Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL)

41 1998

/images/harp.jpg


Uimhir 41 de 1998


AN tACHT UM CHINEÁLACHA PLANDAÍ (CEARTA DÍLSEÁNAIGH) (LEASÚ), 1998


RIAR NA nALT

Alt

1.

Léiriú.

2.

Leasú ar alt 1 den Phríomh-Acht.

3.

Leasú ar alt 2 den Phríomh-Acht.

4.

Leasú ar alt 3 den Phríomh-Acht.

5.

Leasú ar alt 4 den Phríomh-Acht.

6.

Leasú ar alt 5 den Phríomh-Acht.

7.

Leasú ar alt 6 den Phríomh-Acht.

8.

Leasú ar alt 7 den Phríomh-Acht.

9.

Leasú ar alt 8 den Phríomh-Acht.

10.

Leasú ar alt 11 den Phríomh-Acht.

11.

Leasú ar alt 12 den Phríomh-Acht.

12.

Leasú ar alt 23 den Phríomh-Acht.

13.

Leasú ar alt 25 den Phríomh-Acht.

14.

Leasú ar an gCéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

15.

Iarratas ar chearta póraitheoirí plandaí.

16.

Teorainn a chur le cosaint.

17.

Údarú ó shealbhóir.

18.

Tá gá le húdarú le haghaidh gníomhartha áirithe, etc.

19.

Níl gá le húdarú le haghaidh gníomhartha áirithe, etc.

20.

Fógra faisnéise.

21.

Caingean mar gheall ar shárú ar chearta póraitheoirí plandaí.

22.

Forálacha idirthréimhseacha.

23.

Aisghairm agus leasuithe ilghnéitheacha.

24.

Gearrtheideal, comhlua, forléiriú agus tosach feidhme.

AN SCEIDEAL


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Chineálacha Plandaí (Cearta Dílseánaigh), 1980

1980, Uimh. 24

/images/harp.jpg


Uimhir 41 de 1998


AN tACHT UM CHINEÁLACHA PLANDAÍ (CEARTA DÍLSEÁNAIGH) (LEASÚ), 1998

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN ACHTA UM CHINEÁLACHA PLANDAÍ (CEARTA DÍLSEÁNAIGH), 1980 , AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA. [16 Samhain, 1998]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “na hAchtanna” an Príomh-Acht agus an tAcht seo;

tá le “údarú” an bhrí a shanntar dó le halt 17;

ciallaíonn “an Coinbhinsiún” an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta do Chosaint Cineálacha Nua Plandaí a rinneadh an 2 Nollaig, 1961, mar a athchóiríodh é sa Ghinéiv an 10 Samhain, 1972, an 23 Deireadh Fómhair, 1978, agus an 19 Márta, 1991;

ciallaíonn “an Rialachán ón gComhairle” Rialachán (CE) Uimh. 2100/94 an 27 Iúil, 19941 ón gComhairle ar chearta Comhphobail maidir le cineálacha plandaí;

tá le “cineál bundíorthaithe” an bhrí a shanntar dó le halt 4 den Phríomh-Acht (arna chur isteach le halt 5);

tá le “sealbhóir” an bhrí a shanntar dó le halt 15;

tá le “cineál hibrideach” an bhrí a shanntar dó le halt 4 den Phríomh-Acht (arna chur isteach le halt 5);

tá le “fógra faisnéise” an bhrí a shanntar dó le halt 20;

tá le “cearta póraitheoirí plandaí” an bhrí a shanntar dó le halt 4 den Phríomh-Acht (arna leasú le halt 5);

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Chineálacha Plandaí (Cearta Dílseánaigh), 1980 ;

tá le “cineál cosanta” an bhrí a shanntar dó le halt 15;

tá le “ábhar buana neamhúdaraithe” an bhrí a shanntar dó le halt 18;

ciallaíonn “an tAontas” an tAontas Idirnáisiúnta chun Cineálacha Nua Plandaí a Chosaint a cuireadh ar bun leis an gCoinbhinsiún;

tá le “cineál a cruthaíodh le déanaí” an bhrí a shanntar dó le halt 15;

tá le “cineál nach bhfuil in-idirdhealaithe go soiléir” an bhrí a shanntar dó le halt 4 den Phríomh-Acht (arna chur isteach le halt 5).

(2) San Acht seo—

(a) aon tagairt d’alt nó do Sceideal, is tagairt í d’alt den Acht seo nó do Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d’achtachán éigin eile atá beartaithe,

(b) aon tagairt d’fho-alt nó do mhír, is tagairt í don fho-alt nó don mhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d’fhoráil éigin eile atá beartaithe,

(c) aon tagairt d’aon achtachán, is tagairt í don achtachán sin arna leasú, arna leathnú nó arna oiriúnú le haon achtachán nó faoi aon achtachán ina dhiaidh sin.

(3) San Acht seo forléireofar tagairt don Rialachán ón gComhairle mar thagairt don Rialachán ón gComhairle arna leasú, arna oiriúnú nó arna leathnú.

Leasú ar alt 1 den Phríomh-Acht.

2. —Leasaítear leis seo alt 1 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “cineál” i bhfo-alt (1):

“ciallaíonn ‘cineál’ grúpáil plandaí laistigh de thacsón luibheolaíoch aonair den aicme is ísle is eol, ar grúpáil í, is cuma cé acu a comhlíonadh nó nár comhlíonadh go hiomlán na coinníollacha chun ceart póraitheora plandaí a dheonú, ar féidir—

(a) í a shainiú trí na saintréithe a léiriú a thig as géinitíopa áirithe nó as cónasc áirithe géinitíopaí,

(b) idirdhealú a dhéanamh idir í agus aon ghrúpáil plandaí eile trí cheann amháin ar a laghad de na saintréithe sin a léiriú, agus

(c) í a mheas mar aonad i ndáil le hoiriúnacht na grúpála plandaí lena mbaineann chun fanacht gan athrú tar éis an iomadaithe;”,

(b) trí na mínithe ar “údarú”, “an Coinbhinsiún”, “tír Choinbhinsiúin” agus “sealbhóir” a scriosadh i bhfo-alt (1),

(c) tríd an míniú seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (1):

“ciallaíonn ‘Páirtí Conarthach’ stát nó eagraíocht idir-rialtasach is páirtí sa Choinbhinsiún nó a ndearnadh dearbhú faoi alt 2 den Acht seo ina leith;”,

agus

(d) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhíreanna (c) agus (d) i bhfo-alt (2):

“(c) do phlandaí iomlána nó páirteanna de phlandaí le plandú,”.

