An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I Réamhráiteach agus Ginearálta)

6 1999

AN tACHT UM CHOMHAIRLE SPÓIRT NA hÉIREANN, 1999

CUID II

Comhairle Spóirt na héireann

An Chomhairle a bhunú.

5. —(1) Beidh arna bhunú ar an lá bunaithe comhlacht ar a dtabharfar The Irish Sports Council, nó, sa Ghaeilge, Comhairle Spóirt na hÉireann, chun na feidhmeanna a shanntar dó leis an Acht seo nó faoi a chomhlíonadh.

(2) Beidh an Chomhairle ina comhlacht corpraithe ag a mbeidh comharbas suthain agus séala oifigiúil agus beidh cumhacht aici—

(a) agairt a dhéanamh, agus beidh sí inagartha, ina hainm corpraithe,

(b) le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais, talamh nó leas i dtalamh a fháil, a shealbhú agus a dhiúscairt, agus

(c) aon mhaoin eile a fháil, a shealbhú agus a dhiúscairt.

Feidhmeanna na Comhairle.

6. —(1) Is iad seo a leanas feidhmeanna na Comhairle—

(a) cur chun cinn, forbairt agus comhordú spóirt comórtais, agus gnóthú sármhaitheasa i spórt comórtais, a spreagadh,

(b) straitéisí a fhorbairt chun páirteachas i spórt áineasa a mhéadú agus comhordú a dhéanamh ar chur i ngníomh na straitéisí sin ag gach comhlacht (lena n-áirítear údaráis phoiblí agus comhlachtaí a fhaigheann maoiniú poiblí) a ghabhann do spórt áineasa a chur chun cinn agus do shaoráidí áineasa a sholáthar,

(c) caighdeáin dea-iompair agus chothrom na féinne a éascú i spórt comórtais nó i spórt áineasa, nó iontu araon, trí threoirlínte agus cóid chleachtais a eisiúint,

(d) cibé beart is cuí léi a dhéanamh, lena n-áirítear tástáil a dhéanamh, d'fhonn dópáil sa spórt a chomhrac,

(e) más cuí leis an gComhairle déanamh amhlaidh, taighde a thionscnamh agus a spreagadh maidir le spórt comórtais nó spórt áineasa, nó maidir leo araon,

(f) más cuí leis an gComhairle déanamh amhlaidh, taighde a éascú agus faisnéis a scaipeadh maidir le spórt comórtais nó spórt áineasa, nó maidir leo araon, agus

(g) aon fheidhmeanna breise a shannfar don Chomhairle faoi fho-alt (2) a chomhlíonadh.

(2) Tar éis dul i gcomhairle leis an gComhairle, féadfaidh an tAire, le hordú—

(a) aon fheidhmeanna breise is cuí leis an Aire a shannadh don Chomhairle, agus

(b) aon ordú arna dhéanamh faoin bhfo-alt seo a chúlghairm nó a leasú.

(3) Gach ordú a dhéanfar faoi fho-alt (2) leagfar faoi bhráid gach Tí den Oireachtas é a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

Cumhachtaí na Comhairle.

7. —(1) Faoi réir an Achta seo, beidh ag an gComhairle na cumhachtaí go léir is gá chun a feidhmeanna a chomhlíonadh nó a ghabhann le comhlíonadh a feidhmeanna.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfaidh an Chomhairle aon cheann nó gach ceann de na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a) comhoibriú le haon duine nó comhlacht (lena n-áirítear údarás poiblí) i leith aon ní a bhaineann le comhlíonadh fheidhmeanna na Comhairle a mheasfaidh an Chomhairle is inmhianaithe, comhairle a thabhairt don duine nó don chomhlacht sin agus, faoi réir na gcritéar, na dtéarmaí agus na gcoinníollacha arna mbunú faoi alt 8 , cúnamh (lena n-áirítear cúnamh airgeadais) a sholáthar don duine nó don chomhlacht sin;

(b) faoi réir fho-alt (3), conarthaí (lena n-áirítear comhaontuithe coimircíochta) agus comhshocraíochtaí a dhéanamh;

(c) cistí iontaobhais a bhunú chun coimircíocht do spórt comórtais nó do spórt áineasa a spreagadh;

(d) faoi réir fho-alt (4), glacadh le bronntanais airgid, talún nó maoine eile ar cibé iontaobhais nó coinníollacha (más ann) a shonróidh an deontóir;

(e) cibé méideanna is cuí leis an gComhairle a ghearradh ar sheirbhísí arna dtabhairt aici d'aon duine nó comhlacht seachas an tAire;

(f) faoi réir aon treoracha arna dtabhairt faoi fho-alt (6), sainchomhairleoirí agus comhairleoirí a fhostú.

(3) Ní dhéanfaidh an Chomhairle conradh (lena n-áirítear comhaontú coimircíochta) nó comhshocraíocht, nó ní ghlacfaidh sí le coimircíocht, más rud é go mbeadh aon téarma nó coinníoll a ghabhann leis nó léi ar neamhréir le beartas an Rialtais (lena n-áirítear treoirlínte sonracha maidir le coimircíocht) nó le feidhmeanna na Comhairle nó le haon bhearta arna ndéanamh le linn na feidhmeanna sin a shaothrú.

(4) Ní ghlacfaidh an Chomhairle le bronntanas más rud é go mbeadh aon téarma nó coinníoll a ghabhann leis ar neamhréir le beartas an Rialtais nó le feidhmeanna na Comhairle nó le haon bhearta arna ndéanamh le linn na feidhmeanna sin a shaothrú.

(5) Féadfaidh an Chomhairle aon cheann de na nithe seo a leanas a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla ón duine a mbeidh sé iníoctha aige nó aici—

(a) aon mhéid a bheidh dlite agus ag dul don Chomhairle faoi fho-alt (2)(e), nó

(b) aon aisíoc a bheidh dlite agus ag dul don Chomhairle faoi alt 8 (2)(b).

(6) Comhlíonfaidh an Chomhairle aon treoracha maidir le fostú sainchomhairleoirí agus comhairleoirí ar treoracha iad a thabharfaidh an tAire di ó am go ham le comhthoiliú an Aire Airgeadais.

(7) Déanfar aon luach saothair a bheidh dlite do shainchomhairleoir nó do chomhairleoir a íoc, ag féachaint do threoirlínte arna n-eisiúint ó am go ham ag an Aire nó ag an Aire Airgeadais, as airgead a bheidh faoina réir ag an gComhairle.

Critéir, téarmaí agus coinníollacha maidir le cúnamh.

8. —(1) Maidir leis an gComhairle—

(a) déanfaidh sí cibé critéir, téarmaí agus coinníollacha is cuí léi, ag féachaint dá feidhmeanna, a bhunú maidir le cúnamh a sholáthar faoi alt 7 (2)(a), agus

(b) féadfaidh sí critéir, téarmaí agus coinníollacha éagsúla a bhunú i ndáil le haicmí éagsúla iarratasóirí agus faighteoirí.

(2) Más rud é, i dtuairim na Comhairle, nach gcomhlíonann aon duine nó comhlacht a bhfuil cúnamh faoi alt 7 (2)(a) iarrtha nó faighte aige nó aici aon cheann de na critéir, de na téarmaí nó de na coinníollacha infheidhme a bhunaítear faoin alt seo, féadfaidh an Chomhairle ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a) cúnamh a choimeád siar ón duine nó ón gcomhlacht sin nó diúltú cúnamh a sholáthar dó nó di;

(b) aisíoc a éileamh i leith aon chúnaimh airgid a soláthraíodh don duine nó don chomhlacht sin faoin alt sin.

(3) Féadfaidh an Chomhairle—

(a) a iarraidh ar aon duine nó ar aon chomhlacht a bheidh ag iarraidh nó ag fáil cúnaimh faoi alt 7 (2)(a) faisnéis a sholáthar don Chomhairle i cibé foirm agus cibé tráth a cheanglóidh sí, agus

(b) cúnamh a dhiúltú nó a choimeád siar más deimhin léi nach bhfuil aon fhaisnéis arna hiarraidh amhlaidh á cur ar fáil.

Beartas an Rialtais agus treoracha ón Aire.

9. —Le linn don Chomhairle a feidhmeanna a chomhlíonadh, tabharfaidh sí aird ar bheartas an Rialtais agus comhlíonfaidh sí aon treoracha ginearálta beartais a thabharfaidh an tAire di ó am go ham.

Comhairle agus faisnéis.

10. —Má iarrann an tAire amhlaidh, déanfaidh an Chomhairle—

(a) comhairle a thabhairt don Aire ar aon ní a bhaineann le feidhmeanna na Comhairle faoin Acht seo nó ar cibé nithe a shonrófar san iarraidh, agus

(b) faisnéis a thabhairt don Aire maidir le comhlíonadh a feidhmeanna.

Soláthar airgeadais.

11. —Déanfaidh an tAire, i ngach bliain airgeadais, cibé méid nó méideanna a chinnfidh an tAire, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, chun críocha caiteachais ag an gComhairle i gcomhlíonadh a feidhmeanna, a íoc leis an gComhairle as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Comhaltas agus téarma oifige.

12. —(1) Is iad na comhaltaí seo a leanas a bheidh ar an gComhairle:

(a) cathaoirleach;

(b) deichniúr gnáthchomhalta.

(2) Déanfaidh an tAire comhaltaí na Comhairle a cheapadh agus is é a bheidh iontu daoine a bhfuil taithí acu, i dtuairim an Aire, i réimse sainoilteachta a bhaineann le feidhmeanna na Comhairle.

(3) Maidir le comhaltaí na Comhairle, fir a bheidh i dtriúr ar a laghad díobh agus mná a bheidh i dtriúr ar a laghad díobh.

(4) Beidh comhaltaí na Comhairle i seilbh oifige ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an tAire, le comhthoiliú an Aire Airgeadais.

