An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV Ilghnéitheach) Ar Aghaidh (AN CHÉAD SCEIDEAL Aisghairm)

37 1998

AN tACHT UM CHÚITEAMH D'INFHEISTEOIRÍ, 1998

CUID V

Leasuithe Ilghnéitheacha

Leasú ar alt 16 d'Acht an Bhainc Ceannais, 1989 .

48. —Leasaítear leis seo Acht an Bhainc Ceannais, 1989 , in alt 16(2), tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (t):

“(tt) a dhéanfar leis an gCuideachta Cúitimh d'Infheisteoirí Teoranta nó le fochuideachta arna bunú ag an mBanc chun seirbhísí riaracháin a sholáthar don Chuideachta Cúitimh d'Infheisteoirí Teoranta,”.

Leasú ar alt 44 d'Acht 1989.

49. —Leasaítear leis seo alt 44 d'Acht 1989 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(3) Ní ghníomhóidh duine mar bhróicéir árachais ná ní thabharfaidh sé le tuiscint gur bróicéir árachais é mura gcomhlíonfaidh sé forálacha an Achta um Chúiteamh d'Infheisteoirí, 1998 .”.

Leasú ar alt 46 d'Acht 1989.

50. —Leasaítear leis seo alt 46 d'Acht 1989, i bhfo-alt (1), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (b):

“(b) gur duine é a chomhlíonann ceanglais an Achta seo ach nach bhfuil ina bhall de chomhlacht ionadach aitheanta,

agus go bhfuil an duine ag comhlíonadh an Achta um Chúiteamh d'Infheisteoirí, 1998 .”.

Leasú ar alt 49 d'Acht 1989.

51. —Leasaítear leis seo alt 49 d'Acht 1989, i bhfo-alt (1), tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (a):

“(aa) go gcomhlíonann sé an tAcht um Chúiteamh d'Infheisteoirí, 1998 ,”.

Leasú ar alt 2 d'Acht 1995.

52. —Leasaítear leis seo alt 2 d'Acht 1995—

(a) i bhfo-alt (1)—

(i) sa mhíniú ar “comhairle infheistíochta” trí “nó díol” a chur isteach i mír (d) i ndiaidh “agus ceannach” agus tá an mhír arna leasú amhlaidh leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an mír seo.

AN TÁBLA

(d) comhairle do ghnóthais maidir le struchtúr caipitiúil, straitéis tionscail agus nithe gaolmhara agus comhairle a bhaineann le cumaisc agus le ceannach nó díol gnóthas,

(ii) sa mhíniú ar “comhairle infheistíochta”, i mír (e), trí “más rud é go n-éiríonn tabhairt na comhairle sin as comhairle nó as seirbhísí eile” a chur in ionad “más rud é go bhfuil tabhairt na comhairle sin ina chuid riachtanach de chomhairle nó de sheirbhísí eile” agus tá an mhír arna leasú amhlaidh leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfomhír seo.

AN TÁBLA

(e) comhairle arna tabhairt ag daoine i gcúrsa aon ghairm nó gnó a sheoladh nach gnó de chuid gnólachta gnó infheistíochta é ar shlí eile más rud é go n-éiríonn tabhairt na comhairle sin as comhairle nó as seirbhísí eile arna tabhairt nó arna dtabhairt i gcúrsa an ghairm nó an gnó sin a sheoladh, agus i gcás nach dtugtar luach saothair nó luaíocht as comhairle infheistíochta a thabhairt ar leithligh ón gcomhairle nó ó na seirbhísí eile sin;

(iii) sa mhíniú ar “gnólacht gnó infheistíochta” trí “nó ballghnólachta (de réir bhrí an Achta um Stocmhalartáin, 1995)” a chur isteach i ndiaidh “forais creidmheasa” agus trí “nó an bhallghnólachta (de réir bhrí an Achta um Stocmhalartáin, 1995)” a chur isteach i ndiaidh “an fhorais creidmheasa” agus tá an míniú arna leasú amhlaidh leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfomhír seo.

AN TÁBLA

ciallaíonn “gnólacht gnó infheistíochta” aon duine, seachas ballghnólacht de réir bhrí an Achta um Stocmhalartáin, 1995, a chuireann seirbhís ghnó infheistíochta amháin nó níos mó nó comhairle infheistíochta ar fáil do thríú páirtithe ar bhonn gairmiúil agus chun na críche sin, más rud é go soláthraíonn pearsa aonair seirbhís ghnó infheistíochta agus i gcás ina seoltar an tseirbhís sin d'aon toisc do chuntas, agus faoi fhreagracht neamhchoinníollach iomlán, gnólachta gnó infheistíochta nó gnóthais árachais nó forais creidmheasa nó ballghnólachta (de réir bhrí an Achta um Stocmhalartáin, 1995), measfar gur gníomhaíocht de chuid an ghnólachta gnó infheistíochta, an ghnóthais árachais nó an fhorais creidmheasa nó an bhallghnólachta (de réir bhrí an Achta um Stocmhalartáin, 1995) féin an ghníomhaíocht sin;

(iv) sa mhíniú ar “ionstraimí infheistíochta”—

(I) i mír (a), trí “nó ionstraimí margaidh airgid,” a chur isteach i ndiaidh “deimhnithe in ionannas urrús,”,

(II) i mír (g), trí “ionstraimí infheistíochta” a chur in ionad “ionstraimí airgeadais”,

(III) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (j):

“(jj) spotchonradh rollach malartaithe coigríche,”,

(IV) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (k):

“(kk) rianbhanna nó ionstraim dá shamhail,”,

agus

(V) trí “agus féadfaidh an tAire, le rialachán, tar éis dul i gcomhairle leis an údarás maoirseachta, an míniú seo a leasú ó am go ham, trí aon ionstraimí eile a bhfuil tréithe acu, i dtuairim an Aire, atá comhchosúil leis na hionstraimí atá liostaithe sa mhíniú seo a chur leis an liosta ionstraimí sa mhíniú seo.” a chur isteach i ndiaidh fhomhír (III),

agus tá an míniú arna leasú amhlaidh leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfomhír seo.

AN TÁBLA

folaíonn “ionstraimí infheistíochta”—

(a) urrúis inaistrithe, lena n-áirítear scaireanna, barántais, bintiúir lena n-áirítear stoc bintiúir, stoc iasachta, bannaí, deimhnithe ar thaiscí agus ionstraimí eile lena gcruthaítear nó lena n-admhaítear féichiúnas arna n-eisiúint ag aon chomhlacht corpraithe nó comhlacht frithpháirteach nó thar a cheann, urrúis rialtais agus urrúis phoiblí, lena n-áirítear stoc iasachta, bannaí agus ionstraimí eile lena gcruthaítear nó lena n-admhaítear féichiúnas arna n-eisiúint ag rialtas, údarás áitiúil nó údarás poiblí nó thar a gceann, bannaí nó ionstraimí eile lena gcruthaítear nó lena n-admhaítear féichiúnas, deimhnithe in ionannas urrús, nó ionstraimí margaidh airgid,

(b) urrúis neamh-inaistrithe lena gcruthaítear nó lena n-admhaítear féichiúnas arna n-eisiúint ag rialtas, údarás áitiúil nó údarás poiblí nó thar a cheann,

(c) aonaid nó scaireanna i ngnóthais le haghaidh comhinfheistíochtaí in urrúis inaistrithe de réir bhrí Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Gnóthais le haghaidh Comhinfheistíochta in Urrúis Inaistrithe), 1989 (I.R. Uimh. 78 de 1989), agus aon leasuithe iardain orthu, aonaid in iontaobhas aonad, scaireanna i gcuideachta infheistíochta, ranníocaíochtaí caipitiúla le comhpháirtíocht theoranta infheistíochta,

(d) conarthaí todhchaíochtaí airgeadais, lena n-áirítear todhchaíochtaí airgeadra, todhchaíochtaí ráta úis, todhchaíochtaí banna, todhchaíochtaí scair-innéacs agus conarthaí inchomparáide,

(e) conarthaí todhchaíochtaí tráchtearraí,

(f) comhaontuithe maidir le réamhrátaí úis,

(g) comhaontuithe chun íocaíochtaí a mhalartú ar íocaíochtaí iad atá bunaithe ar ghluaiseachtaí i rátaí úis, i rátaí malartaithe airgeadra, i dtráchtearraí, i scair-innéacsanna agus in ionstraimí infheistíochta eile,

(h) comhaontuithe díola agus athcheannaigh agus comhaontuithe athcheannaigh freaschurtha a bhaineann le hurrúis inaistrithe,

(i) comhaontuithe i dtaca le hurrúis inaistrithe a fháil ar iasacht agus a thabhairt ar iasacht,

(j) deimhnithe nó ionstraimí eile lena dtugtar aon cheann nó gach ceann de na cearta seo a leanas, eadhon—

(i) cearta maoine i leith aon ionstraime infheistíochta dá dtagraítear i mir (a) den mhíniú seo; nó

(ii) aon cheart chun ionstraim infheistíochta a fháil, a dhiúscairt, a fhrithghealladh nó a chomhshó, ar ceart é a mbeadh teideal ag an sealbhóir chuige dá sealbhódh sé aon infheistíocht den sórt sin lena mbaineann an deimhniú nó an ionstraim; nó

(iii) ceart conarthach (seachas rogha) chun aon ionstraim infheistíochta den sórt sin a fháil ar shlí seachas trí shuibscríobh,

(jj) spotchonradh rollach malartaithe coigríche,

(k) roghanna lena n-áirítear—

(i) roghanna in aon ionstraim i míreanna (a) go (jj) den mhíniú seo, nó

(ii) roghanna airgeadra, ráta úis, tráchtearraí agus stoic, lena n-áirítear conarthaí rogha innéacs,

