Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL Achtacháin a Aisghairtear)

41 2000

/images/harp.jpg


Uimhir 41 de 2000


AN tACHT UM CHISTE NÁISIÚNTA OILIÚNA, 2000

[An tiontú oifigiúil]

RIAR NA nALT

Alt

1.

Léiriú.

2.

Ciste Náisiúnta Oiliúna.

3.

Tobhach.

4.

Ráta tobhaigh agus forálacha forlíontacha.

5.

Tobhach a bhailiú.

6.

Na Coimisinéirí Ioncaim do sholáthar faisnéise.

7.

Íocaíochtaí as an gCiste.

8.

Cionta agus pionóis.

9.

Aisghairm.

10.

Caiteachais.

11.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

AN SCEIDEAL

Achtacháin a Aisghairtear


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Féimheachta, 1988

1988, Uimh. 27

Acht na gCuideachtaí, 1963

1963, Uimh. 33

An tAcht Oiliúna Tionscail, 1967

1967, Uimh. 5

An tAcht Oiliúna Tionscail (Tobhach Printíseachta), 1994

1994, Uimh. 3

Petty Sessions (Ireland) Act, 1851

14 & 15 Vict., c. 93

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1993

1993, Uimh. 27

An tAcht Comhdhlúite Cánacha, 1997

1997, Uimh. 39

/images/harp.jpg


Uimhir 41 de 2000


AN tACHT UM CHISTE NÁISIÚNTA OILIÚNA, 2000

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN TOBHACH A FHORCHUR AR FHOSTÓIRÍ, I LEITH FOSTAITHE ÁIRITHE, AR TOBHACH É AR A dTABHARFAR TOBHACH AN CHISTE NÁISIÚNTA OILIÚNA AGUS A ÚSÁIDFEAR CHUN SCILEANNA A THABHAIRT DO DHAOINE ATÁ I bhFOSTAÍOCHT NÓ AG LORG FOSTAÍOCHTA, NÓ CHUN AN LEIBHÉAL SCILEANNA A ARDÚ I MEASC DAOINE DEN SÓRT SIN, DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN CISTE A BHUNÚ I LEITH AN TOBHAIGH SIN AGUS MAIDIR LEIS AN MODH INA RIARFAR AN CISTE SIN, DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN AN tACHT OILIÚNA TIONSCAIL (TOBHACH PRINTÍSEACHTA), 1994, AGUS AILT ÁIRITHE DEN ACHT OILIÚNA TIONSCAIL, 1967 , A AISGHAIRM, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA. [20 Nollaig, 2000]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1993” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1993;

ciallaíonn “Ard-Bhailitheoir” an tArd-Bhailitheoir a cheapfar faoi alt 851 den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997;

ciallaíonn “bliain ranníoca” bliain mheasúnachta de réir bhrí na nAchtanna Cánach Ioncaim;

ciallaíonn “ranníocóir fostaithe” ranníocóir fostaithe, de réir bhrí Acht 1993, seachas duine a bhfuil feidhm—

(a) ag mír 12 de Chuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht sin, nó

(b) ag airteagal 81(1), 82(1), 83(1), 86(1) nó 88(1) de na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Ranníocaí Comhdhlúite agus Inárachaitheacht), 1996 (I.R. Uimh. 312 de 1996),

maidir leis nó léi;

tá le “ranníoc fostaíochta” an bhrí chéanna atá leis in Acht 1993;

tá le “Ciste” an bhrí a shanntar dó le halt 2;

tá le “tobhach” an bhrí a shanntar dó le halt 3;

ciallaíonn “Aire” an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta;

tá le “tuilleamh ináirithe” an bhrí a shanntar dó leis na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Ranníocaí Comhdhlúite agus Inárachaitheacht), 1996 (I.R. Uimh. 312 de 1996);

tá le “Ciste Árachais Shóisialaigh” an bhrí chéanna atá leis in Acht 1993;

tá le “ranníocóir speisialta” an bhrí a shanntar dó leis na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Ranníocaí Comhdhlúite agus Inárachaitheacht), 1996 (I.R. Uimh. 312 de 1996).

(2) San Acht seo—

(a) aon tagairt d'alt, is tagairt í d'alt den Acht seo mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe, agus

(b) aon tagairt do mhír nó d'fhomhír, is tagairt í don mhír nó don fhomhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe, agus

(c) déanfar tagairt d'aon achtachán a fhorléiriú mar thagairt don achtachán sin arna leasú, arna oiriúnú nó arna leathnú le haon achtachán dá éis sin nó faoi aon achtachán dá éis sin.

Ciste Náisiúnta Oiliúna.

2. —(1) Beidh arna bhunú, ar thosach feidhme an ailt seo, ciste ar a dtabharfar an Ciste Náisiúnta Oiliúna agus dá ngairtear an “Ciste” san Acht seo.

(2) Is é a bheidh sa Chiste ná cuntas reatha agus cuntas infheistíochta.

(3) Déanfaidh an tAire cuntas reatha an Chiste a bhainistiú agus a rialú.

(4) Déanfaidh an tAire Airgeadais cuntas infheistíochta an Chiste a bhainistiú agus a rialú.

(5) Ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt go sonrach—

(a) déanfar suimeanna is iníoctha isteach sa Chiste a íoc isteach i gcuntas reatha an Chiste, agus

(b) déanfar suimeanna is iníoctha amach as an gCiste a íoc amach as an gcuntas sin.

(6) Déanfar airgead a bheidh chun creidiúna do chuntas reatha an Chiste, agus nach mbeidh ag teastáil chun an caiteachas reatha a íoc, a aistriú go dtí cuntas infheistíochta an Chiste.

(7) Aon uair nach leor an t-airgead a bheidh chun creidiúna do chuntas reatha an Chiste chun dliteanais an chuntais sin a íoc, aistreofar go dtí an cuntas sin ó chuntas infheistíochta an Chiste cibé suimeanna is gá chun na dliteanais sin a ghlanadh.

(8) Faoi réir fho-alt (7), infheisteoidh an tAire Airgeadais airgead a bheidh chun creidiúna do chuntas infheistíochta an Chiste agus íocfar ioncam ó aon infheistíocht den sórt sin isteach sa chuntas sin.

(9) Féadfaidh infheistíocht den sórt sin a bheith sna foirmeacha seo a leanas—

(a) airgead sa chuntas infheistíochta a úsáid chun aon chearta nó leasanna, cibé acu díreach nó neamhdhíreach, in aon urrúis, seachas scaireanna, a fháil, a shealbhú nó a dhiúscairt, nó

(b) airgead den sórt sin a chur i gcuntais taisce in aon fhoras airgeadais nó a infheistiú i dtáirgí airgeadais gearrthéarma, amhail deimhnithe taisce nó páipéar tráchtála, arna n-eisiúint ag aon duine,

in airgeadra an Stáit laistigh den Stát nó lasmuigh de.

(10) Gan dochar d'fho-alt (11), féadfar idirbhearta de ghnáthchineál baincéireachta a dhéanamh maidir le haon infheistíochtaí arna ndéanamh faoi fho-alt (9).

(11) Aon urrúis a gheofar de bhun airgead i gcuntas infheistíochta an Chiste a úsáid faoi fho-alt (9), féadfaidh siad, chun bainistíocht níos fearr a dhéanamh ar an gCiste, a bheith ina n-ábhar d'iasachtaí faoi shocruithe iasachta stoic arna ndéanamh le daoine eile ag an Aire Airgeadais nó thar ceann an Aire Airgeadais.

(12) Más rud é, in aon bhliain airgeadais, gur lú an méid atá chun creidiúna don Chiste ná an méid a bheartaítear a íoc amach as an gCiste sa bhliain airgeadais sin, féadfar méideanna a íoc isteach sa Chiste as airgead a sholáthróidh an tOireachtas ar méideanna iad is leor chun an t-easnamh a shlánú.

(13) Aon suim is iníoctha isteach sa Chiste faoi fho-alt (12), íocfar í i cibé slí agus ag cibé tráthanna a chinnfidh an tAire Airgeadais.

(14) Déanfar cuntais an Chiste a ullmhú ar bhonn bliantúil i cibé foirm agus i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais, agus déanfaidh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste gach cuntas den sórt sin a scrúdú agus a dheimhniú agus déanfaidh an tAire cóip de gach cuntas den sórt sin, mar aon le tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar an gcéanna, a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Tobhach.

