitiú (dá ngairtear ‘duine údaraithe’ san alt seo) iarratas a dhéanamh chuig an gCúirt Dúiche ar ordú eisiata ó láithreán i gcoinne duine eile (dá ngairtear an ‘freagróir’ san Acht seo) a gcreideann an duine údaraithe atá ag déanamh an iarratais go bhfuil sé nó sí ag gabháil d'iompar frithshóisialta.

(2) Féadfaidh údarás tithíochta nó comhlacht ceadaithe, maidir le láithreán arna sholáthar ag an údarás tithíochta nó ag an gcomhlacht ceadaithe faoi Achtanna na dTithe, 1966 go 1998, iarratas a dhéanamh chuig an gCúirt Dúiche ar ordú eisiata ó láithreán i gcoinne freagróra a gcreideann an t-údarás tithíochta nó an comhlacht ceadaithe go bhfuil sé nó sí ag gabháil d'iompar frithshóisialta agus más rud é—

(a) go gcreideann an t-údarás tithíochta nó an comhlacht ceadaithe, tar éis dóibh dul i gcomhairle leis an duine údaraithe lena mbaineann agus leis an mbord sláinte ar ina limistéar feidhme atá an láithreán suite, go bhféadfaidh go gcuirfí an duine údaraithe sin, nó go gcuirfí cosc air nó uirthi, trí fhoréigean, trí bhagairt nó trí eagla, ó dhul ar aghaidh le hiarratas ar ordú eisiata ó láithreán, agus

(b) gur dóigh leis an údarás tithíochta nó leis an gcomhlacht ceadaithe gur cuí sna himthosca go léir, ar mhaithe le dea-bhainistí eastáit, iarratas a dhéanamh ar ordú eisiata ó láithreán.

(3) Más rud é, tar éis iarratais faoin alt seo, go bhfuil an Chúirt Dúiche, nó an Chúirt Chuarda ar achomharc ón gCúirt Dúiche, den tuairim go bhfuil forais réasúnacha ann lena chreidiúint go bhfuil nó go raibh an freagróir ag gabháil d'iompar frithshóisialta, féadfaidh sí le hordú (dá ngairtear ‘ordú eisiata ó láithreán’ san Acht seo)—

(a) a ordú don fhreagróir, má tá cónaí air nó uirthi ag an láithreán a ndearnadh an t-iarratas ina leith, an láithreán sin a fhágáil, agus

(b) a thoirmeasc ar an bhfreagróir, don tréimhse a bhfuil an t-ordú i bhfeidhm lena linn, cibé acu atá cónaí ar an bhfreagróir ag an láithreán nó nach bhfuil, dul isteach ar an láithreán sin nó a bheith ina chomharsanacht nó dul isteach ar aon láithreán sonraithe eile nó a bheith ina chomharsanacht nó a bheith ar aon láithreán sonraithe nó ann nó ina chomharsanacht.

(4) Féadfar, le hordú eisiata ó láithreán, más oiriúnach leis an gcúirt é, a thoirmeasc ar an bhfreagróir a chur faoi deara nó féachaint lena chur faoi deara aon imeaglú, comhéigean, ciapadh, bac, bagairt nó cur isteach a dhéanamh ar an duine údaraithe dá dtagraítear i bhfo-alt (1) nó (2) nó ar áititheoir eile d'aon láithreán lena mbaineann.

(5) I gcás ordú eisiata ó láithreán a bheith déanta, féadfaidh an duine údaraithe lena mbaineann, i gcás gur faoi fho-alt (1) a rinneadh an t-iarratas, nó féadfaidh an t-údarás tithíochta nó an comhlacht ceadaithe, i gcás gur faoi fho-alt (2) a rinneadh an t-iarratas, nó féadfaidh an freagróir, iarratas a dhéanamh chun an t-ordú eisiata ó láithreán sin a athrú, agus déanfaidh an Chúirt Dúiche, nó an Chúirt Chuarda ar achomharc ón gCúirt Dúiche, ar iarratas den sórt sin ar athrú a éisteacht, cibé ordú is dóigh léi is cuí sna himthosca.

(6) Faoi réir fho-alt (7) agus alt 9, rachaidh ordú eisiata ó láithreán, cibé acu is í an Chúirt Dúiche, nó an Chúirt Chuarda ar achomharc ón gCuirt Dúiche, a rinne é, in éag 3 bliana tar éis dháta a dhéanta nó ar dhul in éag do cibé tréimhse is giorra ná sin a shonrófar san ordú.

(7) Ar éag nó roimh éag d'ordú eisiata ó láithreán lena mbaineann fo-alt (6), féadfaidh an Chúirt Dúiche, nó an Chúirt Chuarda ar achomharc ón gCúirt Dúiche, ordú eisiata eile ó láithreán a dhéanamh do thréimhse 3 bliana nó do cibé tréimhse is giorra ná sin a shonrófar san ordú agus beidh éifeacht leis an ordú ón dáta a rachaidh an chéad ordú eisiata ó láithreán a luadh in éag.

(8) Féadfar, le hordú eisiata ó láithreán faoin alt seo, más oiriúnach nó más cuí leis an gcúirt é—

(a) a cheangal ar an bhfreagróir, laistigh de thréimhse shonraithe, nó

(b) a cheadú don fhreagróir, ar cibé coinníollacha a shonróidh an chúirt,

aon charbhán ar an láithreán atá ar úinéireacht agus á áitiú ag an bhfreagróir a aistriú ón láithreán sin.

(9) Beidh feidhm ag ailt 4 go 12, fara aon mhodhnuithe is gá, maidir le hordú eisiata ó láithreán faoin alt seo agus chun na críche sin déanfar tagairtí sna hailt sin—

(a) do ‘ordú eisiata’ a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairt d'ordú eisiata ó láithreán, agus beidh éifeacht leo dá réir sin,

(b) do ‘ordú eisiata eatramhach’ a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairt d'ordú eisiata eatramhach ó láithreán, agus beidh éifeacht leo dá réir sin,

(c) do ‘teach nó do ‘eastát tithíochta’ a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairt do láithreán, agus beidh éifeacht leo dá réir sin, agus

(d) do ‘tionónta’ a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairt do dhuine údaraithe a dhéanann iarratas faoi fho-alt (1) nó dá dtagraítear i bhfo-alt (2)(a), agus beidh éifeacht leo dá réir sin.

(10) Beidh feidhm ag fo-ailt (4), (5) agus (8) maidir le hordú eisiata eatramhach ó láithreán mar atá feidhm acu maidir le hordú eisiata ó láithreán.

(11) San alt seo tá le ‘comhlacht ceadaithe’ an bhrí a shanntar dó le halt 13(2);”,

agus

(b) tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 14:

“Údarú chun carbhán ar láithreán a áitiú.

14A.—D'ainneoin aon ní in Achtanna na dTithe, 1966 go 1998, féadfaidh údarás tithíochta diúltú duine a údarú chun carbhán ar láithreán a áitiú nó údarú den sórt sin a chur siar, más rud é—

(a) go measann an t-údarás tithíochta go bhfuil nó go raibh an duine sin ag gabháil d'iompar frithshóisialta nó nach mbeadh sé ag teacht le dea-bhainistí eastáit an duine sin a bheith ag áitiú carbháin ar an láithreán, nó

(b) go mainníonn an duine sin faisnéis a thabhairt, lena n-áirítear faisnéis a bhaineann le daoine atá nó a bheidh ina gcónaí leis an duine sin, a iarrann an t-údarás tithíochta agus is dóigh leis an údarás tithíochta is gá maidir leis an iarratas ar an údarú sin.”.

Leasuithe ilghnéitheacha ar Acht 1997.

36. —Leasaítear leis seo Acht 1997—

(a) in alt 10, trí “3A,” a chur isteach i bhfo-alt (1) i ndiaidh “alt 3,”,

(b) in alt 11, trí “3A,” a chur isteach i ndiaidh “alt 3,”, agus

(c) in alt 21, trí “3A,” a chur isteach i ndiaidh “alt 3,”.