Ar Aghaidh (CUID I Réamhráiteach agus Ginearálta)

22 2000

/images/harp.jpg


Uimhir 22 de 2000


AN tACHT OIDEACHAIS (LEAS), 2000

[An tiontú oifigiúil]

RIAR NA nALT

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Alt

1.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

2.

Léiriú.

3.

Rialacháin.

4.

Caiteachais.

5.

Tuarascálacha i dtaobh oibriú an Achta.

6.

Doiciméid a sheirbheáil.

7.

Cionta.

8.

Aisghairm.

CUID II

An Bord Náisiúnta Leasa Oideachais.

9.

An Bord Náisiúnta Leasa Oideachais a bhunú.

10.

Feidhmeanna an Bhoird.

11.

Oifigigh leasa oideachais.

12.

Oifigeach idirchaidrimh.

13.

Ordacháin ón Aire.

CUID III

Leas Oideachais agus Freastal Scoile Éigeantach.

14.

Clár de pháistí a fhaigheann oideachas in áit seachas scoil.

15.

Achomharc in aghaidh cinnidh ón mBord.

16.

Féadfaidh an tAire treoirlínte a eisiúint agus moltaí a dhéanamh.

17.

Tuismitheoir a chur faoi deara do leanbh freastal ar scoil.

18.

Fógra maidir le leanbh a bheith as láthair ón scoil.

19.

Leanbh a ligean isteach i scoil aitheanta.

20.

Cláir scoile.

21.

Taifid freastail scoile.

22.

Straitéisí freastail scoile.

23.

Cód iompair.

24.

Mac léinn a dhíbirt as scoil aitheanta.

25.

Fógra freastail scoile.

26.

Ceart an Bhoird cinneadh ó bhord bainistíochta faoi alt 29 d'Acht 1998 a achomharc etc.

27.

Dualgais ilghnéitheacha an Bhoird i ndáil le leanaí áirithe agus le tuismitheoirí leanaí áirithe.

28.

Sonraí pearsanta etc. a sholáthar do chomhlachtaí forordaithe.

29.

Clár de dhaoine óga atá i bhfostaíocht.

30.

Feidhmeanna oifigeach leasa oideachais.

31.

Leasú ar Acht 1996.

CUID IV

Forálacha a Bhaineann le hAirgeadas agus Foireann an Bhoird.

32.

Deontais don Bhord.

33.

Cuntais agus iniúchtaí.

34.

Tuarascálacha agus faisnéis.

35.

Bronntanais.

36.

An Príomh-Fheidhmeannach.

37.

Foireann.

38.

Luach saothair foirne.

39.

Comhaltaí foirne do chomhlíonadh fheidhmeanna an Bhoird.

40.

Foireann a aistriú.

41.

Aoisliúntas.

AN SCEIDEAL

An Bord Náisiúnta Leasa Oideachais


Na hAchtanna dá dTagraítear

Acht na gCuideachtaí, 1990

1990, Uimh. 33

Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1999

An tAcht um Chosaint Sonraí, 1988

1988, Uimh. 25

An tAcht Oideachais, 1998

1998, Uimh. 51

An tAcht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa, 1997

1997, Uimh. 2

An tAcht Sláinte, 1970

1970, Uimh. 1

An tAcht Rialtais Áitiúil, 1941

1941, Uimh. 23

Acht na Lia-Chleachtóirí, 1978

1978, Uimh. 4

Na hAchtanna um Fhógra Íosta agus Téarmaí Fostaíochta, 1973 go 1991

An tAcht um Eagrú Ama Oibre, 1997

1997, Uimh. 20

An tAcht um Chosaint Daoine Óga (Fostaíocht), 1996

1996, Uimh. 16

Na hAchtanna um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967 go 1991

Acht na gColáistí Teicniúla Réigiúnacha, 1992

1992, Uimh. 16

Na hAchtanna Freastal Scoile, 1926 go 1967

An tAcht Ceárd-Chumann, 1941

1941, Uimh. 22

Na hAchtanna um Dhífhostú Éagórach, 1977 go 1993

An tAcht Oideachais Ghairme Beatha, 1930

1930, Uimh. 29

An tAcht um Chosaint Oibrithe (Fostaithe Páirtaimseartha Rialta), 1991

1991, Uimh. 5

An tAcht um Obair don Aos Óg, 1997

1997, Uimh. 30

/images/harp.jpg


Uimhir 22 de 2000


AN tACHT OIDEACHAIS (LEAS), 2000

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE GACH LEANBH SA STÁT A BHEITH I dTEIDEAL OIDEACHAIS ÍOSTA ÁIRITHE, AGUS, CHUN NA CRÍCHE SIN, DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE CLÁRÚ LEANAÍ A FHAIGHEANN OIDEACHAS IN ÁITEANNA SEACHAS SCOILEANNA AITHEANTA, MAIDIR LE FREASTAL ÉIGEANTACH AG LEANAÍ ÁIRITHE AR SCOILEANNA AITHEANTA, MAIDIR LE BUNÚ COMHLACHTA AR A dTABHARFAR THE NATIONAL EDUCATIONAL WELFARE BOARD NÓ, SA GHAEILGE, AN BORD NÁISIÚNTA LEASA OIDEACHAIS, MAIDIR LE COMHORDÚ A GHNÍOMHAÍOCHTAÍ AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ DAOINE ÁIRITHE EILE A MHÉID A BHAINEANN NA GNÍOMHAÍOCHTAÍ SIN LE NITHE A BHFUIL BAINT ACU LE FREASTAL SCOILE, MAIDIR LE CÚISEANNA NEAMHFHREASTAIL A SHAINAITHINT AR THAOBH MAC LÉINN ÁIRITHE AGUS MAIDIR LE BEARTA A GHLACADH CHUN É A CHOSC, D'AISGHAIRM NA nACHTANNA FREASTAL SCOILE, 1926 GO 1967, DO CHEADÚ SONRAÍ A BHAINEANN LE STAIR OIDEACHAIS DUINE A SHOLÁTHAR DO DHAOINE ÁIRITHE, DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LEIS AN ACHT UM CHOSAINT DAOINE ÓGA (FOSTAÍOCHT), 1996, A LEASÚ, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE A BHAINEANN LEIS AN MÉID SIN. [5 Iúil, 2000]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: