An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III Cúiteamh a Íoc le hInfheisteoirí) Ar Aghaidh (CUID V Leasuithe Ilghnéitheacha)

37 1998

AN tACHT UM CHÚITEAMH D'INFHEISTEOIRÍ, 1998

CUID IV

Ilghnéitheach

Comhchuntais agus iontaobhaithe.

37. —(1) Más rud é—

(a) gur iontaobhaí infheisteoir cáilithe, atá ag déanamh iarratais ar íocaíocht faoi alt 34 thar ceann iontaobhais, agus

(b) go bhfuil teideal tairbhiúil ag aon tairbhí de chuid an iontaobhais lena mbaineann, i gcoinne na n-iontaobhaithe, chuig aon chuid inaitheanta den mhéid a bheidh á éileamh amhlaidh, cibé acu go hiomlán nó i gcomhpháirt le líon socair tairbhithe eile,

ansin, déileálfar leis an nglanchaillteanas a bhfuil iarratas á dhéanamh ina leith ag an iontaobhaí ar íocaíocht faoi alt 34 , ach sin chun caillteanas inchúitithe a fhionnadh agus chuige sin amháin—

(i) i gcás teideal iomlán a bheith ag an tairbhí, amhail is dá mbeadh úinéireacht dhlíthiúil an airgid agus na n-ionstraimí infheistíochta arb iad atá sa ghlanchaillteanas aistrithe chuig an tairbhí,

(ii) i gcás teideal a bheith ag an tairbhí i gcomhpháirt le líon socair tairbhithe eile, amhail is dá mba ghnó comhinfheistíochta atá á chothabháil ag na tairbhithe an t-airgead agus na hionstraimí infheistíochta arb iad atá sa ghlanchaillteanas, agus amhail is dá mbeadh úinéireacht dhlíthiúil agus comhúinéireacht aistrithe chuig na tairbhithe lena mbaineann.

(2) I gcás go mbeidh daoine (is daoine seachas iontaobhaithe nó daoine lena mbaineann fo-alt (1)) ag a bhfuil, nó a ndéileáiltear leo de bhua fho-alt (1) mar dhaoine ag a bhfuil, comhúinéireacht ar airgead nó ar ionstraimí infheistíochta arb iad atá i nglanchaillteanas, i dteideal an t-airgead nó na hionstraimí infheistíochta a fháil de bhua a gcomhúinéireachta ar an airgead nó ar na hionstraimí infheistíochta, ansin déileálfar le gach duine acu, d'uireasa téarmaí agus coinníollacha speisialta, ach sin chun caillteanas inchúitithe a fhionnadh agus chuige sin amháin, mar dhuine ag a bhfuil infheistíocht ar leithligh is comhionann leis an méid a gheofaí tríd an airgead agus luach na n-ionstraimí infheistíochta lena mbaineann a roinnt go cothrom ar an líon daoine ag a bhfuil comhúinéireacht.

(3) I gcás ina mbeidh beirt duine nó níos mó i dteideal airgid nó ionstraimí infheistíochta arna bhfáil, arna sealbhú, arna rialú nó arna n-íoc ag gnólacht infheistíochta mar bhaill de chomhpháirtíocht, de chomhlachas nó de ghrúpáil dá samhail, gan pearsantacht dhlíthiúil (cibé acu i scaireanna cothroma nó nach ea), déileálfar leis an airgead nó leis na hionstraimí infheistíochta sin mar infheistíocht aonair.

(4) Féadfaidh an t-údarás maoirseachta agus, más gá chun glanchaillteanas a fhionnadh, an riarthóir lena mbaineann a cheangal ar aon duine a bheidh ag éileamh íocaíochta faoi alt 34 dóthain faisnéise a chur ar fáil chun a chumasú cinneadh a dhéanamh i dtaobh an mbaineann an t-alt seo leis an airgead nó na hionstraimí sin.

(5) Más rud é, i gcás lena mbaineann fo-alt (1)(2), go mbaineann éileamh cliaint ar íocaíocht faoi alt 34 le hairgead nó ionstraimí infheistíochta eile freisin, déanfar an t-airgead nó na hionstraimí infheistíochta eile sin a chomhiomlánú, chun glanchaillteanas a fhionnadh, le haon mhéid airgid nó ionstraimí infheistíochta a bheidh á chothabháil nó á gcothabháil ag an duine sin chun críocha fho-alt (1)fho-alt (2), nó chun críocha an dá fho-alt sin, agus déanfar an caillteanas inchúitithe a fhionnfar amhlaidh a roinnt agus a íoc go cuí leis an duine lena mbaineann agus leis na hiontaobhaithe lena mbaineann nó leis an duine sin i gcomhpháirt le daoine eile (de réir mar is gá sna himthosca), nó leo araon, sa chomhréir chéanna nó sna comhréireanna céanna atá idir na méideanna arna gcomhiomlánú amhlaidh.

