43 1998

/images/harp.jpg


Uimhir 43 de 1998


AN tACHT UM IOMPAR EARRAÍ CONTÚIRTEACHA DE BHÓTHAR, 1998


RIAR NA nALT

Alt

1.

Léiriú.

2.

Feidhm.

3.

Páirtithe Conarthacha ADR.

4.

Údaráis inniúla.

5.

Táillí.

6.

Cigirí.

7.

Barántais chuardaigh.

8.

Fógra toirmisc.

9.

Gabháil gan bharántas i leith cionta áirithe i gcás go bhféadfadh nach mbeadh toghairm sásúil chun láithreas a áirithiú.

10.

Toirmisc a bhaineann le trealamh iompair agus doiciméadacht iompair.

11.

Iompar sábháilte earraí contúirteacha de bhóthar ar coinsíneacht.

12.

Cion ag comhlacht corpraithe.

13.

Ionchoisní.

14.

Fógraí a sheirbheáil.

15.

Imeachtaí.

16.

Feidhm an Explosives Act, 1875.

17.

Rialacháin.

18.

Íocaíocht, in ionad ionchúiseamh áirithe, le cigire.

19.

Orduithe agus rialacháin a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

20.

Caiteachais.

21.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.


Na hAchtanna dá dTagraítear

Na hAchtanna um Shubstaintí Contúirteacha, 1972 agus 1979

Acht na gComhphobal Eorpach, 1972

1972, Uimh. 27

Explosives Act, 1875

1875, c. 17

Public Office Fees Act, 1879

1879, c. 58

An tAcht um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair, 1989

1989, Uimh. 7

/images/harp.jpg


Uimhir 43 de 1998


AN tACHT UM IOMPAR EARRAÍ CONTÚIRTEACHA DE BHÓTHAR, 1998

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DÁ CHUMASÚ ÉIFEACHT A THABHAIRT DON CHOMHAONTÚ EORPACH MAIDIR LE hIOMPAR IDIRNÁISIÚNTA EARRAÍ CONTÚIRTEACHA DE BHÓTHAR (ADR), AGUS DON PHRÓTACAL SÍNIÚCHÁIN A GHABHANN LEIS SIN A RINNEADH SA GHINÉIV AN 30 MEÁN FÓMHAIR 1957, AGUS DON PHRÓTACAL LEASAITHEACH A GHABHANN LEIS SIN A GLACADH SA GHINÉIV AN 28 DEIREADH FÓMHAIR 1993, AGUS DO THREOIR 94/55/CE AN 21 SAMHAIN 1994 ÓN gCOMHAIRLE AR CHOMHFHOGASÚ DHLÍTHE NA mBALLSTÁT MAIDIR LE hIOMPAR EARRAÍ CONTÚIRTEACHA DE BHÓTHAR, AGUS DO THREOIR 95/50/CE AN 6 DEIREADH FÓMHAIR 1995 ÓN gCOMHAIRLE AR NÓSANNA IMEACHTA COMHIONANNA LE hAGHAIDH SEICEÁLACHA AR IOMPAR EARRAÍ CONTÚIRTEACHA DE BHÓTHAR, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA. [2 Nollaig, 1998]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “ADR” an Comhaontú Eorpach maidir le hiompar idirnáisiúnta earraí contúirteacha de bhóthar, agus an prótacal síniúcháin a ghabhann leis sin a rinneadh sa Ghinéiv an 30 Meán Fómhair 1957, agus an prótacal leasaitheach a ghabhann leis sin a glacadh sa Ghinéiv an 28 Deireadh Fómhair 1993;

ciallaíonn “na hIarscríbhinní” Iarscríbhinní A agus B a ghabhann leis an ADR dá dtagraítear in Iarscríbhinní A agus B a ghabhann le Treoir Uimh. 94/55/CE an 21 Samhain 1994 ón gComhairle,1 arna leasú roimh thosach feidhme an ailt seo nó dá éis;

ciallaíonn “iompar earraí contúirteacha de bhóthar” aon oibríocht iompair de bhóthar a dhéanann feithicil go hiomlán nó go páirteach ar bhóithre poiblí, lena n-áirítear gníomhaíocht luchtaithe agus díluchtaithe, atá faoi réim na nIarscríbhinní, ach ní fholaíonn sé iompar a dhéantar go hiomlán laistigh d'imlíne limistéir iata nach bhfuil ar oscailt don phobal;

ciallaíonn “údarás inniúil” an tAire, nó duine arna cheapadh nó arna ceapadh faoi alt 4 (1) mar údarás inniúil;

ciallaíonn “Páirtí Conarthach” stát is páirtí san ADR;

ciallaíonn “earraí contúirteacha” na substaintí agus na hairteagail sin a dtoirmisctear leis na hIarscríbhinní iad a iompar de bhóthar, nó nach n-údaraítear leis na hIarscríbhinní iad a iompar de bhóthar ach amháin in imthosca áirithe, agus folaíonn sé dramhaíolacha (ar aon earraí contúirteacha nó tuaslagán nó meascán d'earraí contúirteacha iad nach bhfuil sé i gceist úsáid dhíreach ar bith a bhaint astu nó as ach a iompraítear le haghaidh athphróiseáil, dumpáil, díothú trí loscadh nó modhanna diúscartha eile);

ciallaíonn “na Treoracha” Treoir Uimh. 94/55/CE an 21 Samhain 1994 ón gComhairle1 agus Treoir Uimh. 95/50/CE an 6 Deireadh Fómhair 1995 ón gComhairle2 ;

