An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID 1 Réamhráiteach agus Ginearálta) Ar Aghaidh (CUID 3 Comhlachtaí Poiblí)

32 2003

ACHT NA dTEANGACHA OIFIGIÚLA 2003

CUID 2

Orgain Stáit

Tuarascáil bhliantúil do Thithe an Oireachtais.

5. —Déanfaidh an tAire gach bliain, ag tosú an bhliain tar éis bhliain thosach feidhme an Achta seo, tuarascáil a thabhairt do gach Teach den Oireachtas maidir le hoibriú an Achta seo an bhliain roimhe sin.

Úsáid na dteangacha oifigiúla i dTithe an Oireachtais.

6. —(1) Beidh ceart ag comhalta de cheachtar Teach den Oireachtas ceachtar de na teangacha oifigiúla a úsáid in aon díospóireachtaí nó in aon imeachtaí eile sa Teach sin nó de chuid coiste de cheachtar Teach, comhchoiste den dá Theach nó fochoiste de choiste nó de chomhchoiste den sórt sin.

(2) Beidh ceart ag duine a bheidh ag láithriú os comhair ceachtar Tí den Oireachtas nó os comhair coiste, comhchoiste nó fochoiste den sórt sin a dúradh ceachtar de na teangacha oifigiúla a úsáid.

(3) Déanfar gach tuairisc oifigiúil ar dhíospóireachtaí agus ar imeachtaí eile Thithe an Oireachtais a fhoilsiú i ngach ceann de na teangacha oifigiúla, ach amháin go bhféadfar óráidí daoine (cibé acu ó bhéal nó i scríbhinn) i gceachtar de na teangacha oifigiúla a fhoilsiú inti sa teanga sin amháin.

Achtanna an Oireachtais.

7. —A luaithe is féidir tar éis aon Acht den Oireachtas a achtú, déanfar an téacs den chéanna a chló agus a fhoilsiú go comhuaineach i ngach ceann de na teangacha oifigiúla.

Riaradh an cheartais.

8. —(1) Féadfaidh duine ceachtar de na teangacha oifigiúla a úsáid in aon chúirt nó in aon phléadáil in aon chúirt nó in aon doiciméad a eiseofar ó aon chúirt.

(2) Tá dualgas ar gach cúirt, in aon imeachtaí os a comhair, a chinntiú go bhféadfaidh aon duine a bheidh ag láithriú inti nó a bheidh ag tabhairt fianaise os a comhair éisteacht a fháil sa teanga oifigiúil is rogha leis nó léi, agus nach mbeidh an duine, trí éisteacht a fháil amhlaidh, faoi mhíbhuntáiste toisc nach bhfaigheann sé nó sí éisteacht sa teanga oifigiúil eile.

(3) D'fhonn a chinntiú nach mbeidh aon duine faoi mhíbhuntáiste mar a dúradh, féadfaidh an chúirt a chur faoi deara cibé saoráidí is dóigh léi is cuí a chur ar fáil chun ateangaireacht chomhuaineach nó chomhleanúnach ó theanga oifigiúil amháin go dtí an teanga oifigiúil eile a dhéanamh ar imeachtaí.

(4) I gcás inar páirtí in imeachtaí sibhialta os comhair cúirte an Stát nó comhlacht poiblí—

(a) déanfaidh an Stát, nó an comhlacht poiblí, an teanga oifigiúil a bheidh roghnaithe ag an bpáirtí eile a úsáid sna himeachtaí, agus

(b) más rud é gur páirtí sna himeachtaí beirt duine nó níos mó (seachas an Stát nó comhlacht poiblí) agus nach ndéanfaidh siad an teanga oifigiúil a bheidh le húsáid sna himeachtaí a roghnú nó a chomhaontú, déanfaidh an Stát nó, de réir mar is cuí, an comhlacht poiblí, cibé teanga oifigiúil is dealraitheach dó a bheith réasúnach, ag féachaint do na himthosca, a úsáid sna himeachtaí.

(5) D'ainneoin aon fhorála eile den alt seo, ní chuirfear iallach ar dhuine fianaise a thabhairt i dteanga oifigiúil ar leith in aon imeachtaí.

(6) Nuair a bheidh teanga oifigiúil ar leith á roghnú ag duine lena húsáid in aon imeachtaí os comhair cúirte, ní churifidh an chúirt nó comhlacht poiblí aon cheataí nó caiteachas breise air nó uirthi thar mar a thabhófaí dá roghnódh sé nó sí an teanga oifigiúil eile a úsáid.