3. —Faoi réir agus de réir fhorálacha an Achta seo, déantar, de bhua an ailt seo, tobhach (ar a dtabharfar “Tobhach an Chiste Náisiúnta Oiliúna” agus dá ngairtear an “tobhach” san Acht seo) a fhorchur ar gach fostóir i leith gach ranníocóra fhostaithe atá fostaithe ag an bhfostóir le linn aon tréimhse sa bhliain ranníoca agus beidh an tobhach sin iníoctha i leith gach bliana ranníoca ag gach fostóir den sórt sin.

Ráta tobhaigh agus forálacha forlíontacha.

4. —(1) Más rud é, i mbliain ranníoca, go ndéanfar íocaíocht le haon ranníocóir fostaithe nó chun sochair d'aon ranníocóir fostaithe i leith thuilleamh ináirithe an ranníocóra fhostaithe sin, beidh tobhach iníoctha de réir ráta 0.7 faoin gcéad de mhéid an tuillimh ináirithe sin atá cuimsithe san íocaíocht sin.

(2) Ní fhorléireofar aon ní i bhfo-alt (1) nó in aon fhoráil eile den Acht seo mar ní a cheanglaíonn tobhach a íoc i ndáil le híocaíocht den chineál dá dtagraítear i bhfo-alt (1) ar íocaíocht í a dhéantar roimh thosach feidhme an Achta seo.

(3) Ní dhéanfaidh fostóir aon suim i leith tobhaigh a íocadh nó is iníoctha faoin Acht seo a asbhaint as tuilleamh ináirithe ranníocóra fhostaithe nó a ghnóthú ón ranníocóir sin.

(4) Dá mba rud é, murach an fo-alt seo, go mbeadh tobhach iníoctha i leith ranníocóra fhostaithe faoin Acht seo i mbliain ranníoca, ansin, más rud é nach bhfuil ranníoc fostaíochta iníoctha sa bhliain sin i leith an ranníocóra sin de bhun na Rialachán Leasa Shóisialaigh (Scéim Díolúine Árachais Shóisialaigh Pá-Choibhneasa d'Fhostóirí), 1996 (I.R. Uimh. 145 de 1996), ní bheidh an tobhach iníoctha.

(5) Más rud é, i mbliain ranníoca áirithe, gurbh é a bhí i dtuilleamh ináirithe ranníocóra fhostaithe ná an tsuim a shonraítear in alt 10(1)(e) d'Acht 1993 agus gur íocadh an tobhach is iníoctha faoin Acht seo i leith an tuillimh ináirithe sin, ní bheidh aon tobhach eile den sórt sin iníoctha i leith aon tuillimh ináirithe de chuid an ranníocóra fhostaithe sin ag a fhostóir nó ag a fostóir sa bhliain ranníoca sin.

(6) Más rud é, i mbliain ranníoca áirithe, go mbeidh ranníocóir fostaithe ar fostú ag 2 fhostóir nó níos mó i gcomhthráth (de réir bhrí rialachán faoi alt 13 d'Acht 1993), beidh feidhm, i ndáil leis an tobhach, ag fo-alt (5) maidir leis an tuilleamh ináirithe ó gach ceann de na fostaíochtaí ar leithligh.

(7) Chun críocha fheidhm fho-ailt (5) agus (6) i ndáil leis an mbliain ranníoca ina dtosaíonn feidhm an Achta seo, ach chun críocha na feidhme sin amháin, measfar an tobhach a d'íocfaí i leith thuilleamh ináirithe an ranníocóra fhostaithe lena mbaineann dá mba rud é go raibh an tAcht seo i ngníomh i dtosach na bliana sin a bheith íoctha i leith an tuillimh ináirithe sin i rith cibé méid den bhliain sin atá roimh an tosach feidhme sin.

(8) Beidh feidhm ag rialacháin atá i bhfeidhm de thuras na huaire faoi alt 29A d'Acht 1993 maidir le tobhach mar atá feidhm acu maidir le ranníocaí fostaíochta.

(9) Beidh tobhach le háireamh, chun críocha a bhailithe agus a ghnóthaithe faoi alt 5 , mar ranníoc fostaíochta.

(10) Leasaítear alt 6(1) d'Acht 1993 trí “(seachas alt 6B)” a chur isteach i ndiaidh “faoin Acht seo”.