ciallaíonn “cigire” duine a cheapfar ina chigire nó ina cigire faoi alt 6 (2);

ciallaíonn “an tAire” an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta;

folaíonn “áitreabh” aon fhoirgneamh, teaghais, tógáil shealadach nó feithicil;

ciallaíonn “forordaithe” forordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire;

ciallaíonn “bóthar poiblí” aon sráid, bóthar nó áit eile laistigh den Stát ar a bhfuil rochtain ag an bpobal cibé acu ar tháille a íoc nó saor ó tháille é;

ciallaíonn “deimhniú oiliúna” deimhniú arna eisiúint ag údarás inniúil chuig duine a mbeidh scrúdú gnóthaithe aige nó aici maidir le hiompar earraí contúirteacha de bhóthar, ar scrúdú é a bheidh ceadaithe ag údarás inniúil;

folaíonn “trealamh iompair” feithiclí, umair, umarchoimeádáin, umair iniompair, umair in-díshuite, cabhlacha umarbhabhtála, tiúbleantóirí, bulc-choimeádáin, bulc-choimeádáin idirmheánacha, coimeádáin, pacáistiú, pacáistí, gabhdáin agus aerasóil agus aon mhír eile a úsáidtear nó a bheartaítear a úsáid in iompar earraí contúirteacha de bhóthar;

ciallaíonn “feithicil” aon mhótarfheithicil iomlán nó neamhiomlán a bheartaítear a úsáid ar an mbóthar, a bhfuil ceithre roth ar a laghad fúithi agus uasluas dearaidh aici is mó ná 25 chiliméadar san uair, maille lena leantóirí, ach ní fholaíonn sé—

(a) feithicil a ritheann ar ráillí,

(b) tarracóirí talmhaíochta agus foraoiseachta, nó

(c) innealra soghluaiste.

(2) San Acht seo—

(a) aon fhocal nó abairt a úsáidtear agus a úsáidtear freisin san ADR, tá an bhrí chéanna leis nó léi san Acht seo atá leis nó léi san ADR, mura léir a mhalairt a bheith beartaithe;

(b) aon fhocal nó abairt a úsáidtear agus a úsáidtear freisin i gceachtar Treoir nó sa dá Threoir, tá an bhrí chéanna leis nó léi san Acht seo atá leis nó léi sa Treoir nó sna Treoracha, mura léir a mhalairt a bheith beartaithe;

(c) aon tagairt d'alt, is tagairt í d'alt den Acht seo, mura gcuirtear in iúl gur achtachán éigin eile atá beartaithe;

(d) aon tagairt d'fho-alt, do mhír nó d'fhomhír, is tagairt í don fho-alt, don mhír nó don fhomhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe;

(e) aon tagairt d'achtachán, folaíonn sí tagairt don achtachán sin arna leasú nó arna leathnú le haon achtachán nó faoi aon achtachán ina dhiaidh sin lena n-áirítear an tAcht seo.

Feidhm.

2. —Níl feidhm ag an Acht seo maidir le feithiclí de chuid Óglaigh na hÉireann nó de chuid fórsaí armtha Páirtí Chonarthaigh nó atá faoi rialú an chéanna.

Páirtithe Conarthacha ADR.

3. —(1) Déanfaidh an tAire, a luaithe is indéanta tar éis don ADR teacht i bhfeidhm i leith an Stáit, trí fhógra san Iris Oifigiúil, an lá a thiocfaidh sé i bhfeidhm amhlaidh a dhearbhú, agus beidh an fógra ina fhianaise prima facie ar an bhfíoras a dhearbhófar amhlaidh.

(2) Féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Gnóthaí Eachtracha, trí fhógra san Iris Oifigiúil, a dhearbhú—

(a) gur Páirtí Conarthach aon stát a bheidh sonraithe san fhógra, nó

(b) go bhfuil dearbhú (a mbeidh a théacs leagtha amach san fhógra) déanta de bhun Airteagal 10 nó 12 den ADR chun Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe,

agus beidh an fógra ina fhianaise ar na fíorais a bheidh dearbhaithe agus, i gcás mhír (b), ar a bhfuil sa dearbhú dá dtagraítear ansin.

(3) Féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Gnóthaí Eachtracha, trí fhógra san Iris Oifigiúil, fógra faoi fho-alt (2) a leasú nó a chúlghairm.

Údaráis inniúla.

4. —(1) Féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle le haon Aire eile den Rialtas a bhféadfadh a fhreagracht nó a freagracht feidhme a bheith i gceist, le hordú, cibé daoine a measfaidh an tAire gur daoine cuí iad le bheith ina n-údaráis inniúla a cheapadh chun na feidhmeanna a thugtar d'údaráis inniúla leis an Acht seo nó faoi a chomhlíonadh.

(2) Maidir le húdarás inniúil—

(a) coimeádfaidh sé cibé taifid, agus

(b) tabharfaidh sé cibé faisnéis i ndáil lena fheidhmeanna faoin Acht seo don Aire agus d'aon Aire eile a mbeidh a fhreagracht nó a freagracht feidhme i gceist,

a cheanglóidh an tAire nó an tAire eile sin.

(3) Féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle le haon Aire a bhféadfadh a fhreagracht nó a freagracht feidhme a bheith i gceist, le hordú, aon ordú arna dhéanamh faoi fho-alt (1) a chúlghairm nó a leasú.

Táillí.

5. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh i ndáil le táillí a bheidh le híoc ag cibé aicme nó aicmí daoine a bheidh forordaithe—

(a) le húdarás inniúil, nó

(b) le haon duine a bheidh fruilithe chun críocha an Achta seo ag údarás inniúil,

i leith an údaráis inniúil do chomhlíonadh aon fheidhme a thugtar dó leis an Acht seo nó faoi.

(2) Aon táille is iníoctha faoin alt seo, féadfaidh an duine lena mbeidh sí iníoctha í a ghnóthú ón duine ag a mbeidh sí iníoctha mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(3) Ní bheidh feidhm ag an Public Office Fees Act, 1879, i ndáil le táille faoin alt seo.

Cigirí.

6. —(1) Is údarás ceapacháin gach aon cheann acu seo a leanas chun críocha an ailt seo:

(a) an tAire,

(b) an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí,

(c) an tÚdarás Náisiúnta um Shábháilteacht agus Sláinte Ceirde,

(d) an Institiúid Éireannach um Chosaint Raideolaíoch.

(2) Féadfaidh údarás ceapacháin cibé daoine agus cibé líon daoine is cuí leis an údarás a cheapadh chun bheith ina gcigirí chun críocha an Achta seo agus féadfaidh sé aon cheapachán den sórt sin a chúlghairm.

(3) Déanfaidh údarás ceapacháin barántas ceapacháin a eisiúint chuig gach cigire a bheidh ceaptha aige faoi fho-alt (2) agus, le linn dó nó di cumhacht a thugtar do chigire leis an Acht seo nó faoi a fheidhmiú, déanfaidh an cigire, ar dhuine dá ndéanann an céanna difear á iarraidh sin air nó uirthi, an barántas nó cóip de, a bheidh fíordheimhnithe go cuí ag an údarás ceapacháin, a thabhairt ar aird don duine sin.

(4) Féadfaidh cigire, d'fhonn a fháil amach an bhfuil an tAcht seo nó aon rialachán arna dhéanamh faoi alt 17 á chomhlíonadh, aon ní nó gach ní acu seo a leanas a dhéanamh:

(a) seiceáil a dhéanamh ar aon trealamh iompair ar chúiseanna sábháilteachta, ar gné dhílis iad d'iompar earraí contúirteacha de bhóthar,

(b) dul isteach in aon áitreabh nó áit tráth ar bith má bhíonn forais réasúnacha amhrais aige nó aici ina leith go n-úsáidtear é nó í chun críche a bhfuil baint aici le hiompar earraí contúirteacha de bhóthar, nó go bhfuil trealamh iompair a úsáidtear chun na críche sin ag an áitreabh nó ag an áit, agus an t-áitreabh nó an áit, an trealamh iompair agus aon doiciméid nó taifid a choimeádtar nó a úsáidtear san áitreabh nó san áit nó ar an trealamh iompair sin a iniúchadh,

(c) i gcás go mbíonn forais réasúnacha amhrais aige nó aici go bhfuil cion faoin Acht seo déanta nó á dhéanamh ag aon áitreabh nó aon áit, forneart réasúnach a úsáid más gá chun dul isteach san áitreabh nó san áit, ar choinníoll go bhfuil sé nó sí údaraithe amhlaidh le barántas ó bhreitheamh den Chúirt Dúiche faoi alt 7 nó, má fheictear don chigire gur cás éigeandála é agus gur dhóigh don mhoill chun an barántas a fháil beatha duine a chur i mbaol, ansin gan a bheith údaraithe amhlaidh,

(d) le linn cumhacht faoin alt seo a bheith á feidhmiú aige nó aici, comhalta den Gharda Síochána a bheith ina theannta nó ina teannta má bhíonn cúis réasúnach ag an gcigire le bheith imníoch go gcuirfear mórbhac ar fhorghníomhú dhualgas an chigire,

(e) tráth ar bith, trealamh iompair a bheidh ar fos, mar aon lena lucht, más ann, a sheiceáil agus iniúchadh a dhéanamh ar aon doiciméid, earraí, taifid nó trealamh taifeadta atá ar iompar san fheithicil nó ar an bhfeithicil nó ag aon chomhalta den fhoireann, agus a choimeádtar nó a úsáidtear chun críche a bhfuil baint aici le hiompar earraí contúirteacha de bhóthar,

(f) samplaí d'earraí a thógáil as aon áitreabh, áit nó trealamh iompair a mbeidh forais réasúnacha amhrais ag an gcigire ina leith go bhfuil nó go raibh sé nó sí á úsáid nó á húsáid nó go mbeartaítear é nó í a úsáid chun earraí contúirteacha a iompar de bhóthar,

(g) a cheangal ar aon duine atá ag an áitreabh, san áit nó sa trealamh iompair aon doiciméad nó taifead (lena n-áirítear, i gcás faisnéise i bhfoirm neamh-inléite, cóip de shliocht as an bhfaisnéis sin i mbuanfhoirm inléite) a choimeádtar nó a úsáidtear chun críche a bhfuil baint aici le hiompar earraí contúirteacha de bhóthar, agus atá faoi chumhacht nó faoi rialú an duine sin, a thabhairt ar aird don chigire,