(5) Is é a bheidh i dtréimhse oifige comhalta den Chomhairle cibé tréimhse, nach faide ná cúig bliana, a chinnfidh an tAire an tráth a cheaptar an comhalta sin.

(6) Ní bheidh duine a mbeidh dhá théarma as a chéile curtha isteach aige nó aici mar chomhalta den Chomhairle in-athcheaptha.

(7) Chun críocha fho-alt (6), measfar téarma mar chomhalta den Chomhairle a bheith curtha isteach ag duine a líonfaidh corrfholúntas nó is cúis le corrfholúntas fiú mura raibh sé nó sí i seilbh oifige ach ar feadh cuid den téarma.

Coinníollacha oifige.

13. —(1) Féadfaidh comhalta den Chomhairle, aon tráth, éirí as oifig trí litir arna díriú chuig an Aire agus beidh éifeacht leis an éirí as ar an dáta a bheidh sonraithe sa litir nó ar an dáta a bhfaighidh an tAire an litir, cibé acu is déanaí.

(2) Féadfaidh an tAire, aon tráth, comhalta den Chomhairle a chur as oifig más rud é, i dtuairim an Aire—

(a) go bhfuil an comhalta tar éis éirí éagumasach, de dheasca easláinte, ar dhualgais na hoifige a chomhlíonadh go héifeachtach,

(b) gur mhí-iompair an comhalta é féin nó í féin mar a bheidh sonraithe, nó

(c) gur dealraitheach gur gá an comhalta a chur as oifig ar mhaithe le comhlíonadh éifeachtach fheidhmeanna na Comhairle.

(3) Beidh duine dícháilithe chun oifig a shealbhú mar chomhalta den Chomhairle nó de choiste agus scoirfidh sé nó sí d'oifig a shealbhú mar chomhalta den Chomhairle nó de choiste más rud é—

(a) go mbreithnítear ina fhéimheach nó ina féimheach é nó í,

(b) go ndéanann sé nó sí imshocraíocht nó comhshocraíocht le creidiúnaithe,

(c) go gciontaítear i gcion indíotáilte é nó í, nó

(d) go mainníonn sé nó sí nochtadh a dhéanamh de réir alt 20 .

Corrfholúntais i measc na gcomhaltaí.

14. —(1) Má éagann comhalta den Chomhairle nó má éiríonn sé nó sí as oifig nó má thagann sé nó sí chun bheith dícháilithe nó má chuirtear as oifig é nó í, féadfaidh an tAire duine a cheapadh chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Chomhairle chun an corrfholúntas iarmhartach a líonadh.

(2) Duine a cheapfar chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Chomhairle faoi fho-alt (1) beidh sé nó sí i seilbh oifige ar feadh a mbeidh fágtha de thréimhse oifige an chomhalta is cúis leis an gcorrfholúntas.

Cruinnithe agus nós imeachta.

15. —(1) Comórfaidh an Chomhairle cibé cruinnithe agus cibé líon cruinnithe is gá chun a feidhmeanna a chomhlíonadh.

(2) Féadfaidh an tAire dáta, am agus ionad chéadchruinniú na Comhairle a shocrú.

(3) Ceathrar is córam do chruinniú den Chomhairle.

(4) Ag cruinniú den Chomhairle—

(a) is é nó is í cathaoirleach na Comhairle, má bhíonn sé nó sí i láthair, a bheidh ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar an gcruinniú, agus

(b) mura mbeidh, agus fad nach mbeidh, cathaoirleach na Comhairle i láthair nó má bhíonn oifig an chathaoirligh folamh, roghnóidh na comhaltaí den Chomhairle a bheidh i láthair duine dá líon chun bheith ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar an gcruinniú.

(5) Beidh vóta ag gach comhalta den Chomhairle a bheidh i láthair, lena n-áirítear an cathaoirleach, ag cruinniú den Chomhairle.

(6) Déanfar gach ceist ag cruinniú den Chomhairle a chinneadh le tromlach vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus a vótálfaidh ar an gceist.

(7) I gcás comhionannas vótaí beidh dara vóta nó vóta réitigh ag cathaoirleach an chruinnithe.

(8) Féadfaidh an Chomhairle gníomhú d'ainneoin folúntais nó folúntas i measc a comhaltaí, ar choinníoll go bhfuil córam ann.

(9) Faoi réir an Achta seo, féadfaidh an Chomhairle a nósanna imeachta agus a gnó féin a rialáil.

Séala na Comhairle.

16. —(1) A luaithe is indéanta tar éis a bunaithe, soláthróidh an Chomhairle séala di féin.

(2) Fíordheimhneofar séala na Comhairle—

(a) le síniú an chathaoirligh nó le síniú comhalta eile den Chomhairle a bheidh údaraithe aici chun gníomhú chuige sin, agus

(b) le síniú comhalta d'fhoireann na Comhairle a bheidh údaraithe aici chun gníomhú chuige sin.