(kk) rianbhanna nó ionstraim dá shamhail,

(l) ionstraimí hibride a mbaineann dhá ionstraim infheistíochta nó níos mó leo,

agus folaíonn sé aon ionstraim infheistíochta i bhfoirm dhí-ábharaithe,

ach ní fhorléireofar an míniú seo mar mhíniú a bhaineann—

(I) le haon ionstraim lena n-admhaítear nó lena gcruthaítear féichiúnas i leith na comaoine atá iníoctha faoi chonradh chun earraí nó seirbhísí a sholáthar, nó i leith an airgid a fhaightear ar iasacht chun an chomaoin sin a ghlanadh; nó

(II) le seic nó bille malairte eile dá shamhail, le dréacht baincéara nó le litir chreidmheasa; nó

(III) le nóta bainc, le ráiteas lena dtaispeántar iarmhéid i gcuntas reatha, taisce nó coigiltis nó (mar gheall ar aon oibleagáid airgeadais atá ann) le léas nó le diúscairt eile maoine, nó le polasaí árachais;

agus féadfaidh an tAire, le rialachán, tar éis dul i gcomhairle leis an údarás maoirseachta, an míniú seo a leasú ó am go ham, trí aon ionstraimí eile a bhfuil tréithe acu, i dtuairim an Aire, atá comhchosúil leis na hionstraimí atá liostaithe sa mhíniú seo a chur leis an liosta ionstraimí sa mhíniú seo;

(b) i bhfo-alt (6)—

(i) i mír (a) trí “nó comhairle infheistíochta” a chur isteach i ndiaidh “seirbhísí gnó infheistíochta”,

(ii) i mír (e) trí “64/225” a chur in ionad “64/25”,

(iii) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (f)—

“(f) gnóthais chomhinfheistíochta agus taiscithe agus bainisteoirí gnóthas den sórt sin, a mhéid atá gníomhaíochtaí an ghnóthais comhinfheistíochta nó na dtaiscithe nó na mbainisteoirí faoi réir rialáil ag an mBanc, nó”, agus

(iv) trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhír (h):

“(h)     forais chreidmheasa a sholáthraíonn seirbhísí gnó infheistíochta nó comhairle infheistíochta agus, le linn dóibh déanamh amhlaidh, nach sáraíonn téarmaí údaruithe faoi Threoir Uimh. 77/780/CEE an 12 Nollaig 19771 arna leasú le Treoir 89/646/CEE an 15 Nollaig 1989 ón gComhairle2 arna leasú agus arna leathnú ó am go ham, nó

(i) gnólacht gnó infheistíochta a mbeidh cinneadh déanta ag an údarás maoirseachta ina leith nach gá údarú a bheith aige toisc nach ndéantar seirbhísí gnó infheistíochta a sholáthar ach amháin toisc é a bheith riachtanach le haghaidh phríomhghníomhaíochtaí an ghnólachta gnó infheistíochta, agus chun na gcríoch sin, ní mhairfidh cinneadh an údaráis maoirseachta ach tréimhse shocraithe agus beidh sé faoi réir cibé ceanglais maidir le tuairisciú a mheasfaidh an t-údarás maoirseachta a bheith iomchuí, nó

(j) ionadaí pearsanta duine éagtha i leith a ghníomhartha mar ionadaí pearsanta nó iontaobhaí i leith a ghníomhartha mar iontaobhaí iontaobhais, i gcás ina bhfuil an bhrí chéanna le ‘ionadaí pearsanta’ atá leis san Acht Comharbais, 1965 , agus go bhfuil an bhrí chéanna le ‘iontaobhaí’ atá le ‘trustee’ sa Trustee Act, 1893, ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an mír seo i gcás gurb é príomhchuspóir an iontaobhais seirbhísí infheistíochta a sholáthar do dhaoine den phobal, nó

(k) d'ainneoin na n-oibleagáidí a fhorchuirtear ar leachtaitheoirí agus ar ghlacadóirí faoin Acht seo, duine a bheidh ceaptha mar leachtaitheoir cuideachta nó glacadóir cuideachta i leith aon ghníomhaíochtaí a bhaineann leis an leachtú nó leis an nglacadóireacht, nó

(l) aon ghnóthas comhinfheistíochta, lena n-áirítear a bhainisteoir, nach bhfuil bunaithe sa Stát ach:

(i) a bhfuil ceadú faighte aige ón mBanc, faoi na cumhachtaí a thugtar dó faoi achtacháin eile, chun aonaid de chuid an ghnóthais a mhargú sa Stát; nó

(ii) atá údaraithe ag údarás inniúil Ballstáit eile faoi Threoir 85/611/CEE ón gComhairle3 , nó

(m) comhalta cleachtach de chomhlacht gairmiúil ceadaithe nach duine deimhnithe agus ar duine é a bhfuil ina sheilbh aige ag a phríomháit ghnó, thar ceann cliant, scairdheimhnithe i gcuideachtaí príobháideacha teoranta ar leis na cliaint sin iad i gcás nach sealbhaíonn an comhalta na scairdheimhnithe ach amháin chun bainistíocht ordúil thaifid reachtúla na cuideachta príobháidí teoranta a urasú, i gcás ina n-éiríonn sealbhú na scairdheimhnithe as an gcomhalta do sholáthar seirbhísí gairmiúla don chliant.”.

Leasú ar alt 9 d'Acht 1995.

53. —Leasaítear leis seo alt 9 d'Acht 1995 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(3) (a) Féadfaidh an t-údarás maoirseachta socrú a dhéanamh chun fógraí a fhoilsiú in aon cheann de na nuachtáin a scaiptear sa Stát nó in áit eile nó san Iris Oifigiúil i gcás ina gcreideann an t-údarás maoirseachta le réasún go bhfuil cuideachta atá cláraithe sa Stát nó aon duine eile atá ag oibriú sa Stát ag gníomhú mar ghnólacht gnó infheistíochta nó ag éileamh nó á thabhairt le tuiscint ina leith féin gur gnólacht gnó infheistíochta é nó í gan údarú de réir mar a cheanglaítear i mír (a) nó (b) d'fho-alt (1) den alt seo.

(b) Féachfaidh an t-údarás maoirseachta le fógra seacht lá a thabhairt don ghnólacht gnó infheistíochta i dtaobh é a bheith ar intinn aige foilsiú a dhéanamh de réir mhír (a) den fho-alt seo.”.

Leasú ar alt 10 d'Acht 1995.

54. —Leasaítear leis seo alt 10 d'Acht 1995—

(a) i bhfo-alt (3)—

(i) trí “Aon uair a chinnfidh údarás maoirseachta diúltú” a chur in ionad “Aon uair a dhiúltóidh údarás maoirseachta”,

(ii) trí “i dtaobh a chinnidh” a chur in ionad “i dtaobh é a bheith ar intinn aige”,

(iii) tríd an bhfo-alt sin a ainmniú mar mhír (a) agus trí na míreanna seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (a):

“(b)     Mura ndéanfaidh an gnólacht gnó infheistíochta beartaithe achomharc laistigh den tréimhse atá sonraithe i mír (a) den fho-alt seo, eiseoidh an t-údarás maoirseachta fógra chuig an ngnólacht gnó infheistíochta beartaithe i dtaobh a chinnidh chun diúltú é a údarú.

(c) Déanfaidh an t-údarás maoirseachta fógra i dtaobh údarú a dhiúltú do ghnólacht gnó infheistíochta beartaithe a fhoilsiú san Iris Oifigiúil agus i nuachtán amháin nó níos mó a scaiptear sa Stát laistigh de 28 lá ón dáta a dhéantar an cinneadh chun an t-údarú a dhiúltú.”,

agus tá an fo-alt arna leasú amhlaidh leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an mír seo.

AN TÁBLA

(3) (a) Aon uair a chinnfidh údarás maoirseachta diúltú údarú a dheonú do ghnólacht gnó infheistíochta beartaithe faoin alt seo, seirbheálfaidh sé fógra ar an ngnólacht gnó infheistíochta beartaithe i dtaobh a chinnidh chun diúltú é a údarú agus luafaidh sé na cúiseanna atá leis sin agus féadfaidh an gnólacht gnó infheistíochta beartaithe, laistigh de 21 lá ón dáta a gheofar an fógra sin, achomharc a dhéanamh chun na Cúirte in aghaidh an chinnidh.

(b) Mura ndéanfaidh an gnólacht gnó infheistíochta beartaithe achomharc laistigh den tréimhse atá sonraithe i mír (a) den fho-alt seo, eiseoidh an t-údarás maoirseachta fógra chuig an ngnólacht gnó infheistíochta beartaithe i dtaobh a chinnidh chun diúltú é a údarú.

(c) Déanfaidh an t-údarás maoirseachta fógra i dtaobh údarú a dhiúltú do ghnólacht gnó infheistíochta beartaithe a fhoilsiú san Iris Oifigiúil agus i nuachtán amháin nó níos mó a scaiptear sa Stát laistigh de 28 lá ón dáta a dhéantar an cinneadh chun an t-údarú a dhiúltú.

(b) i bhfo-alt (5), trí “gur cumann tionscail nó coigiltis é,” a chur isteach i ndiaidh “mura bhfuil comhaontú den sórt sin ann cheana féin,” agus tá an mhír arna leasú amhlaidh leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an mír seo.

AN TÁBLA

(a) gur cuideachta é atá corpraithe le reacht nó faoi Achtanna na gCuideachtaí, nó atá corpraithe lasmuigh den Stát nó gur cuideachta é arna déanamh faoi Chairt Ríoga nó go dtarraingeoidh sí suas comhaontú comhpháirtíochta, i gcás ina gcomhdhéantar é mar chomhlacht neamhchorpraithe daoine, mura bhfuil comhaontú den sórt sin ann cheana féin, nó gur cumann tionscail nó coigiltis é, nó gur trádálaí aonair é agus go bhfuil socruithe déanta ag an ngnólacht gnó infheistíochta beartaithe chun a chinntiú go seolfar a ghníomhaíochtaí ar shlí ina gcomhlíonfar ceanglais Airteagal 3(3) de Threoir Uimh. 93/22/CEE an 10 Bealtaine 1993 ón gComhairle1 .