Leasú ar alt 2 den Phríomh-Acht.

3. —Leasaítear leis seo alt 2 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (1)—

(i) trí “do chosaint maoine intleachtúla nó d’aon chomhoibriú nó comhaontú idirnáisiúnta iomchuí eile do chosaint maoine intleachtúla” a chur in ionad “do chosaint cineálacha plandaí agus cearta póraitheoirí plandaí”, agus

(ii) trí “Páirtí Conarthach” a chur in ionad “tír choinbhinsiúin” gach áit a bhfuil sé,

agus

(b) trí “Páirtí Conarthach” a chur in ionad “tír choinbhinsiúin” i bhfo-alt (2),

agus tá na fo-ailt sin (1) agus (2), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(1) Chun go bhféadfar éifeacht a thabhairt d’aon choinbhinsiún nó comhaontú idirnáisiúnta do chosaint maoine intleachtúla nó d’aon chomhoibriú nó comhaontú idirnáisiúnta iomchuí eile do chosaint maoine intleachtúla ar páirtí ann an Stát, féadfaidh an Rialtas le hordú a dhearbhú gur Páirtí Conarthach chun críocha an Achta seo tír choigríche nó tíortha coigríche, arb amhlaidh don tír choigríche sin, nó do gach ceann de na tíortha coigríche sin, gur tír í ar páirtí sa choinbhinsiún nó sa chomhaontú a rialtas nó aon cheann dá ranna Stáit, agus fad a fhanfaidh an t-ordú i bhfeidhm is Páirtí Conarthach chun críocha an Achta seo aon tír choigríche ar tír í a bheidh sonraithe sa dearbhú a bheidh tugtha san ordú sin.

(2) Féadfaidh ordú faoin alt seo a fhoráil go sroichfidh an dearbhú a bheidh tugtha ann chuig aon chríoch a measfaidh rialtas thír choigríche a bheidh sonraithe sa dearbhú sin go bhfuil sé féin freagrach as a caidreamh eachtrach, agus i gcás ordú faoin alt seo dá fhoráil amhlaidh, ansin fad a bheidh an t-ordú i bhfeidhm maidir leis an tír choigríche sin measfar chun críocha an Achta seo gur Páirtí Conarthach an chríoch a mbeidh an dearbhú ag sroicheadh chuici amhlaidh.

Leasú ar alt 3 den Phríomh-Acht.

4. —Leasaítear leis seo alt 3 den Phríomh-Acht, i bhfo-alt (12), tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (c):

“(d) a údarú don Rialaitheoir comhshocraíochtaí a dhéanamh chun maoirseacht a dhéanamh ar thástálacha, trialacha nó scrúduithe i ndáil le cearta póraitheoirí plandaí arna ndéanamh ag iarratasóir in áitreabh an iarratasóra sin nó, faoi réir thoiliú an Rialaitheora, in aon áitreabh eile, nó chun torthaí tástálacha, trialacha nó scrúduithe den sórt sin a fháil nó fáil a bheith orthu,”.

Leasú ar alt 4 den Phríomh-Acht.

5. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 4:

“Cearta póraitheoirí plandaí.

4.—(1) San Acht seo ciallaíonn ‘cearta póraitheoirí plandaí’ na cearta dílseánaigh go léir i ndáil le cineál ar bith d’aon ghéineas nó speiceas planda a bheidh póraithe nó fionnta agus forbartha go neamhspleách.

(2) Aon chearta póraitheoirí plandaí a bhfuil feidhm acu maidir le cineál cosanta, beidh feidhm acu freisin—

(a) maidir le cineál atá bundíorthaithe ón gcineál cosanta sin, i gcás nach cineál bundíorthaithe é an cineál cosanta sin é féin,

(b) maidir le cineál nach bhfuil, ag féachaint don Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo (arna leasú le halt 14 den Acht um Chineálacha Plandaí (Cearta Dílseánaigh) (Leasú), 1998 ), inidirdhealaithe go soiléir ón gcineál cosanta sin, agus

(c) maidir le cineál hibrideach.

(3) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) maidir le cineál bundíorthaithe arbh eol é a bheith ann roimh theacht i ngníomh don Acht seo.

(4) San Acht seo—

ciallaíonn ‘cineál bundíorthaithe’ cineál atá bundíorthaithe ó chineál eile más rud é—

(a) gur ón gcineál eile sin (dá ngairtear an ‘cineál tosaigh’ san Acht seo), nó ó chineál ar ón gcineál tosaigh is mó a dhíorthaítear é féin, is mó a dhíorthaítear an cineál bundíorthaithe, agus go léiríonn sé i gcónaí na sainghnéithe bunúsacha a thig as géinitíopa nó as cónasc géinitíopaí an chineáil tosaigh,

(b) go bhfuil sé in-idirdhealaithe go soiléir ón gcineál tosaigh,

(c) go bhfuil sé, seachas na difríochtaí a thig as an ngníomh díorthaithe, i gcomhréir leis an gcineál tosaigh i léiriú na sainghnéithe bunúsacha a thig as géinitíopa nó as cónasc géinitíopaí an chineáil tosaigh, agus

(d) gur féidir é a fháil, gan dochar do ghinearáltacht an mhéid sin roimhe seo, trí roghnú sóiteáin nádúrtha nó ionduchtaithe, nó athraithigh shómaclónaigh, trí roghnú planda aonair athraithigh ó phlandaí den chineál tosaigh, trí aischrosáil, nó trí chlaochlú le hinnealtóireacht ghéiniteach;

ciallaíonn ‘cineál hibrideach’ cineál ar gá ina leith, chun an cineál sin a tháirgeadh, an cineál cosanta a úsáid arís agus arís eile;

ciallaíonn ‘cineál nach bhfuil in-idirdhealaithe go soiléir’ cineál nach bhfuil in-idirdhealaithe go soiléir ón gcineál cosanta.”.