(3) Tabharfar aird bhreithiúnach ar shéala na Comhairle agus glacfar i bhfianaise gach doiciméad a airbheartóidh gur ionstraim é arna déanamh ag an gComhairle agus a bheith séalaithe lena séala agus measfar gurb é an ionstraim sin é gan chruthúnas, mura suífear a mhalairt.

An Príomhfheidhmeannach.

17. —(1) Beidh príomhoifigeach ar an gComhairle—

(a) ar a dtabharfar an príomhfheidhmeannach, agus

(b) a gceapfaidh an Chomhairle é nó í le ceadú an Aire.

(2) Déanfaidh an príomhfheidhmeannach riaradh agus airgeadas na Comhairle a sheoladh, agus a bhainistiú agus a rialú i gcoitinne, agus comhlíonfaidh sé nó sí cibé feidhmeanna eile a chinnfidh an Chomhairle.

(3) Féadfaidh an príomhfheidhmeannach tograí a dhéanamh chun na Comhairle maidir le haon ní a bhaineann le gníomhaíochtaí na Comhairle.

(4) Maidir leis an bpríomhfheidhmeannach—

(a) sealbhóidh sé nó sí oifig faoi chonradh scríofa seirbhíse ina mbeidh cibé téarmaí agus coinníollacha (lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le luach saothair) a cheadóidh an tAire agus an tAire Airgeadais, agus

(b) íocfar é nó í as airgead a bheidh faoina réir ag an gComhairle.

Coistí.

18. —(1) Féadfaidh an Chomhairle—

(a) coistí a bhunú chun cabhrú léi agus chun comhairle a thabhairt di i ndáil le comhlíonadh a feidhmeanna, agus

(b) faoi réir fho-alt (5), an cathaoirleach agus na comhaltaí eile de choiste a bhunófar faoin alt seo a cheapadh.

(2) Féadfaidh daoine nach comhaltaí den Chomhairle nó d'fhoireann na Comhairle a bheith ar choiste de chuid na Comhairle.

(3) A luaithe is indéanta tar éis an lae bunaithe, bunóidh an Chomhairle coiste, ar a dtabharfar Coiste Frith-Dhópála Chomhairle Spóirt na hÉireann—

(a) chun cabhrú leis an gComhairle agus comhairle a thabhairt di i ndáil le comhlíonadh a feidhme faoi alt 6 (1)(d), agus

(b) chun cibé cumhachtaí a fheidhmiú agus cibé dualgais a chomhall a bhaineann leis an bhfeidhm sin agus a dhéanfaidh an Chomhairle a tharmligean chuig an gCoiste ó am go ham.

(4) I gcás ina ndéanfar cumhacht nó dualgas a tharmligean faoi fho-alt (3), feidhmeofar an chumhacht nó comhallfar an dualgas in ainm an choiste a bhunófar faoin bhfo-alt sin ach sin faoi réir mhaoirseacht ghinearálta agus rialú ginearálta na Comhairle.

(5) Féadfaidh an tAire duine is liachleachtóir cláraithe a cheapadh mar chathaoirleach ar an gcoiste a bhunófar faoi fho-alt (3).

(6) Maidir le comhalta de choiste a chur as comhaltas an choiste—

(a) féadfaidh an Chomhairle é a dhéanamh aon tráth, i gcás an comhalta a bheith ceaptha faoi fho-alt (1), nó

(b) féadfaidh an tAire é a dhéanamh aon tráth, i gcás an comhalta a bheith ceaptha faoi fho-alt (5).

(7) Féadfaidh an Chomhairle coiste a dhíscaoileadh aon tráth, ach ní dhéanfar an coiste a bhunófar faoi fho-alt (3) a dhíscaoileadh gan toiliú an Aire.

(8) Féadfaidh an Chomhairle nós imeachta coiste a bhunófar faoin alt seo a rialáil, ach faoi réir aon rialála den sórt sin, féadfaidh coiste a nós imeachta féin a rialáil.

Luach saothair agus caiteachais na gcomhaltaí.

19. —Déanfar cibé luach saothair (más ann), agus cibé liúntais i leith caiteachas (más ann) a thabhóidh siad, a chinnfidh an tAire ó am go ham, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, a íoc le gach comhalta den Chomhairle agus le gach comhalta de choiste as airgead a bheidh faoina réir ag an gComhairle.

Leasanna a nochtadh.

20. —(1) I gcás aon leas airgid nó aon leas tairbhiúil eile in aon ní, nó leas airgid nó leas tairbhiúil eile atá ábhartha maidir le haon ní, a bheidh le breithniú ag an gComhairle nó ag coiste a bheith ag comhalta den Chomhairle, ag comhalta de choiste, ag comhalta d'fhoireann na Comhairle nó ag sainchomhairleoir nó comhairleoir a bheidh fostaithe faoi alt 7 (2)(f)

(a) déanfaidh sé nó sí cineál an leasa a nochtadh don Chomhairle nó don choiste, de réir mar a bheidh, sula ndéanfar aon bhreithniú ar an ní,

(b) ní dhéanfaidh sé nó sí tionchar a imirt, nó ní fhéachfaidh sé nó sí le tionchar a imirt, ar chinneadh a bhaineann leis an ní,

(c) ní ghlacfaidh sé nó sí aon pháirt in aon bhreithniú ar an ní,

(d) tarraingeoidh sé nó sí siar ón gcruinniú lena mbaineann fad a bheidh an ní á phlé nó á bhreithniú, agus

(e) más comhalta den Chomhairle nó de choiste é nó í, ní vótálfaidh sé nó sí ná ní ghníomhóidh sé nó sí thairis sin i gcáil comhalta i ndáil leis an ní.