Faisnéis d'infheisteoirí agus fógraíocht.

38. —(1) Ach amháin i gcás ina mbeidh feidhm ag fo-alt (2), déanfaidh gnólachtaí infheistíochta cibé faisnéis a bhaineann le cúiteamh d'infheisteoirí a shonróidh an t-údarás maoirseachta a chur ar fáil d'infheisteoirí iarbhír agus d'infheisteoirí beartaitheacha ar mhodh agus i bhfoirm a shonróidh an t-údarás maoirseachta.

(2) I gcás ina ndéanfar brainse de ghnólacht infheistíochta, atá údaraithe nó a bhí údaraithe tráth ag an údarás maoirseachta, a bhunú i mBallstát eile de réir fhorálacha na Treorach um Sheirbhísí d'Infheisteoirí, déanfar an fhaisnéis dá bhforáiltear i bhfo-alt (1) a chur ar fáil ar an modh forordaithe i dteanga oifigiúil nó i dteangacha oifigiúla an Bhallstáit ina mbunófar an brainse.

(3) Ach amháin le toiliú scríofa roimh ré ón údarás maoirseachta, ní fhógróidh aon ghnólacht infheistíochta ná ní chuirfidh sé faoi deara go bhfógrófar, (cibé slí ina sonrófar é), go bhfuil airgead nó ionstraimí infheistíochta a thaiscfear leis an ngnólacht infheistíochta cosanta trí chiste cúitimh d'infheisteoirí.

Gnólachtaí infheistíochta do dhul isteach i scéimeanna cúitimh i mBallstáit eile.

39. —(1) Beidh feidhm ag an alt seo i gcás ina mbeidh gnólacht infheistíochta tar éis brainse a bhunú i mBallstát eile de réir fhorálacha Airteagal 17 den Treoir um Sheirbhísí Infheistíochta nó de réir fhorálacha Airteagal 18 de Threoir Uimh. 89/646/CEE an 15 Nollaig, 1989, ón gComhairle agus go mbeidh sé, faoi fhorálacha Airteagal 7 den Treoir um Chúiteamh d'Infheisteoirí, tar éis dul isteach i scéim chúitimh d'infheisteoirí laistigh de chríoch an Bhallstáit sin.

(2) I gcás ina gcuirfear in iúl don údarás maoirseachta nach ndearna brainse, a bunaíodh i mBallstát eile agus a chuaigh isteach i scéim chúitimh d'infheisteoirí chun críocha fho-alt (1), na hoibleagáidí a chomhlíonadh a forchuireadh air de dhroim a bhallraíochta sa scéim chúitimh d'infheisteoirí sin, déanfaidh an t-údarás maoirseachta, i gcomhar leis an scéim chúitimh d'infheisteoirí sin, gach beart cuí a ghlacadh chun a chinntiú go ndéanfar na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh.

(3) Beidh feidhm ag ailt 27 agus 28 maidir le gnólacht infheistíochta a bhfuil feidhm ag fo-alt (2) maidir leis amhail is dá mba oibleagáidí arna bhforchur ar an ngnólacht infheistíochta leis an Acht seo nó faoin Acht seo na hoibleagáidí a bhfuil an gnólacht infheistíochta faoina réir de dhroim a bhallraíochta i scéim chúitimh i mBallstát eile de réir Airteagal 7 den Treoir um Chúiteamh d'Infheisteoirí.

Ballraíocht de scéim chúitimh ag gnólacht infheistíochta atá údaraithe i mBallstát eile.

40. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “cliant” infheisteoir a rinne, i dtaca le gnó infheistíochta, airgead nó ionstraimí infheistíochta a chur ar iontaoibh brainse arna bhunú sa Stát ag gnólacht infheistíochta de réir fhorálacha Airteagal 17 den Treoir um Sheirbhísí Infheistíochta nó de réir fhorálacha Airteagal 18 de Threoir Uimh. 89/646/CEE ón gComhairle;

ciallaíonn “údarás inniúil”, i ndáil le gnólacht infheistíochta, údarás inniúil chun críocha na Treorach um Chúiteamh d'Infheisteoirí i mBallstát eile;

ciallaíonn “infheisteoir cáilithe” cliant de chuid gnólachta infheistíochta atá i dteideal cúitimh de réir Airteagal 2 agus na chéad mhíre d'Airteagal 7.1 den Treoir um Chúiteamh d'Infheisteoirí agus atá tar éis iarratas a dhéanamh ar chúiteamh de réir bhrí Airteagal 2 den Treoir sin;

tá le “gnó infheistíochta” an bhrí chéanna atá leis sa Treoir um Chúiteamh d'Infheisteoirí;

ciallaíonn “gnólacht infheistíochta” gnólacht infheistíochta de réir bhrí fho-alt (2);

tá le “infheisteoir” an bhrí chéanna atá leis sa Treoir um Chúiteamh d'Infheisteoirí.