(h) iniúchadh nó scrúdú a dhéanamh ar aon doiciméad nó taifead (lena n-áirítear, i gcás faisnéise i bhfoirm neamhinléite, cóip de shliocht as an bhfaisnéis sin i mbuanfhoirm inléite) a choimeádtar nó a úsáidtear i dtaca le hiompar earraí contúirteacha de bhóthar, agus cóipeanna a dhéanamh de nó sleachta a thógáil as nó é a thabhairt chun siúil, más gá, chun iniúchadh nó scrúdú a dhéanamh air, agus a cheangal ar an duine a choimeádann an doiciméad nó an taifead sin, nó a thug an doiciméad nó an taifead ar aird, a dheimhniú gur cóip dhílis cóip den doiciméad nó den taifead sin,

(i) a iarraidh go dtabharfaí aon deimhniú oiliúna ar aird, é a scrúdú agus cóipeanna a dhéanamh de,

(j) aon tionóisc a mbeidh iompar earraí contúirteacha de bhóthar i gceist inti a imscrúdú, agus

(k) scrúdú, tástáil, próiseáil nó díchóimeáil trealaimh iompair a ghabháil de láimh, de réir mar is gá, nó socrú a dhéanamh go ngabhfar an céanna de láimh.

(5) D'fhonn a chumhachtaí nó a cumhachtaí faoi fho-alt (4) a fheidhmiú, féadfaidh cigire trealamh iompair, lena n-áirítear aon earraí contúirteacha a bheidh ann nó air, a choinneáil i rith cibé tréimhse is gá chun na cumhachtaí sin a fheidhmiú.

(6) Ní rachaidh cigire, seachas le toiliú an áititheora, isteach sa chuid sin d'áitreabh a úsáidtear mar theaghais phríobháideach mura mbeidh barántas faoi alt 7 a údaróidh dul isteach amhlaidh faighte aige nó aici ón gCúirt Dúiche.

(7) I gcás go gcoiscfear ar chigire, ag feidhmiú a chumhachtaí nó a cumhachtaí dó nó di faoin alt seo, dul isteach in aon áitreabh, féadfar iarratas a dhéanamh faoi alt 7 ar bharántas a údaróidh dul isteach amhlaidh.

(8) I gcás gur deimhin leis an údarás ceapacháin go bhfuil cigire arna cheapadh nó arna ceapadh aige tar éis cumhacht a thugtar don chigire leis an Acht seo nó faoi a fheidhmiú ar mhodh bona fide, slánóidh an t-údarás ceapacháin an cigire in aghaidh na gcaingne nó na n-éileamh go léir, cibé slí a éireoidh siad, i leith fheidhmiú na cumhachta sin ag an gcigire.

(9) Aon duine a chuirfidh bac nó treampán ar chigire nuair a bheidh an cigire ag feidhmiú cumhachta faoin alt seo, nó a mhainneoidh nó a dhiúltóidh déanamh de réir iarrata nó ceanglais cigire faoin alt seo, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(10) Aon duine a dhéanfaidh, go toiliúil, faisnéis is eol dó nó di a bheith bréagach nó míthreorach i bponc ábhartha a thabhairt do chigire, nó a dhéanfaidh aon ráiteas bréagach nó míthreorach den sórt sin agus é nó í meargánta i dtaobh é a bheith fíor nó gan a bheith fíor, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(11) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoi fho-alt (9)(10), dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,500 a chur air nó uirthi.

Barántais chuardaigh.

7. —Más deimhin le breitheamh den Chúirt Dúiche ar fhaisnéis faoi mhionn ó chigire go bhfuil forais réasúnacha amhrais ann—

(a) go n-úsáidtear áitreabh chun críche a bhfuil baint aici le hiompar earraí contúirteacha de bhóthar,

(b) go bhfuil trealamh iompair a úsáidtear chun na críche sin ag an áitreabh,

(c) go bhfuil faisnéis nó ábhar a bhaineann le hiompar earraí contúirteacha de bhóthar, agus atá ag teastáil ó chigire lena scrúdú, ar seilbh in aon áitreabh nó in aon chuid d'aon áitreabh, nó

(d) go bhfuil cion faoin Acht seo déanta nó á dhéanamh ann,

féadfaidh an breitheamh barántas a eisiúint á údarú do chigire, agus cigirí eile nó comhaltaí den Gharda Síochána ina theannta nó ina teannta, aon tráth nó tráthanna laistigh de mhí amháin ó dháta eisiúna an bharántais, ar an mbarántas a thabhairt ar aird má cheanglaítear amhlaidh, dul isteach san áitreabh sin, le forneart réasúnach más gá, agus gach ceann nó aon cheann de na cumhachtaí a thugtar do chigire faoi alt 6 a fheidhmiú.

Fógra toirmisc.

8. —(1) I gcás go bhfuil nó go raibh trealamh iompair á úsáid ag aon duine nó go mbeartóidh aon duine é a úsáid nó go mbeidh sé faoi rialú aon duine, in iompar earraí contúirteacha de bhóthar, ar mhodh atá, i dtuairim cigire nó comhalta den Gharda Síochána, ina chontúirt don tsábháilteacht ar bhóthar poiblí, féadfaidh an cigire nó an comhalta fógra (“fógra toirmisc”), a bheidh sínithe ag an gcigire nó ag an gcomhalta, a sheirbheáil ar an duine—

(a) ina ndéarfar gurb é sin tuairim an chigire nó an chomhalta,

(b) ina sonrófar an ní is bun leis an gcontúirt nó ar dóigh dó a bheith ina bhun leis an gcontúirt, ina thuairim nó ina tuairim,