(2) Chun críocha an ailt seo, ach gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), measfar leas tairbhiúil a bheith ag duine i ngach ceann de na cásanna seo a leanas:

(a) is comhalta de chuideachta nó d'aon chomhlacht eile ag a bhfuil leas tairbhiúil in aon ní dá dtagraítear san fho-alt sin, nó ag a bhfuil leas tairbhiúil atá ábhartha maidir le haon ní dá dtagraítear san fho-alt sin, an duine, aon duine de theaghlach an duine nó aon ainmnitheach de chuid an duine nó de chuid duine dá theaghlach nó dá teaghlach;

(b) tá an duine nó aon duine de theaghlach an duine i gcomhpháirtíocht le duine, nó ar fostú ag duine, ag a bhfuil leas tairbhiúil sa ní sin nó ag a bhfuil leas tairbhiúil atá ábhartha maidir leis an ní sin;

(c) is páirtí an duine nó aon duine dá theaghlach nó dá teaghlach in aon chomhshocraíocht nó comhaontú (cibé acu infhorfheidhmithe nó nach ea) maidir le talamh lena mbaineann an ní sin;

(d) tá leas tairbhiúil sa ní sin nó leas tairbhiúil atá ábhartha maidir leis an ní sin ag aon duine de theaghlach an duine.

(3) Chun críocha an ailt seo ní mheasfar leas tairbhiúil in aon ní, nó leas tairbhiúil atá ábhartha maidir le haon ní, a bheith ag duine de bhíthin amháin go bhfuil leas aige nó aici nó ag aon chuideachta nó ag aon chomhlacht nó duine eile dá dtagraítear i bhfo-alt (2) atá chomh cianda nó chomh beagthábhachtach sin nach féidir a mheas le réasún gur dóigh dó tionchar a imirt ar dhuine le linn aon cheist i leith an ní a bhreithniú nó a phlé, nó le linn vótáil ar aon cheist i leith an ní, nó le linn aon fheidhm a chomhlíonadh i ndáil leis an ní.

(4) Cinnfidh an Chomhairle aon cheist i dtaobh arbh ionann iompar áirithe ag duine, dá ndéanfadh duine dá réir, agus mainneachtain aige nó aici fo-alt (1) a chomhlíonadh, agus déanfar na sonraí faoin gcinneadh a thaifeadadh i miontuairiscí an chruinnithe lena mbaineann.

(5) Déanfar na sonraí faoi aon ní a nochtfar faoi fho-alt (1) don Chomhairle nó do choiste de chuid na Comhairle a thaifeadadh i miontuairiscí an chruinnithe lena mbaineann.

(6) I gcás ina mainneoidh comhalta d'fhoireann na Comhairle nó sainchomhairleoir nó comhairleoir nochtadh a dhéanamh de réir fho-alt (1), féadfaidh an Chomhairle cinneadh a dhéanamh faoin mbeart cuí atá le déanamh (lena n-áirítear an conradh seirbhíse nó an conradh le haghaidh seirbhíse a fhoirceannadh).

Faisnéis a nochtadh.

21. —(1) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt le dlí, ní dhéanfaidh duine, gan toiliú na Comhairle, aon fhaisnéis a nochtadh a gheobhaidh sé nó sí le linn dualgais a chomhlíonadh nó de thoradh dualgais a chomhlíonadh—

(a) mar chomhalta den Chomhairle,

(b) mar chomhalta de choiste,

(c) mar chomhalta d'fhoireann na Comhairle,

(d) mar shainchomhairleoir nó mar chomhairleoir don Chomhairle, nó

(e) mar fhostaí de chuid duine dá dtagraítear i mír (d) i ndáil le seirbhísí a sholáthraíonn an duine sin don Chomhairle.

(2) Ní choiscfidh aon ní i bhfo-alt (1) faisnéis a nochtadh don Chomhairle nó, thar ceann na Comhairle, don Aire.

(3) Beidh aon duine a sháróidh fo-alt (1) ciontach i gcion agus dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,500 a chur air nó uirthi.

Foireann na Comhairle.

22. —(1) Féadfaidh an Chomhairle cibé líon daoine a chinnfidh sí le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais a cheapadh chun bheith ina gcomhaltaí dá foireann.

(2) Is í an Chomhairle, le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais, a chinnfidh na gráid d'fhoireann na Comhairle, an líon foirne i ngach grád agus an leibhéal cuí luach saothair do gach grád.