Leasú ar alt 5 den Phríomh-Acht.

6. —Leasaítear leis seo alt 5 den Phríomh-Acht i bhfo-alt (1)—

(a) trí “agus a d’fhorbair” a chur isteach i mír (a) i ndiaidh “nó a d’fhionn”,

(b) trí “nó duine a phóraigh nó a d’fhionn agus a d’fhorbair é i gcúrsa a fhostaíochta nó a fostaíochta,” a chur isteach i mír (a) i ndiaidh “maidir leis an gcineál planda sin”,

(c) trí “saoránach d’Éirinn nó” agus “sa Stát nó” a scriosadh i mír (c),

(d) trí “comhalta den Aontas” a chur in ionad “páirtí sa Choinbhinsiún” i mír (c),

(e) trí “agus ciallaíonn comhalta den Aontas stát is páirtí sa Choinbhinsiún Idirnáisiúnta do Chosaint Cineálacha Nua Plandaí de 1961, 1972 nó 1978 nó Páirtí Conarthach” a chur isteach i mír (c) i ndiaidh “lena mbaineann alt 2 den Acht seo”, agus

(f) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(4) I gcás go ndéanfaidh duine a phóraigh nó a d’fhionn agus a d’fhorbair cineál i gcúrsa a fhostaíochta nó a fostaíochta iarratas chun cearta póraitheoirí plandaí a dheonú, beidh aird ag an Rialaitheoir, le linn an t-iarratas sin a chinneadh—

(a) ar chomhaontú, más ann, idir an duine sin agus an fostóir maidir leis an teideal iarratas a dhéanamh chun cearta póraitheoirí plandaí a dheonú, agus

(b) ar aon fhorálacha reachtúla maidir leis an gcaidreamh idir fostóir agus fostaí a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire—

(i) sa tír nó sa chríoch ina bhfuil an fostaí sin fostaithe go hiomlán nó go formhór, nó

(ii) i gcás nach féidir a chinneadh cén tír nó críoch í sin, sa tír nó sa chríoch ina bhfuil gnó an fhostóra sin suite.”.

Leasú ar alt 6 den Phríomh-Acht.

7. —(1) Leasaítear leis seo alt 6 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) I gcás go ndéanfar dhá iarratas nó níos mó ar chearta póraitheoirí plandaí i leith an chineáil chéanna, beidh aird ag an Rialaitheoir, le linn ord tosaíochta na n-iarratas sin a bhreithniú, ar an dáta ar a bhfaighfear na hiarratais lena mbaineann agus, faoi réir fho-alt (2) den alt seo, breithneoidh an Rialaitheoir an t-iarratas, ag féachaint don dáta ar a bhfuarthas na hiarratais, arbh é an chéad iarratas den sórt sin é a fuair sé nó sí.”,

agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) I gcás go bhfuair an Rialaitheoir na hiarratais dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo ar an dáta céanna agus nach féidir an t-am ar a bhfuarthas iad ar an dáta sin a shuíomh, is ionann ord tosaíochta do na hiarratais lena mbaineann.”.

(2) Leasaítear leis seo alt 6 den Phríomh-Acht i bhfo-alt (3)—

(a) trí “i bPáirtí Conarthach” a chur in ionad “i dtír choinbhinsiúin” i mír (a),

(b) trí “gur féidir” a chur isteach roimh “go bhfaighidh an Rialaitheoir” i mír (e),

(c) trí “, de na samplaí nó den fhianaise eile” a chur isteach i ndiaidh “de na doiciméid” i mír (e),

(d) trí “mar a dúradh.” a chur in ionad “mar a dúradh, agus, dá réir sin,”, agus

(e) trí na focail go léir ó “ní foras agóide” go dtí deireadh an fho-ailt a scriosadh.

(3) Leasaítear leis seo alt 6 den Phríomh-Acht—

(a) trí “den tréimhse dhá bhliain” a chur in ionad “den tréimhse ceithre bliana” i bhfo-alt (4), agus

(b) trí “na tréimhse trí bliana” a chur in ionad “na tréimhse cúig bliana” i bhfo-alt (5).

Leasú ar alt 7 den Phríomh-Acht.

8. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 7:

“Cosaint d’iarratasóirí fad a bheidh iarratas ar feitheamh.

7.—(1) Beidh an sealbhóir, tar éis cearta póraitheoirí plandaí a bheith deonaithe, i dteideal cúiteamh a fháil ó aon duine a mbeidh aon ghníomh déanta aige nó aici sa tréimhse iomchuí a thoirmiscfí ar an duine sin a dhéanamh tar éis cearta póraitheoirí plandaí a bheith deonaithe.

(2) San alt seo ciallaíonn an ‘tréimhse iomchuí’ an tréimhse dar tosach an lá a fhoilseofar an t-iarratas chun cearta póraitheoirí plandaí a dheonú san Iris agus dar críoch an dáta a dheonófar na cearta póraitheoirí plandaí sin.”.

Leasú ar alt 8 den Phríomh-Acht.

9. —Leasaítear leis seo alt 8 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (1), trí “agus go ndeimhneoidh sé dó, i ndáil le leas an phobail, gur” a chur in ionad “agus go ndeimhneoidh sé dó gur”,

(b) i bhfo-alt (1), trí “dá dtagraítear in alt 4(5)(d) den Acht seo” a scriosadh, agus

(c) i bhfo-alt (2), trí “(cineál a bhfuil a ainm taifeadta de thuras na huaire sa chlár)” a scriosadh agus trí “go ndearnadh cineál” a chur in ionad “go ndearna sealbhóir chineál”,

agus tá na fo-ailt sin (1) agus (2), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(1) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, má dhéanann aon duine iarratas chun an Rialaitheora agus go ndeimhneoidh sé dó, i ndáil le leas an phobail, gur dhiúltaigh sealbhóir go míréasúnach údarú a dheonú don iarratasóir, nó go ndearna sé, le linn an t-údarú sin a bheith á dheonú nó á thairiscint aige, téarmaí a fhorchur nó a chur ar aghaidh atá míréasúnach nó contrártha do leas an phobail, déanfaidh an Rialaitheoir, más deimhin leis go bhfuil ar chumas an iarratasóra, agus go bhfuil ar intinn aige, cearta a thabharfaí dó leis an údarás sin a fheidhmiú go hinniúil, aon chearta den sórt sin a dheonú don duine sin i bhfoirm ceadúnais maidir leis an gcineál planda iomchuí a d’fhéadfadh an sealbhóir a dheonú.