(11) Déanfaidh an tAire Gnóthaí Sóisialacha, Pobail agus Teaghlaigh suim £120 milliún a íoc leis an Aire as an gCiste Árachais Shóisialaigh sa bhliain airgeadais 2000.

(12) Maidir le hairgead atá á shealbhú ar thosach feidhme an Achta seo ag Foras Aiseanna Saothair ar son agus ar cuntas an tobhaigh arna fhorchur de bhun alt 21 den Acht Oiliúna Tionscail, 1967 , déanfaidh Foras Áiseanna Saothair é a íoc isteach sa Chiste láithreach tar éis an tosach feidhme sin.

Tobhach a bhailiú.

5. —(1) I gcás ina mbeidh cáin ioncaim le bailiú de bhun Chuid 42 den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997, i leith ranníocóra fhostaithe, seachas ranníocóir speisialta, déanfaidh an fostóir aon tobhach is iníoctha i leith an ranníocóra ag a fhostóir nó ag a fostóir a íoc leis an Ard-Bhailitheoir.

(2) I gcás inar ranníocóir speisialta é nó í an ranníocóir fostaithe, déanfaidh an fostóir aon tobhach is iníoctha i leith an ranníocóra ag a fhostóir nó ag a fostóir a íoc leis an Aire Gnóthaí Sóisialacha, Pobail agus Teaghlaigh.

(3) Déanfaidh an tArd-Bhailitheoir na méideanna go léir a íocfar leis nó léi i leith tobhaigh a íoc isteach sa Chiste Árachais Shóisialaigh.

(4) Déanfaidh an tAire Gnóthaí Sóisialacha, Pobail agus Teaghlaigh na méideanna go léir a íocfar leis nó léi i leith tobhaigh a íoc isteach sa Chiste Árachais Shóisialaigh.

(5) Leasaítear Acht 1993 tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 6A:

“6B.—Déanfaidh an tAire íocaíochtaí amach as an gCiste Árachais Shóisialaigh isteach sa Chiste Náisiúnta Oiliúna ar íocaíochtaí iad a bheidh comhionann leis na híocaíochtaí a íocadh isteach sa Chiste céadluaite de bhun fho-ailt (3) agus (4) d'alt 5 den Acht um Chiste Náisiúnta Oiliúna, 2000 .”.

(6) Maidir le forálacha aon achtacháin a bhaineann le taifid a iniúchadh, nó le cáin ioncaim nó ranníocaí fostaíochta a mheas, a bhailiú agus a ghnóthú nó le faisnéis a thabhairt i ndáil le cáin ioncaim nó ranníocaí fostaíochta, beidh feidhm acu, fara aon mhodhnuithe is gá, i ndáil le tobhach a cheanglaítear ar an Ard-Bhailitheoir nó ar an Aire Gnóthaí Sóisialacha, Pobail agus Teaghlaigh a bhailiú mar atá feidhm acu i ndáil le cáin ioncaim nó ranníocaí fostaíochta.

(7) In imeachtaí a thionscnófar de bhua an Achta seo, beidh deimhniú a airbheartaíonn a bheith sínithe ag an Ard-Bhailitheoir nó thar ceann an Ard-Bhailitheora, i gcás airgid a bheidh dlite de bhun fho-alt (1), nó ag an Aire Gnóthaí Sóisialacha, Pobail agus Teaghlaigh nó thar ceann an Aire Gnóthaí Sóisialacha, Pobail agus Teaghlaigh, i gcás airgid a bheidh dlite de bhun fho-alt (2), agus ina luaitear go bhfuil méid sonraithe dlite agus iníoctha ag an gcosantóir i leith tobhaigh, ina fhianaise, go dtí go gcruthófar a mhalairt, go bhfuil an méid dlite agus iníoctha amhlaidh i leith tobhaigh agus measfar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, an deimhniú a bheith sínithe ag an Ard-Bhailitheoir nó thar ceann an Ard-Bhailitheora nó ag an Aire Gnóthaí Sóisialacha, Pobail agus Teaghlaigh nó thar ceann an Aire Gnóthaí Sóisialacha, Pobail agus Teaghlaigh, de réir mar is cuí.

(8) Chun críocha an ailt seo beidh ag na rialacha cúirte áirithe is infheidhme de thuras na huaire maidir le himeachtaí sibhialta feidhm maidir le himeachtaí de bhua an ailt seo.