(2) Déanfaidh gnólacht infheistíochta (de réir bhrí na Treorach um Sheirbhísí Infheistíochta) atá údaraithe i mBallstát eile chun críocha na Treorach sin nó Threoir Uimh. 89/646/CEE an 15 Nollaig, 1989, ón gComhairle agus a bhfuil brainse bunaithe aige sa Stát de réir fhorálacha Airteagal 17 den Treoir um Sheirbhísí Infheistíochta agus ar mian leis an rogha a fheidhmiú maidir le páirt a ghlacadh i socraíochtaí cúitimh d'infheisteoirí sa Stát de réir Airteagal 7.1 den Treoir um Chúiteamh d'Infheisteoirí, an méid sin a chur in iúl don Chuideachta agus beidh sé agus tiocfaidh sé chun bheith ina ghnólacht infheistíochta ansin chun críocha an Achta seo.

(3) Soláthróidh gnólacht infheistíochta an fhaisnéis iomchuí go léir a iarrfaidh an Chuideachta agus íocfaidh sé ranníoc le ciste arna chothabháil ag an gCuideachta de réir fho-alt (4).

(4) Déanfaidh an Chuideachta an ranníoc a bheidh le híoc ag gnólacht infheistíochta leis an gCuideachta de réir alt 21 a chinneadh, le comhaontú an údaráis maoirseachta, ar bhonn bliantúil, ag féachaint d'Airteagal 7 agus do na treoirphrionsabail atá leagtha amach in Iarscríbhinn II den Treoir um Chúiteamh d'Infheisteoirí.

(5) Beidh an ranníoc a bheidh le híoc ag gnólacht infheistíochta leis an gCuideachta de réir alt 21 chun sochair don chiste arna chothabháil ag an gCuideachta is fearr, dar leis an údarás maoirseachta, a chomhlíonann ceanglais an ceathrú mír d'Airteagal 7.1 den Treoir um Chúiteamh d'Infheisteoirí.

(6) Ní bheidh feidhm ag ailt 27, 28, 31, 32 agus 33 maidir le gnólacht infheistíochta de réir bhrí an ailt seo.

(7) Is é a bheidh sa mhéid is iníoctha faoi alt 34 le hinfheisteoir cáilithe i gcás gnólachta infheistíochta ná méid is comhionann leis an méid ar mó caillteanas inchúitithe an infheisteora cháilithe i ndáil le hairgead nó ionstraimí infheistíochta arna gcur ar iontaoibh brainse den ghnólacht infheistíochta ag infheisteoir cáilithe i dtaca le gnó infheistíochta ná méid an chúitimh is iníoctha leis an infheisteoir cáilithe de réir Airteagal 2 agus na chéad mhíre d'Airteagal 7.1 den Treoir um Chúiteamh d'Infheisteoirí.

(8) Déanfaidh an Chuideachta íocaíocht faoi fho-alt (8) a luaithe is indéanta agus, ar a dhéanaí, laistigh de thrí mhí ón dáta a ndéanfaidh an t-údarás inniúil méid an chúitimh is iníoctha leis an infheisteoir cáilithe de réir Airteagail 2 agus 7.1, an chéad mhír, den Treoir um Chúiteamh d'Infheisteoirí a chur in iúl don Chuideachta, mura rud é go n-aontóidh an t-údarás inniúil go bhféadfar íocaíocht a dhéanamh níos déanaí ná trí mhí tar éis an dáta sin.

(9) I gcás nach gcomhlíonfaidh gnólacht infheistíochta a oibleagáidí faoin Acht seo, cuirfidh an Chuideachta an méid sin in iúl don údarás inniúil agus don údarás maoirseachta agus féadfaidh sí, le toiliú an údaráis inniúil, fógra a thabhairt don ghnólacht infheistíochta á rá nach mbeidh dliteanas ar an gCuideachta, le héifeacht ó dháta sonraithe, ar dáta é nach luaithe ná 12 mhí tar éis an dáta a chuirfear an méid sin in iúl amhlaidh, íocaíochtaí a dhéanamh faoi alt 34 le cliaint de chuid an ghnólachta infheistíochta i leith airgid nó ionstraimí infheistíochta arna chur nó arna gcur ar iontaoibh an ghnólachta infheistíochta ag cliaint tar éis an dáta a bheidh sonraithe ag an gCuideachta mura mbeidh a chuid oibleagáidí faoin Acht seo comhlíonta go hiomlán ag an ngnólacht infheistíochta laistigh de 12 mhí tar éis an dáta a chuirfear an méid sin in iúl amhlaidh.