(c) i gcás gurb é a thuairim nó a tuairim go bhfuil nó go mbeidh sárú ar an Acht seo nó ar na rialacháin arna ndéanamh faoi alt 17 i gceist leis an ní, ina ndéarfar gurb é sin a thuairim nó a tuairim, ina sonrófar an fhoráil a bhfuil an tuairim sin aige nó aici ina leith, agus ina dtabharfar sonraí na bhfáthanna a bhfuil an tuairim sin aige nó aici, agus

(d) ina n-ordófar nach ndéanfar an trealamh iompair lena mbaineann an fógra a úsáid in iompar earraí contúirteacha de bhóthar ag an duine nó faoi rialú an duine, ná ag duine ar bith ná faoi rialú duine ar bith, mura mbeidh na nithe a bheidh sonraithe san fhógra de bhun mhír (b), agus aon sárú gaolmhar ar fhoráil a shonrófar amhlaidh de bhun mhír (c), leigheasta.

(2) Beidh éifeacht le fógra toirmisc an túisce a gheobhaidh an duine ar a ndéanfar é a sheirbheáil é.

(3) Ní bheidh feidhm ag fógra toirmisc maidir leis an trealamh iompair a aistriú go dtí áit shábháilte faoi cibé coinníollacha a dhéanfaidh an cigire nó an comhalta den Gharda Síochána a bheidh ag seirbheáil an fhógra a shonrú i scríbhinn.

(4) Féadfaidh duine arb éagóir leis nó léi fógra toirmisc, laistigh den tréimhse 7 lá dar tosach an lá a sheirbheálfar an fógra air nó uirthi, achomharc a dhéanamh chuig breitheamh den Chúirt Dúiche, sa dúiche chúirte dúiche inar seirbheáladh an fógra, i gcoinne an fhógra agus, ag cinneadh an achomhairc di, féadfaidh an Chúirt—

(a) más deimhin léi gur réasúnach sin a dhéanamh in imthosca an cháis, an fógra a dhaingniú, modhnaithe nó gan mhodhnú; nó

(b) an fógra a chúlghairm.

(5) Ní bheidh d'éifeacht uathoibríoch le hachomharc a dhéanamh i gcoinne fógra toirmisc de réir fho-alt (4) oibriú an fhógra a fhionraí, ach féadfaidh an t-achomharcóir iarratas a dhéanamh chuig an gCúirt lena chur faoi deara oibriú an fhógra a fhionraí go dtí go ndéanfar an t-achomharc a chur de láimh agus féadfaidh an Chúirt, más cuí léi sin a dhéanamh, a ordú go bhfionrófar oibriú an fhógra dá réir sin.

(6) Aon duine a dhéanfaidh achomharc i gcoinne fógra toirmisc faoi fho-alt (4) nó a dhéanfaidh iarratas ar ordachán ag fionraí oibriú an fhógra faoi fho-alt (5), déanfaidh sé nó sí, san am céanna, fógra i dtaobh an achomhairc nó an iarratais agus na bhforas don achomharc nó don iarratas a thabhairt don chigire nó don chomhalta den Gharda Síochána, de réir mar is cuí, a sheirbheáil an fógra agus beidh an cigire nó an comhalta i dteideal láithriú, éisteacht a fháil agus fianaise a thabhairt ar aird ar an achomharc nó ar an iarratas a éisteacht.

(7) Féadfaidh cigire nó comhalta den Gharda Síochána fógra toirmisc a chúlghairm.

(8) Má úsáidtear trealamh iompair de shárú ar fhógra toirmisc, féadfaidh an Ard-Chúirt le hordú, ar iarratas ó chigire nó ó chomhalta den Gharda Síochána, toirmeasc a chur ar leanúint den úsáid sin.

(9) Is trí fhoriarratas a dhéanfar iarratas chuig an Ard-Chúirt ar ordú faoi fho-alt (8) agus féadfaidh an Chúirt, nuair a bheidh an ní á bhreithniú aici, cibé ordú eatramhach nó idirbhreitheach (más ann) is cuí léi a dhéanamh agus féadfar cibé téarmaí agus coinníollacha (más ann) is cuí leis an gCúirt, maidir le costais a íoc, a bheith san ordú lena gcinnfear iarratas faoin bhfo-alt seo.

(10) Aon duine a mhainneoidh déanamh de réir fógra toirmisc a sheirbheálfar air nó uirthi, beidh sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear—

(a) ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,500 a chur air nó uirthi, nó

(b) ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £100,000 a chur air nó uirthi.

Gabháil gan bharántas i leith cionta áirithe i gcás go bhféadfadh nach mbeadh toghairm sásúil chun láithreas a áirithiú.

9. —(1) I gcás go mbeidh forais réasúnacha ag comhalta den Gharda Síochána—

(a) chun a chreidiúint go bhfuil cion de dheasca sárú ar an Acht seo nó ar rialacháin arna ndéanamh faoi alt 17 déanta nó á dhéanamh i dtaca le hoibriú trealaimh iompair ar bhóthar poiblí, agus

(b) chun amhras a bheith air nó uirthi, maidir le seoladh a bheidh tugtha mar sheoladh le haghaidh seirbheála ag an duine a gcreideann an comhalta ina leith go bhfuil cion déanta nó á dhéanamh aige nó aici, gur seoladh sásúil é chun toghairm a sheirbheáil ar an duine chun an cion a ionchúiseamh,

féadfaidh an comhalta, gan bharántas, an duine a ghabháil.

(2) Chun críocha fho-alt (1)(b), is seoladh sásúil le haghaidh seirbheála seoladh má fheictear don chomhalta den Gharda Síochána—

(a) go mbeidh an duine ag an seoladh ar feadh tréimhse sách fada chun gur féidir toghairm a sheirbheáil ar an duine; nó

(b) go ndéanfaidh duine éigin eile a bheidh sonraithe ag an duine céadluaite seirbheáil toghairme a ghlacadh thar ceann an duine chéadluaite ag an seoladh.

Toirmisc a bhaineann le trealamh iompair agus doiciméadacht iompair.

10. —(1) Maidir le haon duine—

(a) ní dhéanfaidh sé nó sí, le linn iarratas a dhéanamh ar dheimhniú a dheonófar faoi rialacháin arna ndéanamh faoi alt 17 nó le linn aon fhaisnéis a thabhairt a cheanglaítear air nó uirthi faoin Acht seo a thabhairt, ráiteas is eol dó nó di a bheith bréagach i bponc ábhartha, ná ní dhéanfaidh sé nó sí aon ráiteas bréagach den sórt sin agus é nó í meargánta i dtaobh é a bheith fíor nó gan a bheith fíor;

(b) ní dhéanfaidh sé nó sí—

(i) aon doiciméad iompair,

(ii) aon deimhniú a dheonófar faoi rialacháin arna ndéanamh faoi alt 17 , nó

(iii) aon treoracha don tiománaí,

a bhrionnú, a athrú ná a úsáid le hintinn mheabhlaireachta, ná ní dhéanfaidh ná ní shealbhóidh sé nó sí, le hintinn mheabhlaireachta, doiciméad ar bith atá cosúil le doiciméad iompair, treoracha don tiománaí nó deimhniú den sórt sin; ná

(c) ní bhainfidh sé nó sí, gan údarás, le trealamh iompair atá á úsáid nó a bheartaítear a úsáid chun earraí contúirteacha a iompar de bhóthar ná ní dhéanfaidh sé nó sí aon lipéadú ar an trealamh sin a thaispeánann cén sórt earraí contúirteacha atá á n-iompar nó a bheartaítear a iompar, ná aon treoracha sábháilteachta atá le leanúint i ndáil leis an gcéanna, a bhaint de, a scriosadh ná a athrú.

(2) Aon duine a sháróidh mír (a) d'fho-alt (1), beidh sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,500 a chur air nó uirthi.

(3) Aon duine a sháróidh mir (b)(c) d'fho-alt (1), beidh sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear—

(a) ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,500 a chur air nó uirthi, nó

(b) ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £100,000 chur air nó uirthi.

Iompar sábháilte earraí contúirteacha de bhóthar ar coinsíneacht.

11. —(1) Déanfaidh aon duine a bheidh ag gabháil d'iompar earraí contúirteacha de bhóthar gach beart praiticiúil chun baol díobhála do dhaoine nó damáiste do mhaoin, le linn nó de dheasca na hearraí sin a iompar, a chosc.

(2) Ní dhéanfaidh duine iompar earraí contúirteacha de bhóthar a thabhairt chun críche gan a chur in iúl cén sórt earraí go baileach atá iontu nó go bhfuil siad contúirteach.

(3) Aon duine a sháróidh fo-alt (1)(2), beidh sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear—

(a) ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,500 a chur air nó uirthi, nó

(b) ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £100,000 a chur air nó uirthi.

(4) San alt seo folaíonn “duine a bheidh ag gabháil d'iompar earraí contúirteacha de bhóthar” oibritheoir na feithicle (cibé acu an t-úinéir nó duine eile), tiománaí na feithicle, agus coinsíneoir na n-earraí contúirteacha.

Cion ag comhlacht corpraithe.

12. —(1) Más rud é, maidir le cion faoin Acht seo a rinne comhlacht corpraithe, go gcruthófar go ndearnadh é le toiliú nó le cúlcheadú, nó gurb inchurtha é i leith aon fhaillí ar thaobh, aon duine ar stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí nó oifigeach eile de chuid an chomhlachta a bhí ann nó inti nuair a rinneadh an cion, nó duine a d'airbheartaigh a bheith ag gníomhú in aon cháil den sórt sin, beidh an duine sin, chomh maith leis an gcomhlacht corpraithe, ciontach i gcion freisin agus dlífear freisin imeachtaí a thionscnamh ina choinne nó ina coinne agus é nó í a phionósú amhail is dá mbeadh sé nó sí ciontach sa chion a rinne an comhlacht corpraithe.

(2) I gcás gurb iad comhaltaí comhlachta chorpraithe a bhainistíonn gnóthaí an chomhlachta sin, tá feidhm ag fo-alt (1) amhail is dá mba thagairt do chomhalta den chomhlacht corpraithe an tagairt san fho-alt sin do stiúrthóir.

Ionchoisní.

13. —Aon tagairt in alt 56 den Acht um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair, 1989

(a) do ghníomhaireacht fhorfheidhmiúcháin, forléireofar í mar thagairt a fholaíonn tagairt d'údarás inniúil, agus

(b) do chigire nó d'aon duine eile a láithreoidh thar ceann gníomhaireachta forfheidhmiúcháin, forléireofar í mar thagairt a fholaíonn tagairt do chigire arna cheapadh nó arna ceapadh faoin Acht seo.

Fógraí a sheirbheáil.

