Ar Aghaidh (CUID I Réamhráiteach agus Ginearálta)

23 1999

/images/harp.jpg


Uimhir 23 de 1999


AN tACHT UM RIALÁIL LEICTREACHAIS, 1999

[An tiontú oifigiúil]


RIAR NA nALT

CUID 1

Réamhráiteach agus Ginearálta

Alt

1.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

2.

Léiriú.

3.

Orduithe a leagan, etc.

4.

Fógraí a sheirbheáil.

5.

Cionta ag comhlachtaí corpraithe.

6.

Cionta a ionchúiseamh.

7.

An tAire do dhéanamh orduithe.

CUID II

An Coimisiún um Rialáil Leictreachais a Bhunú.

8.

An Coimisiún a bhunú.

9.

Feidhmeanna an Choimisiúin.

10.

Ordacháin don Choimisiún.

11.

Oifigigh údaraithe.

12.

Barántais chuardaigh.

13.

Toirmeasc ar nochtadh neamhúdaraithe faisnéise.

CUID III

Ceadúnais agus Údaruithe.

14.

Ceadúnais chun leictreachas a ghiniúint agus a sholáthar.

15.

Ceadanna faoi alt 37 den Phríomh-Acht.

16.

Údaruithe chun stáisiún giniúna a fhoirgniú nó a athfhoirgniú.

17.

Iarratas ar údarú.

18.

Orduithe lena sonraítear critéir maidir le hiarratais ar údaruithe a bhreithniú.

19.

Ceadúnas nó údarú a mhodhnú.

20.

Nósanna imeachta a bheidh le leanúint sula ndéanfar ceadúnais nó údaruithe a mhodhnú.

21.

Éisteachtaí poiblí an Choimisiúin.

22.

Cinneadh ón gCoimisiún i ndiaidh éisteachta poiblí.

23.

Ordacháin ón gCoimisiún chun sláinte an phobail a chosaint, etc.

24.

An Coimisiún d'eisiúint fógra i dtaobh sáruithe, etc.

25.

An Coimisiún do dhéanamh cinnidh maidir le sárú sonraithe.

26.

Déanamh de réir ordacháin nó cinnidh.

27.

Custaiméirí cáilithe.

28.

Leictreachas ó theas is cumhacht in éineacht a cheannach.

CUID IV

Painéil Achomhairc

29.

Painéal Achomhairc a bhunú.

30.

Feidhmeanna an Phainéil Achomhairc.

31.

Orduithe chun Painéil Achomhairc a bhunú agus nithe gaolmhara.

32.

Athbhreithniú ar chinneadh ón gCoimisiún.

CUID V

Rochtain ar Chórais Tarchurtha agus Dáilte.

33.

Cód eangaí agus cód dáilte a ullmhú.

34.

Téarmaí maidir le cur i gceangal le córas tarchurtha nó dáilte agus maidir lena úsáid.

35.

Muirir as cur i gceangal le córas tarchurtha nó dáilte agus as é a úsáid.

36.

An Coimisiún do cheadú ráitis muirear.

37.

Dír-línte.

38.

Meastachán ar chumas, sreabhadh tuartha agus luchtú.

CUID VI

Oibleagáidí Seirbhíse Poiblí agus Socruithe Idirthréimhseacha

39.

Oibleagáidí seirbhíse poiblí.

40.

Socruithe idirthréimhseacha.

CUID VII

Aisghairm Iarmhartach agus Leasuithe Iarmhartacha.

41.

Aisghairm.

42.

Leasú ar alt 35 den Phríomh-Acht.

43.

Leasú ar alt 45 den Phríomh-Acht.

44.

Leasú ar alt 77 den Phríomh-Acht.

45.

Leasú ar alt 98 den Phríomh-Acht.

46.

Leasú ar an Acht um Shaoráil Faisnéise, 1997.

CUID VIII

Ilghnéitheach.

47.

Fáil éigeantach talún ag an gCoimisiún, etc.

48.

Forléiriú ar ailt 51 agus 52(1) den Phríomh-Acht.

49.

Forléiriú ar alt 53 den Phríomh-Acht.

50.

Forléiriú ar alt 54 den Phríomh-Acht.

51.

Forléiriú ar alt 91 den Phríomh-Acht.

52.

Feidhm rialachán áirithe.

53.

Leasú ar alt 2(2) den Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1949.

54.

Aisghairm ar alt 2(3), (4) agus (6) den Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1949.

AN SCEIDEAL

An Coimisiún um Rialáil Leictreachais


Na hAchtanna dá dTagraítear

Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919

1919, c. 20

Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1990

Acht na gCúirteanna, 1981

1981, Uimh. 11

An tAcht Leictreachais (Soláthar), 1927

1927, Uimh. 27

Na hAchtanna Leictreachais (Soláthar), 1927 go 1995

An tAcht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1949

1949, Uimh. 12

An tAcht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa, 1997

1997, Uimh. 2

An tAcht um Shaoráil Faisnéise, 1997

1997, Uimh. 13

Petty Sessions (Ireland) Act, 1851

14 & 15 Vict. c. 93

/images/harp.jpg


Uimhir 23 de 1999


AN tACHT UM RIALÁIL LEICTREACHAIS, 1999

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DÁ CHUMASÚ ÉIFEACHT A THABHAIRT DO THREOIR UIMH. 96/92/CE AN 19 NOLLAIG, 1996, Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE(1) , DO BHUNÚ COMHLACHTA AR A dTABHARFAR AN COIMISIÚN UM RIALÁIL LEICTREACHAIS, NÓ, SA BHÉARLA, THE COMMISSION FOR ELECTRICITY REGULATION, DO THABHAIRT CUMHACHT DON CHOIMISIÚN SIN CEADÚNAIS A DHEONÚ CHUN LEICTREACHAS A GHINIÚINT AGUS A SHOLÁTHAR AGUS ÚDARUITHE A DHEONÚ CHUN STÁISIÚIN GHINIÚNA A FHOIRGNIÚ, DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE ROCHTAIN A BHEITH AG SEALBHÓIRÍ CEADÚNAS, AG SEALBHÓIRÍ ÚDARUITHE NÓ AG CUSTAIMÉIRÍ CÁILITHE AR AN gCÓRAS TARCHURTHA NÓ DÁILTE, DO LEASÚ AGUS D'AISGHAIRM FORÁLACHA ÁIRITHE DEN ACHT LEICTREACHAIS (SOLÁTHAR), 1927 , AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA. [11 Iúil, 1999]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

(1) O.J. Uimh. L. 027, 30.01.1997, lch.20