(10) Más rud é nach gcomhlíonfaidh gnólacht infheistíochta a oibleagáidí faoin Acht seo go hiomlán tar éis fógra a fháil ón gCuideachta faoi fho-alt (9), ní bheidh dliteanas ar an gCuideachta, le héifeacht ón dáta a shonróidh an Chuideachta de réir fho-alt (9), íocaíochtaí a dhéanamh de réir alt 34 le cliaint de chuid an ghnólachta infheistíochta i leith airgid nó ionstraimí infheistíochta arna chur nó arna gcur ar iontaoibh an ghnólachta infheistíochta ag cliaint i dtaca le gnó infheistíochta tar éis an dáta a shonróidh an Chuideachta.

(11) I gcás nach gcomhlíonfaidh gnólacht infheistíochta a oibleagáidí faoin Acht seo go hiomlán laistigh de 12 mhí ó dháta an fhógra dá dtagraítear i bhfo-alt (9), déanfaidh an Chuideachta, ar dhul in éag don tréimhse 12 mhí sin, a chur in iúl don ghnólacht infheistíochta agus do chliaint an ghnólachta infheistíochta nach mbeidh dliteanas ar an gCuideachta íocaíochtaí a dhéanamh faoi alt 34 le cliaint an ghnólachta infheistíochta i leith airgid nó ionstraimí infheistíochta arna chur nó arna gcur ar iontaoibh an ghnólachta infheistíochta ag cliaint i dtaca le gnó infheistíochta tar éis an dáta a shonróidh an Chuideachta de réir fho-alt (9).

(12) I gcás ina ndéanfaidh gnólacht infheistíochta fógra a thabhairt don Chuideachta nach mian leis a thuilleadh an rogha a fheidhmiú maidir le páirt a ghlacadh i socraíochtaí cúitimh d'infheisteoirí sa Stát de réir Airteagal 7.1 den Treoir um Chúiteamh d'Infheisteoirí, ní bheidh dliteanas ar an gCuideachta, le héifeacht ó dháta an fhógra sin, íocaíochtaí a dhéanamh faoi alt 34 le cliaint an ghnólachta infheistíochta i leith airgid nó ionstraimí infheistíochta arna chur nó arna gcur ar iontaoibh an ghnólachta infheistíochta ag cliaint i dtaca le gnó infheistíochta tar éis dháta an fhógra sin.

Árachas éigeantach i gcás gnólachtaí infheistíochta údaraithe.

41. —(1) Féadfaidh an t-údarás maoirseachta a cheangal ar ghnólachtaí infheistíochta údaraithe polasaí árachais slánaíochta gairmiúla a bhaint amach i bhfoirm a shonróidh an t-údarás maoirseachta (agus féadfar foirmeacha éagsúla a shonrú le haghaidh aicmí éagsúla gnólachta infheistíochta údaraithe), lena slánófar an gnólacht infheistíochta údaraithe i leith cibé suim, ar cibé modh agus i leith cibé nithe, agus a bheidh bailí ar feadh cibé tréimhse íosta, a shonróidh an t-údarás maoirseachta ó am go ham.

(2) Nuair a cheanglaíonn an t-údarás maoirseachta ar ghnólacht infheistíochta údaraithe polasaí árachais slánaíochta gairmiúla a bhaint amach, beidh aird aige ar aon cheanglais reachtúla láithreacha atá ar earnáil nó ar earnálacha áirithe gnólachta infheistíochta maidir le hárachas slánaíochta gairmiúla a bheith acu.

Díolúine ó dhliteanas i leith damáistí.

42. —(1) Ní bheidh an t-údarás maoirseachta nó aon fhostaí nó oifigeach de chuid an údaráis maoirseachta nó fochuideachta arna bunú ag an mBanc chun críocha alt 20 nó aon fhostaí nó oifigeach de chuid na fochuideachta nó aon oifigeach údaraithe chun críocha alt 9 nó aon chomhalta de Bhord an údaráis maoirseachta nó aon chomhalta de Bhord na fochuideachta faoi dhliteanas maidir le damáistí i dtaca le haon ní a dhéantar nó a fhágtar gan déanamh i gcomhlíonadh nó i gcomhlíonadh airbheartaithe aon cheann dá fheidhmeanna faoin Acht seo mura dtaispeánfar gur de mheon mímhacánta a rinneadh an ní nó a fágadh gan déanamh é.

(2) Ní bheidh Bord na Cuideachta nó aon fhostaí nó oifigeach den Chuideachta faoi dhliteanas maidir le damáistí i dtaca le haon ní a dhéantar nó a fhágtar gan déanamh i gcomhlíonadh nó i gcomhlíonadh airbheartaithe aon cheann dá fheidhmeanna faoin Acht seo mura dtaispeánfar gur de mheon mímhacánta a rinneadh an ní nó a fágadh gan déanamh é.