14. —(1) Aon doiciméad a cheanglaítear nó a údaraítear a sheirbheáil ar aon duine nó a chur chuig aon duine nó a thabhairt d'aon duine faoin Acht seo (nach comhlacht a bhfuil feidhm ag fo-alt (2) maidir leis), féadfar é a sheirbheáil ar an duine, a chur chuig an duine nó a thabhairt don duine—

(a) más faoina ainm nó faoina hainm a bheidh sé dírithe chuig an duine, trína sheachadadh air nó uirthi nó, i gcás comhpháirtíochta, trína sheachadadh ar aon duine de na comhpháirtithe,

(b) trína fhágáil ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí ar an duine,

(c) trína chur leis an bpost i litir chláraithe réamhíoctha a bheidh dírithe chuig an duine ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí ar an duine, nó i gcás go mbeidh seoladh le haghaidh seirbheála tugtha, ag an seoladh sin le haghaidh seirbheála, nó

(d) mura féidir an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí ar an duine a fháil amach trí fhiosrú réasúnach agus go gceanglaítear fógra a sheirbheáil ar an duine nó a thabhairt don duine i leith aon ionaid oibre, trína sheachadadh ar dhuine a bhfuil 16 bliana d'aois slánaithe aige nó aici agus a chónaíonn nó atá ar fostú san ionad oibre, nó trína dhaingniú in áit fheiceálach ar an ionad oibre nó ina aice.

(2) Aon doiciméad a gceanglaítear nó a n-údaraítear faoin Acht seo é a sheirbheáil ar chomhlacht nó a chur chuig comhlacht nó a thabhairt do chomhlacht, cibé acu corpraithe nó neamhchorpraithe, féadfar é a sheirbheáil ar an gcomhlacht, a chur chuig an gcomhlacht nó a thabhairt don chomhlacht—

(a) trína fhágáil ag oifig chláraithe an chomhlachta, más ann, nó trína chur leis an bpost i litir chláraithe réamhíoctha chuig oifig den sórt sin,

(b) trína fhágáil ag aon áit a seolann an comhlacht gnó, nó trína chur leis an bpost i litir chláraithe réamhíoctha chuig áit den sórt sin,

(c) trína chur leis an bpost i litir chláraithe réamhíoctha chuig aon duine is stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí nó oifigeach eile de chuid an chomhlachta nó a airbheartaíonn a bheith ag gníomhú in aon cháil den sórt sin, ag an áit ag a bhfuil gnáthchónaí ar an duine, nó trína fhágáil ag an áit sin, nó

(d) trína sheachadadh ar dhuine a bhfuil 16 bliana d'aois slánaithe aige nó aici agus a chónaíonn nó atá ar fostú san oifig chláraithe, más ann, atá ag an gcomhlacht nó in áit a seolann an comhlacht gnó.

Imeachtaí.

15. —(1) Is iad seo a leanas a fhéadfaidh imeachtaí mar gheall ar chion faoin Acht seo a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh go hachomair—

(a) an tAire,

(b) an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí,

(c) an tÚdarás Náisiúnta um Shábháilteacht agus Sláinte Ceirde,

(d) an Institiúid Éireannach um Chosaint Raideolaíoch, nó

(e) comhalta den Gharda Síochána.

(2) Aon taifead a airbheartóidh lucht atá á iompar a thaispeáint agus a dhéanfar i ndoiciméad iompair a bhaineann le trealamh iompair nó aon lipéad, pláta nó marcáil a bheidh daingnithe de threalamh iompair, beidh sé, chun críocha aon imeachtaí faoin Acht seo, ina fhianaise ar an lucht atá á iompar ag an trealamh iompair nó ann an tráth iomchuí.

(3) In aon imeachtaí faoin Acht seo, féadfar fianaise prima facie ar théarmaí an ADR a thabhairt trí dhoiciméad a thabhairt ar aird a airbheartóidh a bheith ina chóip den chéanna agus a airbheartóidh a bheith foilsithe ag na Náisiúin Aontaithe nó ag foilsitheoir a bheidh údaraithe ag na Náisiúin Aontaithe chun foilseacháin den sórt sin de chuid na Náisiún Aontaithe a fhoilsiú.

Feidhm an Explosives Act, 1875.

16. —(1) Ní bheidh feidhm ag alt 75 den Explosives Act, 1875, maidir le pléascaigh a iompar de bhóthar.

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú, aon fhodhlí a bheidh déanta faoi alt 37 den Explosives Act, 1875, a chúlghairm a mhéid a bhaineann sé le pléascaigh a iompar de bhóthar.

(3) Aon fhodhlí a dhéanfar faoi alt 37 den Explosives Act, 1875, tar éis thosach feidhme an ailt seo, ní bheidh feidhm aige maidir le pléascaigh a iompar de bhóthar.

Rialacháin.

17. —(1) Chun éifeacht a thabhairt don ADR nó do cheachtar ceann de na Treoracha, féadfaidh an tAire, faoi réir an Achta seo agus tar éis dul i gcomhairle le haon Aire eile den Rialtas a bhféadfadh a fhreagracht nó a freagracht feidhme a bheith i gceist, rialacháin a dhéanamh i ndáil leis na nithe seo a leanas—

(a) iompar earraí contúirteacha de bhóthar laistigh den Stát nó isteach sa Stát ó chríoch Páirtí Chonarthaigh eile nó ón Stát isteach i gcríoch den sórt sin,

(b) cineál-cheadú, scrúdú, tástáil, deimhniúchán, marcáil agus lipéadú trealaimh iompair atá le húsáid in iompar earraí contúirteacha de bhóthar,