(3) Déanfar foireann na Comhairle a íoc as airgead a bheidh faoina réir ag an gComhairle.

(4) Aon státseirbhíseach bunaithe a bhí, díreach roimh an lá bunaithe, ina chomhalta nó ina comhalta d'fhoireann na Roinne Turasóireachta, Spóirt agus Áineasa agus a bheidh ainmnithe ag an Aire chun críche an ailt seo, déanfar é nó í a aistriú ar an lá sin chuig foireann na Comhairle agus tiocfaidh sé nó sí, an lá sin, chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta d'fhoireann na Comhairle.

(5) Ach amháin de réir comhaontaithe chomhchoitinn arna chaibidil le haon cheardchumann nó comhlachas foirne aitheanta lena mbaineann, maidir le duine a aistreofar de réir fho-alt (4) chuig foireann na Comhairle, ní lú an scála pá a gheobhaidh sé nó sí nó ní lú tairbhe dó nó di na téarmaí agus na coinníollacha seirbhíse a gcuirfear é nó í faoina réir, fad a bheidh sé nó sí i seirbhís na Comhairle, ná an scála pá a raibh sé nó sí ina theideal agus na téarmaí agus na coinníollacha seirbhíse a raibh sé nó sí faoina réir díreach sular aistríodh é nó í.

(6) Maidir le daoine a aistreofar de réir fho-alt (4) chuig foireann na Comhairle, beidh seirbhís roimh ré sa státseirbhís ináirithe chun críocha na nAchtanna seo a leanas, ach sin faoi réir aon eisceachtaí nó eisiamh atá iontu—

(a) na hAchtanna um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967 go 1991,

(b) na hAchtanna um Fhógra Íosta agus Téarmaí Fostaíochta, 1973 go 1991,

(c) na hAchtanna um Dhífhostú Éagórach, 1977 go 1993,

(d) an tAcht um Théarmaí Fostaíochta (Faisnéis), 1994, agus

(e) an tAcht um Eagrú Ama Oibre, 1997.

(7) San alt seo tá le “státseirbhíseach bunaithe” an bhrí chéanna atá leis san Acht Aoisliúntas agus Pinsean, 1976 .

Aoisliúntas na foirne.

23. —(1) A luaithe is indéanta tar éis a bunaithe, déanfaidh an Chomhairle scéim nó scéimeanna chun sochair aoisliúntais ar scor nó ar éag a dheonú do cibé comhaltaí, nó i leith cibé comhaltaí, dá foireann is cuí leis an gComhairle a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire.

(2) Socróidh gach scéim aoisliúntais an tráth agus na coinníollacha scoir do na daoine go léir a mbeidh sochair aoisliúntais iníoctha leo nó ina leith faoin scéim agus féadfar tráthanna agus coinníollacha éagsúla a shocrú i leith aicmí éagsúla daoine.

(3) Féadfaidh an Chomhairle aon tráth scéim a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire ar scéim í lena leasaítear scéim aoisliúntais arna ceadú roimhe sin faoin alt seo.

(4) Más rud é go gceadóidh an tAire scéim aoisliúntais, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, déanfaidh an Chomhairle an scéim a chur i gcrích de réir a téarmaí.

(5) Maidir leis na sochair aoisliúntais a dheonófar faoin alt seo do dhaoine a d'aistrigh chuig foireann na Comhairle, agus a tháinig chun bheith ina gcomhaltaí di faoi alt 22 (4), ar an lá bunaithe agus maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann leis na sochair sin, ní lú fabhar iad do na daoine sin ná iad sin a raibh siad ina dteideal díreach roimh an lá sin.

(6) Más rud é, sa tréimhse dar tosach an lá bunaithe agus dar críoch díreach roimh thosach feidhme scéime faoin alt seo, go mbeidh sochar aoisliúntais le híoc le duine, nó i leith duine, a aistríodh chuig foireann na Comhairle faoi alt 22 (4)

(a) déanfaidh an Chomhairle an sochar a ríomh de réir cibé scéim, nó de réir cibé achtacháin a bhaineann le haoisliúntas, ag a raibh feidhm maidir leis an duine díreach roimh an lá bunaithe, agus

(b) chun na críche sin, déanfar seirbhís inphinsin an duine leis an gComhairle a chomhiomlánú lena sheirbhís inphinsin nó lena seirbhís inphinsin roimhe sin agus íocfaidh an Chomhairle an sochar aoisliúntais sin.

(7) Ní dheonóidh an Chomhairle sochar aoisliúntais ar bith d'aon daoine dá foireann ar comhaltaí de scéim aoisliúntais iad, nó i leith daoine den sórt sin, ná ní dhéanfar comhshocraíocht ar bith eile chun sochar aoisliúntais a sholáthar do dhaoine den sórt sin tar éis dóibh scor d'oifig a shealbhú, ach amháin de réir scéime nó scéimeanna aoisliúntais a bheidh ceadaithe faoin alt seo nó le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais.