Leasú ar alt 14 d'Acht 1995.

55. —Leasaítear leis seo alt 14 d'Acht 1995 i bhfo-alt (1) trí “Féadfaidh an t-údarás maoirseachta, i leith gnólachta gnó infheistíochta údaraithe, lena n-áirítear gnólacht gnó infheistíochta a mheastar a bheith údaraithe faoi alt 26 den Acht seo,” a chur in ionad “Gan dochar d'alt 10 den Acht seo, i gcás ina ndeonóidh an t-údarás maoirseachta údarú faoin alt sin, féadfaidh sé” agus tá an fo-alt arna leasú amhlaidh leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(1) Féadfaidh an t-údarás maoirseachta, i leith gnólachta gnó infheistíochta údaraithe, lena n-áirítear gnólacht gnó infheistíochta a mheastar a bheith údaraithe faoi alt 26 den Acht seo, gach ceann nó aon cheann de na nithe seo a leanas a dhéanamh, eadhon:

(a) a údarú a chur faoi réir cibé coinníollacha nó ceanglais, nó faoi réir cibé coinníollacha agus ceanglais, is cuí leis, ar coinníollacha nó ceanglais iad a bhaineann le rialáil agus maoirsiú cuí ordúil gnólachta gnó infheistíochta údaraithe,

(b) coinníollacha nó ceanglais, nó coinníollacha agus ceanglais, a fhorchur ar coinníollacha nó ceanglais iad a bhaineann le nithe i ngnóthas comhlachaithe nó i ngnóthas gaolmhar,

(c) coinníollacha nó ceanglais, nó coinníollacha agus ceanglais, a fhorchur aon tráth ar ghnólacht gnó infheistíochta údaraithe agus aon choinníoll nó ceanglas a fhorchuirfear faoin mír seo nó faoi mhír (a) nó (b) den fho-alt seo a leasú nó a chúlghairm:

Ar choinníoll nach sáróidh na coinníollacha nó na ceanglais sin aon treoirlínte ina leith sin a bheidh eisithe ag an Aire chuig an údarás maoirseachta ó am go ham ar mhaithe le rialáil chuí ordúil gnólachtaí gnó infheistíochta nó le hinfheisteoirí a chosaint, nó ar mhaithe leis an dá ní sin, agus go bhfoilseofar na treoirlínte san Iris Oifigiúil.

Leasú ar alt 16 d'Acht 1995.

56. —Leasaítear leis seo alt 16 d'Acht 1995 i bhfo-alt (8) trí “agus i nuachtán amháin nó níos mó a scaiptear sa Stát” a chur isteach i ndiaidh “Iris Oifigiúil” agus tá an fo-alt arna leasú amhlaidh leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(8) Déanfaidh an t-údarás maoirseachta fógra i dtaobh údarú gnólachta gnó infheistíochta údaraithe a bheith cúlghairthe a fhoilsiú san Iris Oifigiúil agus i nuachtán amháin nó níos mó a scaiptear sa Stát laistigh de 28 lá ón gcúlghairm sin.

Leasú ar alt 17 d'Acht 1995.

57. —Leasaítear leis seo alt 17 d'Acht 1995 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(4) Coimeádfaidh an t-údarás maoirseachta clár nó cláir de ghnólachtaí gnó infheistíochta ar ina leith a bheidh faisnéis tugtha dó ag údarás inniúil i mBallstát eile faoi Airteagail 17 agus 18 de Threoir Uimh. 93/22/CEE an 10 Bealtaine, 1993, ón gComhairle maidir le seirbhísí infheistíochta i réimse na n-urrús1 .”.

Leasú ar alt 21 d'Acht 1995.

58. —Leasaítear leis seo alt 21 d'Acht 1995 i bhfo-alt (1)—

(a) i mír (e), trí “, iarghnólachtaí gnó infheistíochta údaraithe, gnólachtaí gnó infheistíochta beartaithe nó gnólachtaí gnó infheistíochta” a chur isteach i ndiaidh “gnólachtaí gnó infheistíochta údaraithe” agus tá an mhír arna leasú amhlaidh leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an mír seo.

AN TÁBLA

(e) stiúrthóirí agus iad siúd atá freagrach as bainistiú gnólachtaí gnó infheistíochta údaraithe, iarghnólachtaí gnó infheistíochta údaraithe, gnólachtaí gnó infheistíochta beartaithe nó gnólachtaí gnó infheistíochta,

(b) i mír (f) trí “nó thar a cheann” a chur isteach i ndiaidh “mar ghnólacht gnó infheistíochta” agus tá an mhír arna leasú amhlaidh leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an mír seo.

AN TÁBLA

(f) aon duine a airbheartaíonn gníomhú, nó a gcreideann an t-údarás maoirseachta le réasún go bhfuil sé ag gníomhú, mar ghnólacht gnó infheistíochta nó thar a cheann,

(c) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (f):

“(g) stiúrthóirí an ghnólachta gnó infheistíochta sin nó iad siúd atá freagrach as bainistiú an ghnólachta gnó infheistíochta sin agus a mhainnigh comhoibriú le hoifigeach údaraithe arna cheapadh faoi alt 64 den Acht seo arna leasú le halt 48 d'Acht an Bhainc Ceannais, 1997, nó le cigire arna cheapadh faoi ailt 66, 67 nó 73 den Acht seo,”,

agus

(d) i bhfo-alt (5), trí “beidh éifeacht leis an ordachán ón dáta a shonróidh an t-údarás maoirseachta, agus” a chur in ionad “agus beidh éifeacht láithreach leis an ordachán sin,”.

Leasú ar alt 26 d'Acht 1995.

59. —Leasaítear leis seo alt 26 (arna leasú le hAcht an Bhainc Ceannais, 1997) d'Acht 1995—

(a) i bhfo-alt (1)—

(i) trí “nó gabháil do na seirbhísí sin ar fad nó d'aon cheann acu nó comhairle infheistíochta a sholáthar i ndáil leis na seirbhísí sin agus, le linn a bheith ag gabháil d'aon cheann de na seirbhísí sin, a tharchuireann orduithe, agus sin amháin, chuig gach ceann nó chuig aon cheann de na táirgeoirí táirgí seo a leanas, eadhon—” a chur in ionad “nó gabháil do na seirbhísí sin ar fad nó d'aon cheann acu agus, le linn a bheith ag gabháil d'aon cheann de na seirbhísí sin, a tharchuireann orduithe, agus sin amháin, chuig gach ceann nó chuig aon cheann díobh seo a leanas, eadhon—” agus

(ii) i bhfomhír (i) trí “nach idirghabhálaí táirgí infheistíochta gníomhaíochta srianta nó duine deimhnithe,” a chur in ionad “nach idirghabhálaí táirgí infheistíochta gníomhaíochta srianta, nó duine deimhnithe,”,

agus tá an fo-alt arna leasú amhlaidh leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an mír seo.

AN TÁBLA

(1) San Acht seo, ciallaíonn “idirghabhálaí táirgí infheistíochta gníomhaíochta srianta” duine arb é an t-aon seirbhís ghnó infheistíochta atá aige orduithe in aonaid nó scaireanna i ngnóthais le haghaidh comhinfheistíochtaí in urrúis inaistrithe de réir bhrí Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Gnóthais le haghaidh Comhinfheistíochta in Urrúis Inaistrithe), 1989 (I.R. Uimh. 78 de 1989), agus aon leasuithe iardain ar na rialacháin sin, aonaid in iontaobhas aonad, ionstraimí comhscéime eile a ghlacadh agus a tharchur nó na nithe seo a leanas a ghlacadh agus a tharchur—

(a) orduithe i scaireanna i gcuideachta atá liostaithe ar stocmhalartán nó bannaí arna liostú amhlaidh, nó

(b) orduithe i nduaisbhannaí, nó

(c) gníomhú mar ghníomhaire taisce nó mar bhróicéir taisce,

nó gabháil do na seirbhísí sin ar fad nó d'aon cheann acu nó comhairle infheistíochta a sholáthar i ndáil leis na seirbhísí sin agus, le linn a bheith ag gabháil d'aon cheann de na seirbhísí sin, a tharchuireann orduithe, agus sin amháin, chuig gach ceann nó chuig aon cheann de na táirgeoirí táirgí seo a leanas, eadhon—

(i) gnólachtaí infheistíochta arna n-údarú de réir Threoir 93/22/CEE an 10 Bealtaine, 1993,1 ag údarás inniúil Ballstáit eile nó chuig gnólacht gnó infheistíochta údaraithe, nach idirghabhálaí táirgí infheistíochta gníomhaíochta srianta nó duine deimhnithe, nó chuig ballghnólacht, de réir bhrí an Achta um Stocmhalartáin, 1995, sa Stát;

(ii) forais chreidmheasa arna n-údarú de réir Threoracha 77/780/CEE an 12 Nollaig, 19772 agus 89/646/CEE an 15 Nollaig, 19893 ;

(iii) cibé brainsí eile de ghnólachtaí gnó infheistíochta nó d'fhorais chreidmheasa arna n-údarú i dtríú tír a cheadóidh an t-údarás maoirseachta ó am go ham;

(iv) gnóthais chomhinfheistíochta arna n-údarú faoi dhlí Ballstáit den Aontas Eorpach chun aonaid i gcomhinfheistíochtaí a mhargú don phobal, agus chuig bainisteoirí na ngnóthas sin;

(v) cuideachtaí infheistíochta a bhfuil caipiteal seasta acu mar a mhínítear in Airteagal 15(4) de Threoir 77/91/CEE an 13 Nollaig, 1976, ón gComhairle4 a bhfuil a n-urrúis liostaithe, nó a ndéileáiltear iontu, ar mhargadh rialáilte i mBallstát;

(vi) an Chuideachta Duais-Bhannaí Teo. nó aon chomharba uirthi mar oibritheoir scéim na nDuais-Bhannaí,

agus nach sealbhaíonn cistí nó urrúis cliant, ionas nach dtagann sé chun bheith ina fhéichiúnaí i leith a chliant ina dhéileálacha le cliaint, ach ní choiscfidh sé seo air—

(I) seiceanna dothráchta nó ionstraimí eile dá samhail a bheidh déanta amach i leith ceann de na gnóthais atá luaite ag fomhíreanna (i) go (vi) den fho-alt seo a ghlacadh, chun orduithe a fháil agus a tharchur, nó

(II) glacadh le hairgead tirim ó chliant do chuntas an chliaint le foras creidmheasa, le linn dó gníomhú mar ghníomhaire taisce.