(3) Gan dochar do ghinearáltacht fho-ailt (1) agus (2), ní hionann ceadú, maoirsiú, rialáil nó cúlghairm ceadaithe i leith ciste chun críocha alt 19 nó scéime cúitimh d'infheisteoirí faoin Acht seo agus baránta nó éileamh eile i dtaobh shócmhainneacht nó fheidhmiú an chiste nó aon ghnólachta infheistíochta a mbeidh ranníoc tugtha aige don chiste nó don scéim chúitimh d'infheisteoirí, nó i dtaobh shócmhainneacht nó fheidhmiú aon bhaill dá chuid nó dá cuid, agus ní bheidh an Stát ná an t-údarás maoirseachta ná an Chuideachta faoi dhliteanas maidir le haon chaillteanas nó caillteanais a thabhófar trí dhócmhainneacht, trí mhainneachtain nó trí fheidhmiú an chiste nó an ghnólachta infheistíochta nó na scéime cúitimh d'infheisteoirí nó aon bhaill dá chuid nó dá cuid.

Cionta agus pionóis.

43. —(1) Duine a bheidh ciontach i gcion faoi alt 29 (3) nó faoi fho-alt (4), (7)(8) den alt seo, dlífear—

(a) ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,500 nó, de rogha na cúirte i gcás pearsan aonair, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi, nó

(b) ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £1,000,000 nó, de rogha na cúirte i gcás pearsan aonair, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 10 mbliana, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

(2) Féadfaidh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí nó an t-údarás maoirseachta imeachtaí achoimre i ndáil le cion faoin Acht seo a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh.

(3) D'ainneoin alt 10(4) den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachtaí achoimre i leith aon chiona faoin Acht seo a thionscnamh laistigh de dhá bhliain ón dáta a fhionnfar an cion.

(4) I gcás cion faoin Acht seo a bheith déanta ag comhlacht corpraithe nó ag comhlacht nó duine neamhchorpraithe nó ag trádálaí aonair agus go gcruthófar go ndearnadh é le toiliú, le cúlcheadú nó le ceadú, nó gur inchurtha é i leith, nó gur éascaíodh é a dhéanamh le haon fhaillí ar thaobh, aon oifigigh nó fostaí de chuid an eintitis sin nó duine a airbheartaíonn a bheith ag gníomhú thar ceann an eintitis sin, beidh an t-oifigeach nó an fostaí sin ciontach i gcion agus dlífear imeachtaí a shaothrú ina choinne nó ina coinne agus é nó í a phionósú amhail is dá mbeadh an t-oifigeach nó an fostaí sin ciontach sa chion céadluaite, ar choinníoll, áfach, nach gcuirfear pianbhreith phríosúnachta ar an oifigeach nó ar an bhfostaí i leith an chiona sin mura rud é, i dtuairim na cúirte, go ndearnadh an cion go toiliúil.

(5) (a) Más rud é, ar iarratas a bheith déanta ar mhodh achomair ag údarás maoirseachta, go bhfuil an Chúirt den tuairim—

(i) gur sáraíodh an tAcht seo nó go bhfuil sé á shárú, nó

(ii) go bhfuil mainneachtain déanta nó á dhéanamh coinníoll nó ceanglas a chomhlíonadh arna fhorchur ag an údarás maoirseachta de réir an Achta seo nó ordachán a chomhlíonadh arna eisiúint ag an údarás maoirseachta faoi alt 27 ,

féadfaidh an Chúirt, le hordú, toirmeasc a chur ar leanúint den sárú nó den mhainneachtain ag an duine nó ag na daoine lena mbaineann.

(b) Féadfaidh an Chúirt, le linn an t-iarratas a bhreithniú, cibé ordú eatramhach nó idirbhreitheach a dhéanamh is cuí léi.

(c) Is alt gan dochar d'fheidhmeanna reachtúla an údaráis maoirseachta an t-alt seo.

(d) I gcás gur deimhin leis an gCúirt, de bharr chineál nó chúinsí an cháis nó ar shlí eile ar mhaithe le ceartas, gurb inmhianaithe é, féadfar na himeachtaí go léir, nó aon chuid díobh, faoin alt seo a sheoladh ar shlí seachas go poiblí.

(6) Más rud é, maidir leis an sárú nó leis an mainneachtain a gciontófar duine ina leith faoi fho-alt (1)(4), go leanfar de nó di tar éis an chiontaithe, beidh an t-oifigeach nó an fostaí ciontach i gcion eile gach lá a leanfaidh an sárú nó an mhainneachtain agus dlífear, maidir le gach cion den sórt sin, ar an oifigeach nó ar an bhfostaí a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,500 a chur air nó uirthi nó, ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £5,000 a chur air nó uirthi.