(2) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, má dheimhníonn aon duine don Rialaitheoir gur le leas an phobail go ndearnadh cineál planda áirithe a bheidh sonraithe ag an duine a dháileadh ar mhodh nach bhfuil le leas an phobail nó gur chóir an cineál sin planda a dháileadh go forleathan, nó d’eile, gur le leas an phobail sin a dhéanamh, deonóidh an Rialaitheoir don duine sin, i bhfoirm ceadúnais, aon chearta maidir leis an gcineál sin a d’fhéadfadh an sealbhóir iomchuí a dheonú.

Leasú ar alt 11 den Phríomh-Acht.

10. —Leasaítear leis seo alt 11 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Féadfaidh an Rialaitheoir—

(a) a dhearbhú go bhfuil deonú ceart póraitheoirí plandaí ar neamhní i gcás gur deimhin leis an Rialaitheoir—

(i) nár chomhlíon an cineál cosanta lena mbaineann, tráth an deonaithe, na coinníollacha a shonraítear i mír 1 nó i mír 4 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo (arna leasú le halt 14 den Acht um Chineálacha Plandaí (Cearta Dílseánaigh) (Leasú), 1998 ), nó iontu araon,

(ii) nár chomhlíon an cineál cosanta lena mbaineann, tráth an deonaithe, na coinníollacha a shonraítear i mír 2 nó i mír 3 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo (arna leasú le halt 14 den Acht um Chineálacha Plandaí (Cearta Dílseánaigh) (Leasú), 1998 ), nó iontu araon, i gcás go bhfuarthas an deonú sin ar bhonn faisnéise nó doiciméad, nó an dá cheann, a thug an t-iarratasóir, agus

(iii) gur deonaíodh na cearta póraitheoirí plandaí do shealbhóir nach raibh i dteideal an deonaithe sin,

ach ní dhéanfar aon dearbhú den sórt sin faoi fhomhír (iii) den mhír seo más rud é go mbeidh na cearta póraitheoirí plandaí lena mbaineann aistrithe chuig an sealbhóir ag an duine a bheidh i dteideal an deonaithe sin go cuí,

(b) cearta póraitheoirí plandaí i ndáil le cineál cosanta a chealú más deimhin leis an Rialaitheoir, i ndáil leis an gcineál cosanta sin lena mbaineann, nach bhfuil na coinníollacha a shonraítear i mír 2 nó i mír 3 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo (arna leasú le halt 14 den Acht um Chineálacha Plandaí (Cearta Dílseánaigh) (Leasú), 1998 ), nó iontu araon, á gcomhlíonadh,

(c) na cearta póraitheoirí plandaí i leith cineáil chosanta a chealú más rud é go mainneoidh, go ndiúltóidh nó go bhfailleoidh an sealbhóir cibé táillí a íoc is gá chun deonú na gceart póraitheoirí plandaí lena mbaineann a chothabháil, nó

(d) cearta póraitheoirí plandaí i leith cineáil chosanta a chealú más rud é nach molfaidh an sealbhóir ainmníocht oiriúnach eile i gcás go gcealófar ainmníocht an chineáil chosanta lena mbaineann.”,

(b) trí “ní chealóidh” a chur in ionad “ní chúlghairfidh”, trí “a chealú” a chur in ionad “a chúlghairm”, trí “an cealú” a chur in ionad “an chúlghairm”, trí “leis an gcealú” a chur in ionad “leis an gcúlghairm” agus trí “don chealú” a chur in ionad “don chúlghairm”, gach áit a bhfuil sé i bhfo-alt (2), agus

(c) trí “a chealú” a chur in ionad “a chúlghairm” agus trí “an chealaithe” a chur in ionad “na cúlghairme” i bhfo-alt (3).

Leasú ar alt 12 den Phríomh-Acht.

11. —Leasaítear leis seo alt 12 den Phríomh-Acht, i bhfo-alt (5), tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b):

“(b) Chun críocha an ailt seo féadfaidh an tAire aicmí agus speicis lena mbaineann cineálacha a fhorordú.”.

Leasú ar alt 23 den Phríomh-Acht.

12. —Leasaítear leis seo alt 23 den Phríomh-Acht—

(a) trí “£1,500” a chur in ionad “£500” gach áit a bhfuil sé i bhfo-ailt (1), (2) agus (3), agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) Má dhéanann duine uiríoll go bréagach go bhfuil teideal aige nó aici aon chearta Comhphobail maidir le cineálacha plandaí a deonaíodh faoin Rialachán ón gComhairle a fheidhmiú, i ndáil le haon chineál planda agus ar deonaíodh nó nár deonaíodh cearta Comhphobail maidir le cineálacha plandaí ina leith faoin Rialachán ón gComhairle, agus más eol don duine sin an t-uiríoll a bheith bréagach nó má dhéanann sé nó sí an t-uiríoll go meargánta, beidh sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,500 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná trí mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile a chur air nó uirthi.”.

Leasú ar alt 25 den Phríomh-Acht.

13. —Leasaítear leis seo alt 25 den Phríomh-Acht, i bhfo-alt (1), trí na míreanna seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (d):

“(e) cibé táillí i leith aon tástála nó scrúdaithe a bhaineann le cineálacha plandaí géinmhodhnaithe,

(f) cibé táillí i leith maoirseacht a dhéanamh ar aon tástáil nó scrúdú i gcás go ndéanfar an tástáil nó an scrúdú sin in áitreabh an phóraitheora lena mbaineann nó in áitreabh eile le comhaontú an Aire,

(g) cibé costais riaracháin a thabhóidh an Rialaitheoir maidir le hiarratais faoin Rialachán ón gComhairle, agus

(h) cibé táillí eile,”.