(b) i bhfo-alt (2) trí “Maidir le duine ar idirghabhálaí táirgí infheistíochta gníomhaíochta srianta é ar lá a shonróidh an tAire, measfar, fad a bheidh sé ina idirghabhálaí táirgí infheistíochta gníomhaíochta srianta, agus d'ainneoin alt 10 den Acht seo, é a bheith ina ghnólacht gnó infheistíochta údaraithe chun críocha an Achta seo,” a chur in ionad “Maidir le hidirghabhálaí táirgí infheistíochta gníomhaíochta srianta, measfar, fad a bheidh sé ina idirghabhálaí táirgí infheistíochta gníomhaíochta srianta, agus d'ainneoin alt 10 den Acht seo, é a bheith ina ghnólacht gnó infheistíochta údaraithe chun críocha an Achta seo,”, agus tá an fo-alt arna leasú amhlaidh leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an mír seo.

AN TÁBLA

(2) Maidir le duine ar idirghabhálaí táirgí infheistíochta gníomhaíochta srianta é ar lá a shonróidh an tAire, measfar, fad a bheidh sé ina idirghabhálaí táirgí infheistíochta gníomhaíochta srianta, agus d'ainneoin alt 10 den Acht seo, é a bheith ina ghnólacht gnó infheistíochta údaraithe chun críocha an Achta seo, ar choinníoll nach ndearnadh údarú an idirghabhálaí táirgí infheistíochta gníomhaíochta srianta a chúlghairm faoi alt 16(2) den Acht seo agus nach mbeidh an t-údarú sin athshuite agus nach mbeidh aon stiúrthóir, oifigeach nó bainisteoir den idirghabhálaí táirgí infheistíochta gníomhaíochta srianta ina stiúrthóir, oifigeach nó bainisteoir den sórt sin de ghnólacht gnó infheistíochta a mbeidh a údarú faoi alt 16(2) den Acht seo cúlghairthe agus gan a bheith athshuite.

Leasú ar alt 28 d'Acht 1995.

60. —Leasaítear leis seo alt 28 (arna leasú le hAcht an Bhainc Ceannais, 1997) d'Acht 1995 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4)—

“(5) Is cion ag táirgeoir táirgí glacadh le haon orduithe a tharchuirfidh gnólacht gnó infheistíochta thar ceann cliaint nó le haon airgead ar leis an gcliant é mura rud é gur gnólacht gnó infheistíochta an gnólacht gnó infheistíochta—

(a) a bheidh údaraithe faoi alt 10 den Acht seo nó a mheastar a bheith údaraithe faoi alt 26 nó 63 den Acht seo, agus

(b) a mbeidh ceapachán tugtha i scríbhinn dó ag an táirgeoir táirgí de bhun Chuid IV den Acht seo agus gan an ceapachán sin i scríbhinn a bheith tarraingthe siar, cealaithe nó cúlghairthe ag an táirgeoir táirgí.”.

Leasú ar alt 31 d'Acht 1995.

61. —Leasaítear leis seo alt 31 d'Acht 1995 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (5):

“(6) (a) Más rud é go ndéanfar ceapachán idirghabhálaí táirgí infheistíochta i scríbhinn a scor, cinnteoidh an t-idirghabhálaí táirgí infheistíochta go bhfoilseofar fógra ar a dtabharfar ‘fógra scoir', ar fógra é á rá gur scoireadh an ceapachán i scríbhinn, i gceann amháin nó níos mó de na nuachtáin a scaiptear sa Stát laistigh de cheithre lá dhéag ón am a gcuirfidh an táirgeoir táirgí scor an cheapacháin i scríbhinn in iúl.

(b) Más rud é nach ndéanfaidh idirghabhálaí táirgí infheistíochta, a ndearnadh a cheapachán i scríbhinn a scor, fógra scoir a fhoilsiú de réir cheanglais mhír (a), déanfaidh an táirgeoir táirgí a scoir an ceapachán i scríbhinn a chinntiú go bhfoilseofar fógra scoir i gceann amháin nó níos mó de na nuachtáin a scaiptear sa Stát.”.

Leasú ar alt 33 d'Acht 1995.

62. —Leasaítear leis seo alt 33 d'Acht 1995—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) (a) Féadfaidh údarás maoirseachta ceanglais a leagan amach i leith cuntas agus iniúchadh gnólachta gnó infheistíochta údaraithe atá comhdhéanta mar chomhlacht neamhchorpraithe daoine nó mar thrádálaí aonair lena n-áirítear ceanglais atá ar aon dul leo sin atá leagtha amach in Achtanna na gCuideachtaí agus féadfaidh sé dualgais nó oibleagáidí a fhorchur ar an iniúchóir nó ar an ngnólacht gnó infheistíochta údaraithe lena mbaineann.

 (b) A luaithe is féidir tar éis iniúchadh a chríochnú tabharfaidh iniúchóir gnólachta gnó infheistíochta údaraithe scéala don údarás maoirseachta i dtaobh ar shainaithin sé aon sáruithe ar an Acht seo i gcúrsa iniúchadh a dhéanamh ar an ngnólacht gnó infheistíochta údaraithe.”;

agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (15):

“(16) Féadfaidh an t-údarás maoirseachta a cheangal ar iniúchóir gnólachta gnó infheistíochta bheartaithe aon fhaisnéis a thabhairt ar faisnéis í a cheanglaítear ar iniúchóir gnólachta gnó infheistíochta údaraithe a thabhairt faoi ailt 32 agus 35, agus faoin alt seo, den Acht seo.”.

Leasú ar alt 38 d'Acht 1995.

63. —Leasaítear leis seo alt 38 d'Acht 1995 i bhfo-alt (2) trí “go sroichfeadh” a chur in ionad “go mbeadh” agus trí “sealúchas cáilitheach nó go mbeadh sí níos mó ná é, nó” a chur in ionad “níos mó ná sealúchas cáilitheach, nó” i mír (a) agus tá an fo-alt arna leasú amhlaidh leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(2) Sa Chuid seo ciallaíonn “idirbheart fála” duine nó níos mó ná duine amháin atá ag gníomhú de chomhbheart d'fháil scaireanna nó leasa eile, go díreach nó go neamhdhíreach, i ngnólacht gnó infheistíochta údaraithe:

Ar choinníoll, tar éis na fála beartaithe—

(a) go sroichfeadh an chionmhaireacht de na cearta vótála nó den chaipiteal a bheidh á sealbhú ag an duine nó ag na daoine a dhéanfaidh an t-idirbheart fála sealúchas cáilitheach nó go mbeadh sí níos mó ná é, nó

(b) go sroichfeadh an chionmhaireacht de na cearta vótála nó den chaipiteal a bheidh á sealbhú ag an duine nó ag na daoine a dhéanfaidh an t-idirbheart fála 20 faoin gcéad, 33 faoin gcéad nó 50 faoin gcéad, nó go mbeadh sí níos mó ná na méideanna sin, nó

(c) go dtiocfadh gnólacht gnó infheistíochta údaraithe chun bheith ina fhochuideachta de chuid an fhaighteora.

Leasú ar alt 52 d'Acht 1995.

64. —Leasaítear leis seo alt 52 d'Acht 1995 leis seo tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (7):

“(7) (a) Maidir le haon leachtaitheoir, glacadóir, riarthóir, scrúdaitheoir, sannaí oifigiúil nó creidiúnaí de chuid gnólachta gnó infheistíochta, ní bheidh aige ná ní bhfaighidh sé aon chúlárach nó ceart in aghaidh airgid cliaint nó ionstraimí infheistíochta cliaint nó doiciméad teidil a bhaineann leis na hionstraimí infheistíochta sin a gheobhaidh, a shealbhóidh, a rialóidh nó a íocfaidh gnólacht gnó infheistíochta thar ceann cliaint go dtí go mbeidh gach éileamh cuí de chuid cliant nó de chuid a n-oidhrí, a gcomharbaí nó a sannaithe in aghaidh airgid cliaint agus ionstraimí infheistíochta cliaint nó doiciméad teidil a bhaineann leis na hionstraimí infheistíochta sin glanta go hiomlán.

(b) D'ainneoin mhír (a) den fho-alt seo, maidir le leachtaitheoir, glacadóir, riarthóir, scrúdaitheoir nó sannaí oifigiúil, féadfaidh cúlárach nó ceart a bheith aige in aghaidh airgid cliaint nó ionstraimí infheistíochta cliaint nó doiciméad teidil a bhaineann leis na hionstraimí infheistíochta sin a gheobhaidh, a shealbhóidh, a rialóidh nó a íocfaidh gnólacht gnó infheistíochta thar ceann cliaint i leith cibé caiteachais réasúnacha a thabhaítear le linn dóibh a gcuid feidhmeanna a fheidhmiú faoin Acht seo nó faoin Acht um Chúiteamh d'Infheisteoirí, 1998 , nó a thabhaítear le linn airgead cliaint agus ionstraimí infheistíochta a dháileadh ar chliaint an ghnólachta gnó infheistíochta i gcás ina mbeidh sócmhainní an ghnólachta gnó infheistíochta ídithe.