(7) Aon duine, i gcomhlíonadh airbheartaithe aon fhorála den Acht seo nó aon rialacháin arna dhéanamh faoin gcéanna—

(a) a sholáthróidh freagra nó míniú, a thabharfaidh ráiteas, nó a dhéanfaidh aon tuairisceán, tuarascáil, deimhniú, clár comhardaithe nó doiciméad eile a thabhairt ar aird, a thaisceadh nó a sheachadadh atá bréagach i bponc ábhartha, agus a fhios aige nó aici é nó í a bheith bréagach, nó

(b) a dhéanfaidh, go meargánta, freagra nó míniú a sholáthar, ráiteas a thabhairt nó aon tuairisceán, tuarascáil, deimhniú, clár comhardaithe nó doiciméad eile a thabhairt ar aird, a thaisceadh nó a sheachadadh, atá bréagach i bponc ábhartha, nó

(c) a dhéanfaidh, go feasach, faisnéis a choimeád siar nó a fhágáil ar lár,

beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(8) (a) Aon oifigeach de chuid táirgeora táirgí nó gnólachta infheistíochta a scriosfaidh, a loitfidh nó a fhalsóidh aon taifead nó doiciméad a dhéanann difear do mhaoin nó do ghnóthaí an táirgeora táirgí nó aon ghnólachta infheistíochta, nó a bhaineann léi nó leo, nó a bheidh ionpháirteach i scriosadh, i lot nó i bhfalsú aon taifid nó doiciméid den sórt sin, nó a dhéanfaidh taifeadadh bréagach ann nó a bheidh ionpháirteach i dtaifeadadh bréagach a dhéanamh ann, beidh sé nó sí ciontach i gcion, mura gcruthóidh an t-oifigeach nach raibh sé ar intinn aige nó aici gan an dlí a chomhlíonadh.

(b) Aon duine a luaitear i mír (a) a dhéanfaidh aon taifead nó doiciméad den sórt sin a dhiúscairt nó a athrú go calaoiseach nó a fhágfaidh ní ar lár go calaoiseach in aon taifead nó doiciméad den sórt sin, nó a bheidh ionpháirteach i ndiúscairt nó in athrú aon taifid nó doiciméid den sórt sin nó i bhfágáil aon ní ar lár in aon taifead nó doiciméad den sórt sin, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(9) I gcás ina ndéanfar sárú ar an Acht seo agus ina bhfuil an sárú sin inchurtha i leith comhpháirtíochta, féadfar gach comhpháirtí a chúiseamh ina n-aonar nó i gcomhpháirt le haon chomhpháirtí amháin nó níos mó de na comhpháirtithe in aon chion i leith an tsáraithe sin agus ar é nó í a chiontú dlífear an pionós a fhorchuirfear a chur air nó uirthi.

(10) In aon imeachtaí i leith ciona faoin Acht seo is inchurtha i leith comhpháirtíochtaí, is cosaint é do chomhpháirtí a chúiseofar a chruthú—

(a) gur dearmad, nó iontaoibh a chur i bhfaisnéis a tugadh don chomhpháirtí, nó gníomh nó mainneachtain ag duine eile, tionóisc nó ábhar éigin eile nach raibh neart aige nó aici air, ba chúis leis an gcion a dhéanamh, agus

(b) gur ghlac an comhpháirtí gach réamhchúram réasúnach agus go ndearna an comhpháirtí a dhícheall nó a dícheall le nach ndéanfadh sé féin nó sí féin nó aon duine eile faoina rialú cion den sórt sin.

(11) Ní dhéanfaidh aon ní san Acht seo nó in aon achtachán eile, ná ní dhéanfaidh aon riail dlí, cosc a chur le comhpháirtí a ionchúiseamh i gcion a mbeidh comhpháirtí eile nó aon duine eile cúisithe nó ciontaithe ina leith cheana féin.

Leasú ar alt 2(7) d'Acht 1995.

44. —Leasaítear leis seo alt 2 d'Acht 1995 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (7):

“(7) D'ainneoin fho-alt (1) den alt seo, nó aon fhorála de Chuid VII den Acht seo, ní bheidh aturnae a bhfuil deimhniú cleachta i bhfeidhm ina leith (de réir bhrí na nAchtanna Aturnaetha, 1954 go 1994) ina ghnólacht nó ina gnólacht gnó infheistíochta de bhua seirbhísí gnó infheistíochta nó comhairle infheistíochta a sholáthar ar mhodh atá teagmhasach le soláthar seirbhísí dlí, más rud é—

(a) nach dtugann sé le tuiscint gur gnólacht gnó infheistíochta é nó í, agus

(b) le linn gníomhú mar idirghabhálaí táirgí infheistíochta, nach bhfuil ceapachán i scríbhinn aige seachas—

(i) ó ghnólacht infheistíochta arna údarú de réir Threoir 93/22/CEE an 10 Bealtaine, 19931 ag údarás inniúil Ballstáit eile, nó ó ghnólacht gnó infheistíochta údaraithe (nach idirghabhálaí táirgí infheistíochta gníomhaíochta srianta nó duine deimhnithe), nó ó bhallghnólacht de réir bhrí an Achta um Stocmhalartáin, 1995, nó

(ii) ó fhoras creidmheasa arna údarú de réir Threoracha 77/780/CEE an 12 Nollaig, 19772 agus 86/646/CEE an 15 Nollaig, 19893 , nó

(iii) ó bhainisteoir gnóthais comhinfheistíochta arna údarú chun aonaid i gcomhinfheistíochtaí a mhargú don phobal,

atá suite sa Stát nó a bhfuil an brainse iomchuí de suite sa Stát.”.