(8) Maidir le haon díospóid a éireoidh i dtaobh éileamh aon duine ar aon sochar aoisliúntais is iníoctha de bhun scéime aoisliúntais, nó i dtaobh mhéid aon sochair den sórt sin, cuirfear faoi bhráid an Aire í agus tarchuirfidh seisean nó sise chun an Aire Airgeadais í, agus is cinneadh críochnaitheach a bheidh i gcinneadh an Aire Airgeadais.

(9) Cuirfidh an tAire faoi deara gach scéim aoisliúntais a cheadófar faoin alt seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is indéanta tar éis a ceadaithe.

(10) Má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an scéim aoisliúntais a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime sin, beidh sí ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim.

(11) San alt seo—

ciallaíonn “sochair aoisliúntais” pinsin, aiscí agus liúntais eile is iníoctha ar éirí as, ar scor nó ar bhás;

ciallaíonn “scéim aoisliúntais” scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire faoi fho-alt (1)(3).

Comhaltas de cheachtar Teach den Oireachtas nó de Pharlaimint na hEorpa.

24. —(1) Más rud é, maidir le comhalta den Chomhairle, comhalta de choiste nó comhalta d'fhoireann na Comhairle—

(a) go ndéanfar é nó í a ainmniú mar chomhalta de Sheanad Éireann,

(b) go ndéanfar é nó í a thoghadh mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó chun Parlaimint na hEorpa, nó

(c) go measfar, de bhun Chuid XIII den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa, 1997, é nó í a bheith tofa chun na Parlaiminte sin,

air sin—

(i) i gcás comhalta den Chomhairle nó de choiste, scoirfidh sé nó sí de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Chomhairle nó den choiste, de réir mar a bheidh, agus

(ii) i gcás comhalta d'fhoireann na Comhairle, beidh sé nó sí ar iasacht óna fhostaíocht nó óna fostaíocht leis an gComhairle ar feadh na tréimhse a shonraítear i bhfo-alt (2).

(2) Maidir le duine a bheidh ar iasacht óna fhostaíocht nó óna fostaíocht faoi fho-alt (1)(ii), ní íocfaidh an Chomhairle leis nó léi, nó ní bheidh sé nó sí i dteideal go bhfaighidh sé nó sí ón gComhairle, aon luach saothair nó liúntais i leith na tréimhse—

(a) dar tosach an tráth a ainmneofar an duine don Seanad nó an tráth a thoghfar é nó í mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó chun Parlaimint na hEorpa nó an tráth a mheasfar, de bhun Chuid XIII den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa, 1997, é nó í a bheith tofa chun na Parlaiminte sin (de réir mar a bheidh), agus

(b) dar críoch an tráth a scoirfidh sé nó sí de bheith ina chomhalta nó ina comhalta de cheachtar Teach acu sin nó de bheith ina ionadaí nó ina hionadaí i bParlaimint na hEorpa.

(3) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (2), forléireofar an fo-alt sin mar fho-alt a thoirmiscfidh tréimhse a luaitear san fho-alt sin a áireamh mar sheirbhís leis an gComhairle chun críocha aon phinsean, aiscí agus liúntas eile is iníoctha ar éirí as, ar scor nó ar bhás.

(4) Aon duine atá de thuras na huaire, faoi Bhuan-Orduithe ceachtar Teach den Oireachtas, i dteideal suí mar chomhalta den Teach sin nó atá ina ionadaí nó ina hionadaí i bParlaimint na hEorpa, beidh sé nó sí, fad a bheidh sé nó sí i dteideal amhlaidh nó ina ionadaí nó ina hionadaí den sórt sin, dícháilithe chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Chomhairle, ina chomhalta nó ina comhalta de choiste nó ina chomhalta nó ina comhalta d'fhoireann na Comhairle.

Ráiteas straitéise.

25. —(1) Déanfaidh an Chomhairle, ag na tráthanna atá leagtha amach i bhfo-alt (2)(d), ráiteas straitéise do gach tréimhse trí bliana ina dhiaidh sin a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire lena cheadú ag an Aire, fara leasú nó gan leasú.

(2) Maidir le ráiteas straitéise—

(a) is é a bheidh ann cuspóirí fíorthábhachtacha, aschuir agus straitéisí gaolmhara na Comhairle (lena n-áirítear úsáid acmhainní),

(b) ach amháin i gcás an chéad ráitis straitéise, áireofar ann athbhreithniú ar éifeachtúlacht agus éifeachtacht na gclár uile a bhí á n-oibriú ag an gComhairle le linn na tréimhse trí bliana roimhe sin,

(c) ullmhófar é i bhfoirm agus ar mhodh a bheidh de réir aon ordachán arna n-eisiúint ag an Aire ó am go am, agus

(d) déanfar é a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire—

(i) i gcás an chéad ráitis straitéise, tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis dháta chéadchruinniú na Comhairle, agus

(ii) i gcás gach ráitis straitéise ina dhiaidh sin, tráth nach déanaí ná cothrom trí bliana an dáta a cuireadh an ráiteas straitéise roimhe sin faoi bhráid an Aire.