(c) Déanfaidh leachtaitheoir, glacadóir, riarthóir, scrúdaitheoir nó sannaí oifigiúil iarratas chuig an gCúirt sula lorgóidh sé cúlárach nó ceart in aghaidh airgid cliaint nó ionstraimí infheistíochta cliaint nó doiciméad teidil a bhaineann leis na hionstraimí infheistíochta sin a gheobhaidh, a shealbhóidh, a rialóidh nó a íocfaidh gnólacht gnó infheistíochta thar ceann cliaint faoi mhír (b) den fho-alt seo agus cinnfidh an Chúirt an t-ábhar agus déanfaidh sí cibé ordú is cuí léi.”.

Leasú ar alt 54 d'Acht 1995.

65. —Leasaítear leis seo alt 54 d'Acht 1995—

(a) trí “údaraithe” a scriosadh cibé áit a bhfuil sé i ndiaidh “gnólacht gnó infheistíochta”, “gnólachta gnó infheistíochta“, agus “ghnólachta gnó infheistíochta”, agus

(b) trí “maidir le haon duine amháin nó níos mó d'oifigigh nó d'úinéirí tairbhiúla nó d'iaroifigigh nó d'iarúinéirí tairbhiúla, nó d'aon daoine díobh,” a chur in ionad “maidir le haon duine amháin nó níos mó d'oifigigh nó d'iaroifigigh, nó díobh araon,”, cibé áit a bhfuil sé,

agus tá an t-alt arna leasú amhlaidh leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

54.—(1) Más rud é—

(a) go mbeidh gnólacht gnó infheistíochta á fhoirceannadh agus nach mbeidh sé ábalta a fhiacha go léir a íoc agus go mbeidh sárú déanta aige ar alt 19, 52(3), 52(5) nó 52(6) den Acht seo, agus

(b) go measann an Chúirt, maidir leis an sárú sin, gurbh é ba chuid den chúis le neamhábaltacht gnólachta gnó infheistíochta a fhiacha go léir a íoc nó gurbh é a bhí mar thoradh air ná éiginnteacht shubstaintiúil maidir le méid, suíomh nó úinéireacht, nó éiginnteacht eile i dtaobh, sócmhainní agus dliteanas gnólachta gnó infheistíochta nó airgead nó ionstraimí infheistíochta chliaint an ghnólachta gnó infheistíochta sin nó gur chuir sé bac substaintiúil ar a fhoirceannadh ordúil,

féadfaidh an Chúirt, ar iarratas ón leachtaitheoir nó ón nglacadóir nó ó údarás maoirseachta nó ó aon chreidiúnaí nó cliant nó infheisteoir, más cuí léi déanamh amhlaidh, a dhearbhú, maidir le haon duine amháin nó níos mó d'oifigigh nó d'úinéirí tairbhiúla nó d'iaroifigigh nó d'iarúinéirí tairbhiúla, nó d'aon daoine díobh, de chuid an ghnólachta gnó infheistíochta sin atá ag mainneachtain, go mbeidh dliteanas pearsanta air nó orthu, gan aon teorainn dliteanais, as fiacha uile agus dliteanais eile an ghnólachta gnó infheistíochta sin, nó as cibé cuid díobh a shonróidh an Chúirt.

(2) (a) I gcás ina ndéanfaidh an Chúirt dearbhú faoi fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh sí cibé ordacháin a thabhairt is cuí léi chun éifeacht a thabhairt don dearbhú agus, go háirithe, féadfaidh sí foráil a dhéanamh chun go mbeidh dliteanas aon duine den sórt sin faoin dearbhú ina mhuirear ar aon fhiach nó oibleagáid a bheidh dlite dó de ghnólacht gnó infheistíochta, nó ar aon mhorgáiste nó muirear nó ar aon leas in aon mhorgáiste nó muirear ar aon sócmhainní de chuid gnólachta gnó infheistíochta a bheidh ar seilbh aige nó dílsithe dó nó ar seilbh ag aon chuideachta nó duine eile thar a cheann, nó dílsithe di nó dó, nó ag aon duine nó d'aon duine a bheidh ag éileamh mar shannaí ón duine atá faoi dhliteanas faoin dearbhú nó tríd nó ó aon chuideachta nó duine a bheidh ag gníomhú thar a cheann, nó tríthi nó tríd, agus féadfaidh sí, ó am go ham, cibé ordú breise is gá a dhéanamh chun aon mhuirear a fhorchuirtear faoin bhfo-alt seo a fhorfheidhmiú.

(b) I mír (a) den fho-alt seo, folaíonn “sannaí” aon duine ar chuige nó ar ina fhabhar a rinneadh, le treoracha an duine faoi dhliteanas, an fiach, an oibleagáid nó an morgáiste a chruthú, a eisiúint nó a aistriú, nó a cruthaíodh an leas, ach ní fholaíonn sé sannaí ar chomaoin luachmhar (gan comaoin ar mhodh pósta a áireamh) a bheidh tugtha de mheon macánta agus gan fógra maidir le haon cheann de na hábhair ar ar a bhforais a rinneadh an dearbhú.

(3) Ní dhéanfaidh an Chúirt dearbhú faoi fho-alt (1) den alt seo i leith duine má mheasann sí—

(a) gur ghlac sé gach beart réasúnach chun a áirithiú go gcomhlíonfadh gnólacht gnó infheistíochta alt 19, 52(3), 52(5) nó 52(6) den Acht seo, nó

(b) go raibh cúis réasúnach aige chun a chreidiúint, agus gur chreid sé, gur cuireadh de dhualgas ar dhuine inniúil iontaofa, agus é ag gníomhú faoi mhaoirseacht nó rialú stiúrthóra a bhfuil an fhreagracht sin tugtha go foirmiúil dó, a chinntiú gur comhlíonadh alt 19, 52(3), 52(5) nó 52(6) den Acht seo agus go raibh sé in ann an dualgas sin a chomhlíonadh.

(4) Beidh éifeacht leis an alt seo d'ainneoin go bhféadfadh sé go ndlífear an duine lena mbaineann a ionchúiseamh i gcion coiriúil i leith na n-ábhar ar ar a bhforas a bheidh an dearbhú le déanamh nó gur ciontaíodh an duine sin i gcion den sórt sin.

(5) San alt seo folaíonn “oifigeach”, i ndáil le gnólacht gnó infheistíochta, duine a bheidh ciontaithe i gcion faoi alt 34 nó 79(7) den Acht seo nó alt 194 d'Acht na gCuideachtaí, 1990 , i ndáil le ráiteas a bhaineann leis an ngnólacht gnó infheistíochta lena mbaineann do choinneáil taifead cuntasaíochta cuí.

(6) Aon duine, ar stiúrthóir gnólachta gnó infheistíochta é, a mhainneoidh gach beart réasúnach a ghlacadh chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh gnólacht gnó infheistíochta ceanglais alt 19, 52(3), 52(5) nó 52(6) den Acht seo nó a bheidh, mar gheall ar a ghníomh toiliúil féin, ina chúis le haon mhainneachtain ag gnólacht gnó infheistíochta faoi na hailt sin, beidh sé ciontach i gcion:

Ar choinníoll, áfach—

(a) in aon imeachtaí in aghaidh duine i leith ciona faoin alt seo, arb é a bheidh ann mainneachtain bearta réasúnacha a ghlacadh chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh gnólacht gnó infheistíochta ceanglais an ailt seo, gur cosaint é a chruthú go raibh cúis réasúnach aige chun a chreidiúint, agus gur chreid sé, gur cuireadh de dhualgas ar dhuine inniúil iontaofa a chinntiú gur comhlíonadh na ceanglais sin agus go raibh sé in ann an dualgas sin a chomhlíonadh, agus

(b) nach gcuirfear pianbhreith phríosúnachta ar dhuine mar gheall ar chion den sórt sin, mura rud é, i dtuairim na Cúirte, go ndearnadh an cion go toiliúil.

Leasú ar alt 65 d'Acht 1995.

66. —Leasaítear leis seo alt 65 d'Acht 1995 i bhfo-alt (2) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (h):

“(hh) cumarsáid a dhéanamh le haon chliant de chuid gnólachta gnó infheistíochta chun na seirbhísí gnó infheistíochta a soláthraíodh don chliant a dheimhniú;”.

Leasú ar alt 74 d'Acht 1995.

67. —Leasaítear leis seo alt 74 d'Acht 1995—

(a) i bhfo-alt (7), trí “cinneadh a dhéanamh i dtaobh ar tharla” a chur in ionad “an t-iarratas a dhíbhe nó féadfaidh sé cinneadh a dhéanamh gur tharla” agus tá an fo-alt arna leasú amhlaidh leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an mír seo.

AN TÁBLA

(7) Tar éis fiosrúcháin ag Coiste arna cheapadh faoi fho-alt (5) den alt seo, féadfaidh an Coiste sin cinneadh a dhéanamh i dtaobh ar tharla sárú ar choinníoll nó ar cheanglas, agus féadfaidh sé gach ceann nó aon cheann de na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a) iomardú a eisiúint chuig gnólacht gnó infheistíochta nó chuig comhlacht gairmiúil,

(b) a ordú go n-íocfaidh gnólacht gnó infheistíochta nó comhlacht gairmiúil suim shonraithe nach mó ná £500,000 leis an údarás maoirseachta i leith aon sáraithe ar choinníoll nó ar cheanglas,

(c) socrú a dhéanamh chun cibé sonraí is cuí leis maidir le cinneadh a dhéantar faoin bhfo-alt seo a fhoilsiú san Iris Oifigiúil agus i nuachtán amháin nó níos mó a scaiptear sa Stát,

(d) cibé ordú is cuí leis a dhéanamh i dtaobh costas.