Leasú ar an gCéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

14. —Leasaítear leis seo an Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht—

(a) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír 1:

“Leithleachas.

1. (1) Maidir leis an gcineál planda lena mbaineann—

(a) is cineál é nach bhfuil eolas coiteann air tráth an iarratais sin ar chearta póraitheoirí plandaí a dhéanamh, agus

(b) tá sé in-idirdhealaithe go soiléir ó aon chineál planda eile ar eolas coiteann, tráth an iarratais sin a dhéanamh, é a bheith ann,

agus, maidir le saintréith idirdhealaitheach an chineáil planda sin, tá sí in-aitheanta agus is féidir tuairisc a thabhairt uirthi agus í a aithint.

(2) Chun críocha na míre seo, suífear go bhfuil eolas coiteann ar chineál planda an tráth a dhéanfar iarratas—

(a) chun cearta póraitheoirí plandaí a dheonú, nó

(b) chun an cineál planda lena mbaineann a thaifeadadh i gclár oifigiúil cineálacha plandaí in aon tír nó críoch ar Páirtí Conarthach í.”,

(b) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír 2:

“Comhionannas.

2. Tá an cineál planda lena mbaineann sách comhionann i leith na saintréithe lena mbaineann d’ainneoin aon éagsúlachta a éiríonn as an gcineál planda sin a iomadú.”,

(c) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír 3:

“Cobhsaíocht.

3. Ní athraíonn saintréith an chineáil planda lena mbaineann—

(a) tar éis iomadú a dhéanamh air arís agus arís eile, nó

(b) i gcás go bhfuil timthriall áirithe iomadaithe ann, i ndeireadh gach timthrialla den sórt sin.”,

agus

(d) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír 4:

“Úrnuacht.

4. Ar an dáta a ndéanfar iarratas ar chearta póraitheoirí plandaí, ní bheidh ábhar iomadaithe nó ábhar buainte den chineál planda lena mbaineann díolta nó diúscartha ar shlí eile le daoine eile, ag an iarratasóir nó le toiliú an iarratasóra, chun an cineál planda sin a shaothrú—

(a) sa Stát ar feadh tréimhse is faide ná bliain amháin roimh dháta iarratais ar chearta póraitheoirí plandaí, nó

(b) i gcríoch seachas críoch an Pháirtí Chonarthaigh ar feadh tréimhse is faide ná ceithre bliana, nó i gcás crann nó fíniúnacha, ar feadh tréimhse is faide ná sé bliana roimh an dáta sin.”.

Iarratas ar chearta póraitheoirí plandaí.

15. —(1) Féadfaidh duine, faoi réir fhorálacha na nAchtanna, iarratas a dhéanamh chuig an Rialaitheoir chun cearta póraitheoirí plandaí a dheonú i ndáil le cineál d’aon ghéineas nó speiceas planda agus beidh an táille fhorordaithe ag gabháil leis an iarratas sin.

(2) Más rud é, tar éis iarratas faoi fho-alt (1) a bheith déanta, go ndeonóidh an Rialaitheoir cearta póraitheoirí plandaí i ndáil le cineál (dá ngairtear an “cineál cosanta” sna hAchtanna), déanfaidh an Rialaitheoir a luaithe is féidir—

(a) deimhniú faoi shéala an Rialaitheora a eisiúint san fhoirm fhorordaithe ina sonrófar ainm an chineáil géinis nó speicis planda lena mbaineann, agus

(b) fógra a fhoilsiú san Iris maidir le deonú an deimhnithe dá dtagraítear i mír (a), agus

(c) ainm an chineáil géinis nó speicis planda lena mbaineann a thaifeadadh sa chlár,

agus tabharfar “sealbhóir” ar an duine dá ndeonófar na cearta póraitheoirí plandaí sin.

(3) Maidir le deimhniú arna eisiúint faoi fho-alt (2) den alt seo—

(a) measfar gurb é an deimhniú sin é, agus

(b) is fianaise é in aon imeachtaí dlí gan a thuilleadh cruthúnais ar na nithe a luaitear ann,

mura suífear a mhalairt.

(4) Is í an tréimhse íosta ar ina leith a fhéadfaidh sealbhóir cearta póraitheoirí plandaí a fheidhmiú—

(a) i leith crann, fíniúnacha agus prátaí, 30 bliain ar a laghad, agus

(b) i leith gach cineáil eile, 25 bliana ar a laghad,

agus tosóidh gach tréimhse den sórt sin ar dháta deonaithe na gceart póraitheoirí plandaí lena mbaineann faoin alt seo.

(5) Faoi réir fho-alt (10), is í an tréimhse uasta ar ina leith a fhéadfaidh sealbhóir cearta póraitheoirí plandaí a fheidhmiú —

(a) i leith crann, fíniúnacha agus prátaí, 35 bliana, agus

(b) i leith gach cineáil eile, 30 bliain.

(6) Aon ráiteas sa chlár á rá, maidir le speiceas planda nó le gach planda de ghrúpa sonraithe plandaí, gur crann torthaí, crann foraoise, crann ornáideach nó fíniúin é, is fianaise é, i ndáil leis an speiceas planda lena mbaineann, gan a thuilleadh cruthúnais ar na nithe a luaitear ann mura léireofar a mhalairt.

(7) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt don alt seo.