(9) Le linn dáileadh a dhéanamh ar shócmhainní cuideachta a bheidh á foirceannadh, áireofar ar na fiacha a bheidh le híoc i dtosaíocht ar gach fiach eile faoi alt 285 d'Acht na gCuideachtaí, 1963 , tobhach is iníoctha de bhun alt 3 ag an gcuideachta i rith an 12 mhí roimh an dáta iomchuí (arb é an dáta iomchuí é de réir bhrí an ailt sin 285), agus beidh éifeacht dá réir sin leis an Acht sin, agus ní éileofar cruthúnas foirmiúil ar na fiacha dá dtugtar tosaíocht faoin bhforáil seo ach amháin i gcásanna ina bhforálfar dá mhalairt le rialacha arna ndéanamh faoin Acht sin.

(10) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (9) más rud é nach ndéantar cuideachta a fhoirceannadh go toilteanach ach amháin chun í a athchóiriú nó chun í a chónascadh le cuideachta eile.

(11) Le linn dáileadh a dhéanamh ar mhaoin féimhigh, áireofar ar na fiacha a bheidh faoi alt 81 den Acht Féimheachta, 1988 , le híoc, faoi réir alt 119 den Acht sin, i dtosaíocht ar gach fiach eile, gach tobhach is iníoctha de bhun alt 3 ag an bhféimheach i rith na tréimhse 12 mhí roimh dháta an ordaithe breithnithe, agus beidh éifeacht dá réir sin leis an Acht sin, agus comhlíonfaidh cruthúnas foirmiúil ar na fiacha dá dtugtar tosaíocht faoin bhfo-alt seo forálacha an Chéad Sceidil a ghabhann leis an Acht sin agus aon rialacha cúirte a bhaineann le cruthúnas ar fhiach.

(12) Forléireofar fo-alt (11) ionas go mbeidh feidhm aige maidir le féichiúnaí comhshocraíochta mar atá feidhm aige maidir le féimheach agus, dá réir sin, forléireofar an tagairt san fho-alt sin don tréimhse 12 mhí roimh dháta an ordaithe breithnithe mar thagairt don tréimhse 12 mhí roimh dháta tíolactha na hachainí le haghaidh cosanta.

Na Coimisinéirí Ioncaim do sholáthar faisnéise.

6. —Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, a mhéid is gá chun an tAcht seo a riaradh go cuí, faisnéis maidir le tobhach agus tuilleamh ináirithe ranníocóirí fostaithe a bhfuil tobhach iníoctha ina leith ag a bhfostóirí, ar faisnéis í a fhaigheann na Coimisinéirí Ioncaim i dtaca le bailiú cánach ioncaim nó tobhaigh, a thabhairt d'aon duine ar a bhfuil oibleagáidí a fhorchuirtear le haon achtachán i ndáil le bailiú agus gnóthú tobhaigh nó i ndáil le bainistiú nó rialú an Chiste.

Íocaíochtaí as an gCiste.

7. —(1) Aon uair agus a mhinice a mheasann an tAire gur cuí íocaíochtaí a dhéanamh amach as an gCiste i leith scéime dá dtagraítear i bhfo-alt (2), féadfaidh an tAire íocaíochtaí a dhéanamh amach as an gCiste chun na críche sin ar íocaíochtaí iad a mbeidh cibé méideanna iontu a chinnfidh sé nó sí le toiliú an Aire Airgeadais.

(2) Is é a bheidh sa scéim dá dtagraítear i bhfo-alt (1) scéim a bhunófar chun na gcríoch seo a leanas—

(a) leibhéal scileanna daoine atá i bhfostaíocht a ardú, nó

(b) oiliúint a sholáthar do dhaoine ar mian leo scileanna a fháil chun dul i mbun fostaíochta, nó

(c) faisnéis a sholáthar i ndáil le riachtanais láithreacha, nó le riachtanais is dócha a bheidh ann sa todhchaí, maidir le scileanna sa gheilleagar.

(3) Féadfar toiliú an Aire Airgeadais faoi fho-alt (1) a thabhairt i ndáil le méideanna a bheidh le híoc amach as an gCiste i dtréimhsí áirithe nó faoi threoir na scéime áirithe dá dtagraítear i bhfo-alt (2) agus a bhfuil íocaíochtaí le déanamh amach as an gCiste ina leith.