(b) i bhfo-alt (8), trí “laistigh de dhá mhí ó dháta chinneadh an Choiste nó cibé tréimhse bhreise is cuí leis an gCúirt” a chur isteach roimh “agus féadfaidh an Chúirt cinneadh an Choiste a athrú nó a neamhniú” agus tá an fo-alt arna leasú amhlaidh leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an mír seo.

AN TÁBLA

(8) Féadfaidh gnólacht gnó infheistíochta nó comhlacht gairmiúil achomharc a dhéanamh chuig an gCúirt in aghaidh cinnidh ón gCoiste arna eisiúint faoi fho-alt (7) den alt seo laistigh de dhá mhí ó dháta chinneadh an Choiste nó cibé tréimhse bhreise is cuí leis an gCúirt agus féadfaidh an Chúirt cinneadh an Choiste a athrú nó a neamhniú.

Leasú ar alt 75 d'Acht 1995.

68. —Leasaítear leis seo alt 75 d'Acht 1995 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Féadfar aon leabhair nó doiciméid a mbeidh seilbh glactha orthu faoin alt seo a choimeád ar feadh tréimhse sé mhí nó—

(i) más rud é, laistigh den tréimhse sin, go dtosófar aon imeachtaí coiriúla den sórt a luaitear i bhfo-alt (1)(a) d'alt 78 den Acht seo (ar imeachtaí iad a bhfuil baint ag na leabhair nó ag na doiciméid leo), go dtí go dtabharfar na himeachtaí sin chun críche, nó

(ii) más rud é, laistigh den tréimhse sin, go dtosóidh an Garda Síochána imscrúdú ar nithe a bhaineann le fo-alt (1)(a) d'alt 78 den Acht seo (agus go mbeidh baint ag na leabhair nó ag na doiciméid leis an imscrúdú), go dtí go dtabharfar an t-imscrúdú chun críche.”.

Leasú ar alt 79 d'Acht 1995.

69. —Leasaítear leis seo alt 79 d'Acht 1995—

(a) i bhfo-alt (1), trí “28(5),” a chur isteach roimh “30”, agus

(b) trí fho-alt (7) a scriosadh agus an fo-alt seo a leanas a chur ina ionad:

“(7) Aon duine, i gcomhlíonadh airbheartaithe aon fhorála den Acht seo nó aon rialacháin arna dhéanamh faoin gcéanna—

(a) a sholáthróidh freagra nó míniú, a thabharfaidh ráiteas, nó a dhéanfaidh aon tuairisceán, tuarascáil, deimhniú, clár comhardaithe nó doiciméad eile a thabhairt ar aird, a thaisceadh nó a sheachadadh atá bréagach i bponc ábhartha, agus a fhios aige é nó í a bheith bréagach, nó

(b) a dhéanfaidh, go meargánta, freagra nó míniú a sholáthar, ráiteas a thabhairt nó aon tuairisceán, tuarascáil, deimhniú, clár comhardaithe nó doiciméad eile a thabhairt ar aird, a thaisceadh nó a sheachadadh atá bréagach i bponc ábhartha, nó

(c) a dhéanfaidh faisnéis a choimeád siar nó a fhágáil ar lár go feasach,

beidh sé ciontach i gcion.”.

Leasú ar alt 8 den Acht um Stocmhalartáin, 1995.

70. —Leasaítear leis seo alt 8 den Acht um Stocmhalartáin, 1995, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4):

“(5) (a) Féadfaidh an Banc socrú a dhéanamh chun fógraí a fhoilsiú in aon cheann de na nuachtáin a scaiptear sa Stát nó in áit eile nó san Iris Oifigiúil, i gcás ina gcreideann an Banc le réasún go bhfuil cuideachta atá cláraithe sa Stát nó aon duine eile atá ag oibriú sa Stát ag gníomhú mar stocmhalartán nó ag éileamh nó á thabhairt le tuiscint ina leith féin gur stocmhalartán í nó é gan cheadú de réir mar a cheanglaítear in alt 8(2) den Acht seo.

(b) Féachfaidh an Banc le fógra seacht lá a thabhairt don stocmhalartán i dtaobh é a bheith ar intinn aige foilsiú a dhéanamh de réir mhír (a) den fho-alt seo.”.

Leasú ar alt 14 den Acht um Stocmhalartáin, 1995.

71. —Leasaítear leis seo alt 14 den Acht um Stocmhalartáin, 1995, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (7):

“(7) Déanfaidh an Banc fógra faoi chúlghairm ceadaithe stocmhalartáin láithrigh a fhoilsiú san Iris Oifigiúil agus i nuachtán amháin nó níos mó a scapitear sa Stát laistigh de 28 lá ó chúlghairm an cheadaithe.”.

Leasú ar alt 17 den Acht um Stocmhalartáin, 1995.

72. —Leasaítear leis seo alt 17 den Acht um Stocmhalartáin, 1995, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2)—

“(3) (a) Féadfaidh an Banc socrú a dhéanamh chun fógraí a fhoilsiú in aon cheann de na nuachtáin a scaiptear sa Stát nó in áit eile nó san Iris Oifigiúil, i gcás ina gcreideann an Banc le réasún go bhfuil cuideachta atá cláraithe sa Stát nó aon duine eile atá ag oibriú sa Stát ag gníomhú mar bhallghnólacht nó ag éileamh nó á thabhairt le tuiscint ina leith féin gur ballghnólacht í nó é gan údarú de réir mar a cheanglaítear in alt 17(2) den Acht seo.

(b) Féachfaidh an Banc le fógra seacht lá a thabhairt don bhallghnólacht i dtaobh é a bheith ar intinn aige foilsiú a dhéanamh de réir mhír (a) den fho-alt seo.”.

Leasú ar alt 18 den Acht um Stocmhalartáin, 1995.

73. —Leasaítear leis seo alt 18 den Acht um Stocmhalartáin, 1995, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3)—

“(3) (a) Aon uair a chinnfidh an Banc diúltú údarú a dheonú do bhallghnólacht beartaithe faoin alt seo, seirbheálfaidh sé fógra ar an mballghnólacht beartaithe i dtaobh a chinnidh diúltú é a údarú agus luafaidh sé na cúiseanna atá leis agus féadfaidh an ballghnólacht beartaithe, laistigh de 21 lá ón bhfógra sin a fháil, achomharc a dhéanamh chun na Cúirte in aghaidh an chinnidh.

(b) Mura ndéanfaidh an ballghnólacht beartaithe achomharc laistigh den tréimhse atá sonraithe i mír (a) den fho-alt seo, eiseoidh an Banc fógra chuig an mballghnólacht beartaithe i dtaobh a chinnidh diúltú é a údarú.

(c) Déanfaidh an Banc fógra i dtaobh an diúltaithe údarú a dheonú do bhallghnólacht beartaithe a fhoilsiú san Iris Oifigiúil agus i nuachtán amháin nó níos mó a scaiptear sa Stát laistigh de 28 lá ón dáta a dhéantar an cinneadh údarú a dhiúltú.”.

Leasú ar alt 24 den Acht um Stocmhalartáin, 1995.

74. —Leasaítear leis seo alt 24 den Acht um Stocmhalartáin, 1995, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (8)—

“(8) Déanfaidh an Banc fógra i dtaobh cúlghairm a dhéanamh ar údarú ballghnólachta údaraithe a fhoilsiú san Iris Oifigiúil agus i nuachtán amháin nó níos mó a scaiptear sa Stát laistigh de 28 lá ón dáta a chúlghairtear an t-údarú.”.

Leasú ar alt 29 den Acht um Stocmhalartáin, 1995.

75. —Leasaítear leis seo alt 29 den Acht um Stocmhalartáin, 1995—

(a) i bhfo-alt (1)—

(i) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (i):

“(i) stiúrthóirí agus iad siúd atá freagrach as bainistiú stocmhalartán ceadaithe, stocmhalartán a bhí ceadaithe tráth, stocmhalartán beartaithe nó stocmhalartán agus ballghnólachtaí údaraithe, ballghnólachtaí a bhí údaraithe tráth, ballghnólachtaí beartaithe nó ballghnólachtaí;”,

(ii) trí na míreanna seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (i):

“(j) aon duine a airbheartaíonn gníomhú nó a gcreideann an Banc le réasún go bhfuil sé ag gníomhú mar stocmhalartán nó thar a cheann nó mar bhallghnólacht nó thar a cheann;

(k) stiúrthóirí stocmhalartáin nó ballghnólachta, nó iad siúd atá freagrach as bainistiú an stocmhalartáin nó an bhallghnólachta sin, a mhainnigh comhoibriú le hoifigeach údaraithe arna cheapadh faoi alt 55 den Acht seo, nó le cigire arna cheapadh faoi alt 57, 58 nó 64 den Acht seo,”,

(b) i bhfo-alt (5), trí “agus éifeacht a bheith leis an ordachán sin ó dháta a shonróidh an Banc” a chur in ionad “agus éifeacht láithreach a bheith leis an ordachán sin”.

Leasú ar alt 34 den Acht um Stocmhalartáin, 1995.

