29 1999

/images/harp.jpg


Uimhir 29 de 1999


AN tACHT UM BANC ICC, 1999

[An tiontú oifigiúil]


RIAR NA nALT

Alt

1.

Léiriú.

2.

Scaireanna a dhiúscairt agus a eisiúint.

3.

Forálacha i ndáil le sócmhainní agus dliteanais áirithe a aistrítear chuig an gCuideachta faoin Acht um Fhóir Teoranta (Díscaoileadh), 1990.

4.

Teorainn leis an méid a fhéadfaidh an Chuideachta a fháil ar iasacht.

5.

Meabhrán comhlachais agus airteagail chomhlachais na Cuideachta a athrú.

6.

Teorainn leis an méid a fhéadfaidh Banc ACC cuideachta phoiblí theoranta a fháil ar iasacht.

7.

Aisghairm.

8.

Caiteachais an Aire.

9.

Gearrtheideal agus forléiriú.


Na hAchtanna dá dTagraítear

Na hAchtanna um Banc ACC, 1978 go 1996

An tAcht Cairde Talmhaíochta, 1978

1978, Uimh. 2

An tAcht um Chumhachtaí Comhlachtaí Áirithe Iasachtaí a Fháil, 1996

1996, Uimh. 22

Acht na gCuideachtaí, 1963

1963, Uimh. 33

Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1999

An tAcht um Fhóir Teoranta (Díscaoileadh), 1990

1990, Uimh. 31

Na hAchtanna um Banc ICC, 1933 go 1997

An tAcht um Banc ICC (Leasú), 1997

1997, Uimh. 32

An tAcht Cáirde Tionnscail, 1933

1933, Uimh. 25

An tAcht Cairde Tionscail (Leasú), 1971

1971, Uimh. 9

An tAcht Comhdhlúite Cánacha, 1997

1997, Uimh. 39

/images/harp.jpg


Uimhir 29 de 1999


AN tACHT UM BANC ICC, 1999

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE BANC ICC CUIDEACHTA PHOIBLÍ THEORANTA AGUS BANC ACC CUIDEACHTA PHOIBLÍ THEORANTA D'FHÁIL IASACHTAÍ BREISE AGUS MAIDIR LE hEISIÚINT SCAIREANNA I mBANC ICC CUIDEACHTA PHOIBLÍ THEORANTA I dTACA LE hIONTAOBHAS SCAIRÚINÉIREACHTA D'FHOSTAITHE CHUN TAIRBHE DÁ FHOSTAITHE NÓ D'FHOSTAITHE FOCHUIDEACHTA DÁ CHUID. [15 Nollaig, 1999]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “Cuideachta” Banc ICC cuideachta phoiblí theoranta;

ciallaíonn “Aire” an tAire Airgeadais.

(2) San Acht seo—

(a) aon tagairt d'alt nó don Sceideal is tagairt í d'alt den Acht seo, nó don Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe,

(b) aon tagairt d'fho-alt nó do mhír is tagairt í d'fho-alt nó do mhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe, agus

(c) aon tagairt d'aon achtachán is tagairt í don achtachán sin arna leasú, arna oiriúnú nó arna leathnú le haon achtachán dá éis nó faoi aon achtachán dá éis.

Scaireanna a dhiúscairt agus a eisiúint.

2. —(1) D'ainneoin aon ní dá mhalairt sna hAchtanna um Banc ICC, 1933 go 1997, féadfaidh an Chuideachta, i dtaca le hiontaobhas, cibé líon scaireanna nua a eisiúint, de cibé aicme nó aicmí agus faoi réim agus faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha, a chinnfidh an Chuideachta agus féadfaidh sí aon chearta, pribhléidí, coinníollacha nó srianta tosaíochta, iarchurtha, cáilithe nó speisialta a chur ag gabháil leis na scaireanna nua de réir Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1999.

(2) Féadfaidh an tAire, chun críocha iontaobhais agus ar cibé modh agus faoi réim agus faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh sé nó sí, scaireanna atá á sealbhú aige nó aici a dhíol le fostaithe de chuid na Cuideachta nó de chuid fochuideachta, nó le hiontaobhaithe iontaobhais, nó iad a aistriú ar shlí eile chucu.

(3) Ní bheidh feidhm ag alt 60 d'Acht na gCuideachtaí, 1963

(a) maidir leis an gCuideachta nó le fochuideachta, nó

(b) maidir le cuideachta shealbhaíochta nó fochuideachta eile de chuid cuideachta sealbhaíochta,

do sholáthar airgid nó cúnaimh airgeadais (lena n-áirítear iasacht nó ráthaíocht nó soláthar urrúis nó ar shlí eile), go díreach nó go neamhdhíreach, tráth ar bith i dtaca le scaireanna, nó scaireanna i gcuideachta shealbhaíochta, a fháil (cibé acu trí cheannach nó trí mhalartú) nó i dtaca le suibscríobh lena n-aghaidh, arb éard atá ann fáil na scaireanna sin nó suibscríobh lena n-aghaidh de réir iontaobhais, nó aistriú na scaireanna sin chuig iontaobhas, is cuma cé acu a bheidh nó nach mbeidh na scaireanna sin uile nó cuid acu curtha i ngeall mar urrús nó ar shlí eile d'aon tríú páirtí.

(4) Déanfar airgead a gheobhaidh an tAire i leith diúscairt scaireanna ag an Aire a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste.