(8) Más rud é, ar an dáta a dtiocfaidh an tAcht seo i ngníomh, gur ann do chineál (dá ngairtear “cineál a crúthaíodh le déanaí” san Acht seo) ach nach mbeidh iarratas déanta faoin dáta sin chun cearta póraitheoirí plandaí a dheonú i leith an chineáil lena mbaineann, féadfar iarratas chun cearta póraitheoirí plandaí a dheonú i leith an chineáil lena mbaineann a dhéanamh laistigh den tréimhse 12 mhí i ndiaidh an dáta a dtiocfaidh an tAcht seo i ngníomh ach ní dheonófar na cearta póraitheoirí plandaí sin i leith an chineáil lena mbaineann i gcás gur tharla díol nó diúscairt eile an chineáil sin, le toiliú an iarratasóra, tráth nach déanaí ná—

(a) 4 bliana roimh theacht i ngníomh don Acht seo, nó

(b) 6 bliana roimh theacht i ngníomh don Acht seo i gcás gur crann nó fíniúin an cineál lena mbaineann.

(9) Féadfaidh sealbhóir aon chearta póraitheoirí plandaí a deonaíodh dó nó di faoi na hAchtanna a shannadh.

(10) Ní áireoidh an Rialaitheoir, le linn dó nó di cearta póraitheoirí plandaí a dheonú, tréimhse uasta chun na cearta póraitheoirí plandaí sin a fheidhmiú mura planda de ghéineas nó de speiceas a ndearnadh ordú ina leith faoi fho-alt (11) an cineál planda lena mbaineann.

(11) Féadfaidh an tAire le hordú an tréimhse uasta a shonrú chun cearta póraitheoirí plandaí de ghéineas nó de speiceas planda a fheidhmiú.

Teorainn a chur le cosaint.

16. —(1) Ní bheidh feidhm ag cearta póraitheoirí plandaí maidir le haon ghníomh dá dtagraítear in alt 18 agus a dhéantar i ndáil le haon ábhar—

(a) de chuid an chineáil chosanta lena mbaineann a bheidh díolta nó, thairis sin, a bheidh tairgthe lena dhíol sa Stát ag an sealbhóir nó le toiliú an tsealbhóra, nó

(b) de chuid cineáil bhundíorthaithe a bheidh díolta nó, thairis sin, a bheidh tairgthe lena dhíol sa Stát ag an sealbhóir nó le toiliú an tsealbhóra, nó

(c) a díorthaíodh ón ábhar a shonraítear i mír (a)(b).

(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) maidir le gníomh lena ngabhann—

(a) iomadú breise ar an gcineál cosanta lena mbaineann, nó

(b) onnmhairiú aon ábhair, lena gcumasaítear an cineál cosanta a iomadú, isteach i dtír nach gcosnaíonn cineálacha den ghéineas nó den speiceas planda lena mbaineann an cineál cosanta, mura tomhailt deiridh is críoch don onnmhairiú sin.

(3) San alt seo folaíonn “ábhar”—

(a) aon ábhar iomadaithe de chuid cineáil, agus

(b) aon ábhar buainte de chuid cineáil, lena n-áirítear plandaí iomlána agus páirteanna de phlandaí.

Údarú ó shealbhóir.

17. —(1) Féadfaidh sealbhóir údarú a dheonú do dhuine eile chun a cheadú don duine eile sin aon cheann nó gach ceann de na gníomhartha a shonraítear in alt 18 a dhéanamh ar chineál cosanta a gceanglaítear údarú ina leith agus féadfaidh sé nó sí aon choinníollacha, teorainneacha nó srianta a chur san údarú sin.

(2) Aon tagairt d’údarú faoin alt seo is údarú é i scríbhinn a bheidh faighte ón sealbhóir ag an duine dá dtagraítear i bhfo-alt (1) roimh aon ghníomh de na gníomhartha a gceanglaítear údarú ina leith a dhéanamh agus forléireofar “údarú” dá réir sin.

Tá gá le húdarú le haghaidh gníomhartha áirithe, etc.

18. —(1) Ní dhéanfaidh duine—

(a) aon ábhar iomadaithe de chuid cineáil chosanta a tháirgeadh nó a atáirgeadh nó a chur faoi deara é a iolrú,

(b) aon ábhar iomadaithe de chuid cineáil chosanta a ghlanadh nó a phróiseáil nó bail a chur air ar shlí eile chun críche iomadaithe,

(c) aon ábhar iomadaithe de chuid cineáil chosanta a dhíol nó a thairiscint lena dhíol, nó é a onnmhairiú nó a allmhairiú, nó

(d) soláthar d’aon ábhar iomadaithe de chuid cineáil chosanta a choimeád chun aon cheann de na críocha a shonraítear i mír (a), (b)(c),

mura mbeidh údarú faighte ag an duine sin ón sealbhóir.

(2) Ní dhéanfaidh duine—

(a) ábhar buana neamhúdaraithe de chuid cineáil chosanta a tháirgeadh nó a atáirgeadh nó a chur faoi deara é a iolrú,

(b) ábhar buana neamhúdaraithe de chuid cineáil chosanta a ghlanadh nó a phróiseáil nó bail a chur air ar shlí eile chun críche iomadaithe,

(c) ábhar buana neamhúdaraithe de chuid an chineáil chosanta a dhíol nó a thairiscint lena dhíol, nó é a onnmhairiú nó a allmhairiú, nó

(d) soláthar d’ábhar buana neamhúdaraithe de chuid an chineáil chosanta a choimeád chun aon cheann de na críocha a shonraítear i mír (a), (b)(c),

mura mbeidh údarú faighte ag an duine sin ón sealbhóir i ndáil leis an gcineál cosanta lena mbaineann nó mura raibh deis réasúnach ag an sealbhóir a chearta nó a cearta póraitheoirí plandaí a fheidhmiú i ndáil le húsáid neamhúdaraithe an ábhair iomadaithe sin.

(3) Más rud é, de réir alt 4 (2) den Phríomh-Acht (arna chur isteach le halt 5), go bhfuil feidhm ag cearta póraitheoirí plandaí maidir le cineál a shonraítear i mír (a), (b)(c) den alt sin, ní dhéanfaidh duine—

(a) an t-ábhar iomadaithe nó ábhar buana neamhúdaraithe a tháirgeadh, a atáirgeadh nó a iolrú,

(b) an t-ábhar iomadaithe nó ábhar buana neamhúdaraithe a ghlanadh nó a phróiseáil nó bail a chur air ar shlí eile,

(c) an t-ábhar iomadaithe nó ábhar buana neamhúdaraithe a dhíol nó a thairiscint lena dhíol, nó é a onnmhairiú nó a allmhairiú, nó

(d) soláthar den ábhar iomadaithe nó d’ábhar buana neamhúdaraithe a choimeád chun aon cheann de na críocha a shonraítear i mír (a), (b)(c),

ar ábhar de chuid an chineáil sin é, mura mbeidh údarú tugtha ag an sealbhóir i leith na nithe a shonraítear amhlaidh.

(4) San Acht seo ciallaíonn “ábhar buana neamhúdaraithe” an t-ábhar a bhuaintear ó úsáid neamhúdaraithe a bhaint as ábhar iomadaithe cineáil chosanta.

Níl gá le húdarú le haghaidh gníomhartha áirithe, etc.

19. —(1) Ní bheidh gá le húdarú, i ndáil le cineál cosanta—

(a) le haghaidh aon ghnímh a dhéanfar chun críocha príobháideacha neamhthráchtála,

(b) le haghaidh aon ghnímh a dhéanfar chun críche turgnaimh pórúcháin,

(c) le haghaidh aon ghnímh a dhéanfar chun cineál eile, seachas cineál a shonraítear in alt 4(2) den Phríomh-Acht (arna chur isteach le halt 5), a phórú,

(d) le haghaidh táirge na buana, a bheidh faighte ag feirmeoir ó ábhar iomadaithe de chuid an chineáil chosanta, a bheith á úsáid ag an bhfeirmeoir sin chun críocha iomadaithe ar thailte atá ar úinéireacht nó ar áitiú ag an bhfeirmeoir (dá ngairtear “síol feirm-shábháilte” san alt seo) agus gur cineál de ghéineas nó de speiceas planda a shonraítear in ordú faoi fho-alt (2) an cineál cosanta lena mbaineann, agus gairtear an “díolúine síl fheirmshábháilte” den úsáid sin san Acht seo.

(2) Féadfaidh an tAire le hordú cineál d’aon ghéineas nó speiceas planda a shonrú a mbeidh feidhm ag an díolúine síl fheirm-shábháilte maidir leis agus beidh feidhm ag forálacha alt 26 (3) den Phríomh-Acht maidir le hordú den sórt sin a dhéanamh.

(3) Féadfaidh an tAire le hordú ordú a rinneadh faoi fho-alt (2) a leasú nó a chúlghairm.

(4) I gcás go n-úsáidfidh feirmeoir síol feirm-shábháilte de chineál a shonraítear in ordú faoi fho-alt (2), dlífidh an feirmeoir luach saothair a íoc leis an sealbhóir a bheidh níos ísle le ciall, de réir bhrí Airteagal 14.3 den Rialachán ón gComhairle, ná an méid a mhuirearaítear ar ábhar iomadaithe de chuid an chineáil chosanta lena mbaineann a tháirgeadh.

(5) Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid chun an luach saothair dá dtagraítear i bhfo-alt (4) a íoc maidir le feirmeoir a meastar, faoi Airteagal 14.3 den Rialachán ón gComhairle, gur feirmeoir beag é nó í.

(6) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh i gcoitinne chun éifeacht a thabhairt don díolúine síl fheirm-shábháilte agus féadfar cibé forálacha teagmhasacha, forlíontacha agus iarmhartacha a bheith sna rialacháin sin a fheictear don Aire a bheith riachtanach nó fóirsteanach chun críche na rialachán.

Fógra faisnéise.

20. —(1) Más rud é—

(a) go mbeidh forais réasúnacha ag sealbhóir lena chreidiúint go bhfuil ábhar buainte de chuid cineáil chosanta á thairiscint lena dhíol, agus

(b) nár deonaíodh údarú—

(i) chun aon ghníomh a shonraítear in alt 18 (1) a dhéanamh i leith ábhar iomadaithe an chineáil chosanta, nó

(ii) chun aon ghníomh a shonraítear in alt 18 (2) a dhéanamh i leith ábhar buana neamhúdaraithe an chineáil chosanta,

féadfaidh an sealbhóir a iarraidh ar dhuine a dhíolann an t-ábhar buainte sin, nó a thairgeann é lena dhíol, faisnéis a thabhairt, de réir an ailt seo, i leith an ábhair bhuainte sin.

(2) Féadfaidh sealbhóir fógra (dá ngairtear “fógra faisnéise” san Acht seo) a sheirbheáil ar dhuine dá dtagraítear i bhfo-alt (1) ar fógra é a bheidh san fhoirm fhorordaithe agus, gan dochar do ghinearáltacht an mhéid sin roimhe seo, ina ndéanfar—

(a) ainmníocht agus speiceas an chineáil planda a thairgtear amhlaidh lena dhíol, agus ainm agus seoladh an tsealbhóra, a lua,

(b) ábhar buainte an chineáil planda a thairgtear amhlaidh lena dhíol agus a mbaineann an fógra faisnéise leis a shonrú,

(c) a cheangal ar an duine a mbeidh sé dírithe chuige nó chuici na nithe seo a leanas a chur ar fáil—

(i) ainm agus seoladh an táirgeora, an tsoláthraí agus aon úinéirí roimhe sin ar ábhar buainte an chineáil planda a thairgtear amhlaidh lena dhíol, agus

(ii) faisnéis maidir leis an gcainníocht d’ábhar buainte an chineáil planda a thairgtear amhlaidh lena dhíol agus a táirgeadh, a ordaíodh agus a seachadadh ar an duine sin,

agus

(d) a cheangal ar an duine a mbeidh sé dírithe chuige nó chuici an fhaisnéis a thabhairt don sealbhóir laistigh de 21 lá ó dháta seirbheála an fhógra faisnéise sin.