76. —Leasaítear leis seo alt 34 den Acht um Stocmhalartáin, 1995—

(a) trí fho-alt (2) a ainmniú mar mhír (a) agus an mhír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (a):

“(b) A luaithe is féidir tar éis iniúchadh a críochnú tabharfaidh iniúchóir stocmhalartáin cheadaithe nó ballghnólachta údaraithe scéala don Bhanc i dtaobh ar shainaithin sé, i gcúrsa an stocmhalartán ceadaithe nó an ballghnólacht údaraithe a iniúchadh, aon sáruithe ar an Acht.”,

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (15):

“(16) Féadfaidh an Banc a cheangal ar iniúchóir stocmhalartáin bheartaithe nó ballghnólachta bheartaithe aon fhaisnéis a thabhairt ar faisnéis í a cheanglaítear ar iniúchóir stocmhalartáin cheadaithe nó ballghnólachta údaraithe a thabhairt in ailt 34 agus 36 den Acht seo.”.

Leasú ar alt 39 den Acht um Stocmhalartáin, 1995.

77. —Leasaítear leis seo alt 39 den Acht um Stocmhalartáin, 1995, i bhfo-alt (2) trí “go sroichfeadh” a chur in ionad “go mbeadh” agus trí “sealúchas cáilitheach nó go mbeadh sí níos mó ná é, nó” a chur in ionad “níos mó ná sealúchas cáilitheach, nó” i mír (a) agus tá an fo-alt arna leasú amhlaidh leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(2) Sa Chuid seo ciallaíonn “idirbheart fála” duine nó níos mó ná duine amháin, atá ag gníomhú de chomhbheart, d'fháil scaireanna nó leasa eile, go díreach nó go neamhdhíreach, i stocmhalartán ceadaithe nó i mballghnólacht údaraithe ar choinníoll, tar éis na fála beartaithe—

(a) go sroichfeadh an chionmhaireacht de na cearta vótála nó den chaipiteal a bheidh á sealbhú ag an duine nó ag na daoine a dhéanfaidh an t-idirbheart fála sealúchas cáilitheach nó go mbeadh sí níos mó ná é, nó

(b) go sroichfeadh an chionmhaireacht de na cearta vótála nó den chaipiteal a bheidh á sealbhú ag an duine nó ag na daoine a dhéanfaidh an t-idirbheart fála 20 faoin gcéad, 33 faoin gcéad nó 50 faoin gcéad, nó go mbeadh sí níos mó ná na méideanna sin, nó

(c) go dtiocfadh an stocmhalartán ceadaithe nó an ballghnólacht údaraithe chun bheith ina fhochuideachta de chuid an fhaighteora.

Leasú ar alt 52 den Acht um Stocmhalartáin, 1995.

78. —Leasaítear leis seo alt 52 den Acht um Stocmhalartáin, 1995, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (5):

“(5) (a) Maidir le haon leachtaitheoir, glacadóir, riarthóir, scrúdaitheoir nó creidiúnaí de chuid ballghnólachta, ní bheidh aige ná ní bhfaighidh sé aon chúlárach nó ceart in aghaidh airgid cliaint nó ionstraimí infheistíochta cliaint nó doiciméad teidil cliaint a bhaineann leis na hionstraimí infheistíochta sin a gheofar, a shealbhófar, a rialófar nó a íocfar thar ceann an chliaint go dtí go mbeidh gach éileamh cuí de chuid an chliaint nó de chuid oidhrí, chomharbaí nó shannaithe an chliaint in aghaidh airgead an chliaint nó ionstraimí infheistíochta nó dhoiciméid teidil an chliaint glanta go hiomlán.

(b) D'ainneoin mhír (a) d'alt 52(5) den Acht seo, maidir le leachtaitheoir, glacadóir, riarthóir, scrúdaitheoir nó creidiúnaí, féadfaidh cúlárach nó ceart a bheith aige in aghaidh airgid cliaint nó ionstraimí infheistíochta cliaint nó doiciméad teidil cliaint a bhaineann leis na hionstraimí infheistíochta sin a gheobhaidh, a shealbhóidh, a rialóidh nó a íocfaidh ballghnólacht thar ceann cliaint i leith cibé caiteachais réasúnacha a thabhaítear le linn dóibh a gcuid feidhmeanna a fheidhmiú faoin Acht seo nó faoin Acht um Chúiteamh d'Infheisteoirí, 1998 , nó a thabhaítear le linn airgead cliaint agus ionstraimí infheistíochta a dháileadh ar chliaint an bhallghnólachta i gcás ina mbeidh sócmhainní an bhallghnólachta ídithe.

(c) Déanfaidh leachtaitheoir, glacadóir, riarthóir, scrúdaitheoir nó sannaí oifigiúil iarratas chuig an gCúirt sula lorgóidh sé cúlárach nó ceart in aghaidh airgid cliaint nó ionstraimí infheistíochta cliaint nó doiciméad teidil a bhaineann leis na hionstraimí infheistíochta sin a gheobhaidh, a shealbhóidh, a rialóidh nó a íocfaidh ballghnólacht thar ceann cliaint faoi mhír (b) den fho-alt seo agus cinnfidh an Chúirt an t-ábhar agus déanfaidh sí cibé ordú is cuí léi.”.

Leasú ar alt 54 den Acht um Stocmhalartáin, 1995.

79. —Leasaítear leis seo alt 54 den Acht um Stocmhalartáin, 1995—

(a) trí “ceadaithe” a scriosadh i ndiaidh “stocmhalartán” agus “cheadaithe” a scriosadh i ndiaidh “stocmhalartáin” cibé áit a bhfuil siad,

(b) trí “údaraithe” a scriosadh i ndiaidh “ballghnólacht”, “ballghnólachta” agus “bhallghnólachta”, cibé áit a bhfuil sé, agus

(c) trí “maidir le haon duine amháin nó níos mó d'oifigigh nó d'úinéirí tairbhiúla nó d'iaroifigigh nó d'iarúinéirí tairbhiúla, nó d'aon daoine díobh,” a chur in ionad “maidir le haon duine amháin nó níos mó d'oifigigh nó d'iaroifigigh nó díobh araon”, cibé áit a bhfuil sé,

agus tá an t-alt arna leasú amhlaidh leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

54.—(1) Más rud é—

(a) go mbeidh stocmhalartán nó ballghnólacht á fhoirceannadh agus nach mbeidh sé ábalta a fhiacha go léir a íoc agus go mbeidh sárú déanta aige ar alt 15, 27 nó 52(3) den Acht seo, agus

(b) go measann an Chúirt, maidir leis an sárú sin, gurbh é ba chuid den chúis le neamhábaltacht an stocmhalartáin nó an bhallghnólachta a fhiacha go léir a íoc nó gurbh é a bhí mar thoradh air ná éiginnteacht shubstaintiúil maidir le méid, suíomh nó úinéireacht, nó éiginnteacht eile i dtaobh, shócmhainní agus dhliteanais an stocmhalartáin nó an bhallghnólachta nó airgead nó ionstraimí infheistíochta chliaint an stocmhalartáin nó an bhallghnólachta sin nó gur chuir sé bac substaintiúil ar a fhoirceannadh ordúil,

féadfaidh an Chúirt, ar iarratas ón leachtaitheoir nó ón nglacadóir nó ón mBanc nó ó aon chreidiúnaí nó cliant nó infheisteoir, más cuí léi déanamh amhlaidh, a dhearbhú, maidir le haon duine amháin nó níos mó d'oifigigh nó d'úinéirí tairbhiúla nó d'iaroifigigh nó d'iarúinéirí tairbhiúla, nó d'aon duine díobh, de chuid an stocmhalartáin nó an bhallghnólachta sin, atá ag mainneachtain, go mbeidh dliteanas pearsanta air nó orthu, gan aon teorainn dliteanais, as fiacha uile agus dliteanais eile an stocmhalartáin nó an bhallghnólachta sin, nó as cibé cuid díobh a shonróidh an Chúirt.

(2) (a) I gcás ina ndéanfaidh an Chúirt dearbhú faoi fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh sí cibé ordacháin a thabhairt is cuí léi chun éifeacht a thabhairt don dearbhú, agus, go háirithe, féadfaidh sí foráil a dhéanamh chun go mbeidh dliteanas aon duine den sórt sin faoin dearbhú ina mhuirear ar aon fhiach nó oibleagáid a bheidh dlite dó ón stocmhalartán nó ón mballghnólacht, nó ar aon mhorgáiste nó muirear nó aon leas in aon mhorgáiste nó muirear ar aon sócmhainní de chuid an stocmhalartáin nó an bhallghnólachta a bheidh ar seilbh aige nó dílsithe dó nó ar seilbh ag aon chuideachta eile nó duine eile thar a cheann, nó dílsithe di nó dó, nó ag aon duine nó d'aon duine a bheidh ag éileamh mar shannaí ón duine atá faoi dhliteanas faoin dearbhú nó tríd nó ó aon chuideachta nó duine a bheidh ag gníomhú thar a cheann, nó tríthi nó tríd, agus féadfaidh sí, ó am go ham, cibé ordú breise is gá a dhéanamh chun aon mhuirear a fhorchuirtear faoin bhfo-alt seo a fhorfheidhmiú.

(b) I mír (a) den fho-alt seo, folaíonn “sannaí” aon duine ar chuige nó ar ina fhabhar a rinneadh, le hordacháin ón duine faoi dhliteanas, an fiach, an oibleagáid nó an morgáiste a chruthú, a eisiúint nó a aistriú, nó a cruthaíodh an leas, ach ní fholaíonn sé sannaí ar chomaoin luachmhar (gan comaoin ar mhodh pósta a áireamh) a bheidh tugtha de mheon macánta agus gan fógra maidir le haon cheann de na hábhair ar ar a bhforais a rinneadh an dearbhú.