Leasú ar alt 2 d'Acht 1994.

45. —Leasaítear leis seo alt 2 d'Acht 1994—

(a) trí na mínithe seo a leanas a chur isteach:

“tá le ‘gnólacht gnó infheistíochta údaraithe’ an bhrí a shanntar dó in alt 2 den Acht um Chúiteamh d'Infheisteoirí, 1998 ;”;

“tá le ‘seirbhísí gnó infheistíochta’ an bhrí a shanntar dó in alt 2 den Acht um Chúiteamh d'Infheisteoirí, 1998 ;”, agus

(b) tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar sheirbhísí dlí:

“ciallaíonn ‘seirbhísí dlí’ seirbhísí de chineál dlíthiúil nó airgeadais arna soláthar ag aturnae ar seirbhísí iad a éiríonn as cleachtadh an aturnae sin mar aturnae, agus folaíonn sé aon chuid de na seirbhísí sin; agus, chun amhras a sheachaint, folaíonn sé aon seirbhísí gnó infheistíochta arna soláthar ag aturnae nach gnólacht gnó infheistíochta údaraithe;”.

Alt nua a chur isteach in Acht 1994.

46. —Leasaítear leis seo Acht 1994 tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 30:

“30A.—(1) Más rud é go ndealraíonn sé don Chumann, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire, gur gá déanamh amhlaidh d'fhonn a chinntiú go ndéanfar forálacha alt 26 d'Acht 1994 agus forálacha ailt 21 agus 22 (arna n-ionadú le hAcht 1994) d'Acht 1960 (nó rialacháin arna ndéanamh ag an gCumann agus a bhaineann leis na nithe sin) a chur i ngníomh go cóir réasúnach ar mhaithe le leas an phobail, féadfaidh an Cumann rialacháin a dhéanamh, le toiliú an Aire, ar choinníoll go ndéanfaidh aturnae—

(a) is gnólacht gnó infheistíochta údaraithe, nó

(b) is idirghabhálaí árachais, nó a thugann le tuiscint gur idirghabhálaí árachais é,

mar choinníoll a ghabhann le deimhniú cleachta a eisiúint chuige—

(i) i leith soláthair seirbhísí gnó infheistíochta mar ghnólacht gnó infheistíochta údaraithe, nó

(ii) i leith gníomhaíochtaí mar idirghabhálaí árachais,

cibé foirm nó foirmeacha slánaíochta a bhaint amach agus a chothabháil i gcoinne caillteanas ag cliant de dhroim mainneachtain, cibé slí a éireoidh sí, ag an aturnae nó ag aon fhostaí, gníomhaire nó conraitheoir neamhspleách de chuid an aturnae, ar slánaíocht í atá comhionann leis an tslánaíocht a sholáthrófaí, trí bhíthin an Chiste Cúitimh nó trí bhíthin an chumhdaigh slánaíochta arna chothabháil de bhun alt 26 den Acht seo (nó rialacháin arna ndéanamh ag an gCumann agus a bhaineann leis sin), do chliant aturnae i ndáil le soláthar seirbhísí dlí.

(2) Ní dhéanfaidh an Cumann rialacháin arna ndéanamh de bhun fho-alt (1) den alt seo a leasú gan toiliú an Aire.

(3) Féadfaidh an tAire—

(a) a ordú don Chumann rialacháin a dhéanamh faoi fho-alt (1) den alt seo nó rialacháin arna ndéanamh faoi fho-alt (1) nó (2) den alt seo a leasú;

(b) le rialacháin, méid uasta na slánaíochta i gcoinne caillteanas a shonrófar i rialacháin a dhéanfaidh an Cumann de bhun fho-alt (1) nó (2) den alt seo a mhéadú ag féachaint d'athruithe ar luach an airgid i gcoitinne sa Stát ó sonraíodh an méid uasta sin ar dtús.

(4) San alt seo, tá le ‘idirghabhálaí árachais’ an bhrí a shanntar dó in alt 2 den Acht um Chúiteamh d'Infheisteoirí, 1998 .”.

Forálacha maidir le haturnaetha.