(3) I gcás go mbeidh fógra faisnéise seirbheáilte de réir an ailt seo agus nár thug an duine a mbeidh an fógra faisnéise sin seirbheáilte air nó uirthi an fhaisnéis a iarradh amhlaidh, nó nár thug sé nó sí ar bhealach leordhóthanach í, chun críocha imeachtaí mar gheall ar shárú ar chearta póraitheoirí plandaí maidir le hábhar buainte an chineáil planda a shonraítear san fhógra faisnéise a thairiscint lena dhíol, toimhdeofar—

(a) gur trí úsáid neamhúdaraithe a bhaint as ábhar iomadaithe an chineáil chosanta a fuarthas ábhar buainte an chineáil planda a thairgtear amhlaidh lena dhíol, agus

(b) nach raibh deis réasúnach ag an sealbhóir, sula bhfuarthas an t-ábhar buainte, cearta póraitheoirí plandaí a fheidhmiú i ndáil le húsáid neamhúdaraithe an ábhair iomadaithe,

mura gcruthófar a mhalairt nó mura bhfuil forais réasúnacha ann gan an fhaisnéis a chur ar fáil nó gan í a chur ar fáil ar bhealach leordhóthanach.

(4) Ní úsáidfidh sealbhóir aon fhaisnéis arna tabhairt de bhun fógra faisnéise chun aon chríche seachas—

(a) chun a shuíomh go ndearnadh sárú ar chearta póraitheoirí plandaí den chineál cosanta dá dtagraítear san fhógra faisnéise, nó

(b) chun í a úsáid in imeachtaí mar gheall ar shárú ar chearta póraitheoirí plandaí den chineál cosanta dá dtagraítear san fhógra faisnéise.

(5) Díreofar fógra faisnéise chuig an duine lena mbaineann agus déanfar é a sheirbheáil ar an duine sin nó a thabhairt dó nó di i gceann de na slite seo a leanas—

(a) trína dhíriú chuig an duine faoina ainm nó faoina hainm agus trína sheachadadh ar an duine sin,

(b) trína fhágáil ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí ar an duine nó ag a seolann sé nó sí aon trádáil nó gnó nó, i gcás gur tugadh seoladh le haghaidh seirbheála, ag an seoladh sin, nó

(c) trína chur leis an bpost i litir chláraithe réamhíoctha a bheidh dírithe chuig an duine ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí ar an duine sin nó ag a seolann sé nó sí aon trádáil nó gnó.

Caingean mar gheall ar shárú ar chearta póraitheoirí plandaí.

21. —(1) Beidh sárú ar chearta póraitheoirí plandaí inchaingne ar agra an tsealbhóra agus, in aon imeachtaí mar gheall ar shárú den sórt sin, beidh fáil ar an bhfaoiseamh sin go léir, i modh damáistí, urghaire, cuntais nó eile, atá ar fáil in aon imeachtaí comhréire maidir le haon chearta dílseánaigh eile.

(2) Más rud é, in imeachtaí sibhialta mar gheall ar shárú ar chearta póraitheoirí plandaí a bhaineann le líomhain go ndearnadh ábhar buainte de chuid cineáil chosanta a thairiscint lena dhíol, gur seirbheáladh fógra faisnéise de réir alt 20 agus nár thug an duine ar seirbheáladh air nó uirthi é an fhaisnéis a iarradh amhlaidh nó nár thug sé nó sí ar bhealach leordhóthanach í laistigh den tréimhse 21 lá a shonraítear amhlaidh, toimhdeofar go mbeidh feidhm ag forálacha alt 20 (3) (a)20(3) (b) nó acu araon maidir leis na himeachtaí sin mura rud é, de réir an ailt sin, go gcruthófar a mhalairt nó gur deimhin leis an gcúirt go raibh forais réasúnacha ann gan an fhaisnéis a chur ar fáil nó gan í a chur ar fáil ar bhealach leordhóthanach.

Forálacha idirthréimhseacha.

22. —(1) Más rud é, roimh thosach feidhme an Achta seo, go ndearnadh iarratas chuig an Rialaitheoir faoi alt 4 den Phríomh-Acht agus, maidir le deimhniú faoin alt sin—

(a) nár eisíodh é i leith an iarratais sin, nó

(b) gur eisíodh é faoin alt sin,

ansin—

(i) i gcás an iarratais, measfar gur iarratas é faoi alt 15 , agus

(ii) i gcás an deimhnithe, measfar, ar feadh an chuid eile den tréimhse feidhme, gur faoi alt 15 a deonaíodh é.

(2) Más rud é, roimh thosach feidhme an Achta seo, gur tharla sárú ar chearta póraitheoirí plandaí agus gur eisíodh imeachtaí mar gheall ar an sárú sin faoi alt 4(5) den Phríomh-Acht, leanfar leis na himeachtaí sin amhail is gur faoin alt seo a eisíodh iad.

(3) Más rud é, roimh thosach feidhme an Achta seo, gur tharla sárú ar chearta póraitheoirí plandaí agus nár eisíodh imeachtaí mar gheall ar an sárú sin faoi alt 4(5) den Phríomh-Acht, measfar, má eisítear imeachtaí den sórt sin mar gheall ar an sárú sin, gur faoin alt seo a eisíodh iad.

(4) D’ainneoin aon fhorála eile den Acht seo, leanfaidh rialacháin a rinneadh faoin bPríomh-Acht i ngníomh agus measfar gur faoin Acht seo a rinneadh iad agus gur féidir iad a leasú nó a chúlghairm dá réir sin.

Aisghairm agus leasuithe ilghnéitheacha.

23. —(1) Aisghairtear leis seo ailt 1 (4), 6 (3) (c), 12 (3) (b) (ii) agus 25 (1) (e) den Phríomh-Acht.

(2) Déantar leis seo gach alt den Phríomh-Acht nó gach Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht agus a shonraítear i gcolún (2) den Sceideal a leasú ar an modh a shonraítear i gcolún (3) den Sceideal os coinne lua an ailt sin nó an Sceidil sin i gcolún (2).

Gearrtheideal, comhlua, forléiriú agus tosach feidhme.

24. —(1) Féadfar an tAcht um Chineálacha Plandaí (Cearta Dílseánaigh) (Leasú), 1998 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Chineálacha Plandaí (Cearta Dílseánaigh), 1980 agus 1998, a ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht seo le chéile agus forléireofar le chéile iad mar aon Acht amháin.

(3) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.

1 OJ Uimh. L227/1, 1.9.94.