(3) Ní dhéanfaidh an Chúirt dearbhú faoi fho-alt (1) den alt seo i leith duine má mheasann sí—

(a) gur ghlac sé gach beart réasúnach chun a áirithiú go gcomhlíonfadh an stocmhalartán nó an ballghnólacht alt 15, 27 nó 52(3) den Acht seo, nó

(b) go raibh cúis réasúnach aige chun a chreidiúint, agus gur chreid sé, gur cuireadh de dhualgas ar dhuine inniúil iontaofa, agus é ag gníomhú faoi mhaoirseacht nó rialú stiúrthóra a bhfuil an fhreagracht sin tugtha go foirmiúil dó, a chinntiú gur comhlíonadh alt 15, 27 nó 52(3) den Acht seo agus go raibh sé in ann an dualgas sin a chomhlíonadh.

(4) Beidh éifeacht leis an alt seo d'ainneoin go bhféadfadh sé go ndlífear an duine lena mbaineann a ionchúiseamh i gcion coiriúil i leith na n-ábhar ar ar a bhforas a bheidh an dearbhú le déanamh nó gur ciontaíodh an duine sin i gcion den sórt sin.

(5) San alt seo folaíonn “oifigeach”, i ndáil le stocmhalartán nó ballghnólacht, duine a bheidh ciontaithe i gcion faoi alt 194 d'Acht na gCuideachtaí, 1990 , nó alt 35 nó 70(7) den Acht seo, i ndáil le ráiteas a bhaineann leis an stocmhalartán nó leis an mballghnólacht lena mbaineann do choinneáil taifead cuntasaíochta cuí.

(6) Aon duine, ar stiúrthóir stocmhalartáin nó ballghnólachta é, a mhainneoidh gach beart réasúnach a ghlacadh chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh an stocmhalartán nó an ballghnólacht ceanglais alt 15, 27 nó 52(3) den Acht seo, nó a bheidh, mar gheall ar a ghníomh toiliúil féin, ina chúis le haon mhainneachtain ag an stocmhalartán nó ag an mballghnólacht faoi na hailt sin, beidh sé ciontach i gcion:

Ar choinníoll, áfach—

(a) in aon imeachtaí in aghaidh duine i leith ciona faoin alt seo, arb é a bheidh ann mainneachtain bearta réasúnacha a ghlacadh chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh an stocmhalartán nó an ballghnólacht ceanglais an ailt seo, gur cosaint é a chruthú go raibh cúis réasúnach aige chun a chreidiúint, agus gur chreid sé, gur cuireadh de dhualgas ar dhuine inniúil iontaofa a chinntiú gur comhlíonadh na ceanglais sin agus go raibh sé in ann an dualgas sin a chomhlíonadh, agus

(b) nach gcuirfear pianbhreith phríosúnachta ar dhuine mar gheall ar chion den sórt sin, mura rud é, i dtuairim na Cúirte, go ndearnadh an cion go toiliúil.

Leasú ar alt 56 den Acht um Stocmhalartáin, 1995.

80. —Leasaítear leis seo alt 56 den Acht um Stocmhalartáin, 1995, i bhfo-alt (2)—

(a) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (a):

“(aa) aon áitreabh nó aon chuid d'áitreabh a gcoinnítear, nó a bhfuil forais réasúnacha ann chun a chreidiúint ina leith go gcoinnítear, leabhair, taifid nó doiciméid eile ann a dhaingniú le haghaidh iniúchadh tráth is faide anonn,”,

(b) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (b):

“(b) faoi réir breitheamh den Chúirt Dúiche d'eisiúint barántais chun na críche sin, aon leabhair, taifid nó doiciméid eile a gheobhaidh an t-oifigeach i gcúrsa a iniúchta a thógáil chun siúil ar feadh tréimhse réasúnaí le haghaidh tuilleadh scrúdaithe,”,

(c) trí na míreanna seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (c):

“(cc) a cheangal ar aon duine a bhfuil nó a raibh trealamh sonraí á úsáid aige nó á úsáid thar a cheann nó ar aon duine atá i bhfeighil an trealaimh sonraí nó i bhfeighil aon ghairis nó ábhair ghaolmhair, nó a bhfuil baint aige le hoibriú an chéanna ar shlí eile, cúnamh réasúnach a thabhairt don oifigeach údaraithe i ndáil leis sin,

(ccc) aon duine eile atá fostaithe i dtaca leis an tseirbhís ghnó infheistíochta nó leis an gcomhairle infheistíochta a ghairm, aon tráth réasúnach, chun aon fhaisnéis a theastóidh le réasún ón oifigeach údaraithe maidir leis an ngníomhaíocht sin a thabhairt don oifigeach agus aon leabhair, taifid nó doiciméid eile atá faoi chumhacht nó faoi urláimh an duine sin a thabhairt ar aird don oifigeach údaraithe,”,

agus

(d) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (d):

“(dd) cumarsáid a dhéanamh le haon chliant de chuid stocmhalartáin nó ballghnólachta chun na seirbhísí infheistíochta a soláthraíodh don chliant a dheimhniú.”.

Leasú ar alt 65 den Acht um Stocmhalartáin, 1995.

81. —Leasaítear leis seo alt 65 den Acht um Stocmhalartáin, 1995—

(a) i bhfo-alt (7), trí “cinneadh a dhéanamh i dtaobh ar tharla” a chur in ionad “an t-iarratas a dhíbhe nó féadfaidh sí cinneadh a dhéanamh gur tharla”, agus

(b) i bhfo-alt (8), trí “laistigh de dhá mhí ó dháta an chinnidh sin nó cibé tréimhse bhreise is cuí leis an gCúirt agus féadfaidh an Chúirt cinneadh an Choiste a athrú nó a neamhniú” a chur isteach i ndiaidh “den alt seo”,

agus tá na fo-ailt sin arna leasú amhlaidh leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(7) Tar éis fiosrúcháin ag Coiste arna cheapadh faoi fho-alt (5) den alt seo, féadfaidh an Coiste sin cinneadh a dhéanamh i dtaobh ar tharla sárú ar choinníoll nó ar cheanglas agus féadfaidh sé gach ceann nó aon cheann de na nithe seo a leanas a dhéanamh—

(a) iomardú a eisiúint chuig stocmhalartán ceadaithe nó chuig ballghnólacht,

(b) a ordú go n-íocfaidh stocmhalartán ceadaithe nó ballghnólacht suim shonraithe nach mó ná £500,000 leis an mBanc i leith aon sáraithe ar choinníoll nó ar cheanglas,

(c) cibé sonraí is cuí leis maidir le cinneadh a dhéantar faoin bhfo-alt seo a fhoilsiú san Iris Oifigiúil agus i nuachtán amháin nó níos mó a scaiptear sa Stát,

(d) cibé ordú is cuí leis a dhéanamh i dtaobh costas.

(8) Féadfaidh stocmhalartán ceadaithe nó ballghnólacht achomharc a dhéanamh chuig an gCúirt in aghaidh cinnidh ón gCoiste arna eisiúint faoi fho-alt (7) den alt seo laistigh de dhá mhí ó dháta an chinnidh sin nó cibé tréimhse bhreise is cuí leis an gCúirt agus féadfaidh an Chúirt cinneadh an Choiste a athrú nó a neamhniú.

Leasú ar alt 66 den Acht um Stocmhalartáin, 1995.

82. —Leasaítear leis seo alt 66 den Acht um Stocmhlartáin, 1995, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Féadfar aon leabhair nó doiciméid a mbeidh seilbh glactha orthu faoin alt seo a choimeád ar feadh tréimhse sé mhí nó—

(ii) más rud é, laistigh den tréimhse sin, go dtosófar aon imeachtaí coiriúla den sórt sin a luaitear i bhfo-alt (1)(a) d'alt 69 den Acht seo (ar imeachtaí iad a bhfuil baint ag na leabhair nó ag na doiciméid leo), go dtí go dtabharfar na himeachtaí sin chun críche, nó

(ii) más rud é, laistigh den tréimhse sin, go dtosóidh an Garda Síochána imscrúdú ar nithe a bhaineann le fo-alt (1)(a) d'alt 69 den Acht seo (agus go mbeidh baint ag na leabhair nó ag na doiciméid leis an imscrúdú), go dtí go dtabharfar an t-imscrúdú chun críche.”.

Leasú ar alt 70 den Acht um Stocmhalartáin, 1995.

83. —Leasaítear leis seo alt 70 den Acht um Stocmhalartáin, 1995, trí fho-alt (7) a scriosadh agus an fo-alt seo a leanas a chur ina ionad:

“(7) Aon duine, i gcomhlíonadh airbheartaithe aon fhorála den Acht seo nó aon rialacháin arna dhéanamh faoin gcéanna—

(a) a sholáthróidh freagra nó míniú, a thabharfaidh ráiteas nó a dhéanfaidh aon tuairisceán, tuarascáil, deimhniú, clár comhardaithe nó doiciméad eile a thabhairt ar aird, a thaisceadh nó a sheachadadh atá bréagach i bponc ábhartha, agus a fhios aige é nó í a bheith bréagach, nó

(b) a dhéanfaidh, go meargánta, freagra nó míniú a sholáthar, ráiteas a thabhairt, nó aon tuairisceán, tuarascáil, deimhniú, clár comhardaithe nó doiciméad eile a thabhairt ar aird, a thaisceadh nó a sheachadadh atá bréagach i bponc ábhartha, nó

(c) a dhéanfaidh faisnéis a choimeád siar nó a fhágáil ar lár go feasach,

beidh sé ciontach i gcion.”.

1 O.J. Uimh. L322, 17.12.1977.

2 O.J. Uimh. L386, 30.12.1989.

3 O.J. Uimh. L375, 31.12.1985.

1 O.J. Uimh. L141, 11.06.1993.

1 O.J. Uimh. L141, 11.06.1993.

1 O.J. Uimh. L141, 11.06.1993.

2 O.J. Uimh. L322, 17.12.1977.

3 O.J. Uimh. L386, 30.12.1989.

4 O.J. Uimh. L 26, 30.01.1977.