47. —(1) (a) Is gnólacht gnó infheistíochta aturnae a bhfuil deimhniú cleachta (de réir bhrí na nAchtanna Aturnaetha, 1954 go 1994) i bhfeidhm ina leith—

(i) i gcás go soláthraíonn an t-aturnae seirbhísí gnó infheistíochta nó comhairle infheistíochta ar mhodh nach bhfuil teagmhasach le soláthar seirbhísí dlí, nó

(ii) i gcás go dtugann an t-aturnae le tuiscint gur gnólacht gnó infheistíochta é nó í, nó

(iii) más rud é, le linn gníomhú mar idirghabhálaí táirgí árachais ar mhodh atá teagmhasach le soláthar seirbhísí dlí, go mbeidh ceapachán i scríbhinn ag an aturnae seachas—

(I) ó ghnólacht infheistíochta arna údarú de réir na Treorach um Sheirbhísí Infheistíochta ag údarás inniúil Ballstáit eile, nó ó ghnólacht gnó infheistíochta údaraithe (nach idirghabhálaí táirgí infheistíochta gníomhaíochta srianta nó duine deimhnithe), nó ó bhallghnólacht de réir bhrí an Achta um Stocmhalartáin, 1995, nó

(II) ó fhoras creidmheasa arna údarú de réir Threoracha 77/780/CEE an 12 Nollaig, 1977, agus 89/646/CEE an 15 Nollaig, 1989, nó

(III) ó bhainisteoir gnóthais comhinfheistíochta arna údarú chun aonaid i gcomhinfheistíochtaí a mhargú don phobal,

atá suite sa Stát nó a bhfuil an brainse iomchuí de suite sa Stát,

agus ceanglófar air nó uirthi a bheith údaraithe mar ghnólacht gnó infheistíochta údaraithe de bhun fhorálacha Acht 1995.

(b) Is gnólacht infheistíochta chun críocha an Achta seo é nó í aturnae a bhfuil deimhniú cleachta (de réir bhrí na nAchtanna Aturnaetha, 1954 go 1994) i bhfeidhm ina leith agus is idirghabhálaí árachais nó a thugann le tuiscint gur idirghabhálaí árachais é, agus cuirfidh sé nó sí in iúl don údarás maoirseachta agus don Chuideachta gur gnólacht infheistíochta é nó í chun críocha an Achta seo.

(2) (a) Ní bheidh feidhm ag alt 26 d'Acht 1994 nó ag ailt 21 agus 22 (arna n-ionadú le hAcht 1994) d'Acht 1960 (nó rialacháin arna ndéanamh ag an gCumann agus a bhaineann leis na nithe sin) maidir le haturnae a bhfuil deimhniú cleachta (de réir bhrí na nAchtanna Aturnaetha, 1954 go 1994) i bhfeidhm ina leith i ndáil leis an aturnae do sholáthar seirbhísí gnó infheistíochta (cibé acu atá nó nach bhfuil gníomhaíochtaí idirghabhálaí árachais san áireamh) mar ghnólacht gnó infheistíochta údaraithe, nó i ndáil le haturnae is idirghabhálaí árachais agus a chuir in iúl don údarás maoirseachta agus don Chuideachta, de bhun fho-alt (1)(b), gur gnólacht infheistíochta é nó í.

(b) Maidir le haon chliant de chuid aturnae a bhfuil deimhniú cleachta (de réir bhrí na nAchtanna Aturnaetha, 1954 go 1994) i bhfeidhm ina leith agus is gnólacht gnó infheistíochta údaraithe, nó is idirghabhálaí árachais agus a chuir in iúl don údarás maoirseachta agus don Chuideachta, de bhun fho-alt (1)(b), gur gnólacht infheistíochta é nó í, ní bheidh sé nó sí, i leith aon chaillteanais a bhainfidh dó nó di de dheasca mainneachtain, cibé slí a éireoidh sí, ag an aturnae, nó ag aon fhostaí, gníomhaire nó conraitheoir neamhspleách de chuid an aturnae, i ndáil le seirbhísí gnó infheistíochta a sholáthar mar ghnólacht gnó infheistíochta údaraithe nó i ndáil leis an aturnae do ghníomhú mar idirghabhálaí árachais, i dteideal éileamh a dhéanamh i gcoinne an Chiste Cúitimh (de réir bhrí Acht 1994) nó i gcoinne an chumhdaigh slánaíochta arna chothabháil de bhun alt 26 d'Acht 1994 agus rialachán arna ndéanamh faoi.

(c) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo difear ar aon slí eile d'oibleagáidí aturnae a bhfuil deimhniú cleachta (de réir bhrí na nAchtanna Aturnaetha, 1954 go 1994) i bhfeidhm ina leith nó do chearta cliaint, a éiríonn faoi alt 26 d'Acht 1994 nó ailt 21 agus 22 (arna n-ionadú le hAcht 1994) den Acht Aturnaetha (Leasú), 1960 (nó rialacháin arna ndéanamh ag an gCumann agus a bhaineann leis na nithe sin), i leith aturnae do sholáthar seirbhísí dlí.

1O.J. Uimh. L141, 11/6/93.

2 O.J. Uimh. L322, 17/12/77.

3 O.J. Uimh. L386, 30/12/89.