23 2000

/images/harp.jpg


Uimhir 23 de 2000


AN tACHT UM IONTAOBHAS NA nOSPIDÉAL (1940) TEORANTA (ÍOCAÍOCHTAÍ LE hIARFHOSTAITHE), 2000

[An tiontú oifigiúil]

RIAR NA nALT

Alt

1.

Mínithe.

2.

Cnapshuim a íoc le hiarfhostaithe de chuid na cuideachta.

3.

Coiste a cheapadh.

4.

Iarratais ar chnapshuim a íoc.

5.

Toirmeasc ar fhaisnéis bhréagach a thabhairt.

6.

Iarratais ar chnapshuim a íoc a tharchur chuig an gCoiste.

7.

Cnapshuim a íoc le hionadaí pearsanta éagaigh.

8.

Caiteachais.

9.

Gearrtheideal.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967

1967, Uimh. 21

An tAcht Comharbais, 1965

1965, Uimh. 27

/images/harp.jpg


Uimhir 23 de 2000


AN tACHT UM IONTAOBHAS NA nOSPIDÉAL (1940) TEORANTA (ÍOCAÍOCHTAÍ LE hIARFHOSTAITHE), 2000

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DÁ CHUMASÚ DON AIRE FIONTAR, TRÁDÁLA AGUS FOSTAÍOCHTA SOCRÚ A DHÉANAMH CHUN ÍOCAÍOCHTAÍ A THABHAIRT d'IARFHOSTAITHE ÁIRITHE DE CHUID IONTAOBHAS NA nOSPIDÉAL (1940) TEORANTA AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE COMHGHAOLMHARA. [8 Iúil, 2000]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1967” an tAcht um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967 ;

tá le “iarratasóir” an bhrí a shanntar dó le halt 4 den Acht seo;

tá le “Coiste” an bhrí a shanntar dó le halt 3 den Acht seo;

ciallaíonn “cuideachta” Iontaobhas na nOspidéal (1940) Teoranta;

ciallaíonn “iarfhostaí” duine a bhí fostaithe ag an gcuideachta ar feadh tréimhse ar thréimhse d'fhostaíocht leanúnach (de réir bhrí Sceideal 3 a ghabhann le hAcht 1967) méid nach lú ná 104 sheachtain di agus a lean de bheith fostaithe amhlaidh go dtí an 16 Márta, 1987, nó aon dáta is luaithe ná sin (ach nach luaithe ná an 1 Samhain, 1986);

tá le “cnapshuim” an bhrí a shanntar dó le halt 2 den Acht seo;

ciallaíonn “Aire” an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta;

tá le “ionadaí pearsanta” an bhrí chéanna atá leis san Acht Comharbais, 1965 .

Cnapshuim a íoc le hiarfhostaithe de chuid na cuideachta.

2. —Faoi réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den Acht seo, déanfaidh an tAire, ar iarratas a bheith déanta chuig an Aire ag iarfhostaí nó thar ceann iarfhostaí, nó, má fuair an t-iarfhostaí bás cibé acu roimh an Acht seo a rith nó dá éis, ag a ionadaí pearsanta nó ag a hionadaí pearsanta, suim amháin £20,000 (dá ngairtear “cnapshuim” san Acht seo) a íoc leis an iarfhostaí nó leis an ionadaí pearsanta, de réir mar a bheidh, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Coiste a cheapadh.

3. —(1) Déanfaidh an tAire, a luaithe is féidir tar éis an tAcht seo a rith, coiste (dá ngairtear an “Coiste” san Acht seo) a cheapadh chun comhairle agus cúnamh a thabhairt don Aire i gcomhlíonadh a fheidhmeanna nó a feidhmeanna faoin Acht seo.

(2) Déanfaidh an tAire, ó am go ham de réir riachtanas na hócáide, comhaltaí an Choiste a cheapadh agus is iad a bheidh air—

(a) 2 oifigeach don Aire,

(b) oifigeach don Aire Airgeadais arna ainmniú nó arna hainmniú ag an Aire Airgeadais,

(c) oifigeach don Aire Sláinte agus Leanaí arna ainmniú nó arna hainmniú ag an Aire sin den Rialtas.

(3) Déanfaidh an tAire, ó am go ham de réir riachtanas na hócáide, cathaoirleach ar an gCoiste a cheapadh as measc na gcomhaltaí a cheapfar de bhun fho-alt (2)(a).

(4) 3 is córam do chruinniú den Choiste.

(5) Féadfaidh an Coiste gníomhú d'ainneoin folúntais nó folúntas i measc a chomhaltaí.

(6) Faoi réir fhorálacha an Achta seo, déanfaidh an Coiste a nós imeachta féin agus a ghnó féin a rialáil.

(7) I gcás go bhfaighidh comhalta den Choiste bás, go n-éireoidh sé nó sí as oifig nó go mbeidh sé nó sí neamhábalta go sealadach gníomhú mar chomhalta den sórt sin, féadfaidh an tAire duine eile a cheapadh mar chomhalta den Choiste chun an corrfholúntas a tharlóidh amhlaidh a líonadh agus déanfar an duine a cheapfar amhlaidh a cheapadh ar an modh céanna ar ar ceapadh an comhalta den Choiste ar tharla an corrfholúntas dá dheasca nó dá deasca.

