An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID V Feabhsuithe ar Scéimeanna Leasa Shóisialaigh) Ar Aghaidh (CUID VII Leasú ar an Acht um Ranníocaí Sláinte, 1979, agus ar an Acht um Ghníomhaireacht Fostaíochta don Aos Óg, 1981)

3 1999

AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH, 1999

CUID VI

Forálacha Ilghnéitheacha

Iniúchadh ar áitribh ag cigirí leasa shóisialaigh.

26. —(1) Leasaítear leis seo alt 212 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3) Beidh cumhacht ag cigire leasa shóisialaigh, chun críocha an Achta seo, aon ní nó gach ní de na nithe seo a leanas a dhéanamh—

(a) dul isteach, gan fógra roimh ré, gach tráth réasúnach, in aon áitreabh nó áit a dhlífear a iniúchadh faoin alt seo,

(b) in áitreabh nó áit den sórt sin—

(i) cibé scrúdú nó fiosrúchán a dhéanamh,

(ii) aon taifid a fhaightear ann a iniúchadh agus cóipeanna a thógáil díobh nó sleachta a thógáil astu (lena n-áirítear i gcás faisnéise i bhfoirm neamh-inléite cóip den fhaisnéis sin nó sliocht aisti i bhfoirm inléite bhuan), agus

(iii) taifid den sórt sin a aistriú agus a choimeád ar feadh cibé tréimhse a bheidh réasúnach chun iad a scrúdú tuilleadh,

de réir mar is gá d'fhonn a fhionnadh an bhfuil forálacha an Achta seo á gcomhlíonadh,

(c) aon taifid den sórt sin a dhaingniú lena n-iniúchadh níos faide anonn,

(d) ceistiú a dhéanamh, ina aonar nó ina haonar nó i láthair aon duine eile, de réir mar is cuí leis nó léi i ndáil le haon nithe a n-éileoidh sé nó sí go réasúnach faisnéis ina dtaobh chun críocha an Achta seo, ar gach duine a gheobhaidh sé nó sí in aon áitreabh nó áit den sórt sin, nó a bhfuil cúis réasúnach aige nó aici chun a chreidiúint ina leith gur duine árachaithe atá nó a bhí ann nó inti, agus a cheangal go ndéanfar gach duine den sórt sin a cheistiú amhlaidh agus go síneoidh siad dearbhú maidir le fírinne na nithe ar ceistíodh é nó í ina leith, agus

(e) chun freagra nó soiléiriú a thabhairt ar aon cheisteanna a bheidh ag an gcigire leasa shóisialaigh de dhroim an iniúchta ar an áitreabh nó ar an áit, áititheoir an áitribh nó na háite, aon duine atá nó a bhí ag fostú daoine ann nó cibé duine a bheidh ainmnithe ag an áititheoir nó ag an bhfostóir mar dhuine atá inniúil ar fhreagra nó soiléiriú a thabhairt ar aon cheisteanna den sórt sin a thoghairm chun bheith i láthair ag an áitreabh nó ag an áit sin (nó ag oifig de chuid an Aire) aon tráth réasúnach a shonrófar, ar toghairm í a dhéanfar le fógra i scríbhinn arna thabhairt dó nó di ag an áitreabh nó ag an áit nó arna chur chuige nó chuici san áitreabh nó san áit sin leis an bpost cláraithe.”,

(b) trí “taifead” a chur in ionad “doiciméad” i bhfo-alt (6)(b), agus

(c) trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (14):

“(15) I gcás inar dóigh le cigire leasa shóisialaigh gur gá é, féadfaidh comhalta den Gharda Síochána a bheith in éineacht leis nó léi le linn don chigire leasa shóisialaigh aon chumhacht a thugtar dó nó di faoin alt seo a chomhlíonadh.