(5) San alt seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “cuideachta shealbhaíochta” agus “fochuideachta” cuideachta shealbhaíochta agus fochuideachta (de réir bhrí alt 155 d'Acht na gCuideachtaí, 1963 , i ngach cás) de chuid na Cuideachta;

ciallaíonn “scaireanna” scaireanna sa Chuideachta;

ciallaíonn “iontaobhas” iontaobhas scairúinéireachta d'fhostaithe lena mbaineann alt 519 den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997, agus arb iontaobhas é chun scaireanna, nó scaireanna i gcuideachta shealbhaíochta, a fháil agus a shealbhú chun tairbhe d'fhostaithe de chuid na Cuideachta nó fochuideachta.

Forálacha i ndáil le sócmhainní agus dliteanais áirithe a aistrítear chuig an gCuideachta faoin Acht um Fhóir Teoranta (Díscaoileadh), 1990 .

3. —(1) San alt seo ciallaíonn “an t-alt” alt 3 den Acht um Fhóir Teoranta (Díscaoileadh), 1990 .

(2) Féadfaidh an tAire, ar cibé modh agus faoi réim agus faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh sé nó sí, diúscairt a dhéanamh ar a cheart nó a ceart faoi fho-alt (4) den alt chun na híocaíochtaí a shonraítear san fho-alt sin a fháil.

(3) Féadfaidh an tAire cibé méid a chinnfidh sé nó sí a íoc leis an gCuideachta, as aon fháltais ó dhiúscairt faoi fho-alt (2), i leith an Chuideachta do bhainistiú na sócmhainní a aistrítear chuig an gCuideachta leis an alt.

(4) Féadfaidh baint a bheith ag diúscairt faoi fho-alt (2) le híocaíochtaí de chineál amháin nó níos mó.

(5) Féadfaidh an tAire an Chuideachta a shlánú, ar cibé modh agus faoi réim agus faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh sé nó sí, in aghaidh aon dliteanais de chuid na Cuideachta—

(a) de thoradh ordaithe ó chúirt i ndáil le haon sócmhainn nó dliteanas a aistrítear chuig an gCuideachta leis an alt, nó

(b) de thoradh aon éileamh, díospóid nó easaontas i ndáil le haon sócmhainn nó dliteanas a shonraítear i mír (a) a shocrú, nó é nó í a chinneadh trí eadráin nó ar aon slí eile, le toiliú an Aire.

(6) Déanfar aon airgead a gheobhaidh an tAire faoi fho-alt (2) (lúide aon airgead a íocfaidh sé nó sí faoi fho-alt (3)) a chur chun tairbhe don Státchiste.

(7) Déanfar aon airgead a theastóidh ón Aire faoi chomhair méideanna is iníoctha aige nó aici faoi fho-alt (5) a airleacan as an bPríomh-Chiste nó as a thoradh fáis.

Teorainn leis an méid a fhéadfaidh an Chuideachta a fháil ar iasacht.

4. —Leasaítear leis seo mír 4 den Sceideal a ghabhann leis an Acht Cáirde Tionnscail, 1933 , trí “£3,500,000,000” a chur in ionad “£2,300,000,000” (a cuireadh isteach le halt 2 den Acht um Banc ICC (Leasú), 1997) i gclásal (i) d'fhomhír (d) (a cuireadh isteach le halt 5 den Acht Cairde Tionscail (Leasú), 1971 ), agus tá an clásal sin a dúradh, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(i)  ní bheidh an méid a chruinneofar nó a gheofar ar iasacht amhlaidh agus a bheidh gan íoc aon tráth áirithe níos mó ná £3,500,000,000 lúide an méid (más ann) a bheidh an tAire tar éis a íoc, faoi ráthaíocht nó ráthaíochtaí a thug sé, i leith príomhshuime airgid a chruinnigh an Chuideachta nó a fuair an Chuideachta ar iasacht agus a bheidh gan aisíoc an tráth sin ag an gCuideachta leis an Aire,

Meabhrán comhlachais agus airteagail chomhlachais na Cuideachta a athrú.

5. —Déanfaidh an Chuideachta cibé bearta faoi Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1999, is gá lena meabhrán comhlachais agus a hairteagail chomhlachais a athrú le go mbeidh siad ar comhréir leis an Acht seo.

Teorainn leis an méid a fhéadfaidh Banc ACC cuideachta phoiblí theoranta a fháil ar iasacht.

6. —Leasaítear leis seo alt 12 (a bhaineann le cumhachtaí Bhanc ACC cuideachta phoiblí theoranta iasachtaí a fháil) den Acht Cairde Talmhaíochta, 1978 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) (a cuireadh isteach le halt 9 den Acht um Chumhachtaí Comhlachtaí Áirithe Iasachtaí a Fháil, 1996):

“(1) Féadfaidh an Chorparáid, faoi réir cibé coinníollacha agus teorainneacha le méideanna a chinnfidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle le Banc Ceannais na hÉireann, airgead (lena n-áirítear airgead in airgeadra seachas airgeadra an Stáit) a chruinniú nó a fháil ar iasacht ar aon mhodh is oiriúnach léi, ach ní rachaidh an méid airgid a chruinneoidh sí nó a gheobhaidh sí ar iasacht agus a bheidh gan íoc aon tráth thar £3,000,000,000.”.

Aisghairm.

7. —Aisghairtear fo-ailt (4) agus (5) d'alt 3 agus ailt 7, 8 agus 9 den Acht um Fhóir Teoranta (Díscaoileadh), 1990 .

Caiteachais an Aire.

8. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal agus forléiriú.

9. —(1) Féadfar an tAcht um Banc ICC, 1999 , a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar na hAchtanna um Banc ACC, 1978 go 1996, agus alt 6 a fhorléiriú le chéile agus féadfar na hAchtanna um Banc ACC, 1978 go 1999, a ghairm díobh le chéile.