(c) ceadú cúrsaí oiliúna do thiománaithe feithiclí a iompraíonn earraí contúirteacha de bhóthar, scrúdú tiománaithe den sórt sin a bheidh tar éis dul faoi oiliúint cheadaithe agus deonú deimhnithe oiliúna do na tiománaithe sin a mbeidh scrúdú ceadaithe gnóthaithe acu tar éis na hoiliúna sin,

(d) aithint tástálacha, deimhnithe nó ceaduithe a mbeidh údarás inniúil de chuid Páirtí Chonarthaigh eile tar éis iad a ghabháil de láimh nó a dheonú,

(e) cúlghairm aon cheadaithe nó deimhnithe a bheidh eisithe ag údarás inniúil,

(f) trealamh a bheidh le cur ar fáil ar fheithiclí a iompraíonn earraí contúirteacha de bhóthar,

(g) doiciméid iompair a bheidh le hiompar ar fheithiclí a iompraíonn earraí contúirteacha de bhóthar,

(h) fógra a thabhairt faoi thionóiscí nó tarluithe contúirteacha ag éirí as iompar earraí contúirteacha de bhóthar,

(i) maoirseacht agus faireachán a dhéanamh ar údaráis inniúla, i leith aon fheidhmeanna a thugtar dóibh leis an Acht seo nó faoi.

(2) Féadfar cibé forálacha iarmhartacha, forlíontacha agus coimhdeacha a mheasfaidh an tAire is gá a bheith i rialacháin arna ndéanamh faoin alt seo.

(3) Féadfar, le rialacháin arna ndéanamh faoin alt seo, leasú nó cúlghairm a dhéanamh ar ionstraimí a rinneadh faoi na hAchtanna um Shubstaintí Contúirteacha, 1972 agus 1979, faoin Explosives Act, 1875, faoin Acht um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair, 1989 , nó faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 , a mhéid a bhaineann na hionstraimí sin le hiompar earraí contúirteacha de bhóthar.

(4) Féadfar, le rialacháin arna ndéanamh faoin alt seo, foráil a dhéanamh maidir le cionta arb éard iad sáruithe ar rialacháin nó mainneachtainí rialacháin a chomhlíonadh agus maidir le fíneálacha nach mó iad ná méideanna sonraithe nach mó ná £1,500 a ghearradh ar dhuine ar é nó í a chiontú go hachomair i gcionta den sórt sin.

Íocaíocht, in ionad ionchúiseamh áirithe, le cigire.

18. —(1) Tá feidhm ag an alt seo maidir le cibé cionta faoi rialacháin arna ndéanamh faoi alt 17 a fhorordófar a bheith ina gcionta a bhfuil feidhm ag an alt seo maidir leo.

(2) I gcás go mbeidh forais réasúnacha ag cigire chun a chreidiúint go bhfuil cion lena mbaineann an fo-alt seo á dhéanamh nó déanta ag duine, féadfaidh sé nó sí fógra, i cibé foirm a fhorordófar, a sheirbheáil ar an duine, á rá—

(a) go líomhnaítear go ndearna an duine an cion,

(b) go bhféadfaidh an duine, gan mhoill, íocaíocht £150 a dhéanamh leis an gcigire, agus

(c) nach dtionscnófar ionchúiseamh ar bith i leith an chiona líomhnaithe má dhéantar, gan mhoill, an íocaíocht a shonraítear san fhógra.

(3) I gcás go seirbheálfaidh cigire fógra ar dhuine faoin alt seo agus go bhfaighidh sé nó sí íocaíocht den mhéid a shonraítear san fhógra ón duine, eiseoidh an cigire admháil ar an íocaíocht sin chuig an duine agus coimeádfaidh sé nó sí an t-airgead a íocfar amhlaidh lena dhiúscairt i cibé modh a fhorordófar, agus ní bheidh aon íocaíocht a gheofar amhlaidh inghnóthaithe in imthosca ar bith ag an duine a rinne í.

(4) In ionchúiseamh mar gheall ar chion faoin Acht seo is ar an gcosantóir a bheidh an dualgas a chruthú go ndearnadh íocaíocht de bhun fógra faoin alt seo.

(5) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, an méid a bheidh sonraithe de thuras na huaire i bhfo-alt (2)(b) a athrú.

(6) Féadfar íocaíocht de bhun fógra faoin alt seo a dhéanamh—

(a) in airgeadra an Stáit,

(b) i méid comhréire—

(i) in airgeadra Ballstáit eile den Aontas Eorpach, nó

(ii) i cibé airgeadra eile a fhorordófar,

(c) le hionstraim shoshannta a bheidh inghlactha ag an gcigire.

Orduithe agus rialacháin a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

19. —Déanfar gach ordú agus rialachán faoin Acht seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú nó an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú aon ordaithe (seachas ordú faoi alt 21 ) nó rialacháin den sórt sin, beidh an t-ordú nó an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú nó faoin rialachán.

Caiteachais.

20. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire, nó aon Aire eile den Rialtas, ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

21. —(1) Féadfar an tAcht um Iompar Earraí Contúirteacha de Bhóthar, 1998 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar chuige sin le hordú nó le horduithe ón Aire go ginearálta nó faoi threoir aon chríche nó aon fhorála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla den Acht seo.

1 I.O. Uimh. L 319 an 12.12.1994 lch.7

1 I.O. Uimh. L 319 an 12.12.1994 lch.7

2 I.O. Uimh. L 249 an 17.10.1995 lch. 35