(16) Féadfaidh cigire leasa shóisialaigh, d'fhonn a chinntiú go gcomhlíonfar an tAcht seo, más rud é go bhfuil comhalta den Gharda Síochána faoi éide in éineacht leis nó léi—

(a) aon fheithicil a stopadh a bhfuil amhras réasúnach air nó uirthi go n-úsáidtear í i gcúrsa fostaíochta nó féinfhostaíochta, agus

(b) ar dheimhniú a cheapacháin nó a ceapacháin a thabhairt ar aird, má iarrtar amhlaidh air nó uirthi, ceistiú a dhéanamh ar aon duine san fheithicil agus fiafruithe a dhéanamh de nó di nó a cheangal ar dhuine den sórt sin aon taifead a thabhairt dó nó di, ar taifead é a bhaineann lena fhostaíocht nó lena fostaíocht nó lena fhéinfhostaíocht nó lena féinfhostaíocht agus atá á shealbhú san fheithicil ag an duine, agus é a scrúdú.”.

(2) Leasaítear leis seo alt 2(1) den Phríomh-Acht tríd an míniú seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “ranníoc cáilitheach”:

“ciallaíonn ‘taifead’ aon leabhar, doiciméad nó aon ábhar scríofa nó clóite eile in aon fhoirm lena n-áirítear aon fhaisnéis arna stóráil, arna coimeád nó arna caomhnú trí bhíthin aon fheiste meicniúla nó leictreonaí, cibé acu atá nó nach bhfuil sí á stóráil, á coimeád nó á caomhnú i bhfoirm inléite;”.

Sonraí seirbhíse poiblí — uimhir phearsanta seirbhíse poiblí a úsáid.

27. —Leasaítear leis seo alt 223 (1) (a cuireadh isteach le halt 14 d'Acht 1998) den Phríomh-Acht—

(a) trí “nó” a scriosadh i mír (i), agus

(b) trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhír (j) sa mhíniú ar “comhlacht sonraithe”:

“(j) an Bord Íocaíochtaí Seirbhísí Liachta Ginearálta,

(k) na hOspidéil Shaorálacha seo a leanas:

(i) Ospidéal Adelaide agus na Mí, Baile Átha Cliath, lena gcuimsítear Ospidéal Náisiúnta na Leanaí,

(ii) Ospidéal Beaumont, Baile Átha Cliath,

(iii) Ospidéal an Mater Misericordiae, Baile Átha Cliath,

(iv) Ospidéal San Séam,

(v) Ospidéal Naomh Micheál, Dún Laoghaire,

(vi) Ospidéal Naomh Uinseann, Páirc na Leamhán, Baile Átha Cliath,

(vii) Ospidéal Ban an Choim, Baile Átha Cliath,

(viii) Ospidéal an Rotunda, Baile Átha Cliath,

(ix) An tOspidéal Náisiúnta Máithreachais, Baile Átha Cliath,

(x) Ospidéal Mhuire do Leanaí Breoite, Cromghlinn, Baile Átha Cliath,

(xi) Ospidéal na Leanaí, Sráid an Teampaill, Baile Átha Cliath,

(xii) Ospidéal Shráid Hiúm, Baile Átha Cliath,

(xiii) Ospidéal Naomh Lúcás agus Naomh Áine, Baile Átha Cliath,

(xiv) Ospidéal Súl agus Cluas Ríoga Victoria, Baile Átha Cliath,

(xv) Ospidéal Ortaipéideach Corpraithe na hÉireann, Cluain Tarbh, Baile Átha Cliath,

(xvi) Ospidéal Ortaipéideach Cheapaí, Baile Átha Cliath,

(xvii) Ospidéal agus Scoil Chónaithe Mhuire, Baile Dúill, Baile Átha Cliath,

(xviii) An tOspidéal Náisiúnta Athshlánúcháin, Dún Laoghaire,

(xix) Ospidéal Eoin, Luimneach,

(xx) Ospidéal na Trócaire, Corcaigh,

(xxi) An Otharlann Theas/Ospidéal Victoria, Corcaigh,

(xxii) Ospidéal Portiuncula, Béal Átha na Sluaighe, Co. na Gaillimhe,

(xxiii) Ospís Mhuire,

(xxiv) An tOspidéal Ríoga, Domhnach Broc,

(xxv) Ospidéal Pháirc Bhaile na Lobhar,

(xxvi) Ospidéal Naomh Uinseann, Fionnradharc,

(xxvii) Ospidéal Déidliachta Bhaile Átha Cliath,

(xxviii) Scoil agus Ospidéal Fiaclóireachta na hOllscoile, Corcaigh, nó

(l) cibé daoine eile a fhorordófar;”.

