|
|||||
|
[EN] | ||
| ||
Uimhir 53 de 2001 | ||
[EN] |
ACHT AN REIFRINN, 2001 | |
[An tiontú oifigiúil] |
RIAR NA nALT | ||||||||
| ||||||||
| ||||||||
| ||||||||
Uimhir 53 de 2001 | ||||||||
ACHT AN REIFRINN, 2001 | ||||||||
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ ACHTANNA AN REIFRINN, 1992 GO 2001. [22 Nollaig, 2001] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||
[EN] |
Leasú ar Acht an Reifrinn, 1998 . |
1. —Leasaítear Acht an Reifrinn, 1998 — |
[EN] | (a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) d'alt 3— | |
[EN] | “(1) Beidh ag an gCoimisiún, i dteannta aon fheidhmeanna a thugtar dó le haon fhoráil eile den Acht seo, na príomhfheidhmeanna seo a leanas i ndáil leis an reifreann ar ina leith a bhunaítear é: | |
[EN] | (a) ráiteas amháin nó níos mó a ullmhú ina mbeidh míniú ginearálta ar ábhar an togra agus ar théacs an togra sa Bhille iomchuí agus aon fhaisnéis eile a bhaineann leis na nithe sin agus is cuí leis an gCoimisiún; | |
[EN] | (b) na ráitis sin a fhoilsiú agus a dháileadh i cibé slí agus ar cibé modh, lena n-áirítear úsáid na teilifíse, an raidió agus meán leictreonach eile, is mó is dóigh leis an gCoimisiún a tharraingeoidh aird na toghlachta orthu agus a áirithiú a mhéid is indéanta, maidir leis na modhanna a úsáidfear, go gcumasóidh siad do dhaoine a bhfuil míchumas radhairc nó éisteachta orthu na ráitis lena mbaineann a léamh nó a chloisteáil; | |
[EN] | (c) eolas an phobail ar an reifreann a chur chun cinn agus an toghlacht a spreagadh chun vótáil sa vótaíocht.”; | |
[EN] | (b) trí alt 6 a aisghairm; | |
[EN] | (c) in alt 8— | |
[EN] | (i) trí mhír (a) a scriosadh, agus | |
[EN] | (ii) trí “na haighneachtaí agus” i míreanna (c) agus (d) a scriosadh. | |
[EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
2. —(1) Féadfar Acht an Reifrinn, 2001 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Folófar an tAcht seo sa chomhlua “Achtanna an Reifrinn, 1992 go 2001”. |