|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN tACHT UM CHOMHAIRLE SPÓIRT NA hÉIREANN, 1999) | Ar Aghaidh (CUID II Comhairle Spóirt na héireann) |
AN tACHT UM CHOMHAIRLE SPÓIRT NA hÉIREANN, 1999
[EN] | ||
[EN] |
CUID I Réamhráiteach agus Ginearálta | |
[EN] |
Gearrtheideal. |
1. —Féadfar an tAcht um Chomhairle Spóirt na hÉireann, 1999 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] |
Léiriú. |
2. —(1) San Acht seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt— |
[EN] | ciallaíonn “an príomhfheidhmeannach” an duine a cheapfar ó am go ham faoi alt 17 chun bheith ina phríomhoifigeach nó ina príomhoifigeach don Chomhairle; | |
[EN] | ciallaíonn “coiste” coiste a bhunófar faoi alt 18 ; | |
[EN] | ciallaíonnn “spórt comórtais” gach cineál gníomhaíochta coirp, a bhfuil d'aidhm leo, trí pháirteachas eagraithe, aclaíocht choirp a léiriú nó a fheabhsú agus torthaí feabhsaithe a fháil i gcomórtais ar gach leibhéal; | |
[EN] | ciallaíonn “an Chomhairle” an comhlacht a bhunófar faoi alt 5 ; | |
[EN] | tá le “dópáil sa spórt” an bhrí chéanna atá leis sa Choinbhinsiún Frith-Dhópála a osclaíodh lena shíniú i Strasbourg an 16ú lá de Shamhain, 1989, a tháinig i bhfeidhm an 1ú lá de Mhárta, 1990, agus a shínigh an Stát an 25ú lá de Mheitheamh, 1992 (Sraith Chonarthaí Eorpacha Uimh.135); | |
[EN] | ciallaíonn “an lá bunaithe” an lá a cheapfar faoi alt 4 ; | |
[EN] | folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais agus folaíonn tagairtí d'fheidhmeanna a chomhlíonadh, i leith cumhachtaí agus dualgas, tagairtí do na cumhachtaí a fheidhmiú agus do na dualgais a chomhall; | |
[EN] | ciallaíonn “an tAire” an tAire Turasóireachta, Spóirt agus Áineasa; | |
[EN] | ciallaíonn “údarás poiblí”— | |
[EN] | (a) Aire den Rialtas, | |
[EN] | (b) údarás áitiúil chun críocha an Achta Rialtais Áitiúil, 1941 , | |
[EN] | (c) coiste gairmoideachais arna bhunú faoin Acht Oideachais Ghairme Beatha, 1930 , | |
[EN] | (d) bord sláinte arna bhunú faoin Acht Sláinte, 1970 , nó | |
[EN] | (e) aon bhord nó comhlacht eile arna bhunú le reacht nó faoi reacht; | |
[EN] | ciallaíonn “spórt áineasa” gach cineál gníomhaíochta coirp a bhfuil d'aidhm leo, trí pháirteachas ócáideach nó trí pháirteachas rialta, aclaíocht choirp agus dea-bhail meabhrach a léiriú nó a fheabhsú agus caidrimh shóisialta a fhoirmiú; | |
[EN] | ciallaíonn “ráiteas straitéise” ráiteas a cheanglaítear a chur faoi bhráid an Aire faoi alt 25 . | |
[EN] | (2) San Acht seo, folóidh tagairt do chomhalta d'fhoireann na Comhairle, ach amháin in alt 22 , tagairt don phríomhfheidhmeannach. | |
[EN] | (3) San Acht seo— | |
[EN] | (a) aon tagairt d'alt is tagairt í d'alt den Acht seo mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe, | |
[EN] | (b) aon tagairt d'fho-alt is tagairt í d'fho-alt den fhoráil ina bhfuil an tagairt mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe, agus | |
[EN] | (c) aon tagairt d'achtachán eile is tagairt í don achtachán sin arna leasú nó arna mhodhnú aon tráth le haon achtachán. | |
[EN] |
Caiteachais an Aire. |
3. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas. |
[EN] |
An lá bunaithe. |
4. —Déanfaidh an tAire, le hordú, lá a cheapadh chun bheith ina lá bunaithe chun críocha an Achta seo. |