(4) Maidir le méid a bheidh le híoc amach as an gCiste i leith scéime, déanfar é a íoc amhlaidh leis an duine nó, de réir mar a bheidh, le duine amháin nó níos mó de na daoine a bheidh ag riaradh na scéime.

(5) Maidir le comhlíonadh a fheidhmeanna nó a feidhmeanna i gcoitinne faoin alt seo ag an Aire, déanfaidh an tAire, ó am go ham, comhairle a ghlacadh le cibé ionadaithe de chuid fostaithe agus le cibé ionadaithe de chuid fostóirí is cuí leis nó léi.

Cionta agus pionóis.

8. —(1) Beidh fostóir nó gníomhaire fostóra nach n-íocfaidh tobhach atá dlite agus iníoctha faoi alt 3 ciontach i gcion.

(2) Fostóir nó ranníocóir fostaithe nó gníomhaire de chuid ceachtar acu a dhéanfaidh, i gcomhlíonadh airbheartaithe aon fhorála den Acht seo, freagra nó míniú a sholáthar, ráiteas a thabhairt, nó aon tuairisceán, tuarascáil, deimhniú nó doiciméad a thabhairt ar aird, a thaisceadh nó a sheachadadh atá bréagach i bponc ábhartha, agus a fhios aige nó aici é nó í a bheith bréagach, nó a bheidh meargánta i dtaobh é nó í a bheith bréagach amhlaidh, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(3) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoi fho-alt (1)(2) dlífear—

(a) ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi, nó

(b) ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £10,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 3 bliana, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

(4) Féadfar imeachtaí achoimre i ndáil le cion faoin Acht seo a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh—

(a) i gcás ciona faoi fho-alt (1)

(i) más rud é go raibh an tobhach a mainníodh a íoc dlite don Aire Gnóthaí Sóisialacha, Pobail agus Teaghlaigh, ag an Aire Gnóthaí Sóisialacha, Pobail agus Teaghlaigh nó ag an Aire,

(ii) más rud é go raibh an tobhach a mainníodh a íoc dlite don Ard-Bhailitheoir, ag an Ard-Bhailitheoir nó ag an Aire,

agus

(b) i gcás ciona faoi fho-alt (1)(2), ag an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí.

(5) D'ainneoin alt 10(4) den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachtaí achoimre i leith aon chiona faoin Acht seo a thionscnamh—

(a) aon tráth laistigh de 2 bhliain ón dáta a rinneadh an cion, nó

(b) aon tráth laistigh de 12 mhí ón dáta a thiocfaidh fianaise ar iúl an duine a thionscnaíonn na himeachtaí ar fianaise í is leor, i dtuairim an duine sin, chun gur cóir na himeachtaí a thionscnamh,

cibé acu is déanaí, ach ní thionscnófar aon imeachtaí den sórt sin tráth is déanaí ná 5 bliana ón dáta a rinneadh an cion lena mbaineann.

(6) I gcás ina ndéanfaidh comhlacht corpraithe cion faoin Acht seo agus go gcruthófar go ndearnadh amhlaidh é le toiliú, le cúlcheadú nó le ceadú, nó gurbh inchurtha é i leith aon fhaillí ar thaobh, aon duine is stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí nó oifigeach eile de chuid an chomhlachta chorpraithe nó aon duine eile a bhí ag gníomhú nó a d'airbheartaigh gníomhú in aon cháil den sórt sin, beidh an duine sin, chomh maith leis an gcomhlacht corpraithe, ciontach i gcion agus dlífear imeachtaí a shaothrú ina choinne nó ina coinne agus é nó í a phionósú amhail is dá mbeadh sé nó sí ciontach sa chion céadluaite.

Aisghairm.

9. —Aisghairtear na hachtacháin a luaitear i gcolún (2) den Sceideal a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Sceideal sin.

Caiteachais.

10. —(1) Déanfar na caiteachais a thabhóidh aon Aire den Rialtas (seachas an tAire Airgeadais) nó na Coimisinéirí Ioncaim ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(2) Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire Airgeadais ag riaradh an Achta seo a íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

11. —(1) Féadfar an tAcht um Chiste Náisiúnta Oiliúna, 2000 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.