(3) A luaithe is indéanta tar éis ráiteas straitéise a cheadú, cuirfidh an tAire faoi deara cóip den ráiteas sin a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(4) San alt seo ciallaíonn “aschuir” na hearraí agus na seirbhísí (lena n-áirítear caighdeán seirbhíse) a leanann as gníomhaíochtaí na Comhairle.

Tuarascáil bhliantúil agus cuntais.

26. —(1) Tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis dheireadh gach bliana airgeadais de chuid na Comhairle, tíolacfaidh an Chomhairle tuarascáil i scríbhinn don Aire faoina cuid gníomhaíochtaí le linn na bliana sin.

(2) Beidh i ngach tuarascáil a thíolacfar faoi fho-alt (1)

(a) tuarascáil ar an dul chun cinn maidir leis an ráiteas straitéise a chur i ngníomh, agus

(b) faisnéis maidir le cibé nithe eile a ordóidh an tAire.

(3) Coimeádfaidh an Chomhairle, i cibé foirm a cheadóidh an tAire le comhthoiliú an Aire Airgeadais, na cuntais is cuí agus is gnách ar an airgead go léir a gheobhaidh nó a chaithfidh an Chomhairle agus, go háirithe, coimeádfaidh sí cibé cuntais speisialta a ordóidh an tAire ó am go ham.

(4) Tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis dheireadh na bliana airgeadais lena mbaineann na cuntais, déanfaidh an Chomhairle, gach bliain, cuntais arna gcoimeád faoin alt seo a chur faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste lena n-iniúchadh.

(5) Nuair a bheidh na cuntais iniúchta déanfar cóip díobh, maille le cóip de thuarascáil ghaolmhar an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, a thíolacadh don Aire.

(6) A luaithe is indéanta, cuirfidh an tAire faoi deara go leagfar faoi bhráid gach Tí den Oireachtas—

(a) cóip de gach tuarascáil arna tíolacadh faoi fho-alt (1), agus

(b) cóip de na cuntais arna dtíolacadh faoi fho-alt (5) agus cóip den tuarascáil ghaolmhar.

Leanúint d'imeachtaí dlíthiúla.

27. —I gcás inar páirtí an tAire, aon údarás stáit eile nó an Stát in aon imeachtaí dlíthiúla a bheidh ar feitheamh díreach roimh an lá bunaithe agus a bhaineann le ní lena mbaineann feidhm de chuid na Comhairle, leanfar de na himeachtaí sin ach an Chomhairle a chur in ionad an pháirtí sin sna himeachtaí sin a mhéid a bhaineann siad leis an ní sin.

Cearta agus dliteanais a aistriú.

28. —(1) Déanfar cearta agus dliteanais go léir an Aire a éiríonn de bhua aon chonartha nó gealltanais (sainráite nó intuigthe) arna dhéanamh nó arna thabhairt ag an Aire roimh an lá bunaithe i ndáil le feidhm de chuid an Aire a fhreagraíonn d'fheidhm de chuid na Comhairle, a aistriú, an lá sin, chuig an gComhairle.

(2) Chun críche an ailt seo ach gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), folaíonn tagairt san fho-alt sin do chearta an Aire—

(a) aon cheart a éiríonn de bhua gníomhais iontaobhais arna fhorghníomhú an chéad lá d'Eanáir, 1989, nó dá éis, agus roimh an lá bunaithe de réir téarmaí nó coinníollacha conartha nó gealltanais dá dtagraítear san fho-alt sin, agus

(b) aon cheart chun forghníomhú gníomhais iontaobhais a shaothrú de réir téarmaí nó coinníollacha conartha nó gealltanais den sórt sin.

(3) Féadfaidh an tAire, ar a thionscnamh nó ar a tionscnamh féin, agus déanfaidh sé nó sí, ar iarratas ón gComhairle, deimhniú a eisiúint á rá, de réir mar is cuí leis an Aire, go ndearnadh cearta agus dliteanais an Aire faoi chonradh, faoi ghealltanas nó faoi ghníomhas iontaobhais sonraithe a aistriú an lá bunaithe chuig an gComhairle faoin alt seo nó nach ndearnadh iad a aistriú amhlaidh.

(4) Beidh deimhniú a eiseofar faoi fho-alt (3) ina fhianaise ar na fíorais a bheidh luaite sa deimhniú.

(5) Gach ceart agus dliteanas a aistreofar chuig an gComhairle le fo-alt (1), féadfaidh an Chomhairle, an lá bunaithe agus dá éis, agra a dhéanamh ina leith, é a ghnóthú nó é a fhorfheidhmiú ina hainm féin nó féadfar, an lá sin agus dá éis, agra a dhéanamh ina leith, é a ghnóthú nó é a fhorfheidhmiú i gcoinne na Comhairle ina hainm féin agus ní gá don Chomhairle nó don Aire fógra faoin aistriú sin a thabhairt do dhuine a ndéantar a cheart nó a ceart nó a dhliteanas nó a dliteanas a aistriú leis an alt seo.