Cionta a ionchúiseamh.

28. —(1) Leasaítear leis seo alt 224 den Phríomh-Acht trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (1) agus (2):

“(1) Féadfar ionchúiseamh mar gheall ar chion achomair a thionscnamh—

(a) ar agra an Aire,

(b) ar agra boird sláinte in aon chás a éiríonn as feidhmiú a fheidhmeanna faoin Acht seo, i gcás inar tharla an cion laistigh dá limistéar feidhme, nó

(c) ar agra an Ard-Bhailitheora in aon chás a éiríonn as feidhmiú a fheidhmeanna nó a feidhmeanna faoin Acht seo.

(2) Ní dhéanfaidh oifigeach don Aire aon imeachtaí achoimre i leith ciona faoin Acht seo a thionscnamh ar agra an Aire mura rud é go mbeidh sé nó sí údaraithe chuige sin le hordú speisialta nó ginearálta ón Aire nó go mbeidh an tAire tar éis toiliú le tosú na n-imeachtaí sin.”.

(2) Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 224:

“Féadfaidh an Biúró um Shócmhainní Coiriúla imeachtaí sibhialta faoin Acht a thionscnamh nó féadfar imeachtaí den sórt sin a thionscnamh i gcoinne an Bhiúró.

224A. Aon imeachtaí, seachas imeachtaí chun cion a ionchúiseamh, a éiríonn as feidhmiú na gcumhachtaí atá ag oifigeach don Aire nó na ndualgas atá air nó uirthi faoin Acht seo ar oifigeach biúró é nó í, féadfaidh an Biúró um Shócmhainní Coiriúla iad a thionscnamh nó féadfar iad a thionscnamh i gcoinne an Bhiúró.”.

Achomhairc chuig an gCúirt Chuarda.

29. —(1) Leasaítear leis seo an Príomh-Acht trí “tráth nach déanaí ná 21 lá ón ordachán a fháil” a chur isteach i ndiaidh “á ordú dó nó di an t-achomharc a chur faoi bhráid na Cúirte Cuarda” in alt 253A (a cuireadh isteach le halt 34 d'Acht 1997).

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.

Liúntas leasa forlíontach — feidhmeanna a aistriú.

30. —(1) Leasaítear leis seo an Príomh-Acht—

(a) trí “Faoi réir fho-alt (2A), tá feidhm” a chur in ionad “Tá feidhm” in alt 247 (2),

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach in alt 247 i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) I gcás oifigigh breithiúnachta ar oifigeach biúró é nó í tá feidhm ag an alt seo freisin maidir le gach ceist a éiríonn faoi Chaibidil 11 de Chuid III.”,

(c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach in alt 248 i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) Féadfaidh oifigeach breithiúnachta ar oifigeach biúró é nó í cinneadh a dhéanamh aon tráth lena ndéanfar athbhreithniú ar shocrú maidir le teideal chuig liúntas leasa forlíontach ó oifigeach de chuid boird sláinte, lena n-áirítear oifigeach de chuid boird sláinte a ainmnítear faoi alt 267(1), más dealraitheach don oifigeach breithiúnachta gur chóir an socrú a athbhreithniú ag féachaint do na fíorais mar a shuitear iad chun sástacht an oifigigh breithiúnachta agus d'fheidhm an Achta seo maidir leis na fíorais sin agus beidh feidhm ag forálacha na Coda seo i dtaobh achomharc maidir leis an gcinneadh athbhreithnithe sa tslí chéanna a bhfuil feidhm acu maidir le cinneadh bunaidh ó oifigeach breithiúnachta.”,

(d) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach in alt 248 i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1A) maidir le breith a bhaineann le ní atá ar achomharc faoi alt 257A nó 267(1), de réir mar is gá sa chás, mura rud é gur i bhfabhar an éilitheora a bheadh an cinneadh athbhreithnithe.”,

agus

(e) tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 175(1) (a cuireadh isteach le halt 36 d'Acht 1996):

