26 2004

/images/harp.jpg


Uimhir 26 de 2004


AN tACHT UM CHOMHLACHAS FORBARTHA IDIRNÁISIÚNTA (LEASÚ) 2004

[An tiontú oifigiúil]

RIAR NA nALT

Alt

 

1.

Leasú ar alt 3 den Acht um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta 1960.

2.

Gearrtheideal agus comhlua.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta (Leasú) 2000

2000, Uimh. 12

An tAcht um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta (Leasú) 1980

1980, Uimh. 15

Na hAchtanna um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta 1960 go 2000

 

An tAcht um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta 1960

1960, Uimh. 35

/images/harp.jpg


Uimhir 26 de 2004


AN tACHT UM CHOMHLACHAS FORBARTHA IDIRNÁISIÚNTA (LEASÚ) 2004

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DÁ CHUMASÚ ÍOCAÍOCHTAÍ BREISE NACH MÓ A gCOMHIOMLÁN NÁ MÉID IOMLÁN SONRAITHE A DHÉANAMH THAR CEANN AN RIALTAIS LEIS AN gCOMHLACHAS FORBARTHA IDIRNÁISIÚNTA.

[19 Iúil, 2004]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Leasú ar alt 3 den Acht um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta 1960.

1. —Leasaítear alt 3 den Acht um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta 1960 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (o) (a cuireadh isteach leis an Acht um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta (Leasú) 2000) d'fho-alt (2) (a cuireadh isteach leis an Acht um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta (Leasú) 1980):

“(o) íocaíochtaí leis an gComhlachas nach mó a gcomhiomlán ná €50,000,000, de réir aon chomhshocraíochtaí idir an Rialtas agus an Comhlachas de bhíthin aon Rúin ó Bhord Rialtóirí an Chomhlachais i dtaobh acmhainní breise airgeadais,

(p)  íocaíochtaí faoi fhomhír (i) de mhír (c) d'Alt 4 d'Airteagal VII den Chomhaontú.”.

Gearrtheideal agus comhlua.

2. —(1) Féadfar an tAcht um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta (Leasú) 2004 a ghairm den Acht seo.

(2)  Féadfar na hAchtanna um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta 1960 go 2004 a ghairm de na hAchtanna um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta 1960 go 2000 agus den Acht seo le chéile.