An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I Réamhráiteach) Ar Aghaidh (CUID III Cúramóirí)

3 1999

AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH, 1999

CUID II

Méaduithe

Sochair árachais shóisialaigh (rátaí nua).

4. —(1) Leasaítear leis seo an Príomh-Acht trí na Codanna atá leagtha amach i Sceideal A a ghabhann leis an Acht seo a chur in ionad Chodanna I go IV (a cuireadh isteach le halt 4 d'Acht 1998) agus Chuid V den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht sin.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh—

(a) a mhéid a bhaineann sé le sochar báis faoi alt 63 agus le deontas méala (arna chur isteach le halt 19 den Acht seo), an 6ú lá d'Aibreán, 1999,

(b) a mhéid a bhaineann sé le sochar dífhostaíochta, an 27ú lá de Bhealtaine, 1999,

(c) a mhéid a bhaineann sé le sochar míchumais, sochar sláinte agus sábháilteachta, sochar díobhála agus aisce mhíthreorach, an 31ú lá de Bhealtaine, 1999,

(d) a mhéid a bhaineann sé le pinsean scoir, pinsean easláine agus íocaíocht iomchuí de bhua alt 18(1)(a) d'Acht 1996, an 3ú lá de Mheitheamh, 1999, agus

(e) a mhéid a bhaineann sé le pinsean míthreorach, sochar báis faoi alt 60, 61 nó 62 den Phríomh-Acht, pinsean seanaoise (ranníocach), pinsean baintrí agus baintrí fir (ranníocach) agus liúntas dílleachta (ranníocach), an 4ú lá de Mheitheamh, 1999.

Íocaíochtaí cúnaimh shóisialaigh (rátaí nua).

5. —(1) Leasaítear leis seo an Príomh-Acht trí na Codanna atá leagtha amach i Sceideal B a ghabhann leis an Acht seo a chur in ionad Chodanna I agus II (a cuireadh isteach le halt 5 d'Acht 1998) den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht sin.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh—

(a) a mhéid a bhaineann sé le cúnamh dífhostaíochta, an 26ú lá de Bhealtaine, 1999,

(b) a mhéid a bhaineann sé le liúntas leasa forlíontach, an 31ú lá de Bhealtaine, 1999,

(c) a mhéid a bhaineann sé le liúntas míchumais, an 2ú lá de Mheitheamh, 1999,

(d) a mhéid a bhaineann sé le liúntas réamhscoir, íocaíocht teaghlaigh aontuismitheora (seachas i gcás í a bheith iníoctha i leith baintrí nó baintrí fir), liúntas cúramóra agus íocaíocht iomchuí de bhua alt 18(1)(b) nó (c) d'Acht 1996, an 3ú lá de Mheitheamh, 1999, agus

(e) a mhéid a bhaineann sé le pinsean seanaoise (neamhranníocach), pinsean dall, pinsean baintrí agus baintrí fir (neamhranníocach), íocaíocht teaghlaigh aontuismitheora is iníoctha i leith baintrí nó baintrí fir agus pinsean dílleachta (neamhranníocach), an 4ú lá de Mheitheamh, 1999.

Sochar linbh (rátaí nua).

6. —(1) Leasaítear leis seo an Ceathrú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht tríd an gCuid seo a leanas a chur in ionad Chuid III (a cuireadh isteach le halt 6 d'Acht 1998):

“CUID III

Na Méideanna Sochair Linbh

An méid i leith gach linbh den chéad 2 leanbh

An méid i leith gach linbh de bhreis ar 2

(1)

(2)

£34.50

£46.00

”.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an lú lá de Mheán Fómhair, 1999.

Forlíonadh ar ioncam teaghlaigh (rátaí seachtainiúla nua).

7. —(1) Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 198 (a cuireadh isteach le halt 7(3) d'Acht 1998):

“Teideal chun forlíonadh.

198.—Faoi réir an Achta seo, beidh liúntas (dá ngairtear ‘forlíonadh ar ioncam teaghlaigh’ san Acht seo) iníoctha as airgead a sholáthróidh an tOireachtas i leith teaghlaigh más lú an t-ioncam seachtainiúil teaghlaigh ná—

(a) i gcás teaghlaigh nach bhfuil ach 1 leanbh ann, £220,

(b) i gcás teaghlaigh a bhfuil 2 leanbh ann, £240,

(c) i gcás teaghlaigh a bhfuil 3 leanbh ann, £260,

(d) i gcás teaghlaigh a bhfuil 4 leanbh ann, £280,

(e) i gcás teaghlaigh a bhfuil 5 leanbh ann, £305,

(f) i gcás teaghlaigh a bhfuil 6 leanbh ann, £325,

(g) i gcás teaghlaigh a bhfuil 7 leanbh ann, £342, nó

(h) i gcás teaghlaigh a bhfuil 8 leanbh nó níos mó ann, £359.”.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 3ú lá de Mheitheamh, 1999.

Ranníocaí fostaíochta (méaduithe ar na huasteorainneacha tuillimh).

8. —(1) Leasaítear leis seo alt 10 den Phríomh-Acht—

(a) trí “£25,400” a chur in ionad “£24,200” (a cuireadh isteach le halt 8(1)(b) d'Acht 1998) i bhfo-alt (1)(c),

(b) trí “£280” a chur in ionad “£270” (a cuireadh isteach le halt 8(1)(c) d'Acht 1998) i bhfo-alt (1)(d)(i) agus (ii), agus

(c) trí “£35,000” a chur in ionad “£29,000” (a cuireadh isteach le halt 8(1)(d) d'Acht 1998) i bhfo-alt (1)(e).

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 6ú lá d'Aibreán, 1999.

Ranníocaí féinfhostaíochta (méadú ar an uasteorainn ioncaim)

9. —(1) Leasaítear leis seo alt 18(1) den Phríomh-Acht trí “£25,400” a chur in ionad “£24,200” (a cuireadh isteach le halt 9(1) d'Acht 1998) i mír (d).

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 6ú lá d'Aibreán, 1999.