(8) Féadfaidh an tAire tráth ar bith an Coiste a cheapfar faoin alt seo a dhíscaoileadh.

Iarratais ar chnapshuim a íoc.

4. —(1) Aon iarratas ar chnapshuim a íoc faoin Acht seo déanfar é i scríbhinn chuig an Aire laistigh de 2 mhí tar éis an tAcht seo a rith.

(2) Beidh an t-iarratas i cibé foirm a shonróidh an tAire nó i bhfoirm a mbeidh an éifeacht chéanna léi.

(3) Aon duine a dhéanfaidh iarratas chuig an Aire ar chnapshuim a íoc faoin Acht seo (dá ngairtear an “t-iarratasóir” san Acht seo) déanfaidh sé nó sí an fhaisnéis a iarradh a thabhairt don Aire san fhoirm shonraithe mar aon le cibé faisnéis bhreise a iarrfaidh an tAire chun críche a fheidhmeanna nó a feidhmeanna faoin alt seo agus, má mhainníonn an t-iarratasóir an fo-alt seo a chomhlíonadh, féadfaidh an tAire diúltú an chnapshuim lena mbaineann a íoc.

(4) D'ainneoin fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh an tAire, más cuí leis nó léi, an tréimhse ama dá dtagraítear san fho-alt (1) sin a fhadú.

(5) I gcás go mbeartaíonn an tAire iarratas ar chnapshuim a íoc faoin Acht seo a dhiúltú, tabharfaidh sé nó sí fógra i scríbhinn don iarratasóir faoina bhfuil beartaithe aige nó aici agus faoi na cúiseanna atá leis.

(6) Féadfaidh duine a mbeidh fógra tugtha dó nó di faoina bhfuil beartaithe faoi fho-alt (5) uiríll i scríbhinn a dhéanamh chuig an Aire laistigh de 21 lá tar éis an fógra a fháil agus déanfaidh an tAire—

(a) sula ndéanfaidh sé nó sí cinneadh ar an ábhar, aon uiríll a chur san áireamh a bheidh déanta go cuí chuige nó chuici faoin bhfo-alt seo i ndáil lena bhfuil beartaithe, agus

(b) fógra i scríbhinn faoina chinneadh nó faoina cinneadh agus faoi na cúiseanna atá leis a thabhairt don duine.

(7) Maidir le fógra faoina bhfuil beartaithe ag an Aire faoi fho-alt (5), beidh ráiteas ann á rá go bhféadfaidh an duine lena mbaineann uiríll a dhéanamh chuig an Aire laistigh de 21 lá tar éis dó nó di an fógra a fháil.

Toirmeasc ar fhaisnéis bhréagach a thabhairt.

5. —(1) Ní thabharfaidh duine faisnéis bhréagach don Aire i ndáil le hiarratas ar chnapshuim a íoc faoin Acht seo.

(2) Beidh duine a sháróidh fo-alt (1) den alt seo ciontach i gcion agus dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 a chur air nó uirthi.

(3) Is cosaint é do dhuine a chúiseofar i gcion faoin alt seo a shuíomh nach raibh a fhios aige nó aici, agus nárbh fhéidir leis nó léi, trí chúram reasúnach a ghlacadh, a fhios a bheith aige nó aici, go raibh an fhaisnéis bréagach.

Iarratais ar chnapshuim a íoc a tharchur chuig an gCoiste.

6. —(1) Déanfaidh an tAire gach iarratas ar chnapshuim a dheonú faoi alt 2 a tharchur chuig an gCoiste.

(2) Imscrúdóidh an Coiste iarratas a tharchuirfear chuige chun a fháil amach, mar is cuí—

(a) an iarfhostaí nó ionadaí pearsanta iarfhostaí an t-iarratasóir nó, de réir mar a bheidh, an mbaineann an t-iarratas le duine is iarfhostaí,

(b) i gcás go n-airbheartaíonn an t-iarratas a bheith déanta thar cheann iarfhostaí ag duine nach ionadaí pearsanta an fhostaí, cad iad cineál agus méid údarás an duine sin chun gníomhú thar ceann an iarfhostaí,

agus, a luaithe is féidir, ullmhóidh sé tuarascáil i scríbhinn ar thoradh an imscrúdaithe agus cuirfidh sé an tuarascáil chuig an Aire.

(3) Tabharfaidh an Coiste don Aire cibé faisnéis a theastóidh uaidh nó uaithi ó am go ham i dtaobh a ghníomhaíochtaí.

(4) Féadfaidh an Coiste, chun críocha imscrúdaithe faoin alt seo, a cheangal ar iarratasóir ceist a fhreagairt, faisnéis a thabhairt nó doiciméad nó ní a thabhairt ar aird atá ábhartha maidir leis an imscrúdú ar an iarratas lena mbaineann.

Cnapshuim a íoc le hionadaí pearsanta éagaigh.

7. —I gcás duine a bheidh i dteideal go n-íocfaí cnapshuim faoin Acht seo leis nó léi d'fháil bháis sula ndéanfar an íocaíocht, íocfar an chnapshuim lena ionadaí pearsanta nó lena hionadaí pearsanta.

Caiteachais.

8. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal.

9. —Féadfar an tAcht um Iontaobhas na nOspidéal (1940) Teoranta (Íocaíochtaí le hIarfhostaithe), 2000 , a ghairm den Acht seo.