“175.—(1) Faoi réir threorú agus rialú ginearálta an Aire, beidh gach bord sláinte freagrach, i leith a limistéir feidhme, i riaradh feidhmeanna is inchomhlíonta faoin gCaibidil seo agus na bhfeidhmeanna a bhaineann le liúntas leasa forlíontach seachas—

(a) feidhmeanna a bhaineann le héilimh ar liúntas leasa forlíontach arna gcinneadh ag oifigeach breithiúnachta, agus

(b) cibé earnálacha íocaíochta a dhéanamh a bheidh forordaithe i cibé imthosca agus coinníollacha a bheidh forordaithe.”.

(2) Déantar leis seo gach foráil den Phríomh-Acht a luaitear i gcolún (1) de Sceideal F a ghabhann leis an Acht seo a leasú ar an modh a shonraítear i gcolún (2) den Sceideal sin os coinne lua na forála sin i gcolún (1).

(3) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.

Íocaíocht teaghlaigh aontuismitheora — neamhshuim de thuilleamh.

31. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht:

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad alt 158(3) (arna ionadú le halt 17 d'Acht 1996):

“(3) Faoi réir an Achta seo, ní bheidh íocaíocht teaghlaigh aontuismitheora iníoctha le tuismitheoir cáilithe ar mó ná £230.76 an t-ioncam seachtainiúil comhiomlán (lena n-áirítear pá agus brabús ó aon chineál féinfhostaíochta) atá aige nó aici.”,

(b) trí mhír (j) de Riail 1(4) de Chuid II den Tríú Sceideal (a cuireadh isteach le halt 26(1)(c) d'Acht 1997) a chur in ionad na míre seo a leanas:

“(j) i gcás tuismitheora cháilithe, de réir bhrí alt 157, faoi réir mhír (7) aon airgead a gheofar mar thuilleamh (lena n-áirítear pá agus brabús ó aon chineál féinfhostaíochta),”,

agus

(c) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Riail 1(6) de Chuid II den Tríú Sceideal:

“(7) (a) i gcás tuismitheora cháilithe, de réir bhrí alt 157, ag a bhfuil tuilleamh (lena n-áirítear pá agus brabús ó aon chineál féinfhostaíochta), measfar gurb é an tuilleamh seachtainiúil comhiomlán, arna ríomh de réir fhomhír (b), acmhainn sheachtainiúil an tuismitheora sin ó thuilleamh chun críocha Chaibidil 9 de Chuid III.

(b) le linn tuilleamh seachtainiúil comhiomlán tuismitheora cháilithe a ríomh chun críocha fhomhír (a), déanfar neamhshuim de mhéid £115.38 mar aon le leath an tuillimh sheachtainiúil chomhiomláin de bhreis ar an méid sin.”.

Teorainn le híocaíochtaí le lánúin.

32. —(1) Leasaítear leis seo an Príomh-Acht—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) in alt 122:

“(1) I gcás lánúine, más rud é go bhfuil gach duine den lánúin i dteideal cúnaimh dífhostaíochta nó liúntais réamhscoir, ní rachaidh an méid iomlán is iníoctha leo de bhun na Caibidle seo thar an méid a bheadh iníoctha dá mba rud é nach mbeadh ach duine amháin acu i dteideal go ndéanfaí cúnamh dífhostaíochta nó liúntas réamhscoir, de réir mar a bheidh (lena n-áirítear aon mhéaduithe air sin, más cuí), a íoc leis nó léi, agus beidh gach duine acu i dteideal go n-íocfaí leis nó léi leath amháin den mhéid (lena n-áirítear aon mhéaduithe air sin, de réir mar is cuí) a bheadh iníoctha leis nó léi dá mba rud é nach mbeadh ach duine amháin acu ag fáil cúnaimh dífhostaíochta nó liúntais réamhscoir de réir mar a bheidh.”,

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4) in alt 122:

“(4) I gcás duine de lánúin a bheith i dteideal sochair míchumais, sochair dífhostaíochta, sochair díobhála, pinsin míthreorach, pinsin seanaoise (ranníocach), pinsin seanaoise (neamhranníocach), pinsin scoir nó pinsin easláine agus an duine eile a bheith i dteideal cúnaimh dífhostaíochta, ní rachaidh iomlán an méid is iníoctha leo ar mhodh an tsochair nó an phinsin sin, de réir mar a bheidh, agus an chúnaimh dífhostaíochta sin (dá ngairtear ‘an méid iomchuí’ san fho-alt seo) thar an méid iomlán sochair nó pinsin, de réir mar a bheidh (lena n-áirítear aon mhéaduithe air sin, de réir mar is cuí), nó an méid iomlán cúnaimh dífhostaíochta (lena n-áirítear aon mhéaduithe air sin, de réir mar is cuí), cibé acu is mó (dá ngairtear ‘an méid is mó’ san fho-alt seo) a bheadh iníoctha dá mba rud é nach mbeadh ach aon duine amháin den lánúin ag fáil sochair, pinsin nó cúnaimh dífhostaíochta, de réir mar a bheidh, agus dá mba rud é gur mhó, murach an fo-alt seo, an méid iomchuí ná an méid is mó, déanfar an méid cúnaimh dífhostaíochta is iníoctha leis an gcéile atá i dteideal an chúnaimh dífhostaíochta sin a laghdú de mhéid na breise.”,

agus

(c) tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 191E (arna leasú le halt 22 d'Acht 1997):

“191E.—(1) I gcás duine de lánúin a bheith i dteideal sochair míchumais, sochair dífhostaíochta, sochair díobhála, pinsin míthreorach, pinsin seanaoise (ranníocach) nó pinsin scoir agus an duine eile a bheith i dteideal liúntais míchumais, ní rachaidh iomlán an méid is iníoctha leo ar mhodh an tsochair nó an phinsin sin, de réir mar a bheidh, agus an liúntais míchumais sin (dá ngairtear ‘an méid iomchuí’ san fho-alt seo) thar an méid iomlán sochair nó pinsin (lena n-áirítear aon mhéaduithe air sin, de réir mar is cuí), de réir mar a bheidh, nó an méid iomlán liúntais míchumais (lena n-áirítear aon mhéaduithe air sin, de réir mar is cuí), cibé acu is mó (dá ngairtear ‘an méid is mó’ san fho-alt seo) a bheadh iníoctha dá mba rud é nach mbeadh ach aon duine amháin den lánúin ag fáil sochair, pinsin nó liúntais míchumais, de réir mar a bheidh, agus dá mba rud é gur mhó, murach an fo-alt seo, an méid iomchuí ná an méid is mó, déanfar an méid liúntais míchumais is iníoctha leis an gcéile atá i dteideal an liúntais míchumais sin a laghdú de mhéid na breise.

(2) I gcás duine de lánúin a bheith i dteideal cúnaimh dífhostaíochta nó liúntais réamhscoir agus an duine eile a bheith i dteideal liúntais míchumais, ní rachaidh an méid iomlán is iníoctha leo de bhun an Achta seo thar an méid a bheadh iníoctha leo dá mba rud é nach mbeadh ach duine amháin acu i dteideal go ndéanfaí cúnamh dífhostaíochta, liúntas réamhscoir nó liúntas míchumais, de réir mar a bheidh, (lena n-áirítear aon mhéaduithe air, de réir mar is cuí) a íoc leis nó léi, agus beidh gach duine acu i dteideal go n-íocfaí leis nó léi leath amháin den mhéid a bheadh iníoctha leis nó léi dá mba rud é nach mbeadh ach duine amháin acu ag fáil an chúnaimh nó an liúntais.

(3) San alt seo—

ciallaíonn ‘lánúin’ lánúin phósta atá in aontíos nó fear agus bean nach bhfuil pósta le chéile ach atá ag maireachtáil i bhfochair a chéile mar fhearchéile agus banchéile;

ciallaíonn ‘céile’ gach duine de lánúin i ndáil leis an duine eile.”.

(2) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le héileamh ar chúnamh nó liúntas arna dhéanamh ar theacht i ngníomh don